Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Dioscó Dé
Úrscéal le Séamas Mac Annaidh
(Coiscéim, Baile Átha Cliath. E7.50)

á mheas ag Pádraig Mac Fhearghusa




Seo chugainn Dioscó Dé, an cúigiú úrscéal le Séamas Mac Annaidh. Is fada an feitheamh a bhí againn leis - tá deich mbliana ann le bheith beacht ó saolaíodh An Deireadh, sea An Deireadh, úrscéal i bhfoirm dialainne a bhí ansan, - más féidir Deireadh a shaolú - agus roimhe sin arís, bhí Ruball na Mickies againn (1990) agus An Dá Mhicí (1986), agus ar ndóigh an leabhar is mó a thuill clú dó - chomh fada i gcéin leis an Rúis fiú, Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí, a céadfhoilsíodh i 1983, - lena mheascán aisteach de réalachas agus samhlaíocht bhuile.

Ilcheardaí is ea an fear seo, Séamas Mac Annaidh, úrscéalaí, mar a luamar, gearrscéalaí, ceoltóir, eagarthóir, aistritheoir, léirmheastóir, taighdeoir, craoltóir, ceoltóir agus anois, tá seolta na samhlaíochta crochta aige, sráideanna Inis Ceithleann agus Dhoire fágtha ar a chúl aige, agus tá an leabhar is déanaí seo uaidh lonnaithe sa Tuirc - áit is gnách leis an samhradh a chaitheamh mar mhúinteoir Béarla, de dhealramh.

Teagascóir Béarla sa Tuirc is ea an an príomhcharachtar san úrscéal seo, chomh maith, agus sa mhullach air sin is seandálaí cáilithe é. Tá tús réalaíoch leis an leabhar, ach mar sin féin, trí mheán an chur chuige seo tá deis ag Mac Annaidh gnéithe den saol a raibh suim aige iontu chomh fada siar le Cuaifeach Mo Londubh Buí a chur chun tairbhe.

'Ach sin an rud, tá rogha againn sa lá atá inniu ann agus maidir liomsa b'fhearr i bhfad liom an samhradh ar fad a chaitheamh cois na farraige sa Tuirc in áit a bheith i mo shuí in árasán cúng ag coimhéad ar bhiogóidí Phort an Dúnáin ar an teilifís.

Iad siud nach raibh sa Tuirc riamh ceapann siad go bhfuil mé as mo mheabhair, nó ag insint bréag. Iad siúd a bhí sa Tuirc, áfach, braithim go mbíonn siad go mór in éad liom, ....

Ní chreidfidis é ach oiread dá n-inseoinn dóibh gur seandálaí cáilithe mé. Rinne mé céim sa tseandálaíocht i Sasana agus tháinig mé ar ais go hÉirinn agus mé ag dúil go gcuirfinn go mór leis an eolas a bhí againn ar ár sinsir. Ach bhí an obair gann, agus ní bhfuair mé faill na tochailte ach sa chás go raibh láthair ar tí a scriosta ag bóthar nua, nó go dtángthas ar iarsmaí nuair a bhí foirgneamh nua á thógáil.' (lch 2).

Sampla maith é sin den bhealach a shníomhann Mac Annaidh sonraí réalaíocha ina chéile chun gur móide an glacadh a bheidh againn leis mar scéal má ghabhann an tsamhlaíocht ar sceabha ar ball - ach ní scéal osréalach é seo, pé ní.

Léiriú is ea an t-úrscéal seo, chomh maith, ar an mbealach a bhfuil an nua-shaol á thabhairt faoi chuing na Gaeilge. Fágaimis i leataobh uainn an seanphort a bhíodh ag léirmheastóirí nach raibh an Ghaelainn in ann saol na cathrach a chur in iúl, ós ní é gur teanga a bhí inti a bhí á labhairt ag iascairí agus feirmeoirí beaga ar chósta an iarthair: is ionaid oibre teileachumarsáide a bhíonn ar fáil sna bólaí sin anois.

Admhaímis nach bhfuil an éascaíocht álainn chéanna ag gabháil leis an teanga, mar atá i Seanchaint na nDéise, cuir i gcás, agus ní amuigh 'ag fosaíocht a bhímid leis na ba' níos mó, agus fiú má tá sé tagtha i gcrích sa tsaol go bhfuil 'na trí séipéil ag góilt le haon tsagart amháin,' mar a deirtear sa tSeanchaint sin. Ach is ag gabháil ag an leabharlann atá ár laochna sa leabhar seo, agus na nuachtáin Shasanacha á léamh aige, féachaint an bhfeicfeadh sé post a thabharfadh deis dó gabháil thart ar chathair na Traoi agus Eifeasas agus cathair mhór na Hitíteach ag Hattushash.'

Tá stíl bhreá shoghluaiste anseo, agus gabhann an scéal chun cinn go breá réidh. Cuirtear scata carachtar in aithne dúinn gan dua, agus ní mór ná go bhfeidhmíonn an saothar in áiteanna mar lámhleabhar ar an Tuirc féin. Tugtar nod dúinn ag an tús chomh maith gur aiste samhraidh is ea é seo ar a bhealach féin, ach is aiste é ar shaol níos leithne ná an saol a chaitheann páiste ina dhúthaigh bheag féin. Nó an bhfuil? - cén difríocht atá idir campa Karagoz (lch. 24) agus Doire, ach go bhfuil na páistí níos béasaí, agus ar ndóigh tá an ghrian níos déine, gan trácht ar na ceithre chosaigh a bhíonn ag rince agus ag troid os cionn na síleála istoíche i dteach lóistín na múinteoirí.

Is mó rud a fhoghlaimíonn tú as an leabhar seo, conas deileáil le corramhíolta, mar shampla, mura raibh an cur chuige ar eolas agat cheana:

Ní bhíodh aon iomrá orthu i rith an lae ach nuair a chuaigh muid ar ais chuige na seomraí san oíche bhí siad ag fanacht linn. B'éigean duínn na fuinneoga a fhágáil ar oscailt de dheasca an teasa agus bhí eangacha ar na fuinneoga, ach fós féin d'éirigh leo fáil isteach agus bhí orainn roinnt bomaití a chaitheamh achan oíche roimh ghabháil a luí ag iarraidh an uile cheann acu a mharú.' (lch 31/32)
Geallaimse dhuit go bhfuil an ceart aige go bhféadfaidís codladh na hóiche a mhilleadh ort - leis an gcrónán gangaideach a bhíonn acu, agus mar a scaoiltear linn ar an modh bharúil MacAnnaíoch:
Chluinfí seilg na gcorramhíolta sna seomraí éagsúla nuair a bhí daoine ag gabháil a luí. Leabhair agus nuachtáin á mbualadh i gcoinne an bhalla agus daoine ag rá 'got it', amhail is go raibh cúl scóráilte acu, nó níos minicí ná a mhalairt, iad ag eascainí toisc gur éalaigh an chuileog mhallaithe arís.
Sea, geallaimse dhuit go bhfuil blas na fírinne ar an gcúntas seo, nó sé an tuairim atá agam féin go bpéinteáiltear na fallaí bán sna tíortha úd i dtreo go mba éasca duit an scór a choimeád. Nó mar a deir laoch na gcuileog a mharú féin linn:
'Dá n-éireodh le duine corramhíol a mharú, d'fhágfadh sé splanc fola ar an mballa ina dhiaidh agus de réir mar a chuaigh na seachtainí ar aghaidh ba mhó an maisiú seo ar na seomraí.'
Mealltar ar aghaidh tríd an leabhar seo tú le cuntais éasca éadroma, barúla, nó go mbíonn tú i lár Kapadokia nó seanríocht éigin dá leithéid - tír na gcapall áilne a chiallaíonn an t-ainm sin sa bhunGhréigis - áit a fheiceann ár laoch a ghrá bán Kirsty chuige ar chapall ar chosa in airde, agus faoin am seo tosnaíonn tú ag fiafraí díot féin, cá bhfuil an plota, cad faoin bplota?

Níl éinne marbh go n-uige seo - an t-aon bheirt a bhí i mbaol a mbáite i mbáidín beag oscailte, shábháil ár laoch iad thiar i gcaibidil a seacht. Is fearr a rá nach shin é an sórt leabhair é seo. Gabhann sé thart agus tagann sé timpeall, agus mar a bheadh píosa Fiannaíochta nua-aoise - agus úsáidtear na heachtraí le meon an scríbhneora a léiriú - agus bíonn blas den ghreann agus blas den bhfírinne ar an léiriú seo ar an nós Éireannach: Sea, Bhuel -

Ba's Iúr Cinn Trá do Benney. Poblachtánach a bhí ann, a oiread liom féin. Chuir sé as go mór dó go raibh Béarla á theagasc agam agus an Ghaeilge ar mo thoil agam - cé nach raibh Gaeilge ar bith aige féin.
Bhuel, a dhuine, sin mar atá an saol, bhuaileamar go léir leosan. Ach is cóir dom rud a rá faoin dioscó, dioscó na bpáistí sa champa samhraidh seo sa Tuirc, mar a raibh:
an damhsa mar cheiliúradh, ceiliúradh na beatha nó b'aoibhinn a bheith beo na laethanta sin. Thaitin an aclaíocht, agus an cairdeas agus an greann linn. Ní raibh foréigean, ná ólachán ná gnéas i gceist leis an dioscó seo....
- murab ionann is dioscónna sa bhaile in Éirinn nach n-ainmneom, a déarfása:
Bhí muid saor ó bhagairt is ó bhrú. Ba pháistí muid arís agus ba chuma linn faoi gach uile rud. Bolgán taobh istigh de bholgán a bhí sa dioscó.
Briseann an saol mór isteach ar an mbolgóid seo ag a deireadh: éiríonn teannas, bristear múinteoir, tugtar léiriú tuisceanach ar an impiriúlachas cultúir, mar a ghlaotar air, ach fágfaidh mé deireadh an leabhair fúibh féin. Tagann an scéal thart, amhail Tristam Shandy iomlánaítear an ciorcal. Tá deireadh íogair leis. Léamh maith é. Is fiú go mór an E7.50 an chéad ochtó éigin leathanach anseo ó Coiscéim. Léigh, ná bí criticiúil agus bain taitneamh as.



Feasta, Meán Fómhair, 2006

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais