Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Na Daoine Dalla

Scéal béaloidis arna chóiriú ag Gabriel Rosenstock


Sa tsochaí ilchultúrtha ina mairimid, tá gá againn le scéalta a mhúineann an chaoinfhulaingt dúinn. Arbh fhéidir cuid dár scéalta dúchais a chur in oiriúint don chuspóir sin?
Chuaigh an file Gabriel Rosenstock ag tochailt!

-------------------------------------------------
Bhí seanchailleach ann fadó agus cónaí uirthi idir Néifinn Bheag agus Néifinn Mhór. Bhí sí chomh sean leis an gceo. Nó b'fhéidir pas beag níos sine.
Níor chónaigh aon duine léi, an créatúr. Ach bhí scata breá cat aici. Deirtear go raibh na cait sin chomh sean léi féin. Is beag de mhaoin an tsaoil a bhí aici, crann spíonán agus roinnt luibheanna. Sin uile.

'Ar spíonáin amháin a mhaireann sí,' a deireadh na daoine.
' Ar spíonáin, sea, agus ar uisce na spéire.'
Lá de na laethanta sin, d'fhéach an chailleach an leathdhoras amach agus cad a chonaic sí ach scata buachaillí agus iad ag bualadh báire. B'ait léi sin mar is fíorannamh a thagadh éinne i bhfoisceacht scread asail don teach.

Bhí amadán ina measc. Lugh de Paor ab ainm dó. Mheas sé gur rí ab ea é. Louis na Fraince a thug sé air féin.

'Is ea, a rí,' arsa buachaill acu, 'an bhfuil aon scéal nua ag a Mhórgacht dúinn inniu?'
'Tá slaghdán ar Mharia Antoinette bhocht. Seachas sin níl scéal ná duan agam mura bhfaighe mé uaibhse é.'
'An bhfeiceann tú an teachín dorcha thuas, an teachín idir an dá chnoc?' arsa an buachaill.
'Feicim go deimhin,' arsa Lugh, 'agus ní deas an feic é.'
'Tá seanchailleach ghránna agus a slua cat ina gcónaí sa teachín sin. Má tá de mhisneach ionat póg a thabhairt di, bronnfaidh mise an camán breá seo ort.'
'Fág fúmsa é,' arsa Lugh. 'Pógfaidh mé an tseanchailleach sin, pógfaidh cinnte - agus pógfaidh mé a bhfuil de chait go léir sa teach aici.'
'Maith thú!' arsa na buachaillí go léir. Agus as go brách le Lugh. Níor stad sé gur tháinig sé go teachín na caillí.
Sheas Lugh ar an tsráid tamall. Dhruid sé níos cóngaraí don leathdhoras agus rinne casacht bheag.
'Cé hé sin amuigh?' arsa an chailleach go grod.
'Mise Louis, Rí na Fraince, a chailleach,' ar seisean.
'Ba mhaith liom póg ó chailín óg...'
'Louis ab ea? Chuala mé trácht ort, go deimhin. Ar thug tú do bhean leat?'
'Níor thug. Sa bhaile atá sí ...ag ithe cáca.'
'Bíodh nó ná bíodh is í do bhean féin is ceart duit a phógadh agus ise amháin. Bailigh leat anois, a rógaire rí!'
'Éist liom, a chailleach. Is mar seo atá an scéal. Tá camán breá agam le fáil má bhainim póg díotsa agus do na cait go léir...' D'fhéach sé ina thimpeall. 'Cá bhfuil na cait uait?'
'Ag bailiú spíonán i gcomhair an dinnéir atá siad, a Louis.'
'A leithéid!' arsa Lugh.
Chuir an chailleach a lámh sa chlúid agus tharraing amach liathróid. 'Tabhair an sliotar seo don bhuachaill a gheall an camán duit,' ar sise.
'Tabharfaidh, a chailleach, go raibh maith agat. Ach ní bhfaighidh mé an camán uaidh mura mbainim an phóg díot,' arsa Lugh.
'Bain póg de bhonn mo choise mar sin,' ar sise,'agus gread leat ansin.'
Nuair a bhí Lugh amuigh chuala sé crónán aisteach. Cad a chonaic sé ansin ach slua cat is iad ag teacht faoi dhéin an tí, spíonán mór ina bhéal ag an uile chat acu.
'Seo dhaoibh póigín ó bharr mo mhéar!' arsa Lugh agus rith sé leis.
Bhí sceitimíní ar na buachaillí nuair a chonaic siad Lugh chucu.
'An bhfaca tú í?'
'Chonaic.'
'Ar labhair tú léi?
'Labhair.'
'Ar ­ ar phóg tú í?'
'Phóg ar m'anam!'
'Agus na cait?'
'Phógas na cait, leis!'
'Uch!' ar siad as béal a chéile agus déistean orthu.
'Cen saghas í féin?' arsa an buachaill ba lú orthu.
'Cén saghas í ab ea? Is cailleach cheart í.Tá a craiceann crón chomh righin le bos an chamáin seo.'
'Úúú!' ar siad go léir.
'Tá clúmh rua ag bogadh amach óna srón agus óna cluasa.'
'A Mhaighdean go deo!'
'Cén aois a bheadh aici?' arsa buachaill eile.
'Tá sí ann ó aimsir Dhiarmada agus Ghráinne! Thug sí liathróid dom, an sliotar seo, atá níos sine ná í féin, a deir sí.'
Thaispeáin Lugh an sliotar don té a thug an camán dó. Rug seisean greim air. D'fháisc sé ina lámh é féachaint an raibh sé crua. An chéad rud eile tháinig púdar dearg amach as. Dhall an púdar gach mac máthar díobh, ach amháin Lugh.
Thosaigh an liúireach agus an bhéicíl.
'Táim dall! Táim dall! A mhamaí! Fóir orm! Fóir!'
'Mo shúile!'
Ní raibh fear ná bean sa chomharsanacht nár chuala iad. Chruinnigh siad ina dtimpeall.
'Ó, a Sheáin, a lao, cad d'imigh ort?'
'A Phádraig, a chroí, an dall atá tú? Ó, a stóirín!'
'A Shéamaisín, a Shéamaisín!'
Bhí na tuismitheoirí go mór trí chéile. Nuair a chuala siad ábhar na daille bhí fearg an domhain orthu.
'Dóimis an chailleach agus a cuid cat!'
'Dóimis í!'
'Dóimis an chailleach!'
Fuair siad pící, bataí agus neart tuí agus thug siad a n-aghaidh ar theachín na caillí.
'Tar amach, a chailleach!' a bhéic siad. Tháinig an tseanbhean amach.
'Cad tá uaibh?' ar sí.
'Tusa a mharú, tú féin agus do chuid cat mallaithe!'.
'Agus do bhothán bréan a chur trí thine!' .
'Mise a mharú, an ea? Faoi na buachaillí a dhalladh, an ea? Ní mise a dhall iad! Bhí siad dall cheana. Is dall a bhí siad nuair a chuir siad an t-amadán - Lugh - chugam. Is dall a bhí siad nuair a rinne siad magadh fúm. Agus - dar Néifinn Mhór - is measa seacht n-uaire sibhse ná iad! Nach sibhse a thóg iad? Nach sibhse a mhúin béasa dóibh, más fíor?'
Ní raibh gíog ná míog as an slua. Stán siad ar an gcailleach agus nimh i súile an uile dhuine acu. D'ardaigh fear acu tóirse agus é ar tí é a chaitheamh ar dhíon an tí.
'Fóill ar do lámh, a dhuine gan chiall,' arsa an chailleach.
'Cén eagla é seo oraibh go léir ­ eagla roimh sheanbhean uaigneach? Eagla roimh mo chuid cat nach ndearna lá dochair riamh? Mo náire sibh! Abhaile libh go tapa nó dallfaidh mé a thuilleadh sibh!'
Thosaigh siad ag cogarnaíl eatarthu féin.
'Ma théann sibh abhaile bainfidh mé an daille de na buachaillí i gceann seachtaine. Imigí libh anois! Ná bígí ag cur isteach orm níos mó...'
Sheas sí ansin gan cor aisti. Stán sí orthu, ó dhuine go duine.
'Seo linn abhaile,' arsa bean éigin. Níorbh fhada gur lean daoine eile í. Sa deireadh ní raibh fágtha ach an chailleach agus a cuid cat. Isteach leo sa teachín. Dhún sí an doras ina diaidh.
Seachtain ina dhiaidh sin fuair na buachaillí a radharc ar ais arís. Bhí ceacht foghlamtha acu agus ag a dtuismitheoirí. Is cinnte nach ndearna siad magadh faoin gcailleach as sin amach.
Aisteach go leor, ní raibh eagla ar aon duine roimh an chailleach ina dhiaidh sin. Tháinig siad ar cuairt chuici. Bhain siad an-sult go deo as a cuid scéalta, agus nach aici a bhí na scéalta breátha fiannaíochta! Tháinig siad chun leigheasanna a fháil uaithi. Bhí an-eolas ar fad aici ar luibheanna leighis:
'An créacht-lus a thugaimid air seo, féach.... An ceann sin thall? Lus na smaileog, cad eile! Ná habair liom nach n-aithníonn tú é sin... Lus na bhfiacal! É seo? Is fuirist é sin a aithint: lus na gcnámh mbriste é sin, a dhuine. Agus is maith nach raibh gá agamsa leis i mbliana!'


Feasta, Aibreán 2003

abhaile | barr | clár na míosa seo