Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain, 1905-1970

le hAindrias Ó Cathasaigh


Coiscéim. Baile Átha Cliath, 2003.
Lgh. 317. Bog. Euro 10
á léirmheas ag Gearóid Denvir


Fathach a bhí i Máirtin Ó Cadhain, pearsa mhór mhillteach le rá lena linn féin, a d'oibrigh tionchar thar na bearta ar réimsí éagsúla d'Éirinn a aimsire féin. Bhí sé gan amhras ar bith ar dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloich os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comórtha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas.

Le blianta beaga anuas tá borradh tagtha faoin tionscal Cadhnach le foilsiú leithéidí Caiscín: Altanna san Irish Times 1953-56, Ó Cadhain i bhFeasta agus Caithfear Éisteacht: Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar, bailiúcháin luachmhara d'aistí agus d'altanna a chonaic solas an lae cheana ach nárbh fhurasta teacht orthu. Cuir leis an méid sin foilsiú na mbunsaothar dioscúrsúil faoi chúrsaí staire, polaitíochta agus teanga, Tone Inné agus Inniu agus An Ghaeilge Bheo ­ Destined to Pass, maille le foilsiú an dá úrscéal iomráiteacha, Athnuachan agus Barbed Wire, a raibh béaloideas déanta le blianta acu agus gan iad faoi shúil an phobail beag ná mór, agus tá ar ár gcumas anois breithiúnas i bhfad níos cuimsithí agus níos meáite a thabhairt ar an bhfear agus ar shaothar a shaoil.

Is fada aos liteartha na Gaeilge ag gearán nach ann do bheathaisnéis chuimsitheach, chriticiúil ar an gCadhnach a thógfadh ar shaothar teoranta Bhosco Costigan agus Sheáin Uí Churraoin, De Ghlaschloch an Oileáin. Chugainn beathaisnéis shubstaintiúil, dhúshlánach ó láimh Aindriais Uí Chathasaigh a fhéachas leis an mbearna sin a líonadh.

Siúd is go maíonn Ó Cathasaigh ina réamhfhocal gurbh fhéidir 'beathaisnéis pholaitiúil' a thabhairt ar a shaothar, rianaíonn an leabhar scéal beatha Uí Chadhain óna cheartlá breithe ar an 4 Eanáir 1905 ar an gCnocán Glas i gceartlár Ghaeltacht Chonamara trí imeachtaí gabhlánacha a shaoil ar a thuras thar Ghealchathair soir go dtína bhás in ardchathair Bhaile Átha Cliath ar an 18 Deireadh Fómhair 1970. Tugtar pictiúr fírinneach réalaíoch den chomhthionól fuinniúil fuinte as ar eascair Ó Cadhain, de na cúinsí pearsanta agus pobail a mhúnlaigh an scríbhneoir cruthaitheach, den fhear friochanta fraochdha troda agus agóide, den phoblachtach neamhleiscéalach, den sóisialach saoil.

Cuirimid aithne ar an scoláire óg a sháraigh gaistí an bhochtanais agus na himirce, a thapaigh na deiseanna a chuir an córas oideachais ar fáil dó lena oiliúint ina mhúinteoir bunscoile, ceird a chleacht sé ar feadh deich mbliana i nGaeltacht na Gaillimhe. Insítear dúinn faoin gcaoi a ndeachaigh Ó Cadhain le polaitíocht le linn na mblianta múinteoireachta sin thiar, agus faoin gcaoi arbh é a dhearcadh ó bhonn aníos ar a mhuintir féin - cosmhuintir na Gaeltachta - a bhí ar chúl a fhealsúnachta agus a ghníomhaíochta polaitiúla ar fad i gcaitheamh a shaoil.

Rianaítear imeachtaí eile a shaoil go paiteanta, soiléir, óna thréimhse géibhinn i 'Sibéir na hÉireann' le linn an Dara Cogadh Domhanda, trí bhlianta aimride na státseirbhíse i Rannóg an Aistriúcháin, go dtí na blianta deireanacha mar léachtóir agus ina dhiaidh sin mar ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide - teálta íorónta dá leithéid! Rinne Ó Cathasaigh ransú bisiúil ar pháipéir Uí Chadhain, atá ar caomhúint i gColáiste na Tríonóide, a bhuíochas sin d'Fhondúireacht Uí Chadhain, agus tá a lorg sin ar a chuntas ar na hagóidí, na léirsithe, na conspóidí agus na comhchealga a raibh sé páirteach iontu, agus arb é tuairim líon suntasach tráchtairí gur dhiomallaigh sé a thalann scríbhneora leo. (Níl údar na beathaisnéise seo ar an mbuíon áirithe sin, mar is léar ó fhocal scoir a shaothair!)

Is é príomhbhua leabhar Uí Chathasaigh an rianú a dhéanas sé ar shíolrú, ar fhás agus ar fheidhmiú shóisialachas Uí Chadhain i gcaitheamh a shaoil, maille leis an bhfonn friochanta troda a bhíodh ar an gCadhnach d'fhonn a aisling a chur i gcrích. Is í an ghné seo dá scéal, áfach, a fhágas marach bunúsach ar a leabhar chomh maith. Is é sóisialachas Uí Chadhain aonscéal leabhar Uí Chathasaigh sa mhéid agus gurb é an t-earra is gaire dá láimh i gcónaí ag an mbeathaisnéisí é, an tslat aonraic a chuireas sé ar an uile ghné de shaol agus de shaothar Uí Chadhain.

Go deimhin féin, léirítear ó thráth go chéile, go fiú, gur pheacaigh an Cadhnach féin in aghaidh cheartchreideamh an fhíorshóisialachais agus déanann Ó Cathasaigh 'coigeartú' dá réir go rialta air, ag meabhrú 'ceartinseacht an pháirtí' dúinn, go mórmhór i bhfonótaí de leataobh ón bpríomhreacaireacht.

Chuirfeadh leabhar Uí Chathasaigh ar shúil léitheora gurbh é an soisialachas cloch bhua agus aonscéal Uí Chadhain, bradán a bheatha, an fórsa diamhair a thiomáin tríd an saol é, agus is eagal leis an léitheoir áirithe seo gur mó de léargas sin ar an mbeathaisnéisí ná ar an té a bhfuil cuntas air ina leabhar. Ní raibh cruinneshamhail Uí Chadhain chomh haontomhaiseach ná chomh teoranta le píobaireacht aonphoirt den mhianach sin, agus is feall bunúsach ar a shaol agus ar a shaothar a leithéid a thabhairt le tuiscint.

Barr air sin, ní hí an intinn leanúnach, aonrianach, chéanna a léirigh Ó Cadhain i gcaitheamh a shaoil. Bhíodh sé anonn is anall in amanna éagsúla idir dhá intinn faoi chúrsaí áirithe, bhíodh idir dhóchas agus éadóchas air i dtaobh nithe go leor, d'athraíodh sé a intinn go rialta, agus níorbh é namhaid an lae inné namhaid an lae inniu i gcónaí. Dhéanadh sé ráitis a thagadh salach ar fad ar a chéile, bhíodh sé coilgneach, cantalach, marfach ina chuid cainte agus scríbhneoireachta go mórmhór le linn conspóide teasaí, agus níor mhiste leis an criogbhuille go cnáimh a bhualadh dá síleadh sé go gcuirfeadh sin lena chás.

Ba é an t-ionsaí fíochmhar pearsanta agus fiú an buille gan chosaint a chleachtadh sé go minic, agus mar a shonraigh Seán Ó Ríordáin tar éis a bháis, ní cosaint cúise an modh oibre a bhíodh aige ach ionsaí géar ar an namhaid. (Níor mhiste a lua, b'fhéidir, gur thug an Cathasach cuid den bhealach bricrúach céanna seo leis, mar is léar ó thagairtí géara, leatromacha - sna fonótaí den chuid is mó, tugaim faoi deara! - do mhórán chuile scoláire agus chriticeoir a chuaigh i ngleic go nuige seo le saothar Uí Chadhain, an léirmheastóir seo san áireamh!)

Ar an láimh eile ba dhuine thar a bheith tuisceanach agus cineálta é Ó Cadhain sa phlé a bhíodh aige le daoine aonair, teist a bhí ariamh ag a mhuintir (agus go háirithe clann a dheartháireacha i mBaile Átha Cliath) agus ag a chuid scoláirí i gColáiste na Trionóide air. Aisteach go leor, a mhalairt de cháil a bhí ag cuid dá chuid iarscoláirí i scoil náisiúnta Chamuis air, más fíor na tuairiscí pearsanta a thug cuid den dream céanna don scríbhneoir seo in imeacht na mblianta!

Ag sin, dála an scéil, fabht bunúsach eile i saothar seo Uí Chathasaigh, mar atá, easpa agallamh le daoine a raibh aithne acu ar an gCadhnach, nó sin a bhí páirteach i ngluaiseachtaí agus in eagraíochtaí éagsúla leis, muintir Rath Cairn, Mhisneach agus Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, mar shampla, gan trácht ar na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge. Bheadh fianaise luachmhar, ach í a scagadh agus a chomhthéacsú mar is ceart, le bailiú uathu sin ar fad, fianaise a bheas gan bhailiú, tá faitíos orm, de réir mar atá a lucht aitheantais ag déanamh ar chré na cille.

Déantar cur síos, mar shampla, ar thréimhse Uí Chadhain mar mhúinteoir i gCamus agus sa Charn Mór, agus luaitear a thréimhse fhada ar fhoireann teagaisc Choláiste na Tríonóide, ach dheamhan focal ó oiread agus iarscoláire amháin dá raibh aige. Ina theannta sin, tarraingítear a bhean chéile, Máirín Ní Rodaigh - ceirtleith a anama, i bhfriotal Uí Chadhain féin - anuas ón aer den chéad uair chuig an léitheoir sa bhliain 1945 (l. 112). Cérbh í féin? Cárbh as í? Cén chaoi ar chas an lánúin ar a chéile? Cén tionchar a bhí aici ar an gCadhnach? Dhá thagairt fhánacha eile a thabhaíos sí nó go n-insítear scéal a báis in alt gearr amháin.

Agus céard faoi dheartháireacha agus dheirfiúracha Uí Chadhain - Joe agus Pádraic go mórmhór, b'fhéidir - agus a gclann siadsan a raibh Máirtín an-mhór leo i mBaile Átha Cliath sna 1960í agus sna 1970í? An deacair an phearsa choilgneach phoiblí a shamhlú leis an duine groíúil, geanúil príobháideach?

Duine casta, ciaptha ar go leor bealaí, a bhí i Máirtín Ó Cadhain. Samhailchruinne dhorcha, ghruama, éadóchasach, den chuid is mó a nochtaítear ina shaothar liteartha, idir chruthaitheach agus dhioscúrsúil - go deimhin, is beag scéal dá chuid a mbíonn 'críoch shona' le sonrú air. An mar seo a bhí sé féin, freisin, ina shamhailchruinne phearsanta féin mar dhuine, nó cén gaol atá idir an duine agus an saothar? Ceist nach annsa, ach ceist san am céanna arbh fhiú í a dhúiseacht i mbeathaisnéis chríochnúil.

Céard faoina dhearcadh ar chúrsaí creidimh, bête noire de chuid an tsóisialachais? Duine cráifeach go maith, agus fiú roinnt coimeádach, a bhí sa Chadhnach ina shaol pearsanta, de réir cosúlachta. D'admhaigh sé in Cosnaítear an Creideamh: Chuala tú faoi Rath Cairn? gur 'caitliceach dílis' a bhí ann, ach ba mhór idir an dílseacht sin agus a dhearcadh ar an Eaglais institiúidiúil nár spáráil sé sa phaimphléad céanna. Agus céard faoin acmhainn ghrinn a bhí aige, ag cuimhniú ar an ngreann mar aon léas dóchais, mar fhál in aghaidh an bháis, i gcuid mhaith den saothar - Cré na Cille agus scéalta mar 'Ag déanamh Páipéir', 'Fuíoll', 'Cé Acu' agus 'Beirt Eile' mar shamplaí suntasacha. Ba í an acmhainn ghrinn chéanna sin, maille lena chumas marfach sciolladóireachta agus feannta a thug ar Sheán Ó Ríordáin Rabelais-Bricriu-Theristes-Joyce-Machievelli-Aristophanes Ó Cadhain a thabhairt air i léirmheas cáiliúil ar Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca san Irish Times (29 Meitheamh 1970).

Tá imlínte a fhealsúnachta saoil soiléir don té a bheadh sásta iad a chuartú agus a rianú. Mar fhear Gaeltachta agus mar Ghaeilgeoir de chuid na cosmhuintire buailte a shamhlaigh Ó Cadhain é féin. B'shin í bunchloch a fhéiniúlachta, a shainiúlachta, a dhaonnachta fiú. Níl aon amhras faoi ach gurbh í an Ghaeilge féin 'an fórsa diamhair a thiomáin chun cinn é', mar a mhaígh Breandán Ó hEithir, duine dá dhlúthchairde, in Thar Ghealchathair Soir. Bhíodh sé anonn is anall de shíor idir dóchas agus dubhéadóchas maidir le staid agus todhchaí na teanga ar feadh a shaoil. Deireadh sé go rialta go raibh an Ghaeilge básaithe (féach Do na Firéin, 1962, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, 1969, mar ráitis eiseamláireacha uaidh) agus go raibh an Ghaeltacht 'fighting - or rather perishing - in its last ratholes' (The Irish Times, 24 Iúil 1953).

Ina dhiaidh sin, lean sé air lena shaothar cruthaitheach i nGaeilge amháin, ina dhúshlán in aghaidh an bháis agus an éadóchais a bhí go smior ann ar leibhéal amháin. Tuige a ndearna sé sin - coinneáil air i dteanga a chreid sé a bheadh básaithe roimhe féin? Ceist gan freagairt, is oth liom a rá, sa bheathaisnéis seo. Ní mé nach bhfuil bunús fhreagra na ceiste sin le fáil i ráiteas a rinne sé i 1960:
'An Ghaeilge amháin an t-aon gheis a mhothaím orm féin mar Éireannach leis na blianta.'
Níl amhras ar bith faoi ach gurbh é a dhearcadh i leith na teanga an tslat tomhais ba mhó a leagadh sé ar dhuine ar bith a ghoineadh a aire agus dhearbhaíodh sé go rialta nár mhiste leis tréas an ghrá teanga a imirt ar aon rialtas a dhéanfadh faillí ar a ndualgas, mar a thuig seisean é, i leith na Gaeilge.
Bhíodh meas thar cuimse aige, mar shampla, de réir bhreith a bhéil féin ar dhuine ar bith a dhéanadh rud fóinteach ar son na Gaeilge, ach san am céanna níor mhiste leis díbliú damanta agus fiú drochíde béil a imirt ar chuid mhaith mhór de 'phearsana liotúirgeacha na Gaeilge', mar a thugadh sé orthu, agus an méid sin i mBéarla breá searbhasach in amanna.

Ainneoin a chuid gníomhaíochta ar fad i gcúrsaí polaitíochta agus teanga, áfach, is mar scríbhneoir is mó atá aithne ar Mháirtín Ó Cadhain. Mar scríbhneoir, freisin, a chuimhneofar air nuair a bheas dearmad déanta ar chuid mhaith den agóideacht, den troid, den chonspóidíocht a tharraing sé air féin. Déanann an bheathaisnéis seo faillí bhunúsach i Máirtín Ó Cadhain, scríbhneoir, á íobairt sin ar altóir an tsóisialachais. Tarraingíonn Ó Cathasaigh ar an saothar liteartha ó thráth go chéile le huisce a tharraingt chuig muileann an tsóisialachais, ach ní fhuineann sé tada eile seachas sin as an saothar céanna. Is dual, áfach, do bheathaisnéis mhaith scríbhneora comhthéacsú cuí a dhéanamh ar shaothar an scríbhneora sin i scéal a bheatha.

Bheifí ag súil, mar shampla, le cuntas cuimsitheach ar ghiniúint smaoinimh a ndearna scéal, cnuasach nó leabhar de. Bheifí ag súil, ina theannta sin, le stair foilsithe mhórshaothar an scríbhneora agus le hanailís ar léirmheasanna comhaimseartha nó ar chonspóidí a tharraing saothair éagsúla. Tá sampla breá den chineál seo comhthéacsaithe le fáil sa réamhrá cumasach a chuir Cathal Ó Háinle le Barbed Wire Uí Chadhain le deireanas. Dá réir seo, ní thugann Ó Cathasaigh a cheart beag ná mór, mar shampla, do mhórshaothar Uí Chadhain, Cré na Cille, a sciorrann sé thairis in 'eadarlúid' ríghearr (ll. 117-122).

Bíodh is go raibh riar mhaith foilsithe cheana aige, ba é foilsiú Cré na Cille i 1950 (dáta a chinntíos Ó Cathasaigh, seachas an dáta 1949 atá luaite ar an gcéad eagrán; an raibh baint ag an scéal seo le cúrsaí deontais?) a d'fhógair go raibh mórthalann scríbhneora ag an gCadhnach. Ubh cuaiche ar bhealaí go leor é Cré na Cille, éacht aon uaire, curadhmhír nach ndrannfar leis arís, nach mbeidh a leithéid arís ann, i gcead don nathán seanchaite. Agus gné na critice den scéal a fhágáil faoi leabhar critice seachas faoi bheathaisnéis, ní miste an méid seo a rá faoi. Fearacht Ulysses le James Joyce, nó saothar ealaíne Phaul Henry, nó fuinneoga eaglasta Harry Clarke, nó ceol an Chearbhallánaigh, nó Leabhar Cheanannais, is icon cultúrtha náisiúnta Éireannach é Cré na Cille. Ní bhaineann sé le haois ná le ré ná fiú leis an gConamara a ndéantar cur síos air sa scéal. Is mó é ná é féin, ar bhealach. Is ráiteas fúinn féin ar fad é, faoin gcaoi a dtuigimid agus a shamhlaímid muid féin mar dhaoine daonna faoi choinníoll áirithe sin na daonnachta is Éireannachas/ Gaelachas ann.

Déantar gaisce go minic as, agus cuid de sin go haineolach gan dabht. Deir daoine gur léigh siad é agus níor leag siad súil ariamh ar shiolla de - ach ba mhaith leo go ndéanfaí talamh slán de gur léigh agus gur thuig siad é. Is cuid é dár gcomhfhios daonna mar Éireannaigh ar cás linn an Ghaeilge agus is údar ceiliúrtha dúinn go bhféadfadh a leithéid a bheith ann chor ar bith i mionteanga ar imeall thiar na hEorpa i saol seo na haonfhoirmeachta cultúir agus teanga.

Trasnaíonn sé teorainneacha na seánraí liteartha agus na gcruthúnas cultúrtha arae níl a acmhainn chruthaitheach teoranta don fhocal ar an leathanach. Fearacht na lámhscríbhinní fadó, léití amach os ard é i dtithe i gConamara tar éis a fhoilsithe. Léiríodh ina dhráma raidió den scoth é ar Raidió na Gaeltachta, meán a d'fheil thar na bearta é. Léiríodh ina dhráma stáitse é nárbh fhéidir suíochán a fháil dó ar ór ná ar airgead faoi dhó féin i dTaibhdhearc na Gaillimhe - agus ba í Bríd Ní Neachtain Caitríona Pháidín beo beathach scéiniúil. Agus d'athchruthaigh sraith pictiúr a rinne an t-ealaíontóir Pádraig Ó Mathúna domhan dorcha na cille gona cholainneacha neámhaí nach fuil ná feoil iad, ach guthanna scréachacha ar geall le glór sí gaoithe iad.

Dá réir sin, éilíonn tábhacht Cré na Cille go n-inseofaí a scéal, mar atá, a stair réamhfhoisithe, an chaoi ar cuireadh isteach ar chomórtas liteartha in Oireachtas na Gaeilge é maille le breithiúnas na moltóirí, a chéadfhoilsiú ar an Irish Press, dearcadh na léirmheastóirí agus na gcriticeoirí, canóiniú an leabhair, srl. Ar an gcuma chéanna, níorbh fholáir comhthéacsú níos cuimsithí a dhéanamh ar shaothar iomlán Uí Chadhain i gcomthéacs a shaoil féin agus i gcomhthéacs litríocht Ghaeilge an ama. Níor mhiste, mar shampla, tábhacht Sháirséal agus Dill, maille le tionchar pearsanta Sheáin Uí Éigeartaigh ar Ó Cadhain, a thabhairt chun tuilleadh solais faoin rúibric seo.

Poblachtóir agus sóisialach neamhleiscéalach a bhí sa Chadhnach, gan cheist, agus tá an chuid seo de scéal Uí Chadhain tugtha chun solais go breá ag Ó Cathasaigh, fiú is go léirítear dúinn ó thráth go chéile, mar a shonraigh mé cheana, cé na peacaí fíréanda a rinne Ó Cadhain in aghaidh cheartchreideamh an tsóisialachais. Díol spéise, dá bhrí sin, nach gceistíonn an beathaisnéisí an mianach faisisteach atá i gcuid mhaith d'fhealsúnacht pholaitiúil agus shóisialta Uí Chadhain. Ainneoin gur ar son na 'democrat-Gaeilgeoirí' a mhaígh sé a throid sé i gcónaí, ní raibh an focal daonlathach ina nathán ariamh aige. Ní hamháin sin, ach dúirt sé nach raibh sa choincheap céanna go minic ach 'séala ar chladhairíocht agus ar sheachantacht' (Comhar, Lúnasa 1969). Níor chás leis ach oiread an gníomh firéanda a d'fhírinneodh an stair ina dhiaidh, ná fiú tréas fíréanda in aghaidh rialtas daonlathach an stáit ar ghlac sé a thuarastal uaidh i gcaitheamh a shaoil, gníomhaíochtaí ar dheacair dearcadh daonlathach a shamhlú leo.

Fear troda ab ea an Cadhnach mar a léiríos Ó Cathasaigh, fear a chaith a shaol ag troid ar son cúiseanna éagsúla le gníomhartha agus le briathra. Ainneoin an éadóchais a chraobhscaoileadh sé go rialta, níor admhaigh sé 'gur throid muide, Éireannaigh, ariamh an cath deireanach' (An Aisling, 1966). Fear aislinge a bhí ann freisin a chreid, mar a dúirt sé ina léacht cháiliúil do Chumann Bhéaloideas Éireann sa bhliain 1953, 'nach mbíonn bocht dáiríre an té atá gan aisling ... agus (nach mbíonn) beo ach an té a fhéachas lena aisling a chur i gcrích'.

D'eascair a fhonn troda ón aisling a bhí aige, ach ba leithne i bhfad an aisling sin, níor mhór a mheabhrú athuair, ná an cuntas atá i mbeathaisnéis seo Uí Chathasaigh ar an sóisialach poblachtánach. I ndeireadh na feide, níl sa ghné sin dá shaol is dá shaothar ach cuid den enigma casta ba ea Máirtín Ó Cadhain. É sin ráite, tá cloch shuntasach curtha ar charn Uí Chadhain ag Aindrias Ó Cathasaigh, ach níl aon amhras faoi ach go bhfuil tuilleadh cloch le carnadh - agus, chuile sheans, le caitheamh freisin.

Feasta, Eanáir 2003

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais