Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Donnchadh Ó Curraoin as na Rosa

Cathal Ó Baoighill, Mín an Aoire, Scéalaí
Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar


Seo an chéad scéal sa Leabhar ‘Ó Cadhain i dTír Chonaill — Béaloideas na Gaeltachta’. Is cnuasach é seo a d’athscríobh Pádraig Ó Baoighill: chuir sé eagar ar thaifeadadh a rinne sé féin agus Máirtín Ó Cadhain do Scéalaithe Ghaeltacht Thír Chonaill i 1957, a bhí mar ullmhúchán d’Oícheanta Seanchais Ghael Linn i Halla Damer, Baile Átha Cliath. Ba é Máirtín a mhol do Chaomhnóirí Ghael Linn oícheanta seanchais a bheith sa Damer, agus bhíodh an halla lán ar na hócáidí seo, 1956–58.

Tá an leabhar seo á fhoilsiú le caoinchead Iontaobhas Uí Chadhain agus le comhoibriú Rannóg na Lámhscríbhinní, Coláiste na Tríonóide, Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Gael Linn. 44 scéal atá sa leabhar a mbeidh Coiscéim á sheoladh roimh Cháisc i mbliana.


Bhí sin ann agus is fadó ó bhí. Dá mbeinnse ann an uair sin ní bheinn ann anois, ach dhéanfainn scéal nó chumfainn scéal sula mbeinn gan aon scéal.

Sa tseanam bhí lánúin sna Rosa agus ní raibh acu ach aon mhac amháin. Is é an t-ainm a bhí air — Donnchadh Ó Curraoin. Ba é an buachaill ba bhreátha agus ba dóighiúla a tháinig isteach go pobal na Rosann. Bhí sé an-tógtha le spórt agus le himirt chártaí. Bhíodh sé ar shiúl achan oíche antráthach ag imirt chártaí. Oíche amháin chuaigh sé síos chun an Chlocháin Léith, tháinig an-rása air an oíche seo agus níor fhág sé aon phingin fán tábla nár bhain sé. D’fhág sé thíos an Clochán Liath an-tráthach san oíche ach bhí rud amháin faoi, ní raibh eagla ná uaigneas ar bith air in am ar bith.

Siocair nach raibh ag a mhuintir ach é agus é amuigh achan oíche go mbíodh sé an-mhall, bhí an t-athair ag maíomh agus ag moladh gurbh é an chéad rud a dhéanfadh sé, nuair a thiocfadh sé chun an bhaile, an paca cártaí a bhí ina phóca a dhóghadh.

An oíche seo nuair a bhí sé ag teacht ar ais ón Chlochán Liath agus é ag dul thart coradh a bhí sa bhealach mhór chonaic sé an cailín ba dóighiúla a chonaic sé riamh ar amharc a dhá shúil ina suí ag an tábla agus paca cártaí aici. Bhí Donnchadh ag dul thart agus nuair a chonaic sí seo, scairt sí:

‘Nó nach suífidh tú síos, a Dhonnchadh Uí Churraoin’, ar sise ‘go mbeidh cluiche cártaí againn?’
‘Ó go raibh maith agat’, arsa Donnchadh, ‘ach tá deifre de lá orm agus tá sé ró-antráthach san oíche’.
‘Ó bhuel, a Dhonnchaidh’ ar sise, ‘ní bhainfidh sé i bhfad uilig asainn cúpla cluiche a imirt’.
‘I gcás ar bith’, ar sise, ‘nach mé an cailín is dóighiúla a chonaic tú le do dhá shúil riamh?’
‘Bhuel, is tú cinnte’, arsa Donnchadh.
Shuigh Donnchadh síos agus roinn sise na cártaí. Bhain Donnchadh an chéad chúig fichead.

‘Anois, a Dhonnchaidh’, ar sise, ‘bhuail tusa mise’.
‘Rinne’, arsa Donnchadh.
Roinn Donnchadh na cártaí ansin agus bhain sise an dara cúig fichead.
‘Anois, a Dhonnchaidh’, ar sise ‘bhain mise é sin’.
‘Creidim go dtearn’, arsa Donnchadh.
‘Bhuel, a Dhonnchaidh’, ar sise. ‘Ná dearmad anois nach féidir go mbeadh sin pósta. Ach bhéarfaidh tusa anois i scríbhinn domhsa agus bhéarfaidh mise i scríbhinn duitse, ach caithfidh an scríbhinn anois a bheith scríofa in ár gcuid fola féin’.
‘My O!’ arsa Donnchadh, ‘tá sin an-doiligh a dhéanamh’.
‘Níl faic de mhoill a dhéanamh, ar ndóigh’, ar sise, ‘is é a bhfuil le déanamh uilig anois biorán a chur i mbarr do mhéire. Tiocfaidh oiread fola as do mhéar agus a scríobhfas a bhfuil le scríobh uilig.
Sháigh sí an biorán i mbarr a mhéire agus scríobh sí an scríbhinn agus líon sí é le fuil.
‘Anois, a Dhonnchaidh’, ar sise, ‘cuir sin isteach i gcroí do phaca cártaí agus níl tábla dá suífidh tú go brách ann nach mbeidh tú cinnte a bhainte’.

Rinne Donnchadh mar a d’iarr sí air. Thug sí an biorán do Dhonnchadh, sháigh Donnchadh an biorán ina mhéar agus scríobh an rud a d’iarr sí ar Dhonnchadh a scríobh. Shín Donnchadh an scríbhinn a fhad léithe. Chuir sí isteach ina béal é, shlog sí é agus d’imigh sí suas an staighre ina cnap tineadh.

Shiúil Donnchadh leis. Níor chuir sé eagla nó laige air. Tháinig sé chun an bhaile. Bhí dornán prátaí cois na tineadh fána choinne agus babhal mór bláiche. Shúigh sé síos agus d’ith sé na prátaí. Chuaigh sé ar a ghlúine, dúirt sé a phaidrín agus chuaigh sé a luí.

Ar maidin bhí an t-athair ina shuí breá luath. Chuir sé síos tine bhreá agus nuair a bhí an tine ag gail rinne sé réidh bricfeasta. Nuair a bhí a bhricfeasta déanta aige chuaigh sé a fhad le cóta Dhonnchaidh a bhí crochta ar thaobh an bhalla. Chuir sé a lámh isteach sa phóca. bheir sé ar an phaca cártaí agus nuair a bhí sé ag teacht aníos lena gcaitheamh isteach i gcroí na tineadh thit an scríbhinn amach as na cártaí Chorm sé agus thóg sé an scríbhinn. Bhí léann maith aige agus léigh sé é.

Níor lig sé dadaidh air go dtí gur éirigh Donnchadh. Nuair a bhí a bhricfeasta déanta ag Donnchadh…

‘A Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘cá raibh tú aréir’.

‘Bhí mé thíos ar an Chlochán Liath’, arsa Donnchadh, ‘ag imirt chártaí. Bhí an rása chártaí ab fhearr a bhí riamh orm agus níor fhág mé pingin fán tábla nár bhain mé’.
‘Rinne’, arsa an t-athair, ‘agus bhain tú bean leis ar an bhealach chun an bhaile’.
‘Ó caidé atá a fhios agatsa?’ a dúirt Donnchadh, ‘caidé a rinne mé?’
‘Tá a fhios agam, a mhic’, ar seisean.
‘Tá sé de dhíobháil ort a dhul fá na sagairt agus amharc fá dtaobh díot féin’.
Nuair a bhí an t-athair fada go leor ag gabháil dó, ghléas Donnchadh air agus chuaigh sé a fhad leis an tsagart ba chóngaraí dó agus d’inis sé a scéal.

‘Tchím, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘tá do chás an-chruaidh ach ní thig liomsa aon chineál maith a dhéanamh duit’.

Bhí Donnchadh ag dul ó shagart go sagart go dtí go dteachaigh sé a fhad leis an Easpag agus dúirt nach raibh aon duine ábalta Donnchadh a réiteach. ‘Bhuel’, arsa an t-easpag leis.

‘Ní feasach domh duine a bith ar an tsaol seo a dtig leis thú a réiteach ach sagart óg a bhfuil gráinnín leighis aige agus mura dtig leis-sean thú a réiteach, tá tú an-doiligh a réiteach’.

Shiúil Donnchadh leis agus chuaigh sé a fhad leis an tsagart óg seo agus d’inis sé a scéal dó mar a d’inis mise daoibhse.

‘Sílim, a Dhonnchaidh, go bhfuil do chás an-chruaidh agus faic na fríde ní thig liom a dhéanamh duit, agus ní feasach domh duine ar bith ar tsaol seo ach fear amháin. Sin sagart a chuaigh in aghaidh an chreidimh seacht mbliana ó shin. Tá sé ag obair don diabhal ar mhullach an tsléibhe le seacht mbliana, agus is é an t-ainm atá air An Bráthair Ó Gréacháin.

Caithfidh tú siúl trí lá, trí oíche, ceanntarnocht, costarnocht, agus i do throscadh. Nuair a bheas sin déanta agat beidh tú ar mhullach an tsléibhe agus tchífidh tú an caisleán a bhfuil sé ina chónaí ann’.

Chaith Donnchadh de na bróga agus a hata agus d’imigh sé leis ag siúl ceanntarnacht, costarnocht ar feadh na dtrí lá agus na dtrí oíche. Nuair a bhí sin déanta aige bhí sé ar mhullach an tsléibhe agus chonaic sé an caisleán ba deise a chonaic sé riamh ar amharc a dhá shúil ar mhullach an tsléibhe sin.

Tharraing sé ar an chaisleán, chuaigh sé isteach. Bhí an sagart ina shuí cois na tineadh agus chuir sé céad fáilte roimh Dhonnchadh Ó Curraoin as na Rosa.

‘Tá mé anseo liom féin’, ar seisean, ‘le seacht mbliana agus tá cuideachta sa deireadh agam’.
‘Bhuel, creidim go bhfuil’, arsa Donnchadh.
‘Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘creidim go bhfuil an t-ocras ort’.
‘Tá go cinnte’, arsan Donnchadh. Rinne sé réidh tráth bia do Dhonnchadh.
‘Anois, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘ith do sháith agus ná bíodh eagla ort roimh an bhia’.

Shuigh Donnchadh isteach a fhad leis an tábla agus d’ith sé tráth maith agus nuair a bhí a sháith ite agus ólta aige, thug sé buíochas don tsagart, agus d’inis sé a scéal dó mar a d’inis mise daoibhse.

‘Bhuel, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘Ó chuir tú an trioblóid orm, déanfaidh mise mo dhíchealty duit’.
Shuigh sé síos, thug leis peann agus páipéar agus scríobh sé litir. Nuair a bhí an litir scríofa aige, chuir sé seoladh uirthi agus dhruid sé í. Shín sé a fhad le Donnchadh í.

‘Anois, a Dhonnchaidh, rachaidh tú suas a fhad le ceann an tighe ansin, a fhad leis an léana bheag atá ansin agus caithfidh tú an litir ar an talamh. Ní stopfaidh an litir’, ar seisean, ‘go ndíreoidh sí ar gheaftaí Ifrinn. Leanfaidh tú an litir agus nuair a stopfaidh sí ag na geaftaí, béarfaidh tú ar an litir agus beidh tú ag ciceáil na ngeaftaí agus cá bith an diabhal a thiocfas amach sínfidh tú an litir a fhad leis.

Rinne Donnchadh mar a d’iarr an sagart air. Chuaigh sé suas a fhad le ceann an tighe agus chaith sé an litir ar an talamh. D’éirigh an litir léithe, agus bheireadh sí ar an ghaoth a bhí roimpi agus ní bheireadh an ghaoth a bhí ina diaidh uirthi. Ní thearn sí stad mara nó cónaí gur stop sí ag geaftaí Ifrinn. Lean Donnchadh í, phioc sé suas an litir, bhuail sé cic ar an gheafta, tháinig diabhal mór amach a raibh péire adharc air agus a dhá chois scoilte mar bheadh cos bó ann. Shín Donnchadh an litir a fhad leis. D’fhoscail sé an litir agus léigh sé í. Nuair a bhí an litir léite aige, scairt sé amach ina hainm ar a leithéid seo de chailín, an cailín céanna ar imir Donnchadh na cártaí léithe thíos sna Rosa. Tháinig sí amach mar a bhí sí, beo beithíoch ar an tsaol seo.

‘An scríbhinn a bhain tú den fhear seo a leithéid seo d’oíche, tabhair dó é’, arsa an diabhal.
‘Go brách ní thabharfaidh mise an scribhinn sin dó’.
‘Cuirfidh mé isteach sa tinidh is mó in Ifreann thú mura dtugann tu dó í’.
‘Go brách’, ar sise, ‘ní thabharfaidh mé an scríbhinn dó’.
‘Cuirfidh mé i do luí thú ar leabaidh’, ar seisean, ‘atá cóirithe fá choinne An Bráthair Ó Gréacháin atá ag obair ar mhullach an tsléibhe le seacht mbliana mura dtugann tú an litir dó atá táite le luaidhe agus le bronastún’.*
Nuair a chuala sí iomrá ar an leabaidh a raibh sé a cur a luí ann thug sí an scríbhinn dó.

Ar ndóigh d’iarr an sagart ar Dhonnchadh a bheith cinnte agus pilleadh ar ais air, agus inse dó caide mar a tharla dó. Nuair a fuair Donnchadh an scríbhinn thug sé í ar ais go mullach an tsleibhe agus chuaigh sé isteach chun tighe.

‘Tchím’, arsa an sagart le Donnchadh, ‘go bhfuil tú anseo ar ais’.
‘Tá’, arsa Donnchadh.
‘Caidé mar a d’éirigh leat?’ arsa an sagart.
‘Bhuel’, arsa Donnchadh leis, ‘bhí anás mór ann sula bhfuair mé an scríbhinn’.
‘Chuir sí suas ó thús an scríbhinn a thabhairt domh agus dúirt an diabhal léithe go mbeadh sí ina luí, go gcuirfeadh sé a raibh de cheangail in Ifreann uirthi agus go gcuirfeadh sé isteach i dtinidh mhór Ifrinn í, mura dtabharfadh sí an scríbhinn domh. Dhiúltaigh sí an scríbhinn a thabhairt domh.

Dúirt sé ansin léithe go gcuirfeadh sé ina luí í ar leabaidh a bhí cóirithe aige fá do choinnese, a bhí ag piocadh le luaidhe agus bromastún nuair a gheofá bás’.

‘Cinnte, a Dhonnchaidh’, ar seisean. ‘Sin an leabaidh anois atá cóirithe fá mo choinne agus tá a fhios agam féin anois gurb í’.

D’éirigh an sagart agus bheir sé ar seá a bhí crochta ar thaobh an bhalla. Scairt sé amach taobh amuigh den teach ar Dhonnchadh. Chuaigh Donnchadh amach.

‘Anois’, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘beir ar an tseá sin agus déan dhá chuid chothroma díomsa’.
‘Sin rud nach ndéanaimse go brách’, arsa Donnchadh.
‘Ó, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘d’fhulaing ár Slánaitheoir níos mó ná sin ar ár sonsa ar an tsaol seo’.
Nuair a chuala Donnchadh seo bheir sé ar an tseá agus rinne sé dhá chuid chothroma den tsagart. Nuair a bhí sin déanta aige bhí dhá láimh Dhonnchaidh clúdaithe le fuil. Chuaigh sé suas go ceann an tighe a fhad le sruthán beag a bhí ansin go dtí gur nigh sé a dhá láimh. Nuair a bhí na lámha nite aige, phill sé anuas ar ais agus bhí an sagart ina sheasamh beo beithíoch mar a bhí sé ar an tsaol seo, agus a dhá láimh tógtha suas aige ag tabhairt buíochais do Dhia go raibh sé slánaithe.

Thiontaigh an sagart thart agus chuir sé séideog ar an chaisleán, agus d’imigh an caisleán suas sa spéir ina lasóg choilleadh. Shiúil an bheirt leofa go dtí go dtáinig siad a fhad le teach an tsagairt paróiste. Chuaigh an bheirt isteach agus d’fhiafraigh an Bráthair Ó Gréacháin den tsagart paróiste an dtiocfadh leis é féin agus an buachaill seo a choinneáil ar feadh beagán laetha.

‘Thig liom go cinnte’, arsa an sagart.

Chuaigh an dá shagart síos chun tseomra ansin agus bhí tamall mór cainte thíos sa tseomra acu. Faoin am a dtáinig an sagart paróiste aníos chun na cisteanadh a fhad le Donnchadh, agus bhí an bheirt ag caint, agus le sin d’éirigh an chaint thíos sa tseomra.

‘Bhuel,’ arsa an sagart le Donnchadh.
‘Níl a fhios agam cé atá ag caint leis an fhear thíos. Nuair a d’fhág mise ansin ní raibh ann ach é féin. Is cóir domh a dhul síos go dtí go bhfeice mé cé atá ag caint leis’. Chuaigh an sagart síos.
‘Cé atá ag caint leat?’ arsa an sagart leis.
‘Tá’, ar seisean, ‘An Bás’. Beidh mise marbh’, ar seisean, ‘roimh dhá uair den chloig. Déanfaidh tú mé a éisteacht’, ar seisean, ‘bhéarfaidh tú comaoineacha domh agus cuirfidh tú an ola orm’.
D’eist an sagart é. Thug sé comaoineacha dó agus chuir sé an ola air.
‘Anois’, a dúirt sé, ‘Abair le Donnchadh Ó Curraoin a theacht anuas a fhad liomsa anseo’.
Chuaigh an sagart suas agus dúirt sé: ‘Tá an fear thíos ag iarraidh ort a dhul síos, a Dhonnchaidh’.
Chuaigh Donnchadh síos chun tseomra chuige.
‘Anois, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘beidh mise marbh roimh dhá uair den chloig agus shábhail tusa m’anam’, ar seisean, ‘bheinnse damnaithe acu ab é thú. Fanóidh tusa anseo anois go —bhfeice tú mise curtha agus chuile sheort thart. Nuair a bheas sin déanta, a Dhonnchaidh, rachaidh tú chun an bhaile a fhad le d’athair agus do mháthair, agus beidh tú i do bhuachaill mhaith chríonna acu’.
D’fhan Donnchadh go dtí go bhfaca sé an sagart curtha agus gach uile rud thart, chuaigh sé síos chun na Rosann a fhad lena athair agus lena mháthair, agus ní raibh aon bhuachaill sna Rosa ón lá sin ó shin ab fhearr ná Donnchadh Ó Curraoin. Sin é deireadh mo scéilse anois.

*Bromastún: brimstone.


Feasta, Feabhra 2007

abhaile | barr | clár na míosa seo