Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


A Gaelic Experiment:
The Preparatory System 1926 – 1961 and Coláiste Moibhí


le Valerie Jones


Woodfield Press 2006. 319 lch. Bog. E30. ISBN: 1905094019

á mheas ag Helen Ó Murchú


Is tráthúil an leabhar é seo. I bhfianaise thábhacht an oideachais don Ghaeilge agus tábhacht an chumais teanga ag múinteoirí do thorthaí an oideachais, is fiú féachaint athuair ar an ‘Gaelic Experiment’ a raibh de cheannródaíocht sa Stát nua in Éirinn a chur agus a choimeád ar bun sa réimse seo, scéim na gColáistí Ullmhúcháin. Tuigeadh ón tús ról géibheannach an mhúinteora; go mbíonn an fhoghlaim a dhéantar ag brath cuid mhaith ar an múineadh a fhaightear, fíric dosheachanta.

Le blianta beaga anuas, tá imní léirithe go poiblí maidir le hinniúlacht theangach córas oideachais múinteoirí an lae inniu, ag an Aire Ó Cuív, ag an Aire Oideachais, ag an gCoimisinéir Teanga agus ag go leor leor eile. Reachtáil Conradh na Gaeilge dhá chomhdháil lae ar an ábhar i 2005 agus i 2006 is d’fhoilsigh na himeachtaí. Is ar an mbunoideachas go príomha a bhíothas dírithe agus ar ghnáthscoileanna na tíre. Ní hionann sin is a rá gur braitheadh go bhfuil múineadh na Gaeilge go maith ag an dara leibhéal, áit a bhfuil múineadh na Gaeilge trí Bhéarla ag teacht chun cinn ró-choitianta, de réir thuairiscí oifigiúla na Roinne.

Ní hann ach oiread do sholáthar do shainriachtanais na hearnála Gaeltachta agus gaeloideachais ag aon leibhéal. In ainneoin na gnáthtuisceana, nó gnáthtuairime pé scéal é, go bhfuil bunmhúinteoirí a thagann tríd an gcóras oiliúna inniúil ar mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge, bhí Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann sásta a admháil ar agallamh raidió go bhfuil mar a bheadh Cuar Bell i gceist — agus raidhse múinteoirí ann gur beag é a gcumas dáiríre sa Ghaeilge. In alt san Irish Times, mhínigh léachtóir ó Luimneach conas mar is féidir an córas cúitimh i scrúduithe cuspóir teangach na hoiliúna a shárú.

Is léir d’éinne an difear a dhéanann an múinteoir maith, an t-oideachasóir críochnúil, ag aon leibhéal. Agus bítear buíoch go bhfuil go leor díobh sin ann go fóill. Mar sin féin, ní tearc na moltaí chun feabhais atá á ndéanamh, agus cuid acu á gcur i gcrích, faoi láthair: córas oifigiúil tacaíochta do mhúinteoirí ranga ag an dá leibhéal (mórán ar an múnla a bhíodh ar bun ag an eagraíocht dheonach, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, le maoiniú Roinne); moltaí ón gConradh go gcaithfeadh ábhair múinteoirí bliain sa Ghaeltacht; moladh ón Aire Oideachais go n-ardófaí an riachtanas iontrála sna Coláistí Oideachais; glaoch ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta is Gaelscolaíochta go gcuirfí cúrsaí cuí oiliúna ar fáil láithreach don earnáil lán-Ghaeilge. Mar a bheadh macalla iad uile ar na cúiseanna a bhí le bunú scéim na gColáistí Oiliúna ochtó bliain ó shin. Ní bhaintear leas a thuilleadh i gcúrsaí oideachais as an dul cainte, oideachas feabhais (remedial education), ach labhartar ar mhodh níos inghlactha ar ‘córas tacaíochta foghlama’ (learning support system). Is cosúil go bhfuilimid, in earnáil na Gaeilge, ag foghlaim (nó a mhalairt), le hochtó bliain anuas……

B’fhéidir a mhaíomh gurb é seo an chéad leabhar cuimsitheach ar an earnáil áirithe seo trí chéile. Is i mBéarla atá, cé gur léir go bhfuil eolas ag an údar, Valerie Jones, ar a bhfuil foilsithe i nGaeilge ar choláistí ar leith. Chun an léargas stairiúil is críochnúla a aimsiú ar an ngníomh tábhachtach stáit seo, b’fhiú don léitheoir atá tiomnaithe don ábhar an leabhar atá faoi chaibidil anseo a léamh i dteannta an liosta seo: St. Patrick’s College, Drumcondra, Eagarthóir, James Kelly; Kildare Place: the history of the Church of Ireland Training College, 1811-1969 le Susan M. Parkes; An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann le Risteárd Giltrap; Coláiste Éinde 1928-1978 agus Coláiste Éinde 1928-2003, eagarthóir, Séamus Ó Ceallaigh; Coláiste Moibhí le Risteárd Ó Glaisne.

Is de bhunús acadúil saothar Valerie Jones, scríofa i stíl éasca sholéite. Dhá leabhar le chéile atá i gceist dáiríre, torthaí taighde an údair do na céimeanna MLitt agus PhD i gColáiste na Tríonóide, ar Choláiste Moibhí (1989) agus ansin ar earnáil iomlán na gColáistí (1999). Trí chuid atá sa leabhar seo uaithi dá réir. An chéad chuid ar fhoinse, ar chúlra, ar chomhthéacs agus ar stair na seacht gColáistí Ullmhúcháin, scéim ‘thriaileach’ a lean ó 1926 go 1961 ina hiomláine, an chuid is spéisiúla don ghnáthléitheoir. An dara cuid ar choláiste amháin díobh, Coláiste Moibhí, nach miste na mionsonraí faoi phearsanra an Choláiste a bheith breacaithe síos don stair, a mhúsclóidh go leor cuimhní cinn dóibh siúd a raibh baint acu leis an áit, ach atá beagán róshonraithe don ghnáthléitheoir, cé gurb ábhar coiteann suime an chomparáid idir an coláiste sainchreidmheach ab ea Coláiste Moibhí agus na coláistí sainchreidmheacha eile maidir le cúrsaí creidimh agus maidir le coibhnis leis na húdaráis, stáit nó eaglaise.

Críochnaítear le conclúid an-ghairid ar an nGaeilge inniu, ‘teanga bheo’ – ‘a living language’. Cuirfidh léitheoirí spéis sna coda éagsúla de réir a gcúlra féin. Is fiú tosú leis an Réamhrá grinn le Susan Parkes, stiúrthóir taighde Valerie, agus iarléachtóir ag scríbhneoir an léirmheasa seo. Leabhar toirtiúil atá ann, 320 leathanach, agus trom toisc páipéar lonrach a bheith in úsáid, ach a choscann léamh ar an leaba!, foilsithe ag an Woodfield Press le cuidiú ó Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann. Ní luaitear praghas.

Is sásúil ar fad an leagan amach soiléir: innéacs úsáideach sorochtana, liosta bibleagrafach roinnte ar mhodh atá ní hamháin slachtmhar ach cabhraitheach don té a dteastódh uaidh dul ar ais chuig na bunfhoinsí nó cinn nach raibh a fhios aige ann iad a aimsiú. Tá an leabharliosta roinnte de réir catagóirí ar an mbealach céanna. Is léir ón ábhar seo, agus ó na hadmhála buíochais, leithead agus doimhneas an taighde a rinneadh; ón Chlaidheamh Solais go dtí an Kerryman, ó Chumann Staire is Seanchais Chloich Cheann Fhaola go dtí leabhar miontuairiscí an Protestant Teachers Union 1928-1949, ó pháipéirí Blythe go páipéirí MacNeill agus mórán eile ina dteannta, cuimhní cinn san áireamh agus torthaí agallaimh. Is trua an cúpla miondearmad dá réir sa ghluais Gaeilge agus go bhfuil ‘becon’ ar ‘beacon’ i gceann de na haistriúcháin.

Is léir go bhfuil an t-uafás ábhair ó iliomad foinsí tarraingthe le chéile sa bhfoilseachán seo. Bhraithfeá, áfach, go mb’fhéidir gur measadh dá thoradh go mba ghá freastal ar an ainmhí aisteach sin go dtugtar ‘an gnáthléitheoir’ air, nó ceannaitheoirí an mhargaidh. Mar tá sa leabhar go leor léaráidí, grianghrafanna agus fiú nótaí beathaisnéise ar na príomhghníomhairí a luaitear sa téacs, agus clúdach breá air a d’fheicfeá go furasta ar sheilf i siopa leabhar.

Mar sin féin, ainneoin seo go léir a bheith spéisiúil ann féin, ní leor é ar uairibh chun an méid eolais a tugtar sa téacs a shú isteach ar an gcéad léamh. Mar déantar scéal na gColáistí a shuíomh ina chúlra oideachais agus shóisialta ag gach tréimhse. Tugtar na príomhimeachtaí go léir, cuntas ar an ‘marriage ban’ san áireamh; gur dúnadh Coláiste Phádraig go sealadach toisc rósholáthar múinteoirí; gur pléadh scéim taistil (rothair ar chostas na Roinne Oideachais, a dhiúltaigh an Roinn Airgeadais) agus mórán eile.

Ní nach ionadh, cuirfidh muintir (nó iarphobal) Choláiste Moibhí an-suim sa stair ghrafach anseo. Is ábhar machnaimh chomh maith cóipeanna ós comhair an léitheora de cháipéisí mar Report of Aireacht na Gaedhilge,1920, go háirithe don Chonraitheoir, nó Programme for Infants (First National Programme, 1920), go háirithe do Ghaelscoil Mhic Easmainn b’fhéidir, nó Public Notice No. 4 de Rialtas Sealadach na hÉireann ar mhúineadh na Gaeilge (Feabhra 1922), nó clúdach na hirise An t-Eaglaiseach Gaedhealach, The Gaelic Churchman, Deireadh Fómhair 1921, a chuir cara na Gaeilge, Dáithí Ó Maolchoille, ar fáil. Cuirfear suim ó dheas sa litir chuig údaráis Choláiste Íde maidir le ceapacháin 1927 agus ó thuaidh sa chéad leathanach de rolla Choláiste Bhríde 1926.

Tagann roinnt buntéamaí aníos tríd an gcuntas sa leabhar seo, ó Réamhrá Susan Parkes ar aghaidh tríd an ábhar:
  • gur éirigh go seoigh leis na Coláistí Ullmhúcháin a mbunaidhm a bhaint amach – is é sin cadre d’earcaigh a sholáthar do ghairm na bunmhúinteoireachta a raibh oideachas orthu chomh maith le líofacht sa Ghaeilge agus cumas múineadh trí mheán na Gaeilge
  • gur sroicheadh an aidhm seo trí chóras tumoideachais Ghaeilge a raibh grá don teanga agus dá cultúr de dhlúth is d’inneach ann
  • go raibh cumhacht eaglaise go láidir sa chóras sainchreidmheach seo – ar thaobh amháin gurb ionann glacadh an Ard-Easpaig Phrotastúnaigh Gregg leis an gColáiste ar leith do scoileanna a eaglaise féin agus glacadh le polasaí Gaeilge an Stáit nua chomh maith le comhartha dhearfach do bhaill na heaglaise aige féin; ar an taobh eile cumhacht go dtí an pointe gur dhiúltaigh Easpag áirithe Caitliceach d’ord ban rialta nár bhain lena dheoise féin níos déanaí i stair na gColáistí agus gur chabhraigh sé, ar a chúiseanna féin, le deireadh a chur leis an gcóras i ndiaidh tarlúintí áirithe i measc na mac léinn
  • le linn saolré na gColáistí, go raibh coimhlint agus streachailt leanúnach, agus locht ar an dá thaobh, idir an Roinn Oideachais (nár fhéad tuar beacht a chur ar fáil faoi líon dóchúil na múinteoirí a bheadh de dhíth ar an gcóras, a raibh eagla orthu measúnú a dhéanamh nó glacadh le torthaí measúnaithe le himní roimh lucht an mhaoinithe agus a chuir tábhacht an pholasaí roimh cheisteanna airgid), agus an Roinn Airgeadais, a cheistigh gach pingin caiteachais (Seán Mac an tSaoi nár ghlac leis an gcóras)
  • gur buíochas le Tomás Ó Deirg a chinntíodh leanúnachas an chórais go háirithe le linn blianta na hÉigeandála nó an chogaidh
  • go raibh Cumann Múinteoirí Éireann i gcoinnibh an pholasaí riamh anall (‘the preparatory system was dogged by its antagonism throughout its existence’, lch. xxv)
Ní mór na cúiseanna leis an gcur i gcoinnibh seo agus le ceisteanna ar fhiúntas scéim na gColáistí Ullmhúcháin a thóg páirtithe leasmhara eile níos déanaí a thuiscint. Ní fiú dearcadh na simplíochta a ghlacadh ar cheist chasta. Sa leabhar seo, cíortar go maith agus go cothrom na cúinsí agus na hargóintí éagsúla ag gach staid d’fhorbairt agus de mheath na gColáistí. Ní miste sin. Is féidir, le teann díograise, a bheith rómhinic neamhchriticiúil, neamhfháiltiúil roimh an measúnú. Ach is fearr é is dócha gan an dearcadh a ghlacann leis an teip nó leis an ndeacracht is lú chun deireadh scun scan a chur le rud.

Ní miste eolas cruinn ar stair na gColáistí ó thús a mheas mar is ar a ndeireadh truamhéileach is mó an tsuim de ghnáth. Sin rud a d’fhéadfadh a chosc orainn iniúchadh ceart a dhéanamh ar a mhacasamhail de chóras le haghaidh riachtanaisí an lae inniu — gan na fadhbanna a chráigh an chéad iarracht. Iarracht fhónta ab ea na Coláistí Ullmhúcháin, ó Rialtas Chumann na nGaedheal, faoi Aire Ciarraíoch, John Marcus O’Sullivan, a gcreidtear faoi nár fhoghlaimigh sé féin labhairt na Gaeilge riamh. Is spéisiúil fáth bunaithe na gColáistí — soláthar múinteoirí le Gaeilge chun freastal ar pholasaí an Stáit — a chur i gcomparáid le fáth a ndíothaithe — i measc cúinsí eile, béim ar an nGaeilge sa chóras oideachais a bheith lagaithe go mór.

Tugtar léargais sa leabhar seo ar snobaireacht (go háirithe sa Roinn Airgeadais), ar pholaitíocht, ar easpa deiseanna oideachais d’fhormhór de mhuintir na hÉireann, ar staid dhearóil na Gaeltachta ("bordering on semi-starvation in many areas") ach chomh maith ar dhiongbháilteacht leanúnach coda den aicme pholaitiúil agus den státchóras maidir le polasaithe dearfacha teanga a raibh éifeachtaí eacnamaíocha leo freisin. Feictear bunús an-chuid dá bhfuil taithí air na laethanta seo: triaileacha cainte na Cásca (sa Ghaeilge agus sa Bhéarla) agus torthaí na hArdteistiméireachta mar riachtanas don chomórtas ‘oscailte’ chun ionad a fháil i gColáiste Oiliúna; plé ar oideachas dara leibhéal do chách agus moltaí faoi ‘secondary tops’ cónaithe sa Ghaeltacht nó scéim múinteoirí taistil; córas taistil do dhaltaí; scoláireachtaí cabhrach de chineálacha éagsúla. Feictear an cúlra stairiúil ón Athair Ó Corcoráin go dtí an tAthair Feichín Ó Dochartaigh. Luaitear ról Chonradh na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Ceann de na príomhargóintí a bhí le bunú na gColáistí ab ea oideachas agus Gaeilge i dteannta a chéile a chinntiú d’earcaigh sa chóras oiliúna múinteoirí. Ceann de na scéimeanna a tugadh isteach mar chabhair chuige seo ab ea réamhbhliain oideachais sula dtabharfaí faoin gcúrsa ceithre bliana sa Choláiste Ullmhúcháin. Inniu, déantar argóint go mbíonn leibhéal áirithe oideachais orthu siúd a thagann isteach sna Coláistí Oideachais ach go mbíonn réamhbhliain Gaeilge de dhíth orthu (an bhliain sa Ghaeltacht); nach bunscileanna teanga a mhúineadh ba chóir a bheith le déanamh mar chuid den oiliúint ach go mbeadh de chumas ag daltaí ag teacht isteach dóibh lánleas a bhaint as an oideachas gairmdhírithe a chuirtear ar fáil dóibh.

Saol corrach a bhí ag na Coláistí Ullmhúcháin i dtús a ré, ag aistriú ó áitreabh go chéile, ganntanas bia orthu le linn an chogaidh, deacracht mar atá fós inniu ann foireann teagaisc agus foireann tí a earcú. Ach cuireadh oiliúint ar 4,500 dalta agus ba léir feabhas an oideachais sna torthaí a fuarthas sna scrúduithe. In ainneoin béim agus taithí éagsúil ó Choláiste go chéile, is rolla onóra liosta na n-iardhaltaí ní hamháin i saol an oideachais ach i saol cultúrtha na tíre.

Cuireadh deireadh ar dtús le Coláiste Chaoimhín a raibh cáil iontach air gan plé, d’fhéadfaí a rá, leis na Bráithre a thóg é. Ansin le cúig cinn eile sa bhliain 1961, (roimh fhoilsiú na tuarascála um Athbheochan na Gaeilge ainneoin impí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Stair chorrach a bhí rompu feasta de réir mar a bhí na blianta ag imeacht. Fágadh Coláiste Moibhí ag feidhmiú go dtí 1995 cé go raibh tuairisc inmheánach ó údaráis oideachais Eaglais na hÉireann i 1981 a mhol an Coláiste Ullmhúcháin a dhúnadh. Buíochas le cairde na Gaeilge ar choiste a bhí ag plé leis an bPáipéar Bán, agus toil na Roinne Oideachais a bheith leis an gcoláiste, níor dhúnadh Coláiste Moibhí thiar sa bhliain 1961. Beirt de na príomhoidí, Lil Nic Dhonnchadha agus Gleadas Ní Allúin, bhíodar ina nUachtaráin ar Oireachtas na Gaeilge, sna blianta 1955 agus 1979 faoi seach. Scríobhadh Lil Nic Dhonnchadha don iris Feasta.

Deir an t-údar go neamhbhalbh: ‘Since the preparatory system ended, it is generally accepted that the standard of Irish on entry to training colleges has declined, though considerable gains have been made in other areas’ (lch. 267). Cén fáth gur cuireadh deireadh leis an gcóras mar sin? Léirítear nár deineadh aon iarracht athruithe chun feabhais a dhéanamh ar an gcóras de thoradh iniúchta inmheánaigh 1938, ná tuarascálacha ó Chumann Múinteoirí Éireann agus ó údaráis Eaglais na hÉireann sna daicheadaí; nach raibh glacadh le prionsabal na leatroime dearfaí (positive discrimination) ag am a raibh go leor daoine bocht agus eagla ar an gcuid eile go gcaillfidís pé mionbhuntáistí a bhí acu. An phríomhargóint i gcoinnibh na gColáistí, go raibh rogha aon tslí bheatha amháin á dhéanamh ró-luath ag ógánaigh neamhfhorbartha, tugtar dhá fhreagra uirthi. Le linn ré na gColáistí, pléadh an dóchúlacht gur oiliúint choiteann i dtreo na státseirbhíse a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Maidir le cúinsí an lae inniu, luann an t-údar go ndéantar rogha na múinteoireachta bunoideachais ag aois níos sine inniu, ach nár ghá gurb in príomhrogha an iarrthóra toisc tíorántacht scéim na bpointí. Níl aon amhras ach gur scéim chostasach a bhí sna Coláistí Ullmhúcháin (is fiú féachaint ar na táblaí airgeadais, go háirithe an praghas ar ar díoladh iad ar deireadh). Ach bhíodar costas-éifeachtach chomh maith.

Go bunúsach, níl de fhreagra ar cheist dhúnadh na gColáistí Ullmhúcháin ach athruithe oideachais agus sochaíocha na tréimhse: cur i gcoinnibh na Gaeilge agus stracadh an chórais tacaíochta di; saoroideachas; triail cainte don Ard-Teistiméireacht; forbairt na gColáistí Samhraidh – agus dóchas gan bhonn. Fágaimis an focal deireanach ag an údar, a mbraithfí mar a bheadh cumha uirthi i ndiaidh na gColáistí Ullmhúcháin. Ag scríobh di ar na hathruithe san oideachas, dar léi, ‘One of the areas of greatest change has been in the teaching of Irish. The closure of the preparatory colleges heralded a downgrading of the dominant role of the language in education generally, and particularly in the training colleges, where teaching ceased to be entirely through Irish.’

Ní fiú féachaint siar mura bhfuiltear chun foghlaim as. Fágtar faoi léitheoirí a mhalairt de chóras a shamhlú don lá inniu. Lena chómhaith de chóras atá gá anois. Is fiú an leabhar seo a cheannach agus staidéar a dhéanamh air féachaint an féidir linn foghlaim ó dhearmaid na ré atá thart.

— Helen Ó Murchú

Feasta, Meitheamh 2007

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais