Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Dlí Leasa Phoiblí agus Leas Phobal na Gaeilge


le Gearóid Mac Unfraidh


Conas is féidir le muintir na Gaeilge stádas na Gaeilge agus leas phobal na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den chóras dlí?

=========================
An aidhm atá leis an páipéar seo ná a thomhas conas is féidir le lucht na Gaeilge stádas na Gaeilge agus leas phobal na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den chóras dlí.

Is gá staidéar cuimsitheach ar an tslí a bhfuil an dlí agus an Ghaeilge ag imoibriú ar a chéile. An aidhm is cóir a bheith ag dlí leasa phoiblí ó thaobh na Gaeilge de ná na spriocanna thuasluaite a bhaint amach.

Dul chun na cúirte

Níl ach dhá dhream in Éirinn gur féidir leo dul chuig an dlí: iad siúd atá saibhir agus a bhfuil fuílleach airgid acu, agus iad siúd atá bocht agus nach bhfuil aon airgead acu, agus nach bhfuil aon mhaoin saoil dá gcuid féin acu agus nach baol doibh má chailltear an cás.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil drogall ar lear mór den phobal dul in aice na cúirte, agus tá fáthanna bunúsacha leis seo.

Costas an dlí an phríomhchonstaic ar Ghaeilgeoirí dul chun na cúirte chun a gcearta teanga agus cultúrtha a shlánú. Ní hamháin gur constaic na costais tionscnaithe, ach constaic eile is ea na costais a ghearrfaí orthu dá gcaillfidís an cás. Ní thuigtear go minic, chomh maith, go bhfuil gá le saineolaithe mar fhinnéithe, agus gur gá sainfhinnéithe chun eolas agus taighde a chur os comhair na cúirte.

Anuas air sin, tá constaicí eile ann sa mhéid is go bhfuil leisce ar na cúirteanna i gcoitinne ligint do ghrúpaí cás a thógaint, agus in aghaidh an Stáit, ach go háirithe. Braitheann roinnt breitheamh go bhfuil sé de dhualgas orthu, nó nach mbaineann sé leo, leas an phobail a chur chun cinn, ná go mbaineann an córas dlí le cearta an duine aonair a shlánú. Ach mar atá mínithe, tá constaicí ann maidir le cearta duine aonair a shlánú tríd na cúirteanna.

Ar an mbonn sin, tá mé ag moladh go dtabharfaí faoi straitéis a chuideodh le saoránaigh taobh ó thuaidh agus ó dheas den teorainn a gcearta a shlánú. Nuair a luaitear straitéis a chur i bhfeidhm, is é an rud atá i gceist ná go mbeadh mórstraitéis ann, agus go n-úsáidfí dlí leasa phoiblí mar chuid den mhórstraitéis sin leis an teanga agus cearta saoránaigh a chur chun cinn.

1. Athchóiriú dlí

Céim 1

Tá gá le comhairleoir ar dhlí teanga a d’fhéadfadh comhairle a chur ar na heagraíochtaí Gaeilge idir dheonach agus eile maidir le ceisteanna dlí le dealramh a aithint, agus leasaithe dlí a chur chun cinn.

Faoi láthair tá coiste abhcóidí ar fáil ag Comhairle Bharra na hÉireann le comhairle dlí a chur ar dhaoine ar bhonn pro bono. An deacracht atá ann ná go bhfuil bearna idir na grúpaí atá ag lorg comhairle agus cabhrach, agus na daoine a bhfuil an t-eolas sainiúil acu. D’fhéadfadh an Comhairleoir ar dhlí teanga an bhearna sin a líonadh trí chasadh leis na grúpaí éagsúla agus cuidiú leo nádúr na faidhbe agus na féidearthachtaí a phlé.

Céim 2

Ag an dara chéim, d’fhéadfadh sé iad a chur i dteagmháil leis na habhcóidí cuí. Faoi láthair níl aon airgead ar fáil chun cuidiú le hathchóiriú dlí, ach d’fhéadfaí an laige seo a shárú dá mbeadh ciste taighde dlí ar fáil.

2. Oideachas dlíthiúil

Faoi láthair tá a lán oibre ar siúl ag Daithí MacCárthaigh agus Proinsias Ó Maolchalain maidir le heolas faoin gcóras oideachais a leathnú.

Gné eile den cheist gur gá tabhairt faoi ná ceangal díreach a chothú idir pobal na Gaeilge agus foinsí eolais ar dhlí leasa phoiblí. Tá gá le pointe teagmhála nua maidir le conas a d’fhéadfaí polasaí éifeachtach a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh Roinn na Gaeltachta cuidiú chun an bhearna seo a líonadh.

Tá gá le cásanna áirithe a thabhairt os comhair cúirte chun cearta teanga agus leas na Gaeilge a chur chun cinn. Mar a míníodh thuas, is i an príomhchonstaic ina choinne seo ná costais.

Rialtas na hÉireann – Leibhéil Náisiunta

Laige mhór eile a bhaineann le cúrsaí teanga in Éirinn ná an dearcadh nua maidir le príobháidiú seirbhísí poiblí. Tá gá le fochoistí ar bhonn náisiúnta agus réigiúnda anois chun cearta teanga a shlánú i gcúrsaí a bhaineann go dlúth le saol lucht na Gaeilge sna codanna den earnáil phríobháideach a bhí tráth san earnáil phoiblí. Ciallaíonn seo nach bhfuil teagmháil dhíreach a thuilleadh ag pobal na Gaeilge leis an rialtas, sa mhéid nach é an rialtas a chuireann seirbhísí áirithe ar fáil. Tá sé seo le feiscint go soiléir i gcásanna Vodafone, O2 agus Meteor, a bhfuil críochdheighilt eile déanta ar an tír acu, i gcomparáid leis an tseirbhís phoist atá ar fáil ar bhonn uile Éireann ar an gcostas céanna thuaidh agus theas. Is céim ar gcúl atá ann ó thaobh athaontú na tíre, mar ceadaítear don earnáil phríobháideach idirdhealú a dhéanamh idir codanna éagsúla sa tír.

Tá dul chun cinn déanta sna 26 chontae leis an gCoimisinéar Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ach ní greasán comhairleoireachta dlí atá in oifig an Choimisinéara. Ní chuirtear aon chomhairle ar dhuine i dtaobh na buanna nó na laigí a bhaineann le faoiseamh dlíthiúil a lorg. Ní slabhra eile i maorlathas na Gaeilge a bheadh sa bhFondúireacht Dlí, ach córas cosanta sa bhreis.

Tá cúrsaí chomh holc is a bhí riamh sna Sé Chontae, agus is léir ón bpríomhchoimisinéar ar an Northern Ireland Human Rights Commission, Monica McWilliams, gurb í an Ghaeilge an chloch is lú ar a paidrín maidir leis an gcoincheap atá aici siúd de chearta.

Rialtas Áitiúil – Leibhéal áitiúil

Cuirtear isteach ar shaol na Gaeilge ar bhonn laethúil leis an bpríomháidiú atá á dhéanamh ar sheirbhísí sa réimse rialtais áitiúil freisin, agus ní hionann an tslí a chaitheann na húdaráis áitiúla éagsúla le lucht na Gaeilge. Ar an bhonn sin, is gá go mbeadh coiste Gaeilge bunaithe i ngach limistéar de chuid na n-údarás áitiúil d’fhonn faire a dhéanamh ar an tslí a bhfuil na fo-dlíthe á gcur i bhfeidhm agus na seirbhísí poiblí á gcur ar fáil.

Tá a leithéid céanna ag tarlú sna seirbhísí sláinte, agus is gá go mbeadh coiste ag faire ar na cúrsaí sin. Ní gá ach a lua go gcuirtear sainseirbhísigh ag a bhfuil Béarla amháin go dtí Gaeilscoileanna na tíre. Cén teachtaireacht a chuireann seo i gcionn ach nach féidir le Gaeilgeoirí bheith ina ndlíodóirí nó ina n-altraí sláinte poiblí agus mar sin de. Sa chomhthéacs seo, is cóir an cás is tábhachtaí riamh a bhaineann le slánú cearta a mheabhrú, Brown v. Board of Education of Topeka, Shawnee County, Kansas, 347 U.S. 483, 74 S.Ct. 686, 99 L. Ed. 1083 (1955). Sa chás sin, chuir an Chúirt Uachtarach deireadh leis an teagasc separate but equal sa chóras bunscolaíochta, faoina ndeintí idirdhealú de réir dlí ar bhonn cine. An rud nach dtuigtear go ginearálta gurb é an NAACP Legal Defense and Education Fund Inc. a thóg an cás chun na cúirte, is gur deineadh é sin ar bhonn phlean maidir leis an dlí leasa phoiblí agus na dlíthíochta.

I mbeagán focap, is é a deineadh ná an cás a roghnú go straitéiseach, roghnaíodh na fíricí ab éifeachtaí leis an cás a thabhairt os comhair na cúirte, agus tugadh an t-iomlán go hiomlán go dtí an Chúirt Uachtarach. Bhí a fhios ag na tionscnóirí dá n-éireodh leo, go mbeadh tionchar aige ar an dlí ar fud na stát go léir.

Bhí an réamh-ullmhuchán an-snasta agus an-chríochnúil sa chás seo, óir deineadh miontaighde ar na fíricí ar fad. Mar shampla, bhí socheolaithe in ann teacht agus a rá go roghnaíodh cailíni gorma bábóigíní bána sna siopaí seachas bábóg ar a ndath féin, toisc go bhfacthas do na páistí gur fearr i bhfad bábóigín bán seachas bábóigín gorm. Tugtar an sampla seo lena léiriú nach leor cás a thabhairt os comhair na cúirte, ach go gcaitear an réamhobair go léir a bheith déanta roimh ré.

Ciallaíonn seo go bhfuil ról níos leithne ná cúramaí dlí amháin i gceist, agus go mba chóir go mbeadh na háisínteachtaí Gaeilge, idir dheonach agus ghairmiúil, ag déanamh an taighde cuí i ngach gné den saol leis na fíricí a chur ar fáil faoin tslí a bhfuiltear ag caitheamh leis an Ghaeilge i ngach réimse den saol. Mar shampla, is ag snámh in aghaidh easa atá na Gaelscoileanna an t-am ar fad agus iad ag iarraidh seirbhísí i nGaeilge a fháil ó dhochtúirí, ó ghardaí agus ó lucht na n-áisínteachtaí go léir a thagann isteach sa rang chucu agus a chraobhscaoileann a bhfuil le fógairt acu trí Bhéarla amháin.

Sampla eile den taighde is gá a dhéanamh ná na ceantair bhochta ina bhfuil Gaeilscoileanna, agus an tslí a bhfuil dul chun cinn nó a mhalairt á dhéanamh ag lucht na Gaeilge sna ceantair sin. Caithfear an taighde seo a dhéanamh ar bhonn leanúnach chun go dtiocfadh fás agus forbairt ar an bpobal Gaeilge.

Is gá an taighde seo a dhéanamh i ngach gné den saol chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is fiú féachaint air seo i gcomhthéacs a bhfuil ráite ag an Roinn Oideachais nach bhfuil aon fhreagracht orthu a chinntiú go bhfuil múinteoirí ar fáil sa tír gur féidir leo an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna. Léiríonn sin an gá atá le grúpaí tacaíochta i ngach gné den saol, grúpaí a chuireann na fíricí ar fáil agus a sheolann isteach iad go dtí Comhairleoir ar dhlí teanga, chun go gcuirfí comhairle cuí ar an dream áirithe atá i gceist.

Is léir ón méid seo nach féidir le lucht an dlí feidhmiú leo féin, ach go gcaithfear comhaontas a chur ar bun leis na heagraíochtaí Gaeilge, idir eagraíochtaí deonacha agus gairmiúla, idir scoileanna teagaisc agus institiúidí taighde ardléinn, ní hamháin sna hollscoileanna ach i ngach coláiste agus coláiste réigiúnach ar fud na tíre.

Taighde ildisciplíneach agus Anailís

Caithfear taighde ildisciplíneach a chur ar fáil, maraon le hanailís a chuireann gach gné san áireamh ó thaobh na déimeagrafaíochta de, ó thaobh staidéir stairiúil, ó thaobh cúrsaí airgeadais, agus go gcuirfí an t-eolas cuí ar fáil i dtreo gur féidir leis na heagraíochtaí go léir na laigí atá orthu a shárú, agus na buanna atá acu a chur chun tairbhe. Is léir uaidh sin go bhfuil gá le feachtas a thionscnú lastuaidh agus laisteas den teorainn, ach go ndéanfaí an taighde cuí chun na deacrachtaí sna ceantair éagsúla, agus na gnéithe éagsúla den saol a aithint.

Ansan caithfear scagadh a dhéanamh ar an eolas chun gur féidir feachtais leathana a chur ar bun, a thabharfaidh le fios do na gníomhairí teanga atá ag saothrú go huaigneach leo féin gur féidir leo an neart atá acu a úsáid ar bhealach a athraíonn an gaol idir an mhórchumhacht agus an gnáthdhuine. Ní hé lá na gaoithe lá na scoilbe, agus bheadh an réamhthaighde déanta ar son daoine ar nós Máire Nic an Bhaird, mar shampla, atá cúisithe as mí-iompar in áit phoibli de bharr gur chuala póilín í ag labhairt i nGaeilge.

Ar deireadh, is féidir dul go dtí na meáin chumarsáide, mar bheadh ról lárnach ag na meáin. An claonadh atá in Éirinn inniu ann ná dul do dtí na meáin chumarsáide i dtosach, gan an réamhobair a bheith déanta, agus ní bhíonn sa cheist ach iontas na huaire seachas feachtas críochnúil.

FONDÚIREACHT

Ciste dlí leasa phoiblí (CDLP)


Is gá go mbunófaí ciste dlí leasa phoiblí chun cuidiú le hairgeadú a dhéanamh ar fheachtais dlí leasa phoiblí.

1. Aidhm

An aidhm a bheadh ann ná cuidiú leis na haicmí is laige sa tsochaí, go háirithe Gaelscoileanna i gceantair nach bhfuil go maith as, lastuaidh agus laisteas den teorainn. Chuideodh sé sin leis an bhfondúireacht féin stádas carthannachta a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Fondúireacht a bheadh i gceist, ach ba chomhair go mbeadh sé ina foras agus ina comhlacht teoranta de réir rathaíochta, nó ina scéim corpraithe faoin Acht Carthannas 1974 ó dheas agus faoin Acht cuí ó thuaidh.

Bord agus Bainistiú: ní bheadh ach bord beag d’iontaobhaithe ann. Roghnófaí iad toisc an tuiscint a bheadh acu ar dhlí leasa phoiblí, ach ní bheadh siadsan féin páirteach sna cásanna, i dtreo is nach mbeadh aon leas dílsithe i gceist, nó go mbeadh cearta ag teacht salach ar a chéile. Ba chóir go mbeadh duine ann ón réimse oideachais, ón réimse dlí agus ón réimse pobail.

Chiallódh an stádas carthannachta nach bhféadfadh aon bhall den bhord aon leas pearsanta a bhaint as na cásanna ó thaobh airgeadais srl.

2. cineál cás a ndéanfaí airgeadú air

Dhéanfaí airgeadú ar chásanna a ardaíonn ceisteanna nach ceisteanna pearsanta le páirtithe iad, ach ceisteanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhthéacs na Gaeilge, nó grúpaí faoi mhíbhuntáiste. Bheadh siad ag iarraidh dúshlán a thabhairt i gcás ceisteanna tábhachtacha dlí, nó maidir le soiléiriú a fháil ar cheisteanna tábhachtacha dlí, ar cheisteanna atá bunúsach ó thaobh pholasaí phoiblí de, nó a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne, nó a bhaineann le loiceadh eagraíochta poiblí, nó meanmú do chóras féin. Beidh eagraíochtaí ann nach bhfuil sásta seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil.

Bheadh sé mar phrionsabal nach gcuideofaí le haon chás a dhéanfadh dochar do leas poiblí cine nó grúpa eile, ach shoiléireofaí i gcoitinne go mbeadh sé mar pholasaí ag an mBord cuidiú le grúpaí daoine nó eagraíochtaí cás a thógaint ar mhaithe le leas coitianta na Gaeilge.

Duine / eagraíocht in ann cás a thabhairt?


Cé leis a ghlacfar? I gcoitinne, na heagraíochtaí go léir i saol na Gaeilge, agus daoine a shásaíonn an critéar thuasluaite - leas coitianta na Gaeilge. Is léir, chomh maith, ar chúiseanna airgid go mbeadh cásanna ann nach mbeadh an coiste in ann a gcostas iomlán a sheasamh, ach d’fhéadfaí cuidiú le gné den chás a thabhairt céim chun tosaigh, nó airgead a sholáthar le taighde a dhéanamh agus eolas ó shaineolaithe a chur ar fáil, nó sainfhinnéithe sholáthar a chuideodh le meastachán a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhain leis an chás agus an seans go n-éireodh leis, nó a mheas an gcuirfeadh sé leas an phobail chun cinn.

Ciallaíonn sé sin go mbeadh ar an iarratasóir an Bord a shásamh faoin gceart nó leas a dhéanfaí a shlánú; mar shampla, gach seans nárbh fhiú leanúint ar aghaidh leis an gcás mura mbeadh ach ceart teoranta srianta seachas ceart bunúsach a shlánú.

D’fhéadfaí freisin a chur san áireamh, ach an t-eolas cuí a bheith ar fáil, go mb’féidir go mbeadh airgead le fáil faoi scéim an Ardaighne nó an Choimisinéara Teanga, nó i gcás na Sé Chontae, go bhféadfaí dul go dtí an Eoraip leis.

An Fondúireacht : Airgeadú

Loirgeodh an coiste airgeadú ó gach réimse saoil. B’fhéidir go mbeadh orthu íoc as coiste riaracháin agus íoc as comhairle saineolaithe a fháil. Bheadh orthu comhairleoir sa dlí teanga a fhostú chun comhairle a chur ar na heagraíochtaí Gaeilge, idir eagraíochtaí deonacha agus gairmiúla. Dhéanfadh an comhairleoir teanga an cúram seo, maraon leis na cúramaí atá thuasluaite a chomhlíonadh freisin.

Deacracht amháin a bhaineann leis an airgeadú seo ná go bhfuil sé deacair a fhios a bheith agat roimhré cad iad na costais a bhaineann le cás, go háirithe má chailltear é. Bheadh sé i gceist go n-aisíocfadh an gearánaí ar éirigh leis an t-airgead ar ais leis an bhforas dlí, i dtreo go bhféadfaí é a úsáid le haidhmeanna ginearálta an fhorais a chur chun cinn, ach bheadh ar an bhforas meastachán a dhéanamh ar na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann le cás costasach a thabhairt chun críche.

Athbhreithniú

Ba chiallmhar athbhreithniú a dhéanamh ar obair an chórais seo amach anseo. Sna Fiche Sé Chontae, tá córas maith soiléir ann faoi athbhreithniú breithiúnach, agus ní gá don iarratasóir ach an chúirt a shásamh go bhfuil argóint mhaith le déanamh sa chás. D’fhéadfaí cásanna a thabhairt ar an bhonn sin go héasca, agus aithbhreithniú a dhéanamh nuair a thagann an ráiteas freasúra thar n-ais ón bhfreagróir sa chás.

Tá cosaint áirithe le fáil sna Fiche Sé Chontae ó thaobh obair an Choimisinéara Teangan, agus an bhunreachta. Tá sé ríshoiléir freisin go bhféadfaí leas a bhaint as na heagraíochtaí eile cosúil le Fear an Phobail, Comreg srl. le cearta lucht na Gaeilge a shlánú.

Bheadh sé de chumhacht ag an bhfondúireacht tacú le heagraíochtaí eile atá ag iarraidh dlí leasa phobail a chur chun chinn.

Na Sé Chontae

Níl Bunreacht ag Sasana. Is í an Phairlimint an Ardchumhacht sa Ríocht. Is féidir le Pairlimint Shasana pé dlí is mian leis an bPairlimint a rith, agus níl aon dul as ag aon dream nó ag aon duine ach glacadh leis an dlí sin. Ach tá maolú ar an Ollchumhacht Phairliminteach sin de dheasca: (1) Ballraíocht Shasana san Aontas Eorpach agus rialú Chúirt na hEorpa; (2) Coinbhinsean na hEorpa um Chearta Daonna agus rialú Chúirt na hEorpa um Chearta Daonna; (3) An tAcht um Chearta Daonna 1998 (The Human Rights Act).

Cuireadh moill ar theacht i bhfeidhm an Achta seo le deis a thabhairt do lucht an dlí iad féin a chur ar an eolas faoi na himpleachtaí a bhain leis an Acht.

Méadaíonn na hathruithe seo ar ról athbhreithnithe na Cúirte maidir leis an tslí a gcuirtear dlíthe i bhfheidhm. De réir a chéile tá na cúirteanna ag cíoradh na gceisteanna éagsúla.

Éilíonn Alt 3 den Acht um Chearta Daonna go gcuirfí bun dlíthe agus fo-dhlíthe i bhfeidhm ar bhealach nach sáraíonn Cearta an Choinbhinsin. Faoi Alt 4 is féidir leis an gCúirt dearbhú a dhéanamh más rud é go bhfuil reachtaíocht ag teacht salach ar Chearta faoin Choinbhinsean.

Rialaigh Teach na dTiarnaí gur sháraigh Cuid 4 den Anti-Terrorism Crime and Security Act 2001 an Coinbhinsean.

Rialaíodh freisin go raibh feidhm ag an Human Rights Act i gcás na ngéibheannach sna campaí géibhinn atá faoi cheannas Airm Shasana san Iaráic.

De bharr na n-athruithe seo, agus ag leanúint sampla brúghrúpaí sna Stáit Aontaithe, tá neart eagraíochtaí deonacha agus brughrúpaí ag cur ‘test case policy’ i bhfeidhm. Is é sin go roghnaíonn siad cásanna le cur os comhair na Cúirte. Ardaítear ceisteanna níos leithne ná cás an duine aonraic féin, dá réir, agus gabhtar go croí leas an phobail i gcoitinne. Tá na cásanna seo á dtógaint ag brúghrúpaí, eagraíochtaí deonacha agus ag dlíodóirí aonraic.

Tá an cheist níos deacra sna Sé Chontae. Tá aitheantas áirithe tugtha don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ach in ainneoin gur conradh idirnáisiunta atá ann, chuir Rialtas Shasana an Comhthionól ar fionraí ar an 14 Deireadh Fómhair 2002, rud a fhágann gurb é Pairlimint Westminister atá freagrach as achtanna a rith. Is ag Pairlimint Shasana atá an flaitheas faoi seo.

Is í an Ghaeilge an t-aon príomhtheanga dhúchais ar na hoileáin seo nach bhfuil faoi chosaint ar leith na reachtaíochta intíre. Tá an Bhreatnais faoi chosaint Acht na Breanaise 1993, tá an Ghaidhlig faoi chosaint Acht na Gaidhlige (Albain) 2005. Tá Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh sínithe ag Rialtas Shasana; tá siad tar éis na míreanna is tábhachtaí a aistarraingt, agus níl siad curtha i bhfeidhm.

Ach ritheadh Human Rights Act 1998 ag Pairlimint Westminister a thugann aitheantas agus éifeacht do Choinbhinsean na hEorpa um Chearta Daonna ón dara lá de Mheán Fómhair 2000.

Cuidíonn an Northern Ireland Human Rights Commission le daoine cásanna áirithe a thógáil os comhair na cúirte lena gcearta a shlánú, ach tá easpa acmhainní orthu agus caithfidh an t-iarratasoir critéir áirithe a shásamh. Is léir go bhfuil gá le cabhair ó dhaoine lena gcearta teanga a bhaint amach sna Sé Chontae.

B’fhiú taighde a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sna Sé chontae, agus ar an dul chun cinn atá déanta ó tháinig na Sé Chontae ar an saol i 1920 go dtí an lá inniu, agus na cearta sin a chur i gcomparáid le cearta Gaidhlge agus Breatnaise.

SRIANTA

Níl aon rud scríofa anseo a chuirfeadh aon laincis ar an fhondúireacht cuidiú le heagraíochtaí eile a bhfuil cás comónta acu, agus cearta á slánú a chuideodh le lucht na Gaeilge. Leathchéad bhliain tar éis cás Browne a bheith buaite, is fiú tabhairt faoi deara go bhfuil cinedheighilt fhorleathan sna scoileanna poiblí sna Stáit, go háirithe i gcás Afraimheiriceánaigh agus páistí Latino. Toisc an cúlú maidir le hairgeadú agus toisc neamhaird, is geall le bheith ag soláthar le láimh amháin agus ag baint leis an láimh eile a bhfuil ar siúl, rud atá déanta ag rialtas Shasana chomh fada is a bhaineann le síniú Choibhinsean na hEorpa um Chearta Daonna agus Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh.

An rud is suntasaí ná a laghad dul chun cinn atá déanta maidir le slánú cearta sna Sé Chontae ó síníodh Conradh Aoine an Chéasta agus ó theacht i bhfeidhm Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Teangacha Mionlach. Is léir go dtiteann sé ar gach glúin cearta daonna a shlánú. Ní héagsúil cás na Gaeilge.

Tagairti

  • Brown v. Board of Education of Topeka, Shawnee County Kansas 347 U.S. 483, 74 S.Ct. 686, 99 L. Ed. 1083 (1955).
  • Acht na Breatnaise 1993
  • The Human Rights Act 1998.
  • Coibhinsean na hEorpa um Chearta Daonna.
  • Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
  • Acht na Gaidhlig (Albain) 2005


  • Feasta, Eanáir 2007

    Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais