Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Neodracht na hÉireann


le Proinsias Mac Aonghusa


An dteastaíonn ó mhuintir na hÉireann baint a bheith acu le marú agus loscadh phobal na hIaráice? An nglacfaí leis seo dá mbeadh Reifreann ann? Beidh dochar déanta d'anam na hÉireann má chaitear an neodracht i dtraipisí. Fianna Fáil amháin a d'fhéadfadh sin a dhéanamh.

Tráth le linn do Sheán Lemass a bheith ina Thaoiseach, thug Aire dá chuid, Micheál Ó Móráin, Maigh Eo, óráid ag moladh go n-éireodh an Stát as an bpolasaí neodrachta. Lá dár gcionn thug an Ginearal M. J. Costello, a bhí faoin am sin ar phinsean, óráid ag moladh go dtabharfaí cead d'Aer Fhórsa Mheiriceá úsáid a bhaint as Aerfort na Sionna le haghaidh traenála agus in aimsir chogaidh.

Tuigeadh go maith gur le cead Lemass a tugadh na hóraídí sin agus gurbh amhlaidh a bhí seisean ag iarraidh leagan amach an phobail a thástáil. Bhí caint taca an ama faoi Éire a bheith ina comhalta den Chomhargadh Eorpach, ar a dtugtar an tAontas Eorpach anois. Thuig Seán Lemass tábhacht an Chomhargaidh agus bhí sé ag tabhairt le tuiscint go mbeadh an Stát seo sásta aon athrú ba ghá a dhéanamh chun a bheith feiliúnach mar bhall.

Ní hé go raibh sé féin i gcoinne an pholasaí neodrachta ach bhí sé sásta margadh a dhéanamh. Mar a tharla chuir an Ginearál Charles de Gaulle bac ar iarratas na hÉireann agus na Breataine agus deineadh leathdhearmad ar an scáilphlean a bhí ann chun an neodracht mhíleata, as a rabhthas go coitianta bródúil, a chur de dhroim seoil.

Ní miste a lua gur gairmíeadh roint cruinnithe móra ar son na neodrachta, nach raibh na nuachtáin in aon chor ar son an athraithe, agus nach bhfuair moltaí Uí Mhóráin agus Costello mórán tacaíochta. Bhí Seán Lemass ábalta a thabhairt le fios nach raibh aon bhaint aigesean leis na moltaí. Ní dúirt Micheál Ó Móráin a dhath eile faoin scéal. Síleadh ag an am agus ina dhiaidh sin go raibh tacaíocht os cionn 80% ag an neodracht mhíleata.

Ba é an tábhacht mhór stairiúil a bhain leis an eachtra sin ná gurb é Fianna Fáil a bhí taobh thiar dó. Cé nach bhfuil sin cruinn ar fad, féachtar ar Fianna Fáil mar pháirtí atá i bhfad níos dílse don neodracht ná dreamanna eile. Dá mba rud é gur thréig Fianna Fáil an neodracht, bheadh thíos leis an bpolasaí. Tá seo fíor fós in Eanáir 2003.

Is cuma i dáiríre faoi leagan amach cuid de mhuintir Fine Gael, leithéid an Fheisire Joe McCartin a d'ionsaigh an neodracht go tréan le gairid, nó leithéid Gay Mitchell, nó leithéid John Bruton. Is beag muinín atá ag an bpobal trí chéile as Fine Gael agus bíonn amhras go hiondúil ar nithe a bhíonn dá moladh ag daoine mar an triúr úd agus a mbráithre.

Níl seo fíor ar fad faoin Lucht Oibre. Cé gur dheacair a rá go raibh Dick Spring agus Ruairí Quinn ro-thógtha leis an bpolasaí neodrachta, tá dílseacht a théann siar go dtí aimsir Uí Chonghaile i gcuid mhór de lucht tacaíochta an pháirtí agus i ngnáth-Theachtaí Dála. Ní fios céard é leagan amach Pat Rabbitte i ndáiríre ach tuigtear cé chomh lag agus atá a iar-mháistir Proinsias de Rossa maidir le rud ar bith a bhaineann le féiniúlacht Éireann.

Ó bheith ina Phoblachtach agus ina Shóisialach, tá leagan amach Conor Cruise O'Brien, a bhíodh tráth ina Aire de chuid an Lucht Oibre, agus ansin ina bhall ionadach de cheann de pháirtithe beaga imeallacha Aondachtacha Uladh, slogtha ag de Rossa.

An bhfuil an dalta ar an tslí chéanna? An ceart aird a thabhairt ar alt de chuid Cruise O'Brien ag moladh Rabbitte go haer de bhrí nár lig sé d'aon TD de chuid a pháirtí dul mar bhreathnaitheoir chuig triail na nÉireannach i mBogota? I ndeireadh a ailt san Sunday Independent, dúirt an Brianach go dtiocfadh leis féin agus do dhaoine eile cosúil leis filleadh ar Pháirtí an Lucht Oibre de bharr Pat Rabbitte a bheith i gceannas air.

Ní fios ar chuir sin imní ar Rabbitte nó an raibh sé sásta leis an moladh. Céard é barúil Michael D. Higgins? Nach bhfuil seisean go láidir ar son na neodrachta? Nach dtéadh seisean mar Bhreathnaitheoir chuig trialacha polaitíochta sa Tuirc agus áiteacha eile? An bhfanfadh seisean i bPáirtí parlaiminte an Lucht Oibre dá n-iontófaí go poiblí in aghaidh na neodrachta míleata? Agus an féidir a rá nach mbeadh duine no dhó eile a rachadh in éineacht leis.

Níl Teachtaí an Lucht Oibre ag dul in aois na hóige. Is sine iad ar an meán ná Teachtaí aon pháirtí eile. Ní dea-chomhartha é sin. Ní móide go mbeidh cuid acu sa chéad Dáil eile. An gcuirfeadh sé as dóibh gur tréigeadh an pholasaí neodrachta an gníomh deiridh a dhein siad.

Tá na Glasaigh agus Sinn Féin ar son neodrachta agus is amhlaidh do roinnt de na Neamhspleáigh? Is mar sin freisin do Joe Higgins agus dá pháirtí sóisialach. Ach cé gur maith sin ar fad is é Fianna Fáil amháin atá ábalta ar an neodracht a dhíthiú.

Ní dóigh gur féidir brath ar na Daonlathaigh maidir leis an neodracht. Ní raibh Deasún Ó Máille ar a shon agus ní dóigh liom gur thug aon chomhalta aitheanta den pháirtí aon ráiteas ar a shon. Ní thuigeann lucht tacaíochta na nDaonlathach tábhacht na neodrachta do mheon agus do chroí an phobail, cé gur bhain cuid díobh tráth le Fianna Fáil.

Is í an cheist lárnach ná an dtuigeann cinnirí Fianna Fáil anois tábhacht na neodrachta don tslí a fhéachann an pobal ar féin. Tá cuid mhór údar ann le go mbeadh an Stát neodrach, ach b'fhéidir go bhfuil féiníomhá na ndaoine ar údar chomh tábhachtach le aon cheann eile.

Bhí tráth ann agus ceapadh gur leor a bheith frithShasanach chun a bheith i do' dhea-Éireannach. Ar feadh i bhfad ceapadh gur ghá a bheith i do Chaitliceach Rómhánach agus frith-Shasanach le go bhféadfaí a rá tú a bheith i d'Éireannach ar fónamh. Agus ar feadh i bhfad síleadh dá mbeadh Gaeilge ar fónamh agat agus tú a bheith frith-Shasanach agus i do Chaitliceach gur leor sin.

Níl a dhath cearr le haon cheann de na cáilíochtaí sin. Ach an mbaineann frith-Shasanachas in Éirinn leis an 21ú aois seachas leis na céadta bliain atá thart? Nach cuma céard é reiligiún duine ar bith agus, ar aon nós, nach bhfuil críoch scioptha ag teacht le seasamh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn? Scéal eile is ea scéal na Gaeilge. Ba dhonaide Éire í a bheith gan a teanga máthara stairiúil dúchais féin; ba bhoichte í mar náisiún; ba dhona go deo an beart é éirí as na hiarrachtaí atá ar siúl ó 1893 ar a laghad i leith barr céime a thabhairt di. Ach d'fhéadfadh stát saor a bheith ann ina heaspa, dá síltí gurbh fhiú sin.

Tháinig an Ghaeilge chugainn ónár sinsear. D'fhéadfaí an rud chéanna a rá faoin gCríostaíocht. Is ag éirí as forlámhas fada crua na Sasanach ar an tír seo agus a muintir a tháinig méadú as cuimse ar frith-Shasanachas.

Ach maidir leis an neodracht mhíleata agus an cinneadh gan a bheith sáite i gcogaí coimhthíocha, is de réir a chéile thar na blianta a tuigeadh gur chuid inmheánach den náisiún atá ann. Is dearbhú frithimpiriúlach é agus tháinig an frith-impiriúlachas chun cinn in Éirinn mar go bhfacthas agus gur tuigeadh an urchóid lárnach a bhain leis.

Bhí Wolfe Tone in aghaidh Éire shaor a bheith páirteach in aon chogaíocht choimthíoch, bhí Micheál Ó Coileáin den tuairim chéanna agus dhein sé iarracht neodracht mhíleata an Stáit a chur sa Chonradh Angla-Éireannach. Ach ní raibh rialtas Londain sásta sin a dhéanamh; féachadh ar Éire an uair sin, agus b'fhéidir go fóill, mar thír a chuirfeadh saighdiúirí ar fáil aimsir chogaidh. Nach bhfuil a lán gnáth Éireannaigh fós in arm Shasana?

Ach is le hÉamon de Valera is mó atá an neodracht ceangailte in aigne an phobail. D'fhógair rialtas Fianna Fáil faoi cheannas de Valera sa bhliain 1938 go mbeadh an Stát neodrach in aon chogadh a thiocfadh.

Bhris Cogadh Hitler amach an bhliain dar gcionn. Sheas Éire an fód maidir le neodracht mhíleata agus dúradh go gcosnófaí an Stát ar aon dream a thiocfadh dá hionsaí. Tháinig na scórtha móra mílte duine isteach sna Forsaí Cosanta, an tArm Éireannach ba mhó dá raibh riamh ann. Cuireadh an-bhrú ar an rialtas, go háirithe ó Mheiriceá ach ó Shasana freisin, an neodracht a thréigint agus dul i bpáirt le Sasana i gcoinne na Gearmáine, na hIodáile agus na Seapáine. Ach dhiúltaigh an rialtas le cabhair an fhreasúra do gach brú, cé gur tugadh cabhair neamh-mhíleata do na Sasanaigh le linn na coimhlinte.
Chuir an seasamh stairiúil seo le stádas an Stáit i súile a muintire; chuir sé le bród an phobail as féin. Nuair a iarradh ar Éire dul isteach i gConradh an Atlantach Thuaidh, NATO, sa bhliain 1949, is fíor bheag ar fad a bhí ar son sin a dhéanamh.

Ba bhreá le furmhór an phobail an neamhspleáchas a chruthaigh an neodracht mhíleata; ba bhreá le daoine freisin an sár-obair a dhein fórsaí an Stáit mar chuid d'fhórsaí síochána na Náisiún Aontaithe in ionaid éagsúla ar fud an domhain. Is de bharr an Chomhargadh Eorpach a thosaigh an brú arís agus tá sé orainn anois in athuair as Meiriceá.

Is fada ó thug aon duine i gceannasaíocht Fhianna Fáil ráiteas nó óráid ag seasamh go dearfach mar dhea-bheart ann féin leis an bpolasaí neodrachta. Ní labhartar ina choinne ach is go leithscéalach a luaitear é, amhail is da mbeadh leathnáire faoina stair ar chinnirí Fianna Fáil.

An bhfluil an Roinn Gnóthaí Eachtracha chomh tréan agus ba chóir a bheith ar son na neodrachta? Bíonn amhras thar na bearta ar a lán ardoifigeach agus fo-oifigeach airm; an amhlaidh fonn eachtraíochta a bheith orthu?

Tá cuid mhaith iriseoirí atá faoi thionchar na Bruiséile ag déanamh síorionsaithe ar an neodracht. Baineann a lán díobh seo le Cumann Iriseoirí Eorpacha, cé nach ndeirid sin agus iad ag scríobh i gcoinne na neodrachta. Deirtear ceangal a bheith idir an Cumann sin agus NATO. Ar ndóigh cheangail rialtas Fianna Fáil an Stát le Páirtnéireacht NATO gan cead an pobail a iarraidh, cé gur gheall Bertie Ahern go mbeadh Reifreann ann faoi.

An ag sciorradh de réir a chéile isteach i gcomhghuallaíocht cogaíochta atá an Stát? Is ait an rud é cead a bheith ag Aer Fhórsa na Stáit Aontaithe úsáid a bhaint as Aerfort na Sionna chun arm agus armlón a thabhairt don Mheánoirthear le pobal na hIaráice a ionsaí. An dteastaíonn ó mhuintir na hÉireann baint a bheith acu le marú agus loscadh phobal na hIaráice? An nglacfaí leis seo dá mbeadh Reifreann ann? Beidh dochar déanta d'anam na hÉireann má chaitear an neodracht i dtraipisí. Fianna Fáil amháin a d'fhéadfadh sin a dhéanamh.

Feasta, Eanáir 2003

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais