Smaointe Polaitíochta Feasta Iúil 2000
Smaointe Polaitíochta

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Is beag tuiscint a bhíonn ag aon pháirtí nó ag aon cheannaire go bhfuilid ar tí cumhacht a chailleadh.

le Proinsias Mac Aonghusa
Go hiondúil bíonn eolas réasúnta maith i measc an phobail ar Thoghcháin san am atá thart agus ar bhunú rialtaisí. Ba mhór an tarlachtaint bunú chéad rialtas daonlathach na Poblachta ar an 21 Eanáir 1919 tar éis Thoghchán 1918, bunú rialtas an tSaorstáit sa bhliain 1923, bunú chéad rialtas Fhianna Fáil faoi cheannas Éamon de Valera sa bhliain 1932, agus bunú an chéad rialtais idirpháirtí faoi cheannas Sheáin Uí Choisdealbha sa bhliain 1948.

Ach rud nach gcuimhnítear air chomh minic sin, ach nár mhiste aird a thabhairt air, ná cé mar a chríochnaíonn rialtaisí. Is féidir seo a rá ar an toirt: is beag tuiscint a bhíonn ag aon pháirtí nó ag aon cheannaire go bhfuilid ar tí cumhacht a chailleadh. Ní móide gur cóir milleán a chur ar aon dream faoi seo. Tugtar an oiread sin aird ort agus tú i mbun rialtais gur doiligh duit go deo a cheapadh nach fada ón mbóthar tú, agus go bhfuil sé ar intinn ag vótóirí fáil réidh leat. Minic go leor cuimhníonn pobail ar dhrochbheartanna rialtaisí ach tá droch-chuimhne ag pobail maidir le dea-bhearta.

B'é Liam T. Mac Cosgair an chéad phríomhaire ar na 26 Chontae. Ar chuid mhaith slite ba cheannasaí ar fónamh a bhí ann agus bhí daoine meabhracha aige mar airí. Ba dheacair a chuid obair bhaile agus idirnáisiúnta a dhéanamh ach déanadh cuid mhaith dul chun cinn. Bhí an t-ádh ar Chumann na nGaedhael go ndearna poblachtaithe baghcat ar Dháil Éireann ar feadh an chéad chúig bliana. Ní raibh tacaíocht fhormhór an phobail riamh ag páirtí an Chosgaraigh ach de bharr an bhaghcat bhí tromlach bhreá aige i nDáil Éireann. D'athraigh sin nuair a ghlac Fianna Fáil lena gcuid suíochán tar éis mharú Choimhghin Uí Uiginn sa bhliain 1927.

Tar éis thoghchán Mheán Fómhair 1927, bhí rialtas Chumann na nGaedhael ag brath ar chúnamh ó dhreamanna eile agus ó neamhspleáigh chun fanacht i gcumhacht. Páirtí máistriúil sotalach a bhí i gCumann na nGaedhael: chuaigh a chuid airí an-scioptha i gcleachtadh cumhacht a bheith acu, agus cheapfá ar chuid díobh gur as a dtóin a bhí an ghrian ag éirí. Ní raibh an Cogadh Cathartha i bhfad thart agus bhí dian-slándáil sa Stát. Chonacthas do a lán gurb ionann an Garda Síochána agus Cumann na nGaedhael; bhí an Bhrainse Speisialta, a síleadh a bheith ceangailte leis an bpáirtí agus a bheith i gcoinne Fhianna Fáil agus an Lucht Oibre, gníomhach, brúidiúil, barbartha.

Bhí bochtanas crua in Éirinn. Bhí sé ráite ag an rialtas nárbh aon chuid dá ghnó fostaíocht a chur ar fáil do shaoránaigh. Gearradh pinsean na seandaoine i 1930. Bhí míshástacht ginearálta le tabhairt faoi deara. Síleadh an rialtas a bheith go mór faoi thionchar Londain. Ceapadh é a bheith i réim rófhada. Ach in ainneoin na gcomharthaí síud go léir, bhí tuairim mhaith ag Liam T. Mac Cosgair nuair a d'fhógair sé toghchán 1932 go mbeadh sé ath-tofa. Cé nár chaill Fine Gael ach cúig shuíochán sa toghchán, ghnóthaigh Fianna Fáil cúig shuíochán déag breise.

Níor thuig Cumann na nGaedhael céard a bhí tarlaithe, ná tuige gur tharla sé go ceann blianta dar gcionn. Shíleadar go dtuigfeadh an pobal go luath an dearmad a bheith déanta agus go mbeadh an Cosgarach ar ais taobh istigh d'achar gearr. Ach is amhlaidh a bhí an pobal tuirseach de rialtas máistriúil agus gur theastaigh athrú. Níor fhill an Cosgarach go deo ar Thithe an Rialtais, agus bhí sé bliana déag ann sula dtáinig comharba Chumann na nGaedhael, Fine Gael, i mbun rialtais mar chuid de rialtas idirpháirtí.

Ait go leor thit rialtas Éamoin de Valera ar údair a bhí cosúil go leor le titim an Chosgaraigh. Tar éis sé bliana déag bhí an pobal éirithe tuirseach d'Fhianna Fáil. Agus ar nós Airí Chumann na nGaedhael rompu, bhí cuid d'airí Fhianna Fáil éirithe díomasach, sotalach. Bhí an ghrian ag éirí as a dtónacha siad san, mar a bhíodh roimhe as leath-dheiridh Airí Chumann na nGaedhael. Bhí ráflaí ann faoi chaimiléireacht agus ní dhearna binse fiosraithe Locke's Distillery aon mhaith do cháil an rialtais, in ainneoin gan a dhath a bheith as bealach ag aon duine sa chomh-aireacht.

Bhí droch-cháil go speisialta ar an Aire Dlí agus Cirt, Gearóid Ó Beoláin, de bharr an droch-chaoi a bhí ar phríosúnaigh Phoblachtánacha i bPort Laoise. Bhíodar coinnithe nocht i gcillíní, sin nó bhí pluideanna thart orthu. Tarlachtaint bharbartha amach is amach a bhí ansin. Bhí fostaithe ar fud an Stáit buartha faoi dhroch-phá agus costaisí maireachtála. Tharla scata mór stailceanna agus is é an ceann is mó a dhein dochar d'Fhianna Fáil stailc na múinteoirí náisiúnta i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1946. Dá bharr chuaigh cuid mhór múinteoirí i bpáirtí nua Sheáin Mhic Giolla Bhríde, Clann na Poblachta, páirtí go bhfacthas é a bheith níos náisiúnaí, níos óige, agus níos radacaí ná Fianna Fáil. B'é Clann na Poblachta an eochair chun buille a bhualadh ar Fhianna Fáil gan vótáil d'Fhine Gael.

Is rialtas den scoth ar fad a bhí sa chéad rialtas comhpháirtí faoi cheannas John A. Costello. Bhí cúig pháirtí ann, agus neamhspleách amháin ina aire freisin. D'athraigh an rialtas sin an stát agus chruthaigh sé go bhféadfadh rialtas a bheith ann ina mbeadh páirtithe éagsúla. Is ar éigean a chreid De Valera bóthar a bheith faighte aige agus b'amhlaidh dá chomh-airí. Bhíodar chomh cleachtaithe sin ar bheith i gcumhacht gur shíleadar, is cosúil, postanna saoil a bheith acu. Sílim go rabhadar ar fad díreach agus gur ar son na tíre a bhíodar ag obair seachas ar a son féin. Ach bhí díomas thar na bearta orthu, agus olc ar chuid mhaith díobh ar feadh i bhfad leis an bpobal a chuir amach iad.

Tháinig deireadh suarach go leor leis an gcomhrialtas. Cé nach raibh a fhios sin ag an bpobal, bhí sé faoi bhois Ardeaspag Átha Cliath, an Dr. Séarlas Mac Uaid, ón tús. Ar bhealach amháin, d'fhéadfaí a rá faoi rialtas Uí Choisdealbha gur mhó an aird scaití a thugadh sé ar Phálás an Ardeaspaig ná ar phobal an Stáit. Nuair a chuir an tArdeaspag, faoi choim, in aghaidh scéim leighis do mháithreacha agus do leanaí a raibh Clann na Poblachta á chur chun cinn, mar a bhí geallta acu, thréig an Taoiseach agus a chomhairí an tAire Sláinte, an Dr. Nollaig de Brún, ar shlí a bhí úiríseal amach is amach.

Bhí ar an mBrúnach éirí as an rialtas. Bhí meas air, fiú ag daoine nár bhain leis an eite chlé phoblachtach, ar chosúil gur bhain seisean leis. Tuigeadh feall a bheith déanta, cé nach raibh fhios ag a lán daoine cé chomh mór de ghreim is a bhí ag an Ardeaspag ar an rialtas. Thit Clann na Poblachta as a chéile mar nár sheas Seán Mac Giolla Bríde lena aire féin. Tháinig Éamon de Valera ar ais i gcumhacht ar feadh trí bliana agus rialtas gan mhaith dá laghad aige.

Is beag meas a bhí ar an rialtas seo, agus ní léir go ndearna sé leas an stáit in aon tslí. B'amhlaidh don dara comhrialtas a bhí ann idir 1954 agus 1957. Thiocfadh dó ar ndóigh, go raibh cúrsaí eacnamaíochta chomh hainnis sin is gur dheacair mórán den rath a dhéanamh. Sna blianta sin is mó a bhí imirce daoine óga as an stát. Is beag misnigh a bhí le tabhairt faoi deara.

Bhí daoine tinn tuirseach den dara comhrialtas faoin mbliain 1957, agus creidim anois gur thuig roinnt airí go maith gur chinnte go mbuailfí iad i dtoghchán. Seachas bunú an VHI, beart breá ar fad, ní cosúil gur éirigh leis an rialtas seo a dhath ar fónamh a dhéanamh. Bhí sé freisin de mhí-ádh air gur thosaigh an IRA feachtas sa Tuaisceart nach raibh ar chumas an rialtais plé leis go ciallmhar nó ar chorr ar bith. Chaill siad seacht suíochán déag, agus ghnóthaigh de Valera an tromlach ba mhó dá raibh aige riamh.

Dála an scéil, b'shin an toghchán deireanach a throid de Valera mar chinnire páirtí; toghadh é mar uachtarán dhá bhliain dar gcionn. Ní miste a rá nár theastaigh uaidh Dáil Éireann a fhágáil, nár thuig sé go raibh sé rófhada sa saol polaitíochta, agus go raibh múisiam air nuair a mhol sé an Dr. Séamus Ó Riain é mar iarrthóir Fhianna Fáil don Uachtántacht. Bhí sé 77 mbliana d'aois san am.

Mhair rialtas Fhianna Fáil a toghadh sa bhliain 1957 sé bliana déag, an fhaid chéanna is a mhair céad rialtas an pháirtí. B'iontach an tréimhse é; déanadh dul chun cinn. Ach tháinig an sotal chun tosaigh mar a tháinig i gcásanna Chumann na nGaedhael agus Fhianna Fáil cheana. Bhí díomas ag baint le Cathal Ó hEochaidh, Brian Ó Luineacháin, Niall Bléine, Pádraig Ó hIrghile, Donnchadh Ó Máille, na buachaillí nua i bhFianna Fáil sna Seascaidí agus sna Seachtóidí.

Leaids bhreátha a bhí iontu ar a lán slite. Ba mhór an spórt a bhí iontu i gcomórtas leis an daoine sollúnta a bhíodh i gceannas rompu. B'iontach an comhluadar iad. Ach bhí an féinmheas tréan ina measc ar fad. Bhíodar cliste, uaibhreach, ealaíonta. Bhíodar gaisciúil, leitheadach, glórdhíomhaoineach. Ní raibh ann ach iad. Ach níor thuigeadar nach bhfuil sa chineál saoil a bhíodar ag caitheamh ach ceo. B'fhéidir gur thuig an Dr. Ó hIrghile sin, áfach, tar éis tamaill agus, de réir scéil, gur lú a theagmháil shóisialta leis an gcuid is mó díobh ná roimhe sin. Bhí scéalta gáifeacha ann faoi na barúin óga seo a bhí ag fáil greim ar pháirtí Fhianna Fáil. Chonacthas do a lán gur mhaith ann iad, gurbh fhearr iad don saol nua ná an seandream a bhí sa saol poiblí ó Éirí Amach na Cásca i leith. Bhí imní ar dhaoine eile faoina mbreithiúnas, de Valera ina measc siúd.

Nuair a phléasc na Sé Chontae agus go ndeacha an pobal náisiúnach sa deireadh thiar ar lorg gnáthchearta saoránaigh, agus gur ionsaigh an stáitín Oráisteach féin agus ansin fórsaí Shasana an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta, bhí ar Fhianna Fáil ceisteanna a fhreagairt a bhí á seachaint le fada. Arbh fhíor gur leis an Phoblacht a athréimniú a bhí an páirtí ann ar chorr ar bith? Ar chuid den náisiún pobal na Sé Chontae? An raibh dualgas ar an stát ó dheas cúnamh a thabhairt do náisiúnaithe tuaisceartacha a bhí faoi léigear? Tháinig mórscoilteanna sa pháirtí dá bharr seo. Sheas Cathal Ó hEochaidh, Niall Bléine agus Caoimhín Ó Beoláin le hidéil na Poblachta. Chaill siad leis. Chuaigh Seán Ó Loingsigh agus roinnt eile an bóthar eile. Briseadh airí agus cuireadh líomhaintí ina gcoinne maidir le harmáil náisiúnach sna Sé Chontae. Briseadh an rialtas de bharr contrálachta inmheánacha.

Bhí fáilte roimh an tríú comhrialtas ar feadh tamaill. Ach chuaigh an rialtas sin le barbarthacht, le cinsireacht chrua, agus arís go luath le sotal agus díomas. Bhí faitíos ar ghnáthdhaoine roimhe. Níor thuig an rialtas féin sin. Bhí ardiontas ar Airí nuair a fuaireadar an bualadh ba mhó dá bhfuair aon rialtas riamh in Éirinn sa bhliain 1977. Sotal agus díomas! Tá ceachtanna le foghlaim.

.
.
.
© 2000 Feasta

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlíon >