Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Tuismitheoirí

Scéal le Seán Ó Siadhail


Tá's ag achan duine an seanjóc fá dtaobh don ghasúr a chaith an samhradh ag tabhairt togha na haire don phlanda nach raibh - nach mbeadh - ann ar dheireadh thiar ach caisearbhán nó neantóg nó nóinín ná a macasamhail. Caidé's fiú seanscéal mar é a athchúrsáil, ach, b'fhéidir an gasúr féin bheith suimiúil ar bhealach éigin?

Craiceann coincréide amháin a raibh feicthe den tsaol ag an ghasúr go dtí seo, b'fhéidir, is níorbh aon bhunóc é ach buachaill beag sna déaga luatha, trí déag, é dídeanaithe go rómhaith ag a thuismitheoirí?

Chaitheadh sé a shaoire idir ceithre bhalla bhloc a chúlchlóis. Aonaránach gan amhras, ní nárbh iontach is na tuismitheoirí a fágadh mar chéasadh ar an chréatúr. Cead aige ina dhiaidh sin an geata a thrasnú is saol an bhóithrín a thaobhú, an bóithrín caol úd lastiar dá gheata. An cead seo faighte aige le haois a thrí bliana déag. Ba rómhall ag an chréatúr. A shaol caite go dtí seo aige faoi bhrí na mionn, gan an geata a oscailt ná a thrasnú. Cibé fiosracht, cibé cumas bréagadóra a thug sé leis, ó dhúchas, bhí sin tráite as faoin am a fuair sé cead a chinn. Barraíocht dá mheon spíonta aige le comhlíonadh na mionn. Níorbh aon dua air bheith faoi bhrí na mionn sin. Súil a thuismitheoirí leis, a ndúil ann, a bhí a dhíth ar an ghasúr. Níor mhaith leis a dhath a dhéanamh a tharraingeodh a gcuid fiamh. An grá is an muintearthas ba tábhachtaí aige ná sásamh na fiosrachta.

An ar na tuismitheoirí a bhí an locht mar sin? Éist, bíonn daoine beo mar i s fearr is féidir leo.

Ná déantar dearmad ar phota an phlanda. Botún a thug ann é, seamrógaí Lá 'l e Pádraig a ceannaíodh fréamhach, an t-athair ar ndóigh, nuair a d'iarr an mháthair cuid phacáilte, lipéad-réidh. Botún a d'fhág ann é, nó cibé bhí freagrach as an bhruscar-chríoch a thabhairt don tsoitheach, leag an duine an mhias phlaisteach lena cuid créafóige ag bun an tí, ag uillinn dhá bhalla, ar choincréid an chlóis. Tharla lá faoi shúil an ghasúir, a thug faoi deara, a thóg ina láimh. Pota measartha beag, ceithre orlach trasna, agus an béal plúchta ag bruth duilliúir. Brostaitheach brúiteach, teaghlach leathchéad clainne is achan bhall bheatha ar searradh acu ar lorg a choda féin de sholas an lae.

Cé nach gcuirfeadh dúil i bhfolachán ainmhithe óga mar iad, i ngnáthóg piscíní fiáine, más ea, i nead scalltán? Ní hí an tsamhlaíocht a sciotadh a r an ghasúr, mar sin, ach a hábhar theacht chuigesean thar an bhalla isteach. Dheamhan a meallfaí tríd an gheata amach é, dheamhan teorainn lena bhféadfadh tarlú do mhacán gan dídean ar an bhóithrín chaol úd. Nach raibh saol na saol d'iontaisí thar an bhalla isteach chuige, ar an ghaoth, ar thonnta na fuaime? Ba leor leis leithead a chúlchlóis féin, ba ghann an mac a d'imeodh ar lorg an tsaoil, is a dhéanfadh neamairt in oidhreacht a chearnóige cúil féin sa bhaile. Caidé a b'fhiú géilleadh do fhrídín na fiafraitheachta, an domhan mór féin a bhaint amach, agus d'anam nó do chean n a chailliúint dá bharr?

Cad as do rabharta rámhaillí seo a chinn? Cé atá ciontach as an tranglam seo, réasúnú is piseogú is seanfhoclú an reiligiúin? An iad a thuismitheoirí, a mhúinteoirí, sagairt an Domhnaigh?

Éist, ní thiocfadh drud choíche ar bhéal a chloiginn seo ach ag gabháil a leithscéil, ag míniú do lucht a mhíthuigbheála, á chur féin i gcéill, ag cu r in iúl don duine thall cad chuige nach anonn leis, cad cuige abhus dó. Éist , dá fheabhas, dá olcas an múineadh, níl aon riail leis an chiall a ghabhfas sé i saoithiúlacht inchinne áirithe. Tá muid uilig beo mar is fearr is féidir linn. Mar sin féin, nach mbeadh a thuismitheoirí buartha fá dtaobh de sheasamh mínádúrtha a mic, an ea nach n-iarrfadh siad cuidiú na seirbhísí síceolaíocha, nuair a bhéarfadh siad faoi deara a uaigneas deonach? An cheist chéanna i bhfoclaí eile: Cé nach n-aithneodh neantóg, in ainm Dé? Ac h níor aithin, níor aithin. Cén uair a thiocfadh ciall an ógánaigh féin i gceist? Cén dóigh ar aithin s é gur tréad plandaí beaga a bhí aige ann? An raibh de spút ann bruth na nduilleog a bhrú ar leataoibh lena mhéar? Scanródh sin é, an dóigh ar luigh an fásra siar nuair a slíocadh é, mar nach dtiocfadh sé arais ina cheart choíche. Ach mhothódh an duinín lena mhéar, gasarnach an phlanda, is d'aithneodh sé ar ball, an lá dar gcionn, athsheasamh na n-aighthe glasa gleoite, lena gcuid froigisí is fionnaidh, is iad dírithe airsean as an chine dhaonna.

Rithfeadh leis an fhirín a dhéanamh arís, aighthe an duilliúir a bhrú ar leataoibh, le go bhfillfeadh arais ina cheart, an athuair. Rithfeadh leis, le teann méaraíochta, nach aon fhás amháin na gais cheilte seo, nach raibh de shamhail dóibh ach mar bheadh lámha sínte lucht an ocrais ag glaoch ar fhóirithint, is aghaidh achan duine acu, a thréithe is a phearsantacht, cealaithe ag bacachas a ngéag sínte.

Trua a ghabh é, do na hainniseoirí, do na bochtáin, do fhuíoll seo an áir i s an ocrais. Rinne sé a gcomparáid lena chás féin, ba phrionsa i bpálás é, peata beathaithe, cuileog san anraith, an páiste is sine de chlann líonmhar loite a thuismitheoirí s'aigesean. Ná síltear gur faillí a bhíothas a dhéanamh sa gharlach seo. Ní eisean a shíl. A mháthair gafa le hobair an tí , le hobair clainne, is a athair ag saothrú a mbeatha. Chasadh an gearrbhodac h isteach 'na cistine, chuig a mháthair chuig a mhuintir óg nuair a bhuailead h an fonn é. D'fhilleadh a dhaid abhaile achan oíche, shuíodh siad a seachtar le chois a chéile ag an dinnéar.

Ansin a d'fhoghlaim an buachaill gur ar lorg uisce a bheadh na truáin. Nuai r a thiocfadh fás orthu, nuair a d'fhabhródh an lár is a d'fheodh an t-imeall , b'éigean a d'fhoghlaim sé, d'fhoghlaim gurbh éigean uaireanta - cé dúirt 'uaireanta', mar bheadh bealach ann le nimh na beatha a mhaolú? An t-athair , b'fhéidir, is é buartha ag claonadh-chun-na-dubhlaíochta shamhlaíocht seo a mhic? Ní dóiche é. An duine róghaibhte ag sclábhaíocht an tsaoil, a shaoil féin, le miontréithe aigne a mhic a aithint. Mar sin féin, bheadh a gcodán féin d'intleachtaí móra i measc thruáin na hoibre lae, daoine a saibhreodh a n-eagna cinn is a meanma an chuideachta ina gcaithfeadh siad leadrán na beatha, is a d'aithneodh comharthaí sóirt an bhunóic, dá luafaí leo iad.

Ach ní réadúil a shílstin go nochtfadh fear oibre fánsmaointe a chinn le lucht a shealanna monarchana. Cé bheadh á n-iarraidh mar lón comhrá, ach bean b'fhéidir, is bhí bean aige cheana féin le bheith ag comhrá leis. Craosachán a thnúthfadh leis an dara bean. Piteachán a tharraingeodh scéal a mhuirir ar a chomhoibrithe. (Is léir an té a rithfeadh na seachfhéidearthachtaí seo leis, nár chaith sé lá riamh i measc lucht na hoibre.)

Dar leis na tuismitheoirí, ag tábla sin an dinnéara, i gceartlár a gclainne , nach n-aibeodh an príomhghas choíche dá roinnfí an beathú. Cá bhfios sin dóibhsean, do dhream nár thóg a gcloigeann thar airde bhalla a gcúlchlóis riamh? Seanfhocal a fuair siad óna sin-seantuistí, tríd a muintir nár thug leo ach ciall an ráitis agus a chomhthéacs.

Dheamhan conclúidí comhthreomhara, ná crua-cheisteanna fealsúnachta. D'fhoghlaim an mac gurbh éigean uaireanta, leis na slatairí a bhuanú, na lagracháin a stoitheadh, mar bheadh girseachaí san India ann, nó páistí míchumasacha; go bhféadfadh na seandaoine a chur go teach Nasaire mura mbeadh bealach ann dóibh, ná dóigheanna lena láimhseáil sa tseanteach; go dtabharfaí cuid na coda ab óige don mhac ba sine, ar mhaithe le sealbhú na hoidhreachta; go ndíolfadh an mac ba sine an oidhreacht ar mhaithe lena éir i in airde féin.

Níl aon teorainn le leithlisí na beatha. Is ginchealú - níor thuig sé an téarma, ach scanraigh an coincheap go fréamhacha a mheabhrach é - ginmharú gach rogha, toradh na ngin a milleadh gach togha. Níl aon teorainn le himpiriúlachas na sláinte pearsanta, le dílseoireacht na hampla, le húinéireacht na beatha. (An ag an tábla chéanna, le linn an dinnéara chéanna, a d'fhoghlaim an mac na foclaí deasa, an sóisialachas is an poblachtánachas? Éist, mura bhfuil teorainn le víreas na beatha, caidé mar bheadh deireadh choíche le cógaslann na céille is na frithchéille is na comhchéille? É féin a chum na foclaí, dar leis, is bíodh an beagán leis!) Ní hé an mac seo a stoithfeadh gas beag beo dá mba í an loighic bheadh lena rogha go gcaithfeadh tuilleadh gasanna a stoitheadh. Láimhseáil amháin anseo, dar leis an ghasúr a bhéarfadh go hath-dhrochíde ansiúd é. Ghráfadh sé deireadh de rogha ar an bheagán a scrios leis an ollmhaitheas.

Caidé a thiocfadh le tuismitheoirí a dhéanamh ina chás? Comhairle a leasa a thriail siad, b'fhearr leis an pháiste a rogha féin a dhéanamh. An t-athair an pota a bhreith leis maidin oibre is a ligean thar an droichead? Phléigh siad é, an t-athair is an mháthair, go domhain san oíche, béal le cluais a chéile. Dhéanfadh seisean é, ise bhí amhrasach.

'Dá bhfeicfeá an aire atá sé a thabhairt don lustar, bheifeá mórálach as. Fear beag coinsiasach, togha fir amach anseo.'

'Caidé mar atá sé á choinneáil beo is an aimsir atá ann? Shílfeadh duine go seirgfeadh an turadh seo beithíoch de phlanda mór liobarnach mar é?'

'Séard atá sé a dhéanamh, tá sé ag coinneáil a uisce féin leis!'

'In ainm Dé, cá bhfuair muid é? Nanach rud a mharódh sin an fás?'

'Siod a shílfeadh duine. Sin-seanaintín liom,' ar sise, 'bhí crann beag aic i san am a bhíodh crainnte ag na daoine, is madadh comharsan a níodh a uisce ag a bhun gach aon lá a mharaigh é.'

'Cuireann sin i mo cheann an seanjóc fá dtaobh den ghadhairseach a níodh uisce faoin chrann seo is ba í an madadh a fuair bás.'

Dá olcas a chás, dá chaoile a chuid den tsaol, ba de mheicníocht na beatha riamh ag an duine saolach a gháire a dhéanamh.

'Stoithfidh mise na cinn imeallacha, i ngan fhios dó,' ar seisean.

'Caidé an mhaith? Caithfidh an créatúr a bhealach féin a dhéanamh sa tsaol amach anseo. B'fhéidir gurb é lár a leasa é an luibhearnach seo a thabhairt chun blátha is a bheith réidh leis.'

'Dá ndéanfadh sé crann maith amháin féin, bheadh sin aige fá dheireadh an tsamhraidh is rachaidh sé ar ais ar scoil. Bhéarfaidh sin a athrach de lón intinne dó go ndéanfaidh sé dearmad ar an amaidí seo. Sé an rud is fearr, mar sin, tarraingeoidh mise cuid an imill, dá ndéanfainn go cliste é, gan ach cuid acu a bhaint, dheamhan faic a d'aithneodh an firín, thiocfadh liom a thuilleadh a tharraingt arú amárach.'

Dheamhan faic a tharraing sé, ina dhiaidh sin. Thosaigh sé féin is an bhean ag líreach cluasa a chéile, níor éirigh an fear ar phointe boise a chloig alaraim, chaith deich mbomaite breise ag síneadh na ngéag faoin bhraillín, a locht ar an aimsir, an fhearthainn de dhíon is de dheoir ar fud an bhaill, ar maidin, don chéad uair le mí.

Éist, thig le duine a shaol a chaitheamh ag gabháil leithscéalta as failí a rinne sé anseo, ansiúd. B'fhéidir gur rud a thuig an t-athair, ainneoin a fhusaide a d'ainmnigh sé is a leigheas an fhadhb, seans gur thuig go bhféadfadh fadhbanna ní ba mheasa bheith ann ná mac nach bhfágfadh clós chú l an tí, ná a mhac bheith gafa le planda mór i bpota beag.

Éist, ní bhíonn réamhchleachtadh ag duine fá choinne a mhic trí bliana déag d'aois, bíonn ar dhuine áiméar a mharana a aimsiú is é gaibhte i rabharta a bheatha féin is na beatha uilig ina thimpeall. Is tuismitheoirí muid uilig, tuigimid uaireanta gur beag idir na roghanna a bhíos ag athair ná ag máthair, gur beag idir pota-phlanda do mhic a chartadh go bocsa bruscair do chomharsana, beag idir sin is cead a chinn a fhágáil ag an óganach le súil le Dia nach sceithfidh an t-éan áirithe seo (ach má sceitheann féin ainneoi n do dhíchill, nach chuige sin muidne, tuismitheoirí, suas go pointe áirithe, tá a ionadaí le fáil san áit a bhfuair muid an chéad cheann? (Tuigeann na páistí sin, na mic is sine thar dhream ar bith eile. Ach an oiread le gas a s pota gasra, ní hin-ionadaíochta go dtí muid.)

Seo an firín ag beathú a phlanda mar is fearr is féidir leis. Is geall le hathair clainne é, tá sé chomh cúramach sin leo. Caithfidh cuid den ghnó a chríochnú sula bhfeicfeadh an muirear eile é. Caithfidh theacht ar bheathú eile. Doirteann bean éigin fuíoll a pota tae ar a cuid bláth. Triailimis sin. Uisce bruite na bprátaí is na nglasraí, ach ligean dó fuarú. Bainne, a dúirt muinteoir na Bitheolaíochta ar scoil, truaillíonn sé na srutháin mar beathaíonn sé an fásrach is tachtann sin an t-iasc (ní cuimhin leis cén chaoi, craobhacha mar bheadh méara ochtapais ann a bheir greim sceadamáin a r phincín ar bith a chasfadh sa bhealach orthu.) Ach téann an Mhaim le buile nuair a tí sí mo dhuinín ag téaltú leis an bhainne ionsar an phlanda amuigh . Smaoitiú maith eile in aisce, dar leis an ghasúr.

Caidé an chríoch bheas leis an obair seo uilig? An aithneoidh an maicín amach anseo gur tom cúl fáich atá aige ann, nuair a dhófar a bhod is a dhorn, gan amhras, cosúil le hOisín? Ach caidé an chríoch a bheadh leis an chríoch sin? An dtiocfadh galar meabhrach as buachaill éirí róthugtha dá náire a dhó le neantóga? Caidé is róthugtha ann? Uair sa tseachtain, uair s a lá?

An mbrisfear ar fhoighne na dtuismitheoirí, an eagróidh siad iad féin, le g o dtitfeadh taisme éigin amach do phota na neantóg, buidéal galúnaí soithigh a bhriseadh anuas air, lán an chitil d'uisce gaile a dhoirteadh ina lár? Ach caidé an toradh a bheadh ar thuismitheoireacht mar í, lámh ina bhás féin amach anseo, a bheadh go hiomlán inchurtha i leith ghníomh fill sin a athar is a mhathar? Meon mantach nach staonfadh ón chríoch céanna a thabhairt do bhean is do chúram nuair a chruafadh air amach anseo?

Éist a thuismitheoir, tá an saol achrannach ár ndóthain is gan freagracht a s droch-ghníomhartha ár sleachta a ghabháil orainn féin. Mar sin féin, ar mhaithe libh féin, b'fhearr daoibh is do thuistí nach sibh gan tada a dhéanamh a chothódh nimheadas sa mhaicín soghonta seo, in aon duinín goilliúnach.

Seans go dtiocfadh achan sórt ina cheart, mar a bheadh ceann de na báid úd bhfuil a oiread sin ballasta ina tóin nach féidir léi fanacht béal fúithi. Chaillfeadh an gasúr suim sa neamhbhláth neanta seo, thiocfadh an fómhar is an filleadh ar scoil, líonfaí a chuid ama ógánaigh de ghlórtha na n-oidí is a chloigeann de dhíochlaontaí stair na smaointeoireachta; d'fheofadh an duilliúr oíche sheaca, is b'in sin, Dia ar neamh is ár nAingeal coimhdeacht a ina mhuscailt athuair.

Dá mb'fhéidir! Dá ligfeadh síceolaíocht an duine do ghrásta úd na héascaíochta! Fairíor, tá muid chomh díreach, an cine daonna atá mé a rá is achan duine againn ann, leis an mhír is lú casta inár bpearsantacht. Is fáithchiall an focal, ina dhiaidh sin, is seans gurb í an mhír dhíreach, easpa na solúbthachta, an fhadhb, an tocht, i bpearsantacht an duine.

Is cuma. I gcás seo mo staidéir, ní faic an giolla beag gan a chuid dílseachta: chaith sé a chuid ama leo, iadsan leis-sean, grá a thug siad dá chéile, is fáth éirí ar maidin, is ciall don spás is don am is don aer is don áilleacht. Dá mbeadh siad marbh, ní hionann is duine iad a mharú, d'fhágfadh an spiorad beag seo blaosc a chúlchlóis is lonnódh i bhfothain éigin eile, níos faide ó bhaile.

Ach siod atá mé a rá, lonnú atá i ndán dó, titim i ngrá le cuaillí lampa fá bhaile mhór ínteach. Ón uair a d'éag an fhiosracht, chóilínigh an dílseacht an t-achar folamh, d'fhorbair in ithir mhéith na síceolaíochta áirithe seo - le sin a mhíniú chaithfimis dhul isteach go méid is go minicíocht na gceimicí is corp dó - is bhláthaigh go bliantúil lena phlanda pota. Mar atá, tiocfaidh an samhradh is fásfaidh an duilliúr glas as pota na bhfréamh, is gabhfaidh an fear óg seo amhrán na beatha, amhrán na freagrachta, amhrán na dílseachta do rudaí beaga tábhachtacha an tsaoil seo , don bhia agus don deoch agus don chineáltas.

Má tá seisean sásta, cé muidne lenár locht a fháil air? Ach saol maith eile in aisce, mar a déarfadh sé féin. Dá mb'fhéidir!

Feasta, Feabhra 2005

abhaile | barr | clár na míosa seo