Eagarfhocal Feasta Bealtaine 2000
Eagarfhocal, Feasta, Bealtaine 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo


Coimisiún eile Gaeltachta?


Is minic an tAire Stáit Éamon Ó Cuív molta anseo ó tugadh an Ghaeltacht mar chúram dó. Is maith linn a dhúthracht, agus níl aon amhras faoina shuim phearsanta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Ach táimid go mór in amhras faoin riachtanas atá leis an gCoimisiún Gaeltachta atá fógartha aige. Tar éis a bhfuil de chur agus cúiteamh déanta ar an gceantar sin ó bunaíodh an stát, níl sé éasca a shamhlú go mbeadh coimisiún riachtanach chun tuilleadh plé a dhéanamh anois. Go deimhin, is bocht an teist é ar éifeacht na Roinne agus an Údaráis atá ag plé go sonrach leis an nGaeltacht le fada an lá.

Is beag tábhacht atá, dar linn, le cad as do na baill. Is daoine eolacha éirimiúla iad uile. Tá taithí leathan acu, ní hamháin ar an nGaeltacht, ach ar chúrsaí riaracháin agus ar an teanga féin. Agus ós ag tagairt don teanga é, tá ball amháin den choimisiún ar saineolaí é ar an teanga chéanna - ar a foclóir agus ar a gramadach. B'fhearr linn go mbeadh a thallann in úsáid ar choiste, mar a mhol Bord na Gaeilge tamall ó shin, chun déileáil leis na cúrsaí sin.

Ach tá an coimisiún ann anois agus ar eagla go gcasfaí an diúltachas linn - a bhímid ag cur i leith daoine eile - ba mhaith linn cúpla moladh a dhéanamh, fiú murab é an chéad uair a deineadh iad san iris seo. Ní féidir meath na Gaeilge sa Ghaeltacht a stop ach i gcás go dtreisíonn sí sa tír i gcoitinne. Sa deireadh ní féidir an Ghaeltacht a Oshábháil' gan í a leathnú. Is riachtanas é an teanga a neartú sna Gaeltachtaí Olaga', agus tá sé follasach gur féidir é sin a dhéanamh: tá sé tar éis tarlú cheana féin.

Ba chóir an córas oideachais i ngach Gaeltacht ó Árainn Mhór go hUíbh Ráthach a scrúdú, agus déileáil leis na heasnaimh atá ann. Nuair a bhí deis ann le déanaí córas oideachais dara leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil in Uíbh Ráthach níor deineadh ach iarracht an-lag, agus é sin lasmuigh den Ghaeltacht féin. Níor leor é agus is baolach nach mbeidh sé buan. Tá go leor eile a d'fhéadfaí a rá nach bhfuil spás chuige anseo, ach má dheineann an coimisiún an taighde agus an phleanáil riachtanach, cá bhfios ná go mbréagnófaí ár ndoicheall.

Is dóigh linn go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos láidre sa Ghaeltacht agus sa tír uile dá mbeadh an Stát féin, na polaiteoirí agus an státseirbhís, níos dúthrachtaí i gcur chun cinn na teanga le blianta fada anuas. Ní raibh an croí ann di ná an toil. Tá dhá bhealach ina bhfásann agus ina bhforbraíonn teanga mar an Ghaeilge - ón mbonn aníos ón bpobal féin, agus ón mbarr anuas ón gcóras riaracháin. I dteannta a chéile is fearr iad, ach féachann sé go raibh an Ghaeilge ag brath rómhór ar an bpobal agus ar ghníomhaíochtaí an phobail.

In ainneoin pé faillí a deintear ag an mbarr is féidir a bheith rólagmhisniúil. Athbheochan? Ní teanga mharbh í an Ghaeilge. Tá sí ag fás agus ag forbairt agus mairfidh sí. Ach is cóir dúinn a bheith pas amhrasach nuair a bhunaíonn an Rialtas coimisiún eile. B'fhearr linn an gníomh.

S. Ó L.
.
.
.
© 2000 Feasta

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlíon >