Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ar Thóir na bhFilí
Turas go dtí Gleann Molúra


le Biddy Jenkinson




In eagrán na Bealtaine thugas tuairisc ar thuras go Ciarraí, taisí na bhfilí á gcuardach agam agus Beathaisnéis 1560-1781 im' mhála. Thugas liom arís é le gairid go Cill Mhantáin, go Gleann Molúra.

Bhí dúnáras Bhranaigh Ghabháil Raghnaill i mBaile na Cora, gar don Ghrianán á lorg agam. Ar thóir na filíochta a bhíos, an Leabhar Branach dom spreagadh. Ba dheacair díriú ar an fhilíocht i gCill Mhantáin sa 16ú céad, áfach, gan bheith meallta ag an stair.

Le linn d'Aodh Mac Seáin agus d'Fhiach Mac Aodh Ó Broin a bheith ina dtaoisigh ba é Baile na Cora 'the virtual epicentre of intrigue in Leinster against the English government', i bhfocail Emmett O'Byrne ina leabhar War, Politics and the Irish of Leinster, 1156-1606. Samhlaíonn sé bloscadh na filíochta i mBaile na Cora faoi réimeas Aodh Mhic Seáin mar chuid de sheiftiú polaitiúil an chinnire:
To proclaim his new status, Aodh increased the production of poems in his honour, recruiting such well-established poets as Tadhg Dall O'Higgins to record his heroism, reflecting the rising military and social capital of the O'Byrnes of Glenmalure.
Ar mo bhealach trí Rath Droma thugas cuaird ar Pháirc Pharnell mar a bhfuil leacht cuimhneacháin d'Fiach Mac Aodh Ó Broin tógtha go dúshlánach ar an ionad mar ar dhein fear ionaid Eilís I ridirí des na hoifigigh a mharaigh an Branach, 8 Bealtaine,1597.

Le linn ré Eilíse, deireadh an ré chlasacaigh ó thaobh na filíochta de, bhí na Branaigh láidir go leor chun lóistín agus luach dáin a thabhairt d'fhilí. Cúigear is tríocha file a d'fhág dánta molta ina ndiaidh i mBaile na Cora de réir meastacán Sheáin Mhic Airt, a chuir an Leabhar Branach in eagar. Ina measc siúd bhí Eochaidh Ó hEoghusa, Fearghal Óg Mac an Bhaird, Tadhg Dall Ó hUiginn, Aonghus Mac Daighre Ó Dálaigh. (Tá cúntas ar na filí seo i mBeathaisnéis 1560-1781).

Is i nduanaire Fhiach Mhic Aoidh atá an dán cáiliúil sin de chuid Aonghuis (Mac Daighre) Uí Dhálaigh ar thug Standish O'Grady 'Poem of incitement addressed to the Irish in general, but in particular to the O'Byrnes-Rannallach' air:
Dia libh, a laochruidh Gaoidhiol! ná cluintior claoiteacht oraibh; riamh níor thuilliobhair masla a n-am catha iná cogaidh.
Agus mé ag druidim le Baile na Cora chuimhníos gur tháinig Feargal Óg Mac an Bháird an bealach seo. Shamhlaíos ar muin capaill é agus é ag cumadóireacht faoin aer mar a cuireadh ina leith. Ar ndóigh bhí sé de cheart aige a chuid a scríobh sa dorchadas i gcillín fuar agus cloch ar a bholg mar a bhí leagtha amach. Bhris sé nós. D'fhéadfá athair na nua-fhilíochta a thabhairt air dá mbeadh fonn spraoi ort, bunaitheoir scoil phléireachta na hÉireann. Shamhlaíos Tadhg Dall Ó hUiginn ar an mbóthar romham agus é ag lorg tearmainn, go ceann tamaill, i bhfiántaisí na hÉireann mar a thug sé ar Chill Mhantáin i ndiaidh dó a phatrúin féin, thiar, a mhaslú.

Chuimhníos ar Mhaoileachluinn Ó Cobhthaigh a tháinig go Baile na Cora i ndiaidh don dún a bheith dóite.
Ní fhuair mé na n-áitibh ann acht lucht gan aithne oram...
Bhí imní áirithe orm agus mé ag cnagadh ar dhoras mhuintir Devitt gur leo na tailte ar a bhfuil iarsmaí an dúna. An mbeadh aon chuimhne san áit ar Fhiach Mac Aodh Ó Broin a mhaígh cath Ghleann Molúra ar fhórsaí Eilíse, Lúnasa 1580? An mbeadh aon chuimhne ar a chéile Róis Ní Thuathail ar daoradh chun a dóite i gCaisleán Átha Cliath í?

Níor ghá ceist a bheith orm. D'fháiltigh Mrs. Devitt romham le tae agus cáca baile agus d'aithris sí dán faoi Aodh Rua Ó Domhnaill a d'fhoghaim sí ar scoil seasca bliain ó shoin. Bhí cúntas beacht sa dán ar an gcéad iarracht a rinne Aodh Rua éaló ó Chaisleán Átha Cliath. Shrois sé Caiseal Chaoimhín, dún mhuintir Thuathail gar d'Áth na mBó. Bhí ar Féilim Ó Tuathail cuma a chur ar an scéal go raibh sé dílis don bhanríon. Mar sin chuir sé teachtaire ar each mall go Baile Atha Cliath agus teachtaire ar each mear chuig Baile na Cora
On a steed both swift and sure He spurs amain through the driving rain To the valley of Glenmalure. Rise up McHugh I pray of you The land has need of thee For O'Donnell Óg in Felims hall Begs help...
Rinne sí é a aithris le dighnit amhránaí sean nóis. Tháinig uabhar orm agus mé ag éisteacht léi. Ó dhoras na cistine amach bhí radharc ar an dún agus chuir sé uabhar orm gaiscí na mBranach a bheith fós á mhaíomh i mBaile na Cora ainneoin imeacht ama agus neamhshuim lucht cinsil.
McHugh he rides full force, adown that wondrous vale, and forty horsemen spurred hard behind, the terror of all the Pale. At Laragh they forded the Glenmacnass and marvelled such flood to see, the yellow foam that was Annamoe splashed many a riders knee. McHugh he gazed at the rising tide and an angry man was he...
B'iad na tuilte, de réir an dáin, a chuir moill ar na Branaigh agus a thug deis do na Sasanaigh Aodh Rua a athghabháil. D'éirigh leis Baile na Cora a bhaint amach slán ar an dara iarracht, Nollaig1591.

Bhí a súile dúnta ag Mrs Devitt agus í ag aithriseoireacht. Shamhlófá go raibh sí ag éisteacht le fuaim na n-each agus Branaigh ag fágáil an dúna ag seilg creiche, led by pipers in daylight, by night by torchlight, mar a ghearán an Tiarna Fitzwilliam agus é ag tuairisciú: 'Shortly afterwards he was reported to have gone to Cahir McArte Kavanagh, with whom he agreed to make a prey, and with it to get silk, saffron and cloth in Kilkenny...' - liosta siopadóireachta na mBranach.
'As the country was thickly wooded, riding at night must have been well nigh impossible,' a deir Seán Mac Airt: Accordingly the attackers proceeded to within a short distance of their objective in the late evening, and constructed rough sleeping-huts, known as teach tathaimh, teach tionnabhraidh. A surprise raid was then made in the early morning.'
Chuimhníos ar Chathréim Aodha Mhic Seáin agus an liosta fada áiteanna atá luaite ann.... Rath Gharbh, Cill Mhaighneáin agus Cromghlinn Átha Cliath ina measc.

Ní haon ionadh gur tháinig na filí ag triail ar mhuintir Uí Bhroin. Cé eile, faoin am sin, a cheannódh rann? Mar a deir Seán Mac Ruaidhrí Uí Uiginn:
Níor dhóigh mo dhíol... fuil Ghearaltach na ngníomh n-ard... síol Mórdha nár dhiúlt draoi... le hadhmad beag na naoi rann.
B'iad Branaigh Ghabhal Raghnaill an t-aon dream sa cheantar a bhí fós láidir a ndóthain chun cíos dubh a ghearradh ar an bPáil agus filí a íoc.

Níl fágtha den dún ach ráth cloiche agus cré a bhí thart ar an dtigh. Tigh adhmaid a bhí ann, idir thigh agus ráth tógtha i stíl a cleachtaíodh in Éirinn le cianta roimis sin. Luaitear i ndán sa Leabhar Branach go mbíodh lios ag an mbantracht agus teach d'aíonna ann freisin. Deir Harry Long ina aiste, Settlement and Social Life in Feagh McHughs Ballinacor:
A settlement consisting of more than one lios or rath is confirmed by the presence of three enclosures on the map of 1838. ( Tá ceann díobh seo ar lár anois .) Foilsíodh aiste Long sa chnuasach Feagh McHugh O'Byrne, The Wicklow Firebrand. A volume of Quatercentennial Essays. Edited Conor O'Brien.
Teach na féile a bhí sa dún
Ó mhaidin go nél nóna mar do bheith cúirt chomhóla, gáir bhan is macruidhe a-muigh fán gcladh ttlachtmhuighe tteasbhaigh.
D'oscail Mrs. Devitt cúldoras na cistine agus thaispeáin sí an dún dúinn. Mhínigh Thomas Devitt dúinn go raibh bealach rúnda ón dún, pasáiste atá caillte anois ach go bhfuil an béal éalaithe a bhí air le feiscint fós ar bhruach na habhann taobh thíos de Ghrianán.

Sna hAnála luaitear gur éalaigh na Branaigh trí dhoras rúnda nuair déanadh ionsaí oíche ar an dún Eanáir 1595.

Dhírigh Thomas ár n-aird ar Chaiseal Fhéilim tamall uainn, ar chnoc Bhaile na Cora, ar shuíomh níos crochta, níos inchosanta; dún cloiche a thóg Féilim, mac Fhiachaidh. Níl ach a rian le feiscint anois.

Tógadh na clocha chun an teach mór a thógáil. a mhínigh Thomas.

'Is dócha gur thuas ansin i gCaiseal Féilim a d'aithris Eochaidh Ó hEodhasa an dá dhán a scríobh sé do Róis Ní Thuathail,' arsa mo chompánach atá faoi dhraíocht ag an Rós céanna ón uair gur léigh sé The Riddle of Rose O'Toole i bhFéilscribhinn Thórna.

In Beathaisnéis 1560-1781 tá an leid seo i dtaobh Uí hEodhasa. Ní deirtear gur phós sé, ach tuairim an ama seo (1603) chuir sé spéis i Róis Ní Thuathail, baintreach Fhiachaidh mac Aodha Uí Bhroin.

Deir James Carney ina léacht, The Irish Bardic Poet, ag tagairt d'Eochaidh: When he visited Rose O'Toole, the widow of O'Byrne, in Wicklow he made a suggestion of marriage, and this suggestion, perhaps half joking whole in earnest, is the only hint of a woman in Eochaidh's life. Rose, a figure worthy of Greek tragedy had all the chieftain qualities that he admired. Bhí ar a laghad véarsa filíochta comhaimsireach amháin i dtaobh na mBranach nár breacadh sa duanaire.

Rinne Aongus Rua Ó Dálaigh (c1550-1617), Aonghus na nAor , mar tugadh air timpeall na hÉireann, said to have been specially employed by the agents of Lord Mountjoy and Sir George Carew... to write... a bitter satire... against the chiefs of the ancient Irish families....

Seo thíos a thuairisc ar mhuintir Uí Bhroin:
Sógh is fearr dá bhfuaras fós, A Laighnibh, móide a míonós; Gabhar trúagh a dtigh Uí Bhroin, ... gan luadh ar dhigh na dhéaghoidh.
Fágaimis an focal fileata scoir ag Aonghus Mac Doighre Ó Dálaigh . Chonaic sé corp Fhiach Mhic Aoidh arna chur ar taispeáint i mBaile Átha Cliath. Tá cuid mhór de na dánta san Leabhar Branach casta deacair, d'aonghnó is dócha. Déarfá gur tháinig an dán seo ón gcroí beagbeann ar choinbhinsiúin:
A cholann do-chím gan cheann, sibh d'fhaiscin do shearg mo bhríogh rannta ar sparraibh a nAth Cliath; d'éigsi Banbha bhias a dhíoth... Tú do dhall radhorc mo rosc, rug luadhaill mo chos ar gcúl; a cholann do chlaoi mo thrén, ní chula riamh éacht mar thú....
D'fhágamar slán ag Baile na Cora agus ag Muintir Devitt agus thugamar an bóthar fada caol trí Ghleann Mholura orainn féin. I lár an ghleanna tá Óstán Ghleann Mholúra. Sa bheár, mar mhaisiú ar na fallaí tá altanna ar laochra an cheantair, Fiach Mac Aodh Ó Broin agus Mícheál Ó Duibhir chun tosaigh orthu. Níl lándearmad déanta ag Éireannaigh ar a muintir go fóill.

--*--
Tá léamh filíochta ón Leabhar Branach ar shuíomh an Dúna á phleanáil.
Feasta, Lúnasa 2003

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais