Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc



Scéalta ón mBlascaod (III)

le Tomás Ó Criomhthain



EACHTRA AN BHÁID IASCAIGH
AN SOITHEACH DRAÍOCHTA
Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Scéal Athaimsithe a Trí.
Irish Independent, 24.8.26, 9


Blianta fada ó shin do bhí báid iascaigh i nDún Chaoin; timpeall a sé nó seacht de bháid ann ins an am so agus dhá bháid ins an mBlascaod. Is chun na n-oileán mbeag siar do thug na báid ar fad a n-aghaidh an lá so, Inis Mhic Uibhleáin agus Inis na Bró.

Do bhíodh áiteanna i gcónaí is mó go ndeineadh an t-iasc gnáth dona bheith ar barra an uisce ann ná a chéile uaireanta, agus ins an áit go gcloiseadh na báid é bheith ag reathaíocht, do b'é sin an áit gurbh ansa leo a bheith chun saothair a dhéanamh.

Nuair do bhí an lá so meilte acu ar nós gach lae eile, do bhí orthu a bheith ag baint an bhaile amach, a rogha acu rud do bheith acu nó gan a bheith. Ní fheadar ar thit aon tseilg an lá so leo nó nár thit.
Do bhí óigfhear i gceann de bhádaibh Dhún Chaoin an lá so ar na fearaibh ba bhreátha do bhí in Éirinn lena linn, do rá na seandaoine; agus, sara raghad a thuilleadh, is é mo thuairim, óigfhear nó óigbhean go gceaptar an scéimhiúlacht sin dóibh, nach é a leithéidí is saoire do thagann as chrosaibh an tsaoil seo. Is finné mé féin ar fearaibh breátha agus ar mná caithiseacha agus níorbh iad ba shaoráidí do chaith a mbeatha.

Sea, súil dár thug an t-óigfhear so roim thosach an bháid amach, do chonaic sé an soitheach breá uaidh timpeall leathmhíle slí roimis na bádaibh amach ag imeacht le taoide. Do labhair sé íseal leis an gcuid eile do dhíriú amach go raibh soitheach breá rompu ó thuaidh. Sa rámhaíocht do bhí na báid go léir mar ní raibh gaoth ná cóir ann agus do chuir an bád seo chun siúil breis do chonaic an raic, ní rabhadar ag féachaint a thuilleadh nó gur dhóigh leo a bheith i dtreo leis an soitheach.

Do phreab an captaen ina sheasamh fé dheireadh ach do tháinig greannmhaireacht ar na fearaibh eile nuair a dúirt sé go raibh an soitheach an fhaid chéanna ón mbád agus do bhí sé ar dtúis. Do chaitheadar díobh anuas go dtí an léine agus do b'sheo leo ina dhiaidh leis an méid acmhainn do bhí ina gcumas nó go raibh sé in am acu é bheith sáraithe acu ach, ar féachaint arís dóibh, do bhí an soitheach an fhaid chéanna ó bhaile. Agus ansan dúirt an chuid ba mhó den fhoirinn stad agus casadh abhaile.

'Is é an náire dhúinn casadh go deo agus é fhágaint inár ndiaidh!' arsa an t-óigfhear. Do spíon san an chuid eile des na fearaibh agus do b'sheo leo ina dhiaidh riamh agus choíche nó go raibh an talamh d'fhágadar ag dul as amharc dóibh. Ach, má bhí san i gceist, bhí talamh eile ina solas go maith rompu agus an soitheach an fhaid chéanna roimis an mbád de shíor nó gur bhuail sé talamh ins an áit stróinséartha. Do lean an bád go dtí an talamh san é agus, ar shroistint na trá dhóibh, dar leo go raibh sé ­ ní raibh pioc le fáil de agus ins an am san ní raibh aon fhear ins an mbád do thabharfadh spíonóg fhíona leis.

Os cionn na trá so suas do bhí an caisleán ba bhreátha dá bhfaca éinne riamh agus dúradar féin le chéile go mb'fhearra dhóibh dul féna dhéin agus go mb'fhéidir go mbuailfeadh greim le n-ithe leo ann. Sin mar bhí. Do thoilíodar leis agus do shroicheadar an caisleán go lagbhríoch.

Do bhí doras agus doirse ar leathadh agus, ins an doras gur chuadar isteach, ní raibh faic ar an saol le feicsint, cé gurbh fhearr leo so ins an am so radharc ba lú ná é go mbeadh greim nó deoch le fáil ann. Ní rófhada gur tháinig amach as seomra eile go dtí iad an 'óigbhean' ba bhreátha do b'fhéidir d'fheicsint ins an domhan, do chuir fáilte rompu agus dúirt leo í féin do leanúint, rud a dheineadar gan mórán tathaint agus, ar shroistint na cistineach dhóibh, do bhí radharc bidh agus dí ann, an rud do bhí ag oiriúint dóibh.

Do bhí fear mór groí ins an gcúinne ann agus ní raibh le feicsint ins an gcaisleán ach an bheirt, agus do bhí so ina dhall. Do loirg sé a lámh ar dhuine acu ach do shín an óigbhean sparra iarainn chuige le tabhairt dó mar 'Do chnagfadh sé sin an lámh agat,' ar sise.

Ar a bheith ag fágaint an chaisleáin dóibh, dúirt sí leis an bhfear óg: 'Pé rud is maith leat do thabhairt as so leat, tá sé le fáil agat,' ar sise.

'Crobh des na bláthanna san,' ar seisean.

'Nár fhaighir a dtairbhe!' ar sise. Do b'í féin an soitheach agus do cheap sí an uair seo gurb í féin do loirgeodh sé.

'Bainidh as na cosa anois é,' arsa an óigbhean leo. 'Is baolach go mbeidh an bád glan uaibh mar tá an taoide ag líonadh ar an dtír seo ar nós na habhann. Ní mise do chuir an soitheach úd fé bhur mbráid. Do cheapas go raibh misneach mór ag an óigfhear so ach féach, nuair do chuireas an cheist chuige pé rud ba mhaith leis do thabhairt leis agus do lorg go raibh sé le fáil aige, is beag do cheapas go raibh aon rud ins an gcaisleán do b'ansa leis ná mé féin!' ar sise.

'Faighim pardún agat, a ógmhnaoi,' arsa captaen an bháid, 'ní deireanach í an mhaith fós. Is baolach gur thuig sé seo ná raibh aon dul ar do lorgaireachtsa fháil aige agus glacfam fós leat más é do mheon gluaiseacht,' arsa an captaen, uncail an óigfhir.

'Ó, ní raibh aon chaoi agam an tír seo d'fhágaint go deo ach aon chaoi amháin. 'Sí siúd an chaoi, an rud do b'fhearr leis ins an gcaisleán do bhreith libh, cead do thabhairt daoibh chuige. Ach níl dul go deo agam anois ar an dtír seo d'fhágaint. 'Sí seo Tír na nÓg. Beidh seacht mbliana eile ann sara bhfeicfidh aon tsúil chorpartha í,' ar sise. 'Tá mo sheans féin glan tharamsa anois. An lá do chonac an t-óigfhear dathúil seo agus is baolach liom gurb é an galar céanna aige sin é an lá do chonaic sé mise,' ar sise. 'Agus anois, deinidh an bád!'

Do bhí an t-uisce fén mbád rompu agus do bhí an baile sroichithe acu le solas lae. Níor mhór an saol do fuair an fear óg ina dhiaidh seo.

Tagairtí
Ón Irish Independent, 24.8.26, 9. Níl an scéal seo le Tomás Ó Criomhthain foilsithe in Bloghanna ón mBlascaod: Tomás Ó Criomhthain (Coiscéim, 1997).


Feasta, Nollaig 2002

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais