Dán na Míosa, Feasta, Bealtaine 2000
Dánta na Míosa, Feasta, Bealtaine 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo




DÁNTA

le Paddy Bushe




DORCHADAS

An dorchadas is doimhne amuigh
Is ea an duibheagán istigh,
Nuair a thuislíonn sé as cúl a chinn
Amach faoin tsolas gan trua.
Van Gogh, abair, nuair a ghread
Préacháin tuaracha a aigne
Amach os cionn ór cruithneachta
Agus gile uafásach a scuaibe.
Nó Lí Pó, a báthadh sa Yangtsaí,
I measc tuillte focal agus fíona
Ag iarraidh an bharróg ba bharrógaí amuigh
A bhreith ar an ngealach ins an uisce.

NA TRÍ PHAGÓDA, DALI

Sa tSínis, ní bhíonn aon aimsir
Ag an mbriathar. Bíonn gach
A bhfuil, a bhí agus a bheidh
Láithreach ar an aon fhocal.
Chuimhníos air sin nuair a chonac
Na trí phagóda atá ag dreapadh
Céim ar chéim le míle bliain
Go ciúin i dtreo scamaill na sléibhte,
Agus ag tomadh céim ar chéim
Ag an am céanna síos díreach
I dtreo chlúmh na scamall céanna
I scathán an locha lena n-ais.
Is ba é saoi na saoi a leomhfadh a rá
Cá bhfaighfí teacht ar iomláine a dtógála.

.
.
.
© 2000 Feasta

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlíon >