|
Smaointe Polaitíochta
|
 Feasta na míosa seo
|
Níl buíochas dá laghad tuillte agamsa - bhí an deargádh orm, rud nach raibh
ar fhormhór mo chomhshaoránaigh.
le Proinsias Mac Aonghusa
Is ar éigean anois gur scéal nua é go fóill go bhfuil an Ghaeilge mar
theanga láidir labhartha goite i laige i gceantair Ghaeltachta. Go fiú le
scór bliain anuas tá sí ag dul in ísle brí i gcuid de na ceantair is láidre
ina mbíodh sí. Tá an Béarlachas, agus an Béarla féin in amannaí, fairsing.
Cé gur minic do dhuine Gaeilge bhreá nádúrtha a chlos i siopaí agus i dtithe
tábhairne agus taobh amuigh de shéipéil Ghaeltachta, is minicí gur Gaeilge a
chodail amuigh agus atá anois truaillithe a chloistear. Bíonn togha agus
rogha na drochGhaeilge coitianta ar TG4; is fearr sin a rá go hoscailte agus
go macánta ná a bheith á cheilt. Go fiú ar Raidió na Gaeltachta, mar a
mbíonn scoth na Gaeilge le cloisint go hiondúil, ní annamh Gaeilge
mhíchruinn thanaí á labhairt ag craoltóirí gairmiúla de chuid na Gaeltachta
féin.
Ar eagla na míthuisceana, ní miste dom a rá go ndéanaim deighilt iomlán idir
muintir na Gaeltachta a thug an teanga leo go fíoréasca, agus nach bhfuil
leithscéal dá laghad acu maidir le drochGhaeilge, agus daoine eile a
d'fhoghlaim í le dua agus deacracht. Níl sé éasca Gaeilge a fhoghlaim; níl
na deiseanna céanna ann is atá chun teangacha eile a fhoghlaim. Agus níl an
oiread san deis ag an té a chónaíonn taobh amuigh den Ghaeltacht í a
labhairt gach lá nó go fiú is gach seachtain. Is mór go deo é mo mheas ar
gach duine a fhoghlaimíonn agus labhrann agus a léann í. Is iad siúd laochra
na Gaeilge seachas an chuid sin eile againn ar tugadh dúinn mar bhronntanas
í. Má tá Gaeilge mhaith agamsa is de bharr gur tógadh ar an nGort Mór i Ros
Muc mé agus ní ar aon údar eile.
B'as lár na tíre m'athair; chuaigh sé ag obair in aon turas i gConamara chun
barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge, rud a rinne sé go cumasach. B'as
Anach Mheáin i gConamara mo mháthair. Bhí Gaeilge agus Gaeilge amháin aici
nó go raibh sí ina gearrchaile, mar a bhí ag gach duine dá sinsear. Ar nós
roinnt bheag de mhuintir na hÉireann, tig liomsa a rá, agus is breá liom sin
a rá, go raibh Gaeilge ag gach ar bhain liom ar thaobh mo mháthar, agus nach
raibh ach briseadh dhá ghlúin ann, creidim, ar thaobh mo athar. Ach níl
buíochas dá laghad tuillte agamsa maidir leis sin. Bhí an dearg-ádh orm, rud
nach raibh ar fhormhór mo chomhshaoránaigh.
Bhí tráth ann, sna tríochaidí agus na daicheadaí, cinnte, nuair a mhúintí an
Ghaeilge mar ábhar tábhachtach i scoileanna na Gaeltachta. B'shin nuair a
bhí na coláistí ullmhúcháin do mhúnteoirí faoi bhláth. Is coir i gcoinne na
Gaeilge a déanadh nuair a dúnadh iad. Sé Breandán Ó hEithir an príomhphearsa
poiblí a thug faoi deara ag an am méid na mísce a bhíothas á dhéanamh agus a
labhair ina choinne arís agus arís eile. Chlis go suarach orthu siúd a bhí i
gceannas ar ghluaiseacht na Gaeilge ag an am; bhí cuid díobh níos ciontaí ná
an chuid eile. Bhíodar ar fad, is cosúil, i bpóca an rialtais ar shlí nó ar
shlí eile.
Céard é caighdeán Gaeilge a lán de mhúinteoirí na gceantar Gaeltachta faoi
láthair? Níl sé éasca a dhéanamh amach an múintear an Ghaeilge labhartha
agus scríofa i scoileanna na Gaeltachta ar fad? An amhlaidh nach call sin ó
ghlactar leis í a bheith acu sa bhaile?
Arís, tabhair faoi deara gur faoi scoileanna agus faoi mhuintir na
Gaeltachta amháin atáim ag labhairt. Scéal eile ar fad an Ghaeilge i
scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht, agus is caighdeáin eile ar fad a
bhíonn i gceist agus iadsan á meas. Mar má tá an Ghaeilge le bheith ann mar
theanga agus ní mar patois nó Béarlagar, nó b'fhéidir mar theanga áirithe
ócáide, faoi cheann céad bhliain eile, ní foláir an Ghaeilge sa Ghaeltacht a
neartú. Ní foláir ugach agus misneach ar leith a thabhairt do mhuintir na
Gaeltachta, go speisialta do dhaoine óga, do lánúin óga, agus do mhúinteoirí
na Gaeltachta. Níl sin éasca a dhéanamh. Tá an Stát mar stát, lucht gnó, an
teilifís, an raidió, na nuachtáin, an fhógraíocht agus an chomharthaíocht ag
brú ar an nGaeilge gach lá agus gach oíche agus bhí le fada.
Más le feabhas a chur air seo go léir, agus nach le caoire a chur thar
abhainn a bhunaigh an rialtas Coimisiún na Gaeltachta is breá an rud é. Más
tuilleadh cur i gcéill atá i gceist i ndáiríre is trua sin. Ní féidir a
bheith cinnte. Agus ní féidir a rá an dtabharfaidh pé rialtas a bheidh in
oifig faoi cheann dhá bhliain aird ar bith ar mholtaí an Choimisiúin.
Thiocfadh dó go bhfuil na baill ag cur a gcuid ama amú. Cá bhfios?
Fadó, agus fós, b'fhéidir, nuair a bhíodh fadhb mhór éigin sa Bhreatainn nár
fheil don rialtas dul i ngleic léi, chuirtí Coimisiún ar bun. Mhaireadh sé
cúpla bliain nó níos faide. Eisítí tuairisc. Bhíodh caint faoi. Scaití ansin
bhíodh páipéar bán ann faoin ábhar ina nglactaí le cuid de mholtaí an
Choimisiúin. Ina dhiaidh sin in amannaí, dhéantaí athruithe ar dhlíthe nó ar
reachta mar a d'fheil don rialtas. Minic go leor thógadh an próiseas sin ar
fad suas le deich mbliana. Más fíor, beidh tuairisc á chur ar fáil ag
Coimisiún na Gaeltachta faoi cheann bliana. Má tharlaíonn sin, ní bheidh ann
ach tús.
Fadó nuair a bhíos ag obair ar an gclár teilifíse Féach ar RTÉ, bhíomar
seachtain amháin ag plé le Páipéar Bán faoin nGaeilge nó faoi Thuairisc
Choimisiúin éigin faoin teanga. Is cuma anois ciocu. Ar aon nós, bhailigh
Éamonn Ó Muirí a bhí ag cur an chláir i láthair iomlán na dTuairiscí agus na
bPáipéar Rialtais agus uile dar chuir Coimisiúin agus Coistí Molta agus a
leithéid le chéile ó bunaíodh an Stát. Chuir sé i mullach a chéile ar an
mbord iad. Ba mhór a líon. Bhíodar toirtiúil. Bhíodar lán le heolas.
Chuireadar neart moltaí os comhair an Rialtais, an Oireachtais agus an
phobail. Is moltaí maithe ciallmhara is mó a bhí iontu siúd a chuirfeadh an
Ghaeilge chun cinn ar fud an Stáit. Ní raibh ach deacracht amháin ann. Níor
cuireadh na moltaí i gcionn. Sa mhéad is gur glacadh leo in aon chor is ar
éigean a chuathas níos faide leis an scéal. Fimíneacht agus cur i gcéill a
bhí sna fiontair sin ar fad ó thaobh an Stáit de.
Ní shin le rá in aon chor nach daoine den scoth a lán díobh siúd a dhein an
obair. Bhí muinín acu sna rialtaisí éagsúla a cheap iad. Is dóigh gur
briseadh croí do chuid díobh a bhí ann nuair a thuigeadar gur buaileadh bob
orthu. Tá a fhios agamsa gur duine ar fónamh é Peadar Mac an Iomaire atá
ceaptha mar chathaoirleach ar Choimisiún nua seo na Gaeltachta, agus gurb
amhlaidh do chuid eile díobh siúd atá leis ar an gCoimisiún. Níl aithne ná
eolas agam ar chuid díobh, ach níl aon údar agam a cheapadh nach bhfuilid
síud freisin go maith.
Is breá liom Roibeard Ó Ceallaigh a bheith air, dála an scéil. Is duine den
scoth ar fad eisean nach bhféadfaí go deo a rá faoi nach raibh sé
fíordhíograiseach ar son na Gaeilge agus gur mór é a thuiscint ar an
ngéarchéim ina bhfuil sí. Agus tuigeann sé an státchóras.
Bhí aithne agam ar an nGinearál Risteard Ó Maolchatha. Ar nós Pheadair Mhic
an Iomaire, ba dhuine ar fónamh eisean arb í Éire Gaelach mian a chroí. Sé
Risteard a ceapadh mar Chathaoirleach ar Choimisiún na Gaeltachta i mí
Eanáir 1925.Coimisiún ionadach ar phobal na Gaeilge a bhí anseo. Déanadh an
obair go snasta agus go scioptha. Bhí an Tuairisc ar fáil i mí Iúil 1926.
Cuireadh moltaí ciallmhara spéisiúla chun cinn bunaithe ar fhíricí.
Ach chaill rialtas Chumann na Gael misneach. Nuair a thuig an Roinn
Airgeadais go gcosnódh a raibh molta airgead mór go leor is féidir a rá gur
cuireadh faoi choinneallbhá an tuairisc.Tá an Roinn Airgeadais céanna ann go
fóill. Ní shin amháin é ach is lú, seans, an oiread Airí agus Airí Stáit
anois atá i ndáiríre faoi thábhacht na Gaeilge ná mar a bhí sna fichidí. Ar
ndóigh, is lú go mór í an Ghaeltacht sa bhliain 2000 ná sa bhliain 1926. Tá
neart airgid sa Stát anois áfach.
Is mó atá á scríobh agus á fhoilsiú anois i nGaeilge ná riamh. Tá cuid
mhaith dá bhfuil á scríobh ar ardchaighdeán. Is maith ann an nuachtán
seachtainiúil Foinse. Is maith ann Comhar. Is maith ann An tUltach. Níl aon
chailleadh ar Lá. Tá Bliainiris 2000 go breá agus seans go mbeidh Bliainiris
2001 ar chaighdeán chomh hard céanna leis. Sílim Feasta a bheith go breá ar
fad agus dul chun cinn a bheith i ndán dó. Ach dá fheabhas iad siúd ní
bhainid ach go himeallach leis an nGaeltacht.
Bhain An tÉireannach fadó leis an nGaeltacht. Thuig Seán Beaumont céard a
bhí ar siúl aige. Ní mór an cúnamh a fuair sé. Bhí Amárach faoi
eagarthóireacht Pheadair Uí Cheallaigh, fear ar leith a fuair bás le gairid,
spéisiúil mar pháipéar Gaeltachta. Nuair a chuaigh Seosamh Ó Cuaig ina bhun
tháinig beocht mhór ann agus bhíothar á léamh i gConamara. Sílim gur cuid
clúmhillte a scrios é sa deireadh.
Níl a dhath ann anois don Ghaeltacht. Níl cuimhne, is dóigh, ar An Stoc, ar
Ar Aghaidh, nó ar An Lóchrann. Chlis ar an iris mhíosúil Cuisle, a bhí in
ainm is a bheith ag freastal, de réir mo thuisceana, ar phobal na
Gaeltachta. Tar éis an chéad eagráin ní shílim gur chualas duine ar bith ag
caint faoi, agus níl aithne agam ar dhuine ar bith a bhíodh á léamh. Fiontar
tacair, ba chosúil, a bhí ann, cineál scéim buile de chuid Bhord na Gaeilge.
Bhí daoine dílse ag obair do Chuisle. An amhlaidh gur beag é tuiscint cuid
díobh siúd ar mheon mhuintir na Gaeltachta? Cá bhfios? Ar aon nós tá sé
anois imithe leis an stair.
An bhfuil spéis ag mórán de mhuintir na Gaeltachta a bheith ag léamh
nuachtáin nó irisí Gaeilge? Léigh siad Amárach áfach. Bhain Amárach faoi
chúram Sheosaimh Uí Chuaig leis an saol agus le daoine. Bhí biadán ann; bhí
sé maslach; bhí scéalta ann nár fheil don a lán. Ar mhaith an rud é nuachtán
den chineál sin a bheith ann arís? An mbeadh an Stát sásta é a airgeadú,
áfach?
Faoi cheann bliain nó dhó beidh a fhios againn cé mar a d'éirigh le
Coimisiún na Gaeltachta. Beidh fhios ag na comhaltaí an raibh an Rialtas i
ndáiríre nuair a cuireadh an Coimisiún ar bun nó ar baineadh mí-úsáid astu.
Creidim go ndéanfaidh an Coimisiún an obair a bhfuiltear ag iarraidh air a
dhéanamh. Níl dóchas dá laghad agam go gcuirfear aon mholtaí bunúsacha a
dhéanfas an Coimisiún i gcionn. Níor cuireadh a leithéid i gcionn riamh
cheana.
|
| ![.]() |
![.]() |
![.]() |
|
|
 < feasta ar an idirlíon >
|