Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Dánta na míosa seo
Amhrán nua molta Dé
Amhrán molta Dé as an nua inár mbéal
Alleluia (3)
Dia a dhein an lá seo féin
In éiric peacaí, thug a shaol
Ár slánú ón mbás, céasadh é
I ndeireadh dóchais, ard ár gcroí.
Arán is fíon dó ár bhféirín
Tugann Sé dúinn ár bpáirt leis féin.
An Drumadóirín
Tar, a deir siad pá-rum pum pum pum
Go bhfeicfimid an Rí pá-rum pum pum pum
Ár dtogha 's ár rogha againn pá-rum pum pum pum
Le cur i lámh' an Rí pá-rum pum pum pum,
rum pum pum pum , rum pum pum pum
Ómós cuí dár Rí pá-rum pum pum pum
Ar ár son.
' Naíon bheag ghléigeal, pá-rum pum pum pum
Is buachaill bocht mé féin pá-rum pum pum pum
Níl féirín ceart agam pá-rum pum pum pum
Is fiú a thabhairt dár Rí pá-rum pum pum pum,
rum pum pum pum, rum pum pum pum
Déanfad ceolta Duit pá-rum pum pum pum
Ar an drum'?
D'umhlaigh Muire pá-rum pum pum pum
Bhuail Bó is Uan an t-am pá-rum pum pum pum
Bhuaileas mo bhodhrán Dhó pá-rum pum pum pum
Bhuaileas go cumasach pá-rum pum pum pum,
rum pum pum pum, rum pum pum pum
Gháir Sé liom fé rún pá-rum pum pum pum
Is lem dhrum'!
An Chéad Noél
An chéad Noél a cluineadh riamh
Ó bhéal binn an aingil a fógraíodh é
Bhí na haoirí ar an sliabh i bhfeighil a gcuid tréad
Ar crith leis an bhfuacht, i gcoim na hoích'.
Noél, Noél, Noél, Noél,
Saolaíodh Rí geal Iosráél
Nuair a d'ardaigh a gceann ba léir dóibh réalt
Ag lonrú san oirthear i bhfad uathu féin
Ba ghilide an domhan an solas mór
Ag taitneamh go gléigeal gan múchadh choích'.
Noél, Noél, Noél, Noél,
Saolaíodh Rí geal Iosráél
Trí saoithe a tháinig ó thíortha i gcéin
B'é solas an réalt sin a threoraigh a gcéim
B'é rún an bhealaigh dóibh teacht ar an Rí
Is an réalta a leanacht de ló agus d'oích'.
Noél, Noél, Noél, Noél,
Saolaíodh Rí geal Iosráél
- Aistriúcháin,
Liam i gcomhar le Siobhán Prút
Feasta, Nollaig 2002
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|