Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ó MHÁRSA go MAGLA
Straitéis nua don Ghaeilge


le Tomás Mac Síomóin


AN AIMSIR ÓG: Paimfléad 6. Coiscéim. BÁC. €6.

á mheas ag Breandán Mac Gearailt


Straitéis nua don nGaelainn atá á scagadh sa leabhrán seo de chuid Thomáis Mhic Síomóin, paimfléad a 6 de shraith fíorshuimiúil. Tugann an leabhrán seo sólás pearsanta dom féin, mar go bhfuil go leor dá mbíonn ar bun agam féin, fé iarmsaí an chóilíneachais agus an t-iomard atá orainn mar chine dá bharr, ríomtha agus pléite go héifeachtach críochnúil anseo.

An chéad cheist a chaitear chugat ná an gcaillfear an Ghaeilge roimh dheireadh an chéid seo. Tá san á thuar ag údair áirithe. Áiríonn UNESCO go bhfuil an Ghaelainn ar cheann des na teangacha atá i mbaol. Sa chomhthéacs san fiafraíonn an t-údar: cad is cóir dúinn a dhéanamh leis an mbaol sin a chur ó dhoras? Ar an gcéad dul síos, deir sé, gan stair na teangan ar eolas ag duine, níl ciall dá laghad le foghlaim na Gaelainne.

Molann sé eithne de chainteoirí líofa Gaelainne a chruthú laistigh de phobal, ó 10,000 - 15,000, agus feidhm a bhaint mar thús astu siúd a bheadh báidhiúil don teanga mar sprioc ghearrthéarmach. Molann sé ansan meitheal muiníneach a bhunú ar an gcomhluadar sin. Níor mhór, dar leis, scileanna oiliúna agus scileanna i mbun tógála sóisialta, maraon le scileanna polaitiúla a bheith ag lucht na hoiliúna. Beidh tú ag díriú, a deir sé, ar mhionlach láidir comhtháite leis an mbeartas a bhrú ar aghaidh go dtí an chéad réimse/ chéim eile.

Samplaí is ea na polasaithe a chuireann stáit neamhspleácha Eorpacha, mar an Fhrainc agus an Spáinn, ar bun, le go mbeadh a dteanga ábalta dul i ngleic le hathruithe saoil nó fiú athruithe meoin. ‘Féach’ a deire sé, ‘ar an leagan amach atá ag Academie Francaise, nó an Real Academia Espánóla.’ Tá gníomhaíochtaí urraithe ag na stáit seo le leas a dteanga a dhéanamh i dtíortha eile; samplaí sea an Alliance Francaise nó Instituto Cervantes.

Deir Tomás go raibh dhá aidhm ag coilíneachas Shasana in Éirinn, forlámhas míleata agus forlámhas cultúrtha. Fé lár an 17ú haois, agus forlámhas eacnamaíochta acu, bhrúdar ar aghaidh le forlámhas cultúrtha, á bheachtú agus á chur i gcrích. San am, ba í an Ghaeilge gnáth-theanga 90% de phobal na tíre. Dhá chéad bliain ina dhiaidh sin bhí líon na gcainteoirí dúchais titithe go 20%. Dar leis, d’fhág an próiseas sin coimpléacs ísleachta i leith an dúchais i gcroíthe na muintire. Éalaing shíceolaíochta í seo, rud ná hadmhaítear de ghnáth, ach atá imithe go smúsach i scata againn, dar leis. Sin é, gan dabht, a lagaíonn ár neamhspleáchas polaitiúil.

Bhí agus tá ‘an t-iarsma ag sú an dúchais as gach réimse dár saol’. Tharla athruithe móra san eaglais Chaitliceach sa tír seo agus ar an leagan amach a bhí acu. De gheit chuireadar cosa bóracha spadálacha uathu cúpla céad bliain ó shin, rud a chuir ionadh orthu siúd ó thíortha le cúlra an neamhspleáchais: —
‘A new form of religious tradition was substituted for the old in the demoralised years, which followed the Great Famine’ a deir an Br. M. F. Ó Conchúir: ‘European theologians were puzzled by this impoverished mutation.’. Bhí an bagáiste builgéasach ár gcrapadh coitianta.
I dteannta an Bhéarla agus an tionchar ar an ngnáthphobal, deir Mac Siomóin gur shloigh fiú na Náisiúnaithe an baoite nimhe. Chloisfeá iad ag aithris ranna díchéillí ó G. K. Chesterton mar:
For the Great Gaels of Ireland,
Are the men that God made mad:
For all their wars are merry,
And all their songs are sad.
Deir an t-údar: ‘Uaireanta bhraitheas glothar an bháis i gcúlú na Gaeltachta.’ Anois deirtear leis ná labhrann ach 0.02% de dhaonra na tíre an teanga go laethúil, cé go raibh suas le 20% á labhairt ach a mbaineadh saoirse amach. Dar leis gur cheart cluas a thabhairt do chomhairle Earnán de Blaghd, a dúirt gan an dearmad a dhéanamh: ‘of trusting too long to an effort which is too feeble.’

An Gníomh Mór atá ag teastáil, coitianta; ní beartais ná gníomhartha beaga fánacha. Dá thoradh sin, dar leis go bhfuil an teanga á teorannú coitianta. Déarfadh daoine gur áis í le ceol, craic agus ól, agus luaitear caitheamh aimsirí eile, ach is ócáidí éadroma iad siúd go léir, ócáidí ná fuil mórán tábhacht leo, measann sé, is cuma cén teanga a bhíonn i gceist. Mar sin nuair a bhíonn nithe tábhachtacha le plé, nó mórchinntí le déanamh is gnáthaí go ndeintear dearmad ar an nGaelainn.

Ní tharlódh san in aon tír neamhspleách go mbeadh meas aici uirthi féin, a deir An Siomóineach. Bheadh amhlaidh anseo, ach tá an t-iarchóilíneachas mar aicíd chéasta ag baint an bhoinn ónár misneach agus ónár ndúchas, fiú go dtí an lá inniu.

Sa leabhar seo, díríonn Tomás ar an smúsach mar a bhfuil an aicíd. Cé go bhfuil roinnt don ábhar pas casta agus déarfadh daoine áirithe teibí, tá – dar liom – an t-eolas agus an cruthúnas agus an fhianaise, maraon le céirí leighis, ag deargphocléimrigh os do chomhair amach. Is trua sinn a bheith fé dhaoirse mar atá, ach tá tarrtháil ann, ach an cur chuige Simóineach nó a leithéid a chur i lár mhargadh an chultúir, agus srathar an iarchóilíneachais a chaitheamh i dtraipisí. Sin é An Gníomh Mór.

Tá aithne ar an Siomóineach mar iriseoir, thráchtaire cultúir, mar mhúinteoir agus mar fhile. Tá sé ag cur fé le tamall i gCatalóin na Spáinne. Ar son na staire agus thar aon ní eile ar son an eolais, tarraig an leabhar seo chugat.

Feasta, Eanáir 2007

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais