Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ceachtanna ón gCatalóin
Teanga i nGleic le Nualiobrálachas

le Tomás Mac Síomóin
(Coiscéim. 48 lch. E6)


á mheas ag Pádraig Mac Fhearghusa


An té a bheadh ag súil le teachtaireacht dóchais ó Thomás Mac Síomóin, bheadh breall air. Ag breathnú ar an leabhrán snoite 'Ceachtanna ón gCatalóin, teanga i ngleic le nualiobrálachas' atáim, agus éad orm: aon mhilliún déag de chainteoirí Catalóinise ann, ó Perpinya sa bhFrainc ó thuaidh go dtí Murcia ó dheas sa Spáinn, agus í á labhairt chomh fada soir le ceantar Alguer in oirthuaisceart na Sairdíne.

Fós fein, mar a chuireann Tomás ar ár súile dúinn: '...pé ar bith faoi thodhchaí na Gaeilge, beidh an Chatalóinis slán faoi dheireadh an chéid, dar le tuarascáil seo UNESCO. Ach an mbeidh, dháiríre?' a fhiafraíonn sé:

'Ní bheadh sochtheangeolaithe uilig na Catalóine féin ar aon fhocal leis an tuairim seo. Deir cuid acu, fiú, agus é curtha ar phár acu freisin, go bhfuil comharthaí mheath na teanga le sonrú go feiceálach cheana féin, agus nach bhfuil mórán le cois leathchéad bliain i ndán don Chatalóinis, mura gcuirfear dianstraitéis athshlánaithe i bhfeidhm láithreach.'
Braithimse go bhfuil a leithéid seo cloiste agam cheana, agus go mion minic, le daichead bliain anuas. Le fírinne cuireann a leithéid de theachtaireacht ábhar mífhoighne orm: cuirimis beart i gcrích seachas a bheith ag olagón faoinár n-ainnise, a deirim.

Ball den 'band of hope' mé, is dócha, mar a thabharfadh Tomás ar mo leithéid, ach pé ar bith, is í imní na dteangeolaithe seo agus a dtuairimí siúd croí na cainte seo, mar a chuirtear in iúl dúinn. Agus tá mórán eolais agus tuisceana le baint as a bhfuil le rá ag Mac Síomóin i dtaobh na n-eolaithe seo, agus na Catalóinise.

Is teanga Laidne í an Chatalóinis a d'fhás as Laidin na hImpireachta Rómhánaí, as Laidin na ndaoine, mar a dhein an Spáinnis féin, an Fhraincis agus an Iodáilis. Faoi lár na triú haoise déag ba theanga liteartha chaighdeánaithe í.

Mar a tharla i gcás na Gaelainne, ámh, theip ar phobal na teanga greim a choimeád ar chumhacht stáit le roinnt céadta bliain anuas, ach ó tháinig deireadh le réimeas Franco tríocha éigin bliain ó shin, tá borradh agus brí nua curtha sa dioscúrsa teanga i gceantair na Catalóinise. Sa Spáinn, ar ndóigh, atá formhór na gcainteoirí Catalóinise lonnaithe, agus is sa Chatalóin féin atá an chuid is mó acu san. Meabhraítear dúinn go bhfuil an Generalitat nó rialtas na Catalóine sásta an tosaíocht a ghlacadh leis an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt mar ghnáth-theanga phobail, agus tapaíonn an Síomóineach an deis comparáid a dhéanamh idir a dtarlaíonn sa Chatalóin agus a tharlaíonn anseo:

'Ní gá a rá,' a deir sé, 'gur brú ar dhoicheall an státchórais Éireannaigh, a bhí i ngach éileamh daonlathach a rinne pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an rialtas riamh lena gcearta iomlána mar shaoránaigh a bhaint amach. Níor baineadh amach Údarás na Gaeltachta, an córas Gaelscolaíochta, Raidió na Gaeltachta, Teilifís na Gaeilge, stádas iomlán don teanga san Aontas Eorpach ná an tAcht Teanga gan streachailt agus brú teann aníos ón bpobal.'.
Cuid mhaith den cheart ansan; caitheann pobal a chuid treoraithe a bheith aige, ach caithfidh tacaíocht a bheith ar fáil taobh istigh den chóras, chomh maith, fiú má deirim féin sin.

Ach in ainneoin a bhfuil de dhaoine sa chóras in Éirinn atá ar son na teanga, is léir go bhfuil go leor eile ann leis atá ina coinne nó an-amhrasach fúithi. Mura bhfuil san amhlaidh, cén fáth go mbeadh frithionsaí ar siúl ag an Roinn Oideachais (& Eolaíochta) againne anois, mar shampla, in aghaidh an tumoideachais lánGhaeilge i ranganna naíonán, gné de shainspiorad oideachais fhormhór na nGaelscoileanna. Ní fada ó dúirt duine le húdarás liom féin, cuir i gcás, gur 'droch-chleachtas' a bhí sa nós seo a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige.

Bíodh an tuiste a chreideann gur teanga lán-daonna í an Ghaeilge ar a aire, mar sin. Níl san aitheanta ag an Roinn Oideachais anseo go fóill. Tá an tumoideachas lánBhéarla ceadaithe sa stát seo, ach tá am agus acmhainní an cháiníocóra curtha amú ag an Roinn againne ag iarraidh deireadh a chur le tumoideachas Gaeilge i rang na naíonán i scoil áirithe le tamall. Má éiríonn leis an iarracht, tá cosc ar a leithéid ar fud an chórais Ghaelscolaíochta i gcoitinne. Sea, frithionsaí ar an dul chun cinn atá déanta ag glúin na Gaelscolaíochta atá anseo. Ní dhearmadfar, agus in am is i dtráth féachfar chuige nach ndearmadfaidh na máistrí polaitiúla ach oiread.

Ach an Tomás Mac Síomóin seo, táim in éad leis agus le seasamh na teanga Catalóinise a bhfuil sé ag gnúsacht go míshásta i dtaobh an staid ina bhfuil sí. Labhrann Tomás linn faoi chomhrialtas catalanista na Spáinne: tá an Chatalóinis oifigiúil, comhoifigiúil leis an Spáinnis sa Chatalóin féin, agus i bhformhór na dtailte Catalóineacha eile chomh maith. Is í an meán teagaisc í i mbunscoileanna agus i meánscoileanna poiblí na Catalóine, agus i rannóga áirithe ollscoile bheadh sí go mór chun tosaigh.

Níl an teanga gan a cuid fadhbanna, ámh, mar a luaitear: 'déantar 80% d'obair na gcúirteanna tríd an Spáinnis, ní nach ionadh, mar ní ón gCatalóin a thagann formhór na bhfeidhmeannach, agus diúltaíonn an stát Spáinneach breithimh le Catalóinis a cheapadh', a chuirtear in iúl dúinn. Tuigeann Tadhg Taidhgín, a déarfá.

In ainneoin an dul chun cinn atá déanta is léir brú na mórtheanga, i gcás na teilifíse agus na meán i gcoitinne chomh maith. Tá na cainéil Spáinnise chun tosaigh, b'iad ba thúisce a bhí bunaithe, agus in ainneoin rogha maith nuachtán a bheith ann, ceannaíonn a trí oiread daoine an t-earra laethúil Spáinnise. Tá fírcí spéisiúla anseo, chomh maith, maidir le foilsitheoireacht leabhar, agus ní chun tairbhe na Gaeilge an chomparáid. Ar ndóigh, míbhuntáiste don Chatalóinis ar bhealach is ea é an ceantar a bheith ina dhúthaigh mhór tionsclaíochta. De thoradh na hinimirce, mionlach de dhaichead faoin gcéad is ea lucht labhartha na Catalóinise ina bpríomhchathair féin, Barcelona, agus braitheann na hinimirceoirí ó Mheiriceá theas go Navarra gur mó de bhuntáiste Spáinnis a bheith acu seachas Catalóinis.

Cuireann sé seo leis an gcódmhalartú, mar a thugtar air go teicniúil, agus aithneoidh an Gaeilgeoir a bhfuil i gceist i dtuarascáil de chuid Institiúid an Léinn Chatalóinigh gan stró ar bith:

Is é is cúis leis an meath ar an gCatalóinis, a deir tuarascáil na hInstitiúide, ná: 'dioscúrsaí féinsásta teanga, bac ar úsáid na Catalóinise a eascraíonn as comh-oifigiúlacht na Spáinnise léi sa gCatalóin agus... polasaithe, cuma oscailte nó ceilte iad, a thugann tús áite don Spáinnis.... Agus iad curtha go leanúnach sa riocht go gcaithfidh siad rogha a dhéanamh idir teanga... an Chatalóinis... atá curtha i láthair go rianúil mar fhadhb, agus teanga eile, atá ceaptha a bheith neodrach, gan fadhb ar bith ag baint léi, is nós le neart Catalóineach casadh ar an Spáinnis....' (Lgh. 22-23)
Códmhalartú a thugtar go teicniúil air seo: 'samhlaítear do lucht na códmhalairte,' a deirtear linn, 'go bhfuil an t-iompar seo normálta agus gur comhartha dea-bhéasa é. Agus an mothú seo inmheánaithe acu, airíonn siad dulagas a bheith orthu casadh ar an Spáinnis, ach ní bhraitear go mbíonn dualgas ar bith ar an Spáinniseoir casadh ar an gCatalóinis.'

Is dócha go bhféadfaí Conamara a lua sa ghiota sin in ionad Catalunia, agus Béarla a rá in ionad Spáinnis agus bheadh tuairisc againn ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níl aon amhras ach gur fadhb tú, a Ghaeilgeoir. Nach bhfuil sé chomh maith agat a bheith mórálach as?

Mar sin féin, ba bhreá liomsa an bhail chéanna a bheith orainne is atá ar lucht na Catalóinise: go mbeadh ár dteanga shinseartha á labhairt ag breis agus daichead faoin gcéad de mhuintir na príomhchathrach mar shampla, agus í i mbéal a ngob ag nócha faoin gcéad de mhuintir na tuaithe sna contaethe mórthimpeall. Tabhair 'códmhalartú' ar a leithéid.

Mura ndeineann Tomás Mac Síomóin puinn eile sa leabhrán seo Ceachtanna ón gCatalóin, soiléiríonn sé dúinn nach bhfuilimid inár n-aonar. Tá pobail eile ann atá ag tabhairt aghaidh ar a gcuid fadhbanna, fadhbanna den tsaghas céanna atá againne. Tá saol eile ann seachas saol an Bhéarla, má sea. Sa chomhthéacs domhanda, an sprioc is cóir a bheith againne ná oidhreacht dhaonna na Gaeilge a thabhairt slán. Is ionann sin agus teacht slán sinn féin mar dhaoine, agus mar phobal. Soilsíonn an tuairisc seo ar fhadhbanna na Catalóinise na fadhbanna atá againn féin, agus soiléirítear a bhfuil romhainn le déanamh. Is maith is fiú an sé euro é.

Feasta, Meitheamh 2006

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais