Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Duinnín agus an Bhean nár tugadh Nimh di

Scéilín bleachtaireachta le Biddy Jenkinson
Neimh, ­e, f., poison venom, virulence, pus. . . neimh na ndúl i ngrúg na gaoithe, all the venom of Nature in the fury of the wind (Kea.). . . Tá neimh na meanadh ar an snáthaid, the poison of the awl is on the needle (of inherited qualities); domlas dragúin agus neimh thríd suaidhte go mbadh é deoch do shuain é ar uair do bháis.. . .

Bhí an bhean bheag liath roimis ina pharlús nuair a d'fhill an tAthair Pádraig Ó Duinnín ón leabharlann Náisiúnta go dtí an bungaló i bPort Mhearnóg mar a mbíodh cónaí air. Ní raibh tine ar lasadh ann agus bhí taise an fhómhair agus taise an tsáile sa pharlús, an beanín cuachta ina cóta liath ar imeall cathaoireach. Ainneoin an fhuachta bhí píocháin allais ar a héadan. D'éirigh sí go scáfar nuair tháinig sé isteach.

'Ag cur isteach ort. . . mo mhíle leithscéal. . . imeoidh mé. . . níor chóir dom teacht. . . i ndeireadh na feide. . . Síleann Miss Montague gur thugas nimh di.'

'Tar isteach sa chistin, a thaisce agus beidh cupán tae againn agus féadann tú a inseacht dom ina thaobh.

'Cé hí Miss Montague?'

Bhain sé siar as an mbeanín nach mbeadh aithne ag gach éinne ar Miss Montague.

'Miss Montague a fhostaíonn mé mar chompánach. Níl an tsláinte go maith aici.'

'Bhfuil galar éigin ar leith uirthi?'

'Tá sí leochaileach. Briseann sé a croí go mbíonn uirthi a lán ama a chaitheamh ar an leaba. 'Agusta,' a deirim léi, - thug sí cuireadh dom Agusta a thabhairt uirthi - 'Ní mór duit aire a thabhairt duit féin nó beimid uilig go léir san fhaopach. '

'Scríobhann sí filíocht is dócha?'

'Filíocht den scoth.'

'Bheadh sí saibhir?'

'Bhí siopa ag a hathair, ach bíonn oiread sin éilimh uirthi. . . an tigh, dochtúirí, mise, tuarastal Mrs. Brown, fiacha Andrew - nia le Miss Montague é - go mbíonn uirthi bheith tíosach.'

Níor ghá ach an priocaire a shá sa sorn chun an ciotal a bhí anuas air a chur ag crónán.

'Bain díot an cóta sin. Suigh chun boird agus bíodh canta aráin agat. . .' Bhris an gol ar an mbeanín. Mhúch sí láithreach é le ciarsúr maith mór.

'Ní nós liom. . . brón orm. . . tú chomh lách. . . cneasta. . . tae a dhéanamh dom.

'Cén t-ainm atá ort, a thaisce?

'Minnie Hayes, a Athair.'

'Agus cá bhfuil cónaí ort?'

'Le Miss Montague, Grove Terrace, Ráth Maonais, in aice na hEaglaise, a Athair.'

'Agus tá tú fostaithe mar chompánach.'

'Geibhim bheith istigh in aisce agus liúntas beag.'

'Agus síleann Miss Montague gur thug tú nimh di.'

'Tá sí i bhfad ró-uasal a leithéid a rá, ach t'ás agam go bhfuil faitíos uirthi anois roimh mo chuid cócaireachta. Ón uair gur buaileadh breoite í don chéad uair déanann sí a cuid cócó féin ag am suipéir. . .'

'Agus ar ndóigh níor thug tú nimh di riamh. . ..'

'Níor thug.'

'Ar thriail tú leigheas éigin uirthi, i ngan fhios di, a sheinn uirthi.' 'Ní chuimhneoinn ar a leithéid a dhéanamh, a Athair.'

'Bhfuil sí éirithe amhrasach faoi dhaoine i gcoitinne? Ag ceapadh go bhfuil an duine seo nó an duine siúd ag faire uirthi?'

'Rud ar bith den chineál sin a Athair. Buaileadh go dona í mí ó shin. Shíl an dochtúir gur ith sí rud éigin díobhálach agus leag sé an milleán ar an tsicín.'

'Nár ith tusa den tsicín freisin.'

'Máirt a bhí ann. Ní ithim feoil ach ar an Domhnach.

Ní bheadh sé cubhiúil go n-íosfainn feoil gach lá amhail is dá mba dhuine den chlann mé.'

'D'éirigh sí breoite ó shin?'

'Tá sí in ospidéal Mercers a athair. Tugadh ann san otharcharr í. Ba dhóbair di bás a fháil. Tháinig na póilíní. Chuartaigh siad an tigh. Cheistigh siad mé. Ní ligfidís dom dul ar cuairt chuici. Deir siad gur dócha gur tugadh atraipín di. Mise a dhein an siopadóireacht ar fad agus an chócaireacht. Ní raibh éinne eile sa tigh, seachas Mrs. Brown a dhéanann an obair throm.'

'Ní thabharfadh Mrs. Brown nimh di?'

'Bean í atá ábhairín garbh inti féin. Níl aon omós aici d'Agusta. Beireann sí Awful Aggie uirthi taobh thiar dá droim, ach ní thabharfadh sí nimh di. Pé scéal é ní bheadh deis aici a leithéid a dhéanamh. Ón uair gur chaill Miss Montague a muince óir bíonn orm coimhéad ar Mrs. Brown. Fuaireamar an muince síos le taobh an toilg ach ghlac Agusta leis an eachtra mar rabhadh.'

'An dtógann tú féin nó Agusta leigheas don chroí nó don phlúchadh, nó dos na súile, a mbeadh atraipín ann?'

'Chuimhnigh na póilíní air sin agus d'inniúch siad na cógais ach ní raibh aon cheann acu baolach.'

'Ní bheadh miotóg bhuí ag fás sa ghairdín?'

'Céard é sin, a Athair?'

'Troigh go leith ar airde, caora dubha milse, dath cineál corcra ar na gasanna, Belladonna atropa atá air agus tá sé fíor nimhneach. Uaidh sin a fhaightear atraipín. De chlann Solaceae é.'

'Rud ar bith mar sin, a Athair. Níl ach clós beag ar chúl an tigh i ndáiríre. Coinním pioctha néata é. Ní bhíonn fiailí ar bith ann.'

'Luaigh tú, Andrew, nia le Miss Montague. An raibh seisean ar cuaird le deireanas?'

'Ní raibh sé ar cuaird chugainn ó mhí na Bealtaine.'

'Bhfuil eochair an tí aige?'

'Níl. Níor mhaith le Miss Montague go mbeadh eochair ag éinne.'

'Cén tslí bheatha atá aige?'

'Bhíodh sé ag díol capall ach theip air sa ghnó. Tá sé ag obair do dhuine atá ag iarraidh trátaí a chur ag fás anseo in Éirinn, faoi ghloine. D'iarr sé ar Agusta airgead a infheistiú sa ghnó ach dhiúltaigh sí ar bhonn reiligiúin.'

'Conas sin?'

'Dúirt sí gur cur i gcoinne toil Dé é. Dá mbeadh Uaidh trátaí a chur ag fás in Éirinn chuirfeadh Sé aeráid oiriúnach ar fáil. . . ach ceapaim nach raibh ansin ach leithscéal mar bhí sí sásta go leor na trátaí a thug Andrew chuici a ithe agus d'fhás siad san in Éirinn.'

'Cathain ar thug sé chuici iad?'

'Mí Bealtaine.'

'Agus ní raibh sí breoite go. . . .'

'Lúnasa, a Athair. Chun a thaispeáint di gur féidir trátaí breátha a chur ag fás anseo rinne sé tigh beag gloine sa ghairdín cúil le seanfhuinneoga an tseid agus chuir sé roinnt.'

'Ar fhás siad?'

'Thug mé an-aire dóibh, uisce agus leasú agus chuile short. Dúirt Agusta go raibh siad ana dheas ar fad, ach níor athraigh sí a h-intinn mar sin féin. Dúirt sí go bhfanfadh sí féachaint conas mar d'éireodh leis an bhfiontar gnó sula gcuirfeadh sí a cuid airgid ann.'

'Ar dhein sí uacht?'

Las Minnie go bun na gcluas.

'Bhí na póilíní drochamhrasach ormsa i ngeall air. Réitigh Agusta, ina huacht, go mbeadh anáid agam. Mar mhalairt ar thuarastal. 'Ní maith liom airgead a thabhairt duit amhail is dá mba fostaí thú,' ar sise, 'agus ní dócha go mbeidh airgead uait faoi láthair agus tú ag maireachtaint gan chostas ar bith ort féin.' Braithim, a Athair, go maithe Dia dhom é, gurbh fhearr léi greim a choinneáil ar an airgead agus í beo agus go mba cuma léi go mbeadh ar Andrew cuid de a roinnt orm agus í caillte, dá gcaillfí romham í.'

'Bhuel, buíochas le Dia nach bog amach is amach a fhásann an t-olann ort. Cad chuige gur ghlac tú le dintiúirí sclábhaíochta den chineál seo?'

'Theip orm post mar bhanoide a fháil an uair dheiridh go raibh orm ceann a lorg.'

'Ar bhuntáiste duit é go bhfaigheadh sí bás?'

'Mo mhóid a Athair narbh ea. Cá bhfaighinn áit chónaithe? Tá Agusta cneasta. . ..'

'Inseoidh tú an fhírinne ghlan dom, a Mhinnie?'

'Ní hí is measa.'

'Cad a chuir na póilíní id leith?'

'Níor chuir siad aon ní im leith go fóill ach tá siad amhrasach fúm. Mise a dhein an siopadóireacht agus an chócaireacht . Bhí an nimh sa dinnéar a d'ith sí arú inné.'

'Conas mar nár éirigh tusa breoite freisin?'

Las Minnie arís: 'Bhí sailéid ag Miss Montague. Ubh beirithe a bhí agam féin.'

'Cad a bhí sa sailéid?'

'Bradán stánaithe, leitís, tráta agus prátaí beirithe.'

D'ith an Duinníneach slaimice aráin agus d'ól sé muigín tae gan focal as. D'ól Minnie deora beaga tae ón mhuigín aici siúd go béasach agus chogain sí grabhóga aráin lena fiacla tosaigh mar dhéanfadh coinín.

'Beidh orm imeacht ón dtigh agus níl aon áit le dul agam.'

'Téigh abhaile anois a Mhinnie agus tabharfaidh mé cuaird ort amárach. Ní bheinn ach ag caitheamh tuairimí dá ndéarfainn aon ní anois ach thug tú ábhar machnaimh dom. Tá aithne agam ar Sháirsint na bpóilíní i Ráth Maonais agus beidh focal agam leis.

Conas mar a racaidh tú abhaile?'

'Ar an tram, a Athair.'

'Siúlfaidh mé chomh fada leis an stad leat. Inis dom i dtaobh Agusta agus muid ag siúl. Murar tugadh nimh di agus má deir na dochtúirí go raibh nimh sa chóras aici tá seans gur thóg sí uaithi féin é, ach nach mian léi é admháil anois.'

'Ní dhéanfadh sí a leithéid. Ba pheaca é. Tá sí an-sásta lena saol. Beidh dán aici in iris an pharóiste go luath: 'An Rós Nár Stoitheadh' le Agusta Millicent Montague.'

'Go bhfóire Dia orainn!'

Feasta, Bealtaine 2005

abhaile | barr | clár na míosa seo