Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Gile na Gile
le Paddy Bushe
(Coiscéim. BÁC 2005. 57 lch. E7.50)

á léirmheas ag Frainc Ó Murchadha


'Maireann dord sleá na Féinne i gcuimhne na gcrann Atá rábach le duilliúr, le cnó is le caor'.(Ag Éisteacht le Dord na nDamh)

=========================

Tá an meas agus an bá atá ag an bhfile seo leis an dúlra le tuiscint ón spéis atá aige in áiteanna iargúlta, sceirdiúla, áiteanna mar an Ghraonlainn, leithinis Bhéarra, an fiántas thart ar Chill Airne, na hoileáin scoite amach ó mhíntír na hAlban, Sceilg Mhichíl agus an Blascaod. Tá na suíomhanna áille sin gan cháim, iad saor ó thruailliú ag an ngramaisc dhaonna, glan agus úr. Tá an file féin ina chónaí in Uíbh Ráthach, atá ar aon dul leo siúd.

An chéad dán sa leabhar ceiliúrann sé an iargúltacht agus an ghile agus an ghlaine a bhaineann leis. Tá an file sa Ghraonlainn go ceann scathaimh agus tá trealamh an traidisiúin Ghaelaigh tugtha leis aige. Chun foclaíocht a chur ar an nglaine agus an úire faigheann sé ar iasacht friotal agus struchtúr a oireann dá dhán ó chomharsa a mhair i Sliabh Luachra tráth, tamall síos an bóthar óna bhaile féin. Aogán Ó Rathaille.


Gile na gile,
Criostal an chriostail
Aisling na haislinge.

Níl leisce air dul i muinín an traidisiúin i ndánta eile chomh maith. Ar Bhruacha Locha Léin mar theideal ar dhán amháin aige, mar shampla. Castar orainn é maidin aerach i measc an aitinn i mBéarra sa dán sin aige Linn i mBéarra. Ní fios an laige nó neart an cleachtadh idirthéacsúlachta seo. I lámha filí áirithe ní bhíonn ann ach scigmhagadh faoin sean, ach ní mar sin don bhfile seo. San aiste sin, Linn i mBéarra, d'aon ghnó atá sé ag déanamh iontais den cheangal atá idir Beara Dzogchen Retreat Centre na mBúdach ón domhan thoir agus dúthaigh ársa Ghaelach Bhéarra ina bhfuil an t-aireagal sin lonnaithe.


Lótus sa linn, suíochán don Bhúda,
I measc fraoch agus aiteann Bhéarra.
An Búda sa linn
i linn an Bhúda
ba linne an Búda.
Dord leoithneach na linne ag éirí ón lótus
Ina chumhracht oirthearach in iarthar Bhéarra.

Dán eile aige, Ag Éisteacht le Dord na nDamh, macalla ag sruthú go héasca trí na cianta ón bhFiannaíocht:

Ceol re gcodladh Fionn gan díth
lachain ó Loch na dTrí gCaol,
scaltarnach luin Doire an Chairn
is búithre an daimh ó Ghleann na gCaor.
É sin fadó, agus anois:
An ceol is ceolmhaire amuigh, sin ceol gach ní atá ann.
Tá bithnóta ceoil anois á sheinm inár ngaobhar
Agus dord mór-is-fiú ag sní ó bheann go beann.

Maidir le stíl agus ábhar, murach an tagairt d'Fhionn, agus an seanlitriú, ba dheacair a aithint cén rann a tógadh ón bhFiannaíocht agus cé acu an ceann nua-aimseartha.
Súil Ghaelach an bhéaloidis a chaitheann sé ar an ngiorria Artach gona fionnadh bán:

Ach go scéitheann dath aolbhán do chóta

Gur sneachta an tuaiscirt is dual agus dúchas duit
Nó an é an bainne a ghoid an chailleach,
A dhiúl i riocht ghiorria ó bhuaibh na gcomharsan,
A chlaochlaigh thú go gile sin na gcríoch seo.

Tá ceardaíocht agus teicníc den scoth le fáil tríd an gcnuasach seo ar fad. D'fhéadfaí aon cheann des na dánta a roghnú chun é sin a léiriú. Níl spás againn, áfach, chun labhartha faoi níos mó ná dán amháin acu. Tógaimis na línte tosaigh de Scéal na gCapall, leathanach 11, mar shampla dá bhfuil i gceist. Maidin cheomhar sa Ghraonlainn, agus an file ar muin chapaill ag dul i dtreo bharr an tsléibhe, féach mar a chuirtear in iúl an tost mistéireach sin a bhíonn le braistint nuair a bhíonn ceo tiubh sínte ar an talamh maguaird.

Capaill ag taibhsiú aníos as an gceo
Is ag síothlú arís in airde,
Crú ag clingeadh anseo is ansiúd
Ar charraig, sciorradh tobann
Ag sruthán, seitreach míshuaimhneach
Agus sinne míshuaimhneach, aduain,
Ag luascadh sa diallait, an sliabh
Ag luascadh romhainn agus fúinn
Sa cheo ...

Tá cumhacht onomataipéach ag an bhfuaim bhog chogarnaigh a ghabhann le 's' caol atá scaipithe anso is ansiúd trí na línte sin: taibhsiú, síothlú, arís, anseo, ansiúd, sciorradh, seitreach, sinne. Istigh ina measc san, mar sholas ag lonradh tríd an gceo, seasann an frása aonarach, crú ag clingeadh, agus tá an fheidhm ag an gcodarsnacht eatarthu ciúnas diamhrach an cheo a threisiú inár gcluasa.

Féach an t-athrá ar an bhfocal 'luascadh', agus mar atá sé suite ag tosach dhá líne atá ag teacht i ndiaidh a chéile. Éiríonn leis an gcleas sin an luascadh féin anonn agus anall a shamhlú don léitheoir. Leanann an bhéarsa ar aghaidh:

Cén chreach é seo, cén slad
Lochlannach anuas ar ghleannta,
Cén sága fuilteach atá á chumadh,
Cén Eiric Rua a bhfuil a cháil á reic,
Cén finscéal, fabhalscéal, scéal
Ó Shamhain go Bealtaine Artach é seo?

Tá tagartha sa chuid sin den bhéarsa do thraidisiún na Lochlannach a d'fhág a rian sa Ghraonlainn: Cén Eiric Rua a bhfuil a cháil á reic...? agus éachtaint beag ar sheanlitríocht na hÉireann... scéal / Ó Shamhain go Bealtaine Artach é seo? Fionn agus na Fianna a chaitheadh an tréimhse ó Shamhain go Bealtaine sna tithe agus na dúnta i measc na ndaoine ag ceiliúradh agus ag insint scéalta chun tráth na dúluachra a mheilt. Ceangal á mhuscailt ansin idir an file Gaelach, atá ag cur faoi ar feadh tamaill sa tír aduain sin, agus na laochra Lochlannacha a shealbhaigh an áit na cianta roimhe sin.

Is cás leis an bhfile an timpeallacht, agus caoineann sé an slad atá á dhéanamh uirthi ag ár gcine craiceáilte daonna i ndán dar teideal Búireadh. Déanann sé pearsanú ar an dúlra agus tá an t-uamhan agus an t-anbhá atá á chéasadh le mothú sa dán seo.

Ach cad é an búireadh sin a chuala
I gcoim na hoíche aréir, slua-bhúireadh
Mar a bheadh tréad i bpéin? B'shin búir
Oighearchlár mátharach an tréada
Ag lobhadh i dteas buile na cruinne,
Ag cúbadh is ag cúngú is ag leá
I ndeora goirte sáile ár máthar uile.

Ag labhairt dó leis an gCailleach Béarra, an é síothlú an traidisiúin atá á chaoineadh aige sna línte seo?

Ach tusa, a chréatúir,
Anseo i mBéarra
Ag stánadh ar an bhfarraige
Le radharc na Caillí Béarra
Glan gléineach ar deireadh:
Tá do rabharta mór ar deireadh tráite,
Ár ndála uile, gan súil le tuile.

Tá an tsimplíocht agus an beachtas friotail is na cora smaointeoireachta ina bhfuil an fhilíocht curtha romhainn thar a bheith meallacach, agus tá an tsuim sin i gcumhacht na bhfocal ceiliúrtha aige féin sa dán, Mirlíní:

Tá focail ann, a shleamhnaíonn thar tháirseach m'aigne
Isteach i mboiscín práis mo chuimhne
......
Glaise, mar shampla, agus fraoch,
Sceirdiúil agus seod, críonna agus clabhsúr
Focail fánacha, aonaránacha mar sin.

I measc na ndánta eile tá cúpla ceann tiomnaithe do dhaoine ainmnithe, ceann acu sin do Mhicheál Ua Ciarmhaic; dán é ag ceiliúradh uaigneas agus sceird Sceilg Mhichíl, agus tá dán gairid ann a chuir gliondar ar mo chroí, Cloisfead ar Neamh.

Bhí Beethoven ar an steiréo, an tigh
Tonnchreathach, líonreathach, gairdeach'
Agus mé ar tí dul ag bothántaíocht
Go dtí mo chomharsa. Níor mhúchas an ceol
Agus d'fhágas dóirse agus fuinneoga ar leathadh
Nuair a shiúlas amach faoi ghile oíche sheaca.
Gotha an stiúrthórtha orm, bheannaíos
Go mórchúiseach le ceolfhoireann na réalt,
Sheolas an uile nóta chucu, agus shiúlas liom
Ag súil gur chualathas an ceol ar neamh.

Tá dánta aistrithe ó theangacha eile aige, trí dhán faoin dúlra ón tSínis, cúig dhán faoi dhaoine ón nGearmáinis, agus cúig dhán ar ábhair éagsúla ón Iodáilis. Tá sé ráite go minic mar shainiú ar cad is filíocht ann gurb é atá ann ná an rud a chailltear san aistriúchán. N'fheadar an féidir é sin a rá faoi aistriúcháin an fhile seo. Nílim in ann breithiúnas a thabhairt air sin, ach caithfidh mé a rá gur mó an taitneamh a bhaineas as a dhánta féin ná astu siúd a d'aistrigh sé ó na teangacha eile.

Ár mbuíochas don bhfile as an gcnuasach spreagúil seo a thabhairt dúinn, cumhacht, uaisleacht, maorgacht agus laochas cuid de na tréithe a ghabhann leis, na tréithe céanna a bhronnann an file féin ar an bhfiolar mara sa dán den teideal sin. Ba dheas é an leabhar seo a bheith taobh le duine ar bhord an bhricfeasta, dán amháin acu a léamh gach maidin, agus ligint do smaointe agus do fhriotal an dáin a bheith ag fámaireacht trína cheann agus ag cur aoibhnis ar a anam i rith an lae.

An leabhar seo 'Gile na Gile' a roghnaíodh do Ghradam Mhichíl Uí Airtnéide 2006 agus a ghnóthaigh an Phríomhdhuais Fhilíochta i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2005.

Feasta, Deireadh Fómhair, 2006

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais