Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Dánta le Bernadette Nic a' tSaoir

Nasarthaigh, Iúil 2006

Tá linn bheag snámha ar chúl an tí,
Clann na gcomharsan ann de phleist
Ag súgradh leo faoi bhéal an aeir,
Londubh ag ceol ar sceach,
Ag seo lá breá na beatha.

Tá beirt gharsún chomh sásta leo
Is iad faoi cheilt leo féin sa chlós
Ar chúl an tí sa Nasair.
Bréagán cipín le déanamh ag Yusuf
Dá dheartháirín dílis Ali.
Láimhín bídeach ar a chruinndícheall
Go mbeidh an féirín snasta
Mar a mbíodh Ár dTiarna féin
Ag méarú slisíní adhmaid
Ar urlár siúinéara tráth.

Iad chomh tógtha leis an ngnó
Nach bhfeiceann an bhadhbh ag tuar uafáis,
Nach gcloiseann clog na marbh á bhaint,
Nach mbraitheann fós an anachain
Go bpléascann roicéad
I lár an chlóis ar chúl an tí
Ag pointe casta an domhain.

A Dhia an fearr é seo
Scuabtha leo chomh mear
Mar a ghlanfaí suas mionbhruar,
Ná an cailín ar leathshúil
Nach eol di cás a muintire fós?
Madraí an bhaile ag creimeadh a gcnámh.
Pictiúr di ar an bpáipéar
Abhus in Éirinn
Leis an mbeirt bhan caointe
A réabann a gcroí amach

Ar an mbeirt gharsún gan anam.
Nasair buailte i gcliabhán an oilc.

Tá spéir ár gcroí smúitiúil inniu,
Scamall faoin ngréin is an lapadáil thart,
Londubh ina thost.
Páistí i mbaol ar chúl an tí.
Gach aon mhaidin ina gleic anama.
A Dhia cad é atá i ndán
Don ré seo díothóra?
Inniu lá dubh dobróin.
Tá an saol iomlán ar míthreoir
I ndeireadh ré an linbh.


Fuinneog ar an Ard Uachtair

(I ndilchuimhne ar Timmy O'Connor)

Ar do thighse do bhíodh ár dtriall,
Ar an mbean ghrámhar lách,
Ar an gclann gheanúil,
Pinginí áthais á gcarnadh
Chun milseacht a bhlaiseadh
Leis an gcomhrá caoin,
Leis an dtuiscint dár mianta
Bhíodh leáite ar chuntar
Ins na sóláistí is na bréagáin draíochta.
Bláth 'gus slacht ar an áit
Don Oíche Bheannaithe,
Seilfeanna rúnda ar chúl an tí
Ag nochtadh seoda dos na Ríthe.
Na péarlaí ab fhearr sa tsiopa
Níorbh fhéidir a cheannach
Croí na féile is focail chneasta,
Manna ós na Flaithis a taibhsíodh dúinn
I bhfuinneog an tsaoil os cionn an dorais.

Feasta, Deireadh Fómhair, 2006

Abhaile | barr | clár na míosa seo