![]() Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Poems from the Irish
Seasca dán Gaeilge aistrithe go Béarla ag Gabriel Fitzmaurice atá sa leabhar
dátheangach seo. Tá cuid mhaith de na haistriúcháin seo le fáil i leabhar
eile dá chuid (Translations from the Irish - Poems I wish I'd written,
foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta, 1996) ach admhaíonn an t-aistritheoir gur
leasaigh sé cuid díobh seo don bhfoilseachán nua seo. Ní haon iontas mór é
seo - níl ann don léamh ná don aistriúchán deifnídeach ar phíosa filíochta.
|
Go sábhála tú mé Ar gach uile olc; Go sábhála tú mé Idir anam is corp. Garda na n-aingeal Os mo chionn; Dia romham, Agus Dia liom. | Keep me, I beg you From each evil rôle; Save, I beseech you My body and soul. Above me, guardian Seraphim, God before me, God within. |
Caomhnaíonn aistriúcháin Fitzmaurice meanma agus iarsma éigin de fhuaim na ndánta níos sine chomh maith - rud nach furast a dhéanamh - mar a léiríonn an rann seo de 'Is fada liom oíche fhírfhliuch':
Dá maireadh an rí díonmhar ó bhruach na Leamhan 'San ghasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall I gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gcam, Go dealbh i dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.Ní chailltear an t-imeartas focal agus gramadaí atá sna dánta ach an oiread. Tugtar slán an greann atá sa dán 'Poker' le Michael Davitt', mar shampla, gan é a bhrú thar fóir ar an leagan Béarla:If the protector-king was living still on the banks of Laune And his warriors who shared his fate (who'd pity my comedown), If they still ruined this scenic, sheltered, harboured coastline 'round My family wouldn't be paupers in Corca Dhuibhne now.
Nach ceait mar atá ag deireadh an lá tar éis grá na gaoithe binbeach, d'imigh sí uait is d'fhág sí tú gan phunt gan tuiseal ginideach |
Isn't it cat, my friend, at the day end after love like a wind that's venomous, she's left and gone and here I am flat broke without a genitive |
Sa réamhrá a chuir sé leis an mbailiúchán seo, deir Fitzmaurice go bhfuil sé ag súil le cáineadh ó chriticeoirí a chuirfidh ina leith go raibh sé mídhílis, míchruinn nó míthuisceanach maidir leis na bun leaganacha agus slán mar a n-instear é, do mheas an criticeoir áirithe seo go raibh corr-shampla de na lochtanna seo le feiscint anseo is ansiúd sna haistriúcháin.
Bímis pointeálta! San áit go bhfuil 'Ba theangmháil le háilleacht é/ A súile a thuirlingt ort' i 'Súile Donna' Sheáin Uí Ríordáin, faightear 'It was a thing most beautiful/ That you inherited' sa Bhéarla cé gur dóichí gur ar an áilleacht a bhain le súile na mná a thuirlingt ar shúile an duine atá sa chéad phearsa sa dán seachas ar chúrsaí oidhreachta atá an bhéim á cur sa rann áirithe seo. Arís, áit a bhfuil 'Is náir liom aghaidh a thabhairt uirthi/ Ó tharla sí i bhfear' ag an Ríordánach, tugtar 'I'm ashamed to face her now because/ They happened in a man' sa teanga deoranta. Nár mhó mar a léireodh 'She happened in a man' an mearbhall atá á mhothú sa dán?
Mar sin féin, in ainneoin mion-chnáimhseáin mar seo, éiríonn go breá le
Fitzmaurice athchruthú fileata a dhéanamh ar fhormhór na ndánta seo sa
Bhéarla. Ní beag an t-éacht é sin agus is cinnte go meallfadh na
haistriúcháin seo léitheoir ar bith le níos mó suime a chur i bhfilíocht na
Gaeilge.
Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais