Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Duinnín agus Na Beacha

Scéal le Biddy Jenkinson
Bhí an tAthair Pádraig istigh sa Leabharlann Náisiúnta, falla foclóirí thart air, píosaí páipéir le focail luachmhara breactha orthu ag titim ina gconfetti ar an urlár thart air. Taobh leis bhí East Lynne le Mrs. Henry Woods. Bhí dhá chairéid, duileasc agus úll leagtha amach go néata ar an leabhar seo. Léifeadh sé Mrs. Henry ag am lóin chun a intinn a fhuaradh. Go dtí sin choinneodh sí na cairéidí amach ón dúch.
'Saithe san - ní mé cá háit?'
D'fhéach sé thart air. Ar an dea-uair thagadh freagra chuige ó na leabhair faoi mar a fhreagraíonn uisce faoi thalamh don tslat chol i lámh draíodóra. Tada.
'Saithe beach - saithe -', ar seisean, ag brú ar a chuimhne agus ag féachaint ar dúradáin deannaigh i nga gréine.
'Gleann na Smól!' ar seisean ag deireadh. 'Bhí focal éigin ar leith ag Peadar Ó Sé don dara nó don tríú saithe a fhágann an chruiceog.' Bhí an uain fábharach: boinn agus sála nua faoina bhróga, an hata ard ba shine dá raibh aige ar a cheann, rud a d'fhág go mba chuma leis báisteach. Chuir sé a lón ina phóca agus as go brách leis ar thóir an fhocail. Ba bheachaire é Peadar Ó Sé, duine de na cainteoirí dúchais deiridh i nGleann na Smól. Ba sprionlóir é freisin. Choinneodh sé a stór focal mar a choinnigh sé a chuid airgid - slán gan ídiú.

D'ith sé an Duinníneach slam duilisc agus é ag cur de trí Fhaiche Stiofáin. Chuaigh sé suas Sráid Fhearchair, thar dhroichead Portobello chomh fada leis na ceapacha i Ráth Maonais, áit ar thug sé ceacht beag ar an gcopail do gharraíodóir, macléinn Gaeilge dá chuid, mar mhalairt ar lán phóca de phíseanna agus scailliúin, a lón bóthair.

Ní túisce an chathair fágtha ina dhiaidh aige ná gur thóg sé Mrs. Henry Woods amach as póca eile agus léigh sé ar a shuaimhneas agus é ag siúl. Shrois sé an Gleann agus an ghrian ag buíochan agus chas sé isteach sa bhóithrín a thabharfadh chuig teach Pheadair Uí Shé é.

********

Chuir Cáit Uí Odhráin, comharsa Pheadair, spéic air. Bhí éadaí á scaradh ar na tomóga aitinn le taobh a tí.
'A Athair, a chroí,' ar sise, 'tá an citeal ar fiucadh agus na fataí ar an mbord. Buail isteach tamall.'
'Nár laga Dia thú.'
Níor thug sí an drochscéal dó go raibh béile ite aige, é ag ól tae agus ag cur cainte ar Shéamas, Eoin agus Neains, leanaí an tí.
'Cailleadh Peadar bocht seachtain ó shin, go ndéanaí Dia trócaire air.'
'Go bhfóire Dia orainn. Cad a bhain dó?
'A bheaca féin, Dia dhar sábháil, a mharaigh é. Cuireadh coiste cróinéara air. Tháinig saineolaí éigin i láthair a dúirt gur bhailigh beacha Pheadair nimh ó na ródaideandróin. D'aimsigh an saineolaí nimh ródaideandróin i gcillíní druidte sa mhil chíre. Na beacha a bhailigh é gan dabht ar bith, ar seisean. Timpist. Tharla a leithéid cheana. Hannibal, a dúirt sé. Scriosadh a airm siúd nuair d'ith na saighdiúirí mil nimhe a rinne beacha a bhí ag diúl ródaideandróin.'
'Ach a Cháit, a chroí, an bhfaca tusa riamh beach bhaile ag diúl ródaideandróin.'
'Ní fhaca. Bíonn bumbóga ag gabháilt de ach ní fhaca mé beach mheala riamh air.'
'Ná mise, ná mise. Ar mharaigh an mhil nimhe na beacha?'
'Ní mharódh neachtar ar bith na beacha. Nách faoina gcomhair a cruthaíodh é?'
Chuir Cáit ciar meala ar an mbord os a chomhair taobh le cáca baile agus mias ime.
'Níor éirigh sibh as a bheith ag ithe meala?'
'Tá an bheachlann s'againne i ngiorracht céad slat do cheann Pheadair ach bhíomar á ithe i gcaitheamh an ama gan díobháil. Níor éirigh Tom as a bheith á ithe in aon chor. Choinníos ó na leanaí é tamall. Ach is deacair déanamh gan é. Féach ar an mhil sin romhat... mil earraigh, sceach agus úll agus luifearnach an ghleanna ann. Is é is dóichí ná go raibh beacha Pheadair stiúgtha agus gur óladar an drochrud dá bharr san. Níor chaith sé go maith leo.'

Chuir an Duinníneach slaod meala anuas ar lochán leáite ime ar chanta aráin agus d'ith sé le fonn é.
'Cé leis ar fhág Peadar an talamh.?'
'Níor dhein sé uacht. Geobhaidh Bridey, neacht Pheadair, é agus is maith sin. Tá sí ag druidim leis an dá scór, í ag siúl amach leis an gcúntóir siopa sin aici le deich mbliana agus gan aon chaoi acu pósadh, cheal maoine.'
'An dtagadh sí ar cuairt go minic?'
'Ó am go chéile.'
''Raibh sí anseo le gairid?'
'Mi an Mheithimh. Tá's agam é mar gur chuir Peadar chugainn í chun árthach na mbeach a fháil ar iasacht ó Tom.'
'Cad é sin a thaisce, árthach na mbeach?
'Gléas chun siúcra leáite a thabhairt dóibh nuair a bhíonn earrach mall ann agus gan dóthain meala fágtha acu. Ar ndóigh chuaigh Tom sna tríthe ag gáirí... a leithéid de sheafóid... siúcra a thabhairt dos na beacha agus fomhar an earraigh faoi lán tsiúil. Faoi Mheitheamh ba chóir go mbeadh gach cruiceog ar mire beochta.'
'Ach is i mí an Mheithimh a thug Peadar bia dá bheacha?'
'Is dócha nár fhág Peadar dóthain meala ag na créatúirí anuraidh agus nár thángadar chucu féin i mbliana dá bharr.'
'Bridey a tháinig faoina choinne.'
'Bridey agus b'í a thug ar ais chugainn é freisin agus milseáin aici dos na leanaí. B'shin an uair deiridh ar thug sí cuairt ar a huncail. D'éirigh eatarthu.'
'Ar éirigh?'
'Fuadar pósta a tháinig ar Pheadar. Shíl sé go bpósfadh Molly Barnwall é. An gabháltas atá ar thaobh an chnoic de cheann Pheadair atá aici. Nóisean a bhuail é - go bpósfadh sí é agus go ndéanfaí aon fheirm amháin den dá cheann. Ach, ar ndóigh tá páirc luachra idir an dá fhearann. Is le Bridey an pháirc luachra, stráice caol talún a fuair sí óna máthair. Ní raibh airgead riamh acu chun tigh a thógáil air. Scraith móna ar charraig. Ní fhásfadh aiteann ná raithneach air. Chuaigh Peadar bog agus cruaidh ar Bhridey é ghéilleadh dó.'
'Ní ghéillfeadh Bridey dó é?'
'Ní raibh sé sásta é cheannach ar a luach. D'éirigh Bridey teasaí agus dúirt sí nár bhinsín luachra dá chuid a bheadh ó Mholly, dá mbeadh an gleann lena chois aige, nach raibh ann ach spanlóir ag speabhraíd. Ar ndóigh is baintreach óg í Molly, tigh agus feirm teolaí aici agus a rogha féin de bhaitsiléirí an cheantair. Bhí Peadar le ceangal. Shíl Tom s'agamsa go ndéanfadh sé uacht ag fágáil a raibh aige, le teann spídiúlachta, don Eaglais. Gaibh mo leithscéal, a Athair. Mar a tharla níor dhein sé uacht sular cailleadh é agus gheobhaidh Bridey a cuid. Níl éinne den mhuintir fágtha ach í.'
'Pósfaidh sí a buachaill bán agus tiocfaidh siad anseo ag feirmeoireacht?'
Ní raibh aon lúcháir ar an Duinníneach agus é á rá. Bhí tinneas croí air.
'Siopa atá uatha. Rún é go fóill, a Athair, ach tá Tom s'agamsa agus Bridey ag seifteáil. Tá an talamh againne ag bordáil ar fhearann Pheadair, taobh an ghleanna de. Dá bhféadfaimís é cheannach - thar tréimhse, ar ndóigh - triúr clainne ...soláthar a dhéanamh dóibh...'

Ghearr Cáit slis eile den cháca don Duinníneach. Leath sé mil go tiubh air agus chogain sé go mall agus é ag cuimhneamh.
'Inis dom, a Cháit. An bhféadfadh go gcuirfeadh beacha siúcra leáite sa chiar, seachas é ithe.'
'B'fhéidir, dá mbeadh farasbarr neachtair ag teacht isteach ó na páirceanna, ach ní thabharfá siúcra dóibh agus iad ag saothrú na mbláth.'
'A Cháit a chroí, rachaidh mé siar tigh Pheadair agus cuirfidh mé paidir lena anam.'
'Gheobhaidh tú an eochair faoi leac an dorais, ar dheis.'
'Mo bhuíochas as an tae, a Cháit. Tá leigheas ann. Ar thug sibh tae riamh dos na beacha?'
'Tae dos na beacha? Mh'anam nár thug!' ar sise agus í ag gáirí.
'Ach d'fhéadfaí siúcra a leá le tae, nach bhféadfaí?'
'D'fhéadfaí, is dócha, ach a Athair, a chroí, tuige go dtabharfá tae dos na beacha? An gcuirfeá bainne ann freisin?'
Lean Cáit ag gáirí ach bhí scáil ar aghaidh an Duinnínigh agus é ag fágáil an tí.

********

Ní isteach i dteach Pheadair a chuaigh sé ach thart ar a chúl, chun na beachlainne. Seanbhoscaí ime a bhí ag feidhmiú mar chruiceoga. Chuaigh an Duinníneach ó cheann go ceann ag éisteacht le foghar na mbeach istigh. Bhí trí cinn gan anam gan chrónán. I gceann acu bhí mar a bheadh siansa ceoil agus beacha ag brostú isteach is amach as, iad trom le pailín. D'fhan sé i bhfad ag éisteacht leis an gcéad chruiceog eile sa tsraith. Bhí sí ciúin go maith ach thar ghlór shéimh na mbeach chuala sé mar a bheadh píobaire sí i bfad i gcéin agus ceol draiochta a sheinnt aige.

D'éist an Duinníneach. Bhí a fhios aige cén cheol a bhí ann, cé nár chuala sé riamh cheana é. Banríon óg, nua-shaolaithe a bhí ag tabhairt dúshlán dá deirfiúracha, na ríonta óga eile. Thabharfaidís freagra uirthí agus mharódh sí ar an bpoinnte iad lena claíomh ríona. Ní bheadh trócaire i gcroí na maighdine seo agus í ag marú a deirfiúracha le go mbeadh seilbh na cruiceoige, eitilt bhainise, tógáil clainne i ndán di féin.

Chuimhnigh sé ar Bhridey, í ag druidim le daichead, í ag siúl amach lena cléireach siopa le deich mbliana, eitilt bainise, siopa, páistí uaithi. Chuaigh an Duinníneach ag póirseáil thart ar an dtigh. Faoi dheireadh, caite faoin gclaí mar smug róin ar an snáth mara, d'aimsigh sé an rud fuafar a bhí á lorg aige: praiseach tiubh corcardhonn de bhláthanna ródaideandróin beirithe. Dhún sé a shúile agus ghuigh sé ar son an dúnmharfóra.

Bhí Cáit ag súil go gcaithfeadh sé an oíche ar an settle sa chistin acu siúd, ach bhí a chroí rólán chuige. D'éalaigh sé amach bealach an chnoic trí pháirceanna Mholly. Thíos uaidh sa ghleann, páistí Cháit ag spraoí... dhá fholt fionn agus folt donn... gáire ard caol leanaí. Tom ag ceannach ó Bhridey... soláthar don triúr leanbh... íoc thar thréimhse... iasacht an árthaigh - siopa - bainis- spanlóir de sprionlóir ar shlí na fírine- deis a thabhairt don óige - andromedotoxin ó na ródaideandróin a chur sa siúcra... seans go n-oibreodh sé, seans nach n-oibreodh. Dá n-oibreodh beadh feirm Uí Shé le ceannach ar phraghas insroichte... thar tréimhse.

********

Thug an Duinníneach aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus an dubh air. Ba bhreá leis bheith ar na daoine soineanta san a chonaic an ghile in anam gach éinne. Seachas sin thuig sé an peaca agus chonaic sé peacaigh fairis. Ní dheachaidh sé abhaile go Port Mearnóg. Bhuail sé isteach i dteach an tsagairt i Ráth Maonais agus fuair sé lóistin na hoíche óna chara Fr. Merrigan.

Ar maidin chuaigh sé chuig 110 Bóthar Ráth Maonais mar a raibh seomra cúil ar cíos ag Bridey.

'Céad fáilte romhat, a Athair,' ar sise go meidhreach. 'Ba mhinic m'uncail Peadar ag caint ort.'
Dreoilín beag beoga de bhean ab ea í agus í chomh haerach le cailín óg.
'Tá'n tú sona, a thaisce?', d'fhiafraigh an tAthair Pádraig di, tar éis tamaill. Bhí sé den tuairim go mbeadh an té a rinne peaca marfach brúite faoina ualach.
'Táim sna flaithis... pósfaidh George agus mé féin... díolfaimid an fheirm. Tá siopa beag thíos i Sráid Camden go mba mhaith linn é cheannach... Mo leithscéal a Athair... Táim chomh sceitimíneach san gur dhearmhadas tae a thabhairt duit... ar ndóigh beidh cupán tae agat. Níl aon cháca milis sa tigh agam. Níl deoir meala fiú, ón uair gur thóg na póilíní chun siúil é.'
'Mil ón ngleann?'
'Chuir Uncail Peadar chugam é. An t-aon brontannas a thug sé riamh dom. D'ith mé a leath agus thóg na póilíní an fuíoll. Shíl siad go mb'fhéidir go mbeadh sé nimhneach. Beacha Pheadair a shúigh rud éigin ó na ródaideandróin a thug a bhás dó.'
'Chuir Peadar mil chugat? Shíleas go raibh sibh in adharca a chéile.'
'Is mór liom gur mhaith sé dhom sular cailleadh é. Féach an nóta beag deas a chuir sé chugam leis an mhil.'
Thóg sí amach as tarracán é.
' A Bhridey dhil, seo brontannas beag duit ón nGleann. Is trua liom gur éirigh eadrainn. Deirtear go bhfuil mil úr na bliana sona don té atá i ngrá. Ith leat, d'Uncail Peadar.'
Chimil an Duinníneach pláitín a chinn.
'D'éirigh eadraibh mar nach ndíolfá an pháirc luachra leis. Ar thug tú dó ar deireadh é?'
'Níor thug. Ach dúras leis go bhfágfainn le huacht aige é. Talamh clainne, tá's agat. D'aontaigh George liom.'
'Thuig Peadar go bhfaigheadh sé an pháirc dá n'éagfá?'
'Ar ndóigh... ach b'é Peadar an deartháir ba shine ag mo mhaim. Bheadh tríocha bliain aige orm.'
'D'ith tú den mhil a chuir sé chugat. Níor dhein sé díobháil duit?'
'Mil an-bhreá.'
Chimil an Duinníneach a bhlaosc arís.

********

D'fhan sé oíche eile le Fr. Merrigan agus san athmhaidin thug sé faoi Ghleann na Smól arís. Bhí triúr leanaí Cháit suite chun boird mar a bhí cheana, uibheacha beirithe agus arán caiscín á n-ithe acu. D'ól sé bláthach. Ní raibh sé ar a shuaimhneas.Triúr óg ag fás aníos ar fheirm ana bheag. Fearann béaldorais a dhíolfadh Bridey, dá mba léi é, ar théarmaí a d'oiriúnódh. Tuiscint ar na beacha, fáilt ar an nimh....
'Cá bhfuil Tomás, a Cháit?'
'Tá sé amuigh i ngarraí na mbeach.'
'Rachaidh mé amach chuige.'
Ní raibh aon cosúlacht idir choirceoga néata Thomáis agus batalaigh bhriste a comharsan. Bhí sé choirceog aige, gach ceann acu ar dhath ar leith, ar sheastán, féar agus fiailí coinnithe faoi smacht, lochán uisce in aice láimhe.
'Tar i leith agus fáilte,' arsa Tomás nuair a chuir an Duinníneach forrán air. 'Ní maith leo éadach dubh ar dhuine, de ghnáth, a Athair, ach tá siad chomh ríméadach sin go bhfuil na driseacha ag teacht faoi bhláth nach gcuirfidh siad isteach ort.'
Shuigh siad ar bhruach in aice leis na coirceoga agus iad ag faire ar na beacha.
'Níl rud ar bith ar domhan chomh suaimhneach le siosma na mbeach lá gréine.' arsa Tomás.
Bhí tráithnín cogainte an duine acu agus an Duinníneach ag iarraidh teacht ar bhealach éigin chun a fhiafraí de Thomás ar mharaigh sé a chomharsa. Go tobann léim Tomás ina sheasamh.

'Scrios orthu mar ladhráin!' ar seisean go feargach. 'Mí-ádh orthu mar fheithidí'
'Céard é, a Thomáis?
'Féach na beacha atá at teacht amach as an gcoirceog dhearg agus tuigfidh tú.'
'Feicim beacha. Sin uile.'
'Ach nach bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil a gcosa cúil brúite chun tosaigh acu? Comhartha go bhfuil a gcuid sacán meala lán. Beacha ó chruiceog eile iad atá ag goid meala ón gcoirceog dhearg agus na lúdramáin istigh ag fáiltiú rompu... seas siar soicind, a Athair a chroí, go ndúiseoidh mé iad.'
Bhrúigh sé an Duinníneach taobh thiar des na coirceoga agus thug sé cic don choirceog dhearg a chuir na mílte beach amach as agus iad ag giúnaíl.
'Cuirfidh sé sin ar aire iad,' ar seisean, go sásta.
'Eureka! a bhéic an tAthair Peadar agus deora leis mar gur cealgadh a shrón.
'An dtarlaíonn san go minic?'
'Minic go leor. Níl aon trua ag an láidir don lag.'
'Míle altú do Dhia agus buíochas ó chroí leis na beacha ,' arsa Duinnín.
'Tá's agam anois cé mharaigh Peadar.'
'Nár dhiúil a chuid beacha ródaideandrón?'
'A Thomáis, ón uair gur aimsigh mé praiseach de bhláthanna ródaideandrón bruite thuas in aice le teach Pheadair tá mo chroí trasna orm.'
'Níl aon drochdhuine sa ghleann seo.'
'Ní drochdhuine a bhí ann is dócha, ach bhí sé ag druidim in aois agus tháinig speabhraídi pósta air.'
'Peadar? Tá tú a rá gur chuir sé lámh ina bhás féin, gur bheirigh sé ródaideandrón chun nimh a bhaint as gur thug sé dá bheaca é, sa siúcra?'
'Chuir sé brontannas meala chuig Bridey. Bhí mil nimhe sa chiar meala sin, a shíl sé. "Ith leat", ar seisean léi. Níor thuigeas conas mar a dhéanfadh sé an botún, a chuid féin a sheoladh chuici agus é fhéin an nimh a ithe. Tuigim anois. Na beacha a d'imir cleas air. Díoltas Dé. Go bhfóire Dia orainn.'
'Amen.' arsa Tomás agus sceimhle air. 'Céard a dhéanfas tú ina thaobh, a Athair?'
'Tada. Tá cúiteamh déanta aige. Glanadh Cáit tigh Pheadair, mar dhia do stáisiún, agus léifidh Pat Merrigan aifreann ann.'
Faoin am seo bhí beacha na coirceoige deirge dúisithe ceart agus fiáin chun troda. Bhí cogadh ollmhór á fhearadh ar an gclár tosaigh, beacha ag iomrascáil, ag titim, taoide an chogaidh ag líonadh agus ag trá.
'Thomáis a chroí, cad a lagaíonn coirceog?' arsa an Duinníneach go fuaránta, mar dhia.
'Saithe agus mac-shaithe a chaitheamh', arsa Seán gan chuimhneamh. Bhreac an tAthair Pádraig nóta go tapaidh.
An oíche sin roimh dhul a chodhladh dó scríobh sé an focal a thug go Gleann na Smól é, ina leabhar nótaí. 'Mac-shaithe: secondary swarm.'

Feasta, Bealtaine 2004

abhaile | barr | clár na míosa seo