Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Bliain iontach Pholaitíochta


le Proinsias Mac Aonghusa


Bhain Beirtie Ahern leis an aois nua. Ní fios fós cé mhéad d'fheachtas Fhianna Fáil a bhí faoi stiúir an Mheiriceánaigh dhorcha sin Bob Shrum a fostaíodh i Nua-Eabhrac.

Ba iontach go deo an bhliain pholaitíochta í 2002. Agus níl sí thart ar fad go fóill? Cá bhfios céard a tharlódh sna seachtainí deiridh? Olltoghchán a troideadh go tréan agus inar athraigh an pobal an freasúra in ionad sin a dhéanamh leis an Rialtas, Reifreann a troideadh go bréagach, Tionól agus Feidhmeannas an Tuaiscirt curtha dá mbonn arís, Tuairisc Bhinse Flood faoi chúrsaí Ray Burke i dTuaisceart Átha Cliath nuair a bhí cumhacht aige, sin agus imeacht chinnirí Fhine Gael agus an Lucht Oibre agus teacht a gcomharbaí, an deichiú ceann i gcás Fine Gael agus an naoú saoiste i gcás Labour; is é Bertie Ahern séú cinnire Fhianna Fáil.

Ní féidir gan aird a dhíriú ar bheirt iar-chinnire a chaill a suíocháin Dála, Dick Spring agus Alan Dukes; is annamh a chailleann polaiteoirí dá stádas siúd suíocháin. Tagann Conor Cruise O'Brien, Justin Keating, Risteárd Ó Maolchatha, Seán Mac Giolla Bhríde agus Seán Moylan agus Brian Lenihan chun cuimhne ach sin an méid thar thréimhse fada.

Is cailliúint don saol poiblí imeacht Spring agus Dukes. Cailliúint eile do Fine Gael é deireadh shaol parlaiminte Maurice Manning. Is iad a dhream gan rath féin a chuir an scian sa bhfear breá seo. Cuireadh go mór le seasamh Fianna Fáil nuair a toghadh Martin Mansergh mar Sheanadóir. Is mór atá déanta ag an Seanadóir Mansergh ar son na tíre go léir, agus go mórmhór maidir le imeachtaí casta na Sé Chontae, agus é ina Chomhairleoir ag Cathal Ó hEochaigh, Albert Reynolds agus Bertie Ahern. Nár mhaith an rud dá mbeadh sé anois ina Aire ag plé leis an Tuaisceart?

Bhí tábhacht ag baint leis an Reifreann ar Chonradh contúirteach Nice, mar a bhéas leis an Reifreann atá luaite ar Bhunreacht na hEorpa faoi cheann dhá bhliain. Nach sa bhliain 2004 freisin a bhéas Toghcháin ann do na hÚdaráis Áitiúla agua do Pharliamint na hEorpa? Idir seo agus sin ní móide go mbeidh i gceist ach Toghchán mór amháin, sin do Thionól an Tuaiscirt, cé nach mbeadh fhios agat. D'fhéadfadh trioblóidí chomh mór sin teacht chun cinn sna 26 Chontae is nach mairfeadh an 29ú Dáil Éireann rófhada. Táim ag cuimhneamh ar chúrsaí eacnamaíochta, ar aighnis ghéara tráchtála, agus ar nithe a d'fhéadfadh teacht chun solais as na Binsí Fiosraithe. Is ag méadú atá scanaill na nGardaí Síochána; ní dhéanfaidh a gcúrsaí siúd leas an Stáit ná leas an Rialtais. Tá an phríomh chathair lán le luaidreáin faoi dhaoine móra aitheantais agus ní ráflaí iad atá ag cur lena gcáil. An bhfuil rud éigin lofa sa Stát, agus sin gan trácht in aon chor ar na sagairt agus na bráithre brocacha ná ar na hEaspaig a chosain iad.

Ba nhór an rud é ag Fine Gael ceannaire úr a bheith arís ann; ní raibh Mícheál Ó Nuanáin i bhfad i gceannas. Ach níor cuireadh amach é; d'imigh sé féin nuair a chlis chomh dona sin ar a pháirtí san Olltoghchán. Is cóir dom a rá nár shíleas go ndéanfadh Fine Gael chomh dona agus a dhein. Is é Nick Coffey in RTÉ an t-aon duine a dúirt liom roimhré gur dóigh go mbuailfí buile ollmhór stairiúil ar an bpáirtí. Is mór é mo mheas ar thuairimí Nick ach cheapas go raibh sé ag cur leis an scéal san am. Mar a tharla, bhí an bualadh níos measa fiú ná mar a shíl seisean a bheadh sé.

Ní é go raibh a dhath as bealach déanta ag Fine Gael agus nach raibh riamh cuma na maitheasa ar chuid mhaith slite ar Mhicheál Ó Nuanáin. Ach níor chuir an pobal, go mórmhór an pobal óg, spéis in Fine Gael. Ar shlí éigin, níor síleadh gur bhain an páirtí mórán leis an 21ú hAois. Bhain Bertie Ahern leis an aois nua. Ní fios fós cé mhéad d'fheachtas Fhianna Fáil a bhí faoi stiúir an Mheiriceánaigh dhorcha sin Bob Shrum a fostaíodh i Nua-Eabhrac. Is í ceird an fhir seo na slite is caolchúisí agus is glice chun tabhairt ar phobal seo nó siúd a dhéanamh a theagasc don té, nó don dream, a íocann é. Más fíor, tá sé thar cionn ar an obair sin agus, mar is eol dúinn, tá Bertie agus a dhream ar ais i Sráid Mhuirfean.
An bhfuil aon chuid den cheart acu siúd a deireann gur inis Airí áirithe scéalta faoin eacnamaíocht nach raibh ar chor ar bith bunaithe ar an bhfírinne? Más fíor é sin, ní gá ar an toirt a rá gurb é an Meiriceánach ba cionn tsiocair leis; tá Éireannaigh ábalta bréaga a insint gan aon chabhair ón taobh amuigh. Ach cuireadh Fine Gael de dhroim seoil, agus ní den chéad uair é. An bhféadfadh go bhfuil buille a bháis buailte ar an bpáirtí? Agus má tá, céard a thiocfas ina áit?

Is minic cheana a ceapadh gur chinnte go rachadh Labour chun cinn. Síleadh gur chuid den tsoiscéal é dá mbeadh ag cliseadh ar Fhine Gael go dtiocfadh an Lucht Oibre i dtír air sin. Ní gá sin a bheith fíor. D'fhéadfadh cliseadh dona eile a bheith i ndán do Fine Gael agus nach rachadh an Lucht Oibre chun cinn mórán. Seachas sa bhliain 1992 nuair a ghnóthaigh an páirtí 33 suíochán faoi cheannas Dick Spring, ní bhfuair Labour riamh níos mó ná 22 suíochán i nDáil Éireann.

Is d'Fhianna Fáil a thugann a bhformhór siúd a mbeifí ag súil i dtíortha eile go mbeidís ag tacú le páirtí Lucht Oibre a vótaí. Is iomaí sin údar leis sin; nach spéisiúil go ndéarfadh an Taoiseach Bertie Ahern, Uachtarán Fhianna Fáil, go poiblí gur Sóisialach é féin, agus nach gcuirfeadh duine ar bith i bhFianna Fáil ina choinne. Deireadh Éamon de Valera gurb é James Connolly a laoch seisean agus an bhfuil aon údar ann le na shéanadh? Thugadh Brian Lenihan an Fíor Pháirtí Lucht Oibre ar Fhianna Fáil. Is poblachtaithe agus náisiúnaithe an chuid sin den lucht oibre agus de intleachtóirí a thacaíonn le Fianna Fáil ach a bheadh le Labour i Sasana, abraimis. Braithid siúd gur beag atá i bPáirtí an Lucht Oibre ach pludgharda d'Fhine Gael agus ní ghlacaid le Fine Gael mar pháirtí Liobrálach, oscailte, sa mhéid go mbeadh sin uathu, ach mar a bhíodh sé go stairiúil.

Tá bóthar garbh roimh Pat Rabbitte. Mar sin féin, tá gliceas ag baint leis nach raibh le haon chinnire de chuid an pháirtí dá ndeacha roimhe. Ba chliste go deo an beart aige é Fergus Finlay a mhealladh ar ais mar phríomhstiúrthóir gairmiúil an pháirtí. Is eisean a chuir Dick Spring ar bhealach a leasa agus ní air a bhí an locht gur cailleadh gach ar ghnothaíodh sa bhliain 1992. Má tá tuiscint ar pholaitíocht an dorchadais ag Bob Shrum, an Meirceánach a d'fhostaigh Fianna Fáil leis an mbóthar a réiteach don pháirtí sa bhliain 1997, agus faoi dhó an bhliain seo, bheadh ar chumas Fergus Finlay ceachtanna a mhúineadh do. Tá tuiscint thar na bearta ag Fergus Finlay ar an Stát seo agus ar a muintir agus a stair.

An fiú an cheist a chur dá mbeadh Fergus Finlay ag obair don Lucht Oibre le linn thréimhse thirim Ruairí Quinn an éireodh níos fearr leis an bpáirtí an Bhealtaine seo caite? Níl faoi Pat Rabbitte, is cosúil, aon chomhaontú a dhéanamh le Fianna Fáil. Sin le rá go mbeidh air dul i bpáirt le Fine Gael, an Comhaontas Glas, na Sóisialaigh eagraithe agus neamh-eagraithe, agus b'fhéidir le Sinn Féin, má tá an Lucht Oibre le bheith i Rialtas faoi cheann cheithre bliana nó mar sin.

Ar an taobh eile den scéal, tá Labour ag cailleadh go mór sna ceantair bhochta i mBaile Átha Cliath agus Sinn Féin ag dul chun cinn. Agus tá na Glasaigh ag fáil vótaí a mbeadh Labour ag súil leo i gceantair mheánaicmeacha. Nach mbeidh ar Pat Rabbitte tabhairt faoin dá pháirtí sin; nach bhfuil sé cheana féin ag ionsaí Sinn Féin? An dtuigeann sé gur i mbaclainn Fhine Gael atá sé ag lonnú an Lucht Oibre?

Cé chomh mór chun tosaigh is a d'fhéadfadh Sinn Féin agus na Glasaigh agus na Sóisialaigh dul? An bhfuil teora chinnte le na gcuid feachtais? Táthar ann a shíleann nach mbeidh ag éirí chomh maith agus atá anois le Sinn Féin nuair a thiocfar ar réiteach iomlán ar ghearchéim na Sé Contae. Táthar ann freisin a shíleann nach n-éireoidh rómhaith leis na Glasaigh de réir mar a bhéas páirtithe eile ag glacadh le clár na nGlasach. Ní féidir a bheith cinnte an bhfuil bunús leis an tuairimíocht sin; b'fhéidir go bhfuil.

Ach an mbraitheann dul chun cinn Sinn Féin sna 26 Chontae ar chúrsaí an Tuaiscirt ach go himeallach? Cé mhéad vóta a fuair Martin Ferris i gCiarraí Thuaidh de bharr a chuid oibre mar Chomhairleoir Contae? Is cinnte gur tugadh vótaí dó mar fhreagra ar fheachtas craiceáilte an Gharda Síochána ina choinne, ach sin rud ar leith. Nach fíor gur de bharr a gcuid oibre don phobal maidir le cúrsaí a bhain leis an bpobal a fuair Aonghus Ó Snodaigh, Seán Crowe, Arthur Morgan agus iarrthóirí eile de chuid Sinn Féin tacaíocht, agus nach mar gheall ar a leagan amach faoi fhorlámhas na Sasanach ar chuid den tír? Ní athróidh sin.

Is dea-oibrithe freisin iad na Glasaigh agus tá meas an phobail ar Theachtaí ar nós Trevor Sargent agus John Gormley, Ciaran Cuffe, Patricia McKenna agus an chuid eile díobh. An ndéanfadh sé aon leas ar leith do Enda Kenny agus do Pat Rabbitte a fhógairt gur mhór acusan freisin an timpeallacht? Cén Ghaeilge atá ar Johnny-Come-Lately?

Bliain mhór ar fad dóibh siúd nach mbaineann Leo Siúd, an Establishment, a bhí in 2002. B'fhéidir go bhfuil ré úr ag tosú agus taobh istigh de dhá nó thrí Thoghchán eile nach mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael agus Labour chomh lárnach is atáid anois. Deireadh Michael MacDowell gur ghá don Pháirtí Daonlathach a bheith radacach má bhí sé le maireachtáil. Is é Mac Dubhghaill féin ba chionsiocair le dul chun cinn na nDaonlathach faoi Bhealtaine. Chuir seisean cuma radacach dheis ar a pháirtí.

An rud atá fíor faoi na Daonlathaigh tá sé fíor faoi Fhine Gael agus faoin Lucht Oibre. Ní foláir don dá pháirtí sin cuma radacach a chur orthu féin; sa mhéid go bhfuil íomhá ar bith ag ceachtar díobh, is íomhá lárnach é. Is beag an mhaith a dhéanfas sin dóibh mar go bhféachtar ar an bpáirtí mór, Fianna Fáil, mar pháirtí lárnach atá in ann iompú ar chlé nó ar dheis de réir mar a fheileann sin dó, a bhíonn go hiondúil i mbun Rialtais ach atá ábalta scaití a ligean ar féin gur leis an bhfreasúra a bhaineann sé! Níl gliceas ann chomh glic le gliceas Fhianna Fáil.

Taobh istigh de bhliain beidh a fhios go soiléir an bhfuil aon mhaith dá dhéanamh ag Enda Kenny nó ag Pat Rabbitte. Measfar iad ar cé mar a éiríonn leo i dToghcháin Áitiúla agus Eorpacha na bliana 2004. Ní bheidh sé éasca Fianna Fáil a chur amach.

Feasta, Nollaig 2002



Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais