Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Ábhar Aistritheora
Scéal Harish
le
Muiris Ó Meára
Idirmhír: -
An lá so ach go háirithe, bhíodar bailithe chun leathair ar chiumhais an tslé’ atá buailte cliathánach le himeall an tsleá mar a bhfuil an crann fé bhláth, suite soir-sheer-here ó dheas amach ó dheisceart We owe, ris a ráití IOU an tan san. Bhí Fios agus Fáth agus Húm van-der-Hám agus Shoelock Scalelock an Google-Ghael, bhí sé ann. Ráinig go raibh Muc agus Mala agus Muin ar a dtóir agus bhí Sách agus Seang farstu, beirt nár thuig a chéile riamh. Sea ambaist, bhíodar uile ann an lá so ach go háirithe agus an cuma ar an lá go ndéanfadh sé lá maith agus go mbeadh sé an-oiriúnach chun comhriachtana.
Bhí Trolley lán le Róiseanna is Glen Bé do-bhí breoite ann th’éis dó Galway Bagel d’alpadh don bhricfeast ón mBascaed Mór. Bhí na Meacha is na Muca is na Míonna Mealltacha ann, Cluain ar an uasal Gairmeach agus iad ag prapáil chun scléipe. Bhí Trumpa an bhalbháin is bean Sicín Uí Lachtnáin, is Aodh Soip lena phúca, bhíothas ag súil go mbeadh sé ann. Bhí Cart agus Cór is Cúiléith ina gcóngar ná raibh d’oidhre orthu, dáir aoire, ach muintir Dhubhghaill. Bhí Fir a’ Bhata lena bhodach is an cóta uime smeartha, is Lachtna a’ Drochsceoil a Shéanfadh a’ Tuairisc noctha go raibh sé ann. Bhí Éamonn amuigh agus Kay Hession ar a thóir agus Cuán agus Eanach agus buachaillí óga eile ann chomh maith.
Is a Dhia na glóire, an bhfaighidís sláinte? B’shin í an cheist a bhí ag dó na geirbe acu is bainis pháistí ag scinneadh súl. D’imigh an cleas, clé deas sa mhúinteach, is an t-asal fágtha sa tigh acu, go ngiolcfadh an bollacs Galvin ann. Scaifte eile ansan, bhí ag triall ann ón aifreann lena dtrust i bhféile Bhríde, go teach an Earraigh leo ar ardseol.
Bhí Bríd agus Bairbre agus Bláithín is Beola, is Blasta is Bríste is Barrashamhail ’gus Brón, agus Bata i dtreabhsar Bhóthair gan bhaithis ar a bhonn aige, is an laí ag dul chun síneadh, nár mhór an feall. Bhí Bré lena mála caite thairis a Gualainn aici, ach mhill san an graostghúna griothalach, teann. Bhí Dún agus Éist agus Deauville agus pus air agus sbb i dtí na dí, bhíodar san uile ann.
Bhí BBC ag clárú ITV, is HTV le hESB gur phléasc Bubble an Sobal ar Ross agus Ruin. Bhí Barra agus Seac agus Lloyd ina gcóngar agus mearbhall sa timpeall cad fé ndear dóibh bheith ann. Bhí Muir agus Roo lena Khanga ar iall agus Vailt ar an láthair, ach nár aithin éinne iad bheith ann, agus bhíodar uile go síoch, sách, suaimhneach, socair, séimh, sásta agus iad uile ag saothrú chun súip. Tháinig NATO ar an láthair leis an Sceichín Donn Dáire ach diúltaíodh dó dul i mbéal bearnan toisc tóin luifearnaí bheith air mar cheann.
Deirtí i bparóistí áirithe gurb iad so sinsear na nGael. Ach ní ghéilltí don dtuairim so i bparóistí eile, Paróiste na Cille go háirithe, is chuirtí an cúiteamh go meathrialta i bparóiste na Dromada. Bhí mórsheachtar súailceach ar an bparósite so, mórsheachtar drawer agus dhá chluais chun éisteachta orthu leis an scéal so, sea do-bhí. D’éistfidís agus nuair a bhí deireadh na dalbóige dána sroichte i ndáil a chéile acu, bhíodh port acu le canadh agus fonn orthu chun craos-scléipe. Thuigeadar ná raibh sa scéal so ach seal agus scáil scéil leis. Agus chinneadar ansan, ach theip orthu, mar bhí an drochshaol thuas is ní raibh sé fuirist teacht ar chuspóirí. Thugadar cúl le cinneadh, ’cheal chúspóra, is tharla gur éag an duine ba leochailí orthu, Gann.
Cumadh nuascéal a bhí cosúil leis an seanscéal is ná raibh de dhifear eatarthu ach a n-anamacha. Bhí an scéal so oiriúnach chun an t-im a mheilt is an t-am a mhúnlú agus deirtí go raibh an-thóir ages na filí air óir bhí sé déibhríoch, diamhair is dothuighthe mar scéal. Págánaigh smior-smearsmúsacha dob ea iad agus bhíodh nósanna imeachta acu. Sealgairí agus iascairí dob ea iad agus bhíodh Spior is Spear sa spare van acu chun seilge. Áirítear Mór, Beag, Caol, Bun, Fuar, Neamh is Sleam orthu agus bhí – Cúis le seo.
D’imigh Fios chun feise le Fáth gur deineadh fios fátha díofa ar leaba luaithrí. Ní raibh éinne ábalta an talamh a shlánú go cinnte agus bhí Liútar is Léatar ar an dramh-lás dá bharr. Scéal thairis (Ní Foláir, Harish 2006)
Faraoir, ní bhaineann an scailtín thuas le hábhar.
——◊——
Túis
Is amhlaidh a thuigeas tráth, nuair a bhítí ag caint ar fhaoistin gur aithrí a bhíodh i gceist acu. Ach bhíos-sa ró-óg chun an scéal san a thuiscint. Ní rabhas taghtha chun coinbhlíochta ná in inmhe nó ní raibh fiú scread an asail cloiste agam don chomaoin. Caithfidh go bhfuil an óighe céanna ar an slánmhac so i gcónaí. Oidhe na hóighe, ’sea ciall ’gus nuair a bhítí ár múin-ne ar scoil, a mhalairt glan a bhíodh acu chughainn. Ní thagann ciall roimh aois mar churfá acu chughainn, is tar éis na haoise uile deinimse amach nár tháinig faic a’ bharra chughamsa riamh ach cal-aois. An t-aos léan.
Mise an páiste a bhí mar athair ar an nathair. Thuigeas fiúntas focail anois, a fhile!
——◊——
Aithrí? Níor bhain an galar san díom. Níor thuigeas an saghas cumadóireachta a bhíodh ar bun agam nuair a théinn bosca na faoistinne isteach. Saol eile, pluais-duibheagán samhalta na fírinne is mise i bhfoirm agus i bhformad aingil. Sinn beirt idir-eatarthach. Sagart Rome, mise Romeish, agus sinn beirt inár gcimí már cháca. Ceapaire na Tríonóide, sinn beirt ag gliúcaíocht go dall is an fhírinne mar bheatha eadrainn i lár crústa. Sea, níor shamhlaíos riamh go raibh orm faic na fríde ná feac neifríteach a chaitheamh chuige ach aisteoireacht. Scailtín, scéilín neafaiseach. Ní aisteoireacht ach scéalaíocht a bhí fúinn siúd is nár thuigeamarna san bheith amhlaidh! Tuigfidh tusa an stiúir atá fúm, nuair is léir dhuit anois go dtagann ciall le haois agus gurb í foilsiú na fírinne spraoi mo bhriathra. Ach sin scéal eile gan tógaint, tógalach, Diathógtha ages na Francóphíleacha.
Quel jeu!
Deirtí go raibh Ó Riada
gaolmhar le DerRiada
ní chruthófaí san choíche
óir níl sa saol ach tóch.
(Gabh mo leithscéal aríst, baineann sé seo le Harvard, ní le hábhar) .
Thuig sé go maith cad bhí fúm. An sagart. Cuma nó aingeal bhíos roimis, ainghiolla nár dhein faic riamh ach mionna móra a chrústadh lena dheirfiúr nuair a bhíodh olc air agus ar an ndrochuair:
‘…. bhuel anois a Athair!… bhuel… rud éicint le rá anois agam an dtuigeann tú, tá…… tá, bhuel tá rud amháin eile leis a Athair! le rá agam………, sea, an rud a dheineas lem’ dheirfiúr cheana, an rud a rinne mé dhein mé arís é … … an dtuigeann tú?…………, dheineas amhlaidh lem’ mháthair uair amháin ach ní raibh ann ach nár chreid sí go raibh an fhírinne inste agam agus cad is fiú an fhírinne a insint nuair ná creidtear tú agus gur peaca a thagann dá bharra anois agus ní raibh mé ag smaoineamh agus, a Athair! ní raibh ann ach aon trus amháin a dheineas amhlaidh agus bí… …, bí cinnte ná beidh sé de dhánaíocht ag mo bhreallántacht a leithéid a thriall arís a Athair!…… bí cinnte……’
Bíonn lucht éisteachta oilte, agus deasghnátha stáitse ní gnách leo satailt orthu le hainbhéas. Tuigtear agus géilltear don tsamhlaíocht. Náire shaolta na mainistreach dob ea na rialacha san a shárú, is ní raibh fonn orm náire a tharrac orm féin nó ar an dtír in athuair. Bhí ciall ceannaithe na síomóntachta anois agam agus Filimín Failimín Fimíneach Folaithe. Ba chuma Dé-thaobhacht Taidhgín óir thuig Taidhgín é. Sagart.
Ach d’imigh ré na Monet, na Knave is Skullduggery… … is tháinig……
Ré nua!!! Aithreach scéil.
‘Gaelscoil’ a dúrt, ach nár thuig sé, rud nár bhain aon siar soir asam, bhíos siúráilte ná tuigfeadh.
‘Níl sé agam as Béarla, a Athair! Gaelscoil, ar Ghaelscoil atáim ag fáil mo chuid scolaíochta. D’fhoghlaimíos mo phaidreacha ar scoil, ach as Gaeilge.’
Bhíos ar an dálta so ag míniú an scéil dó riamh is choíche is tamall eile anuas ar an dTamil a bhí caite agam cheana féin, agus n’fheadar ar thuig nó nár thuig sé mé, ach níor chlaon sé a cheann chugham agus leanas orm ag míniú dó conas mar a d’imigh ar an gcapall, gur mhairbh an phaidir an capall agus dob é an dálta céanna ag an mbróg é, bróg a d’imigh chun seandachta, chun seanbhrógachta agus ar deireadh, ’sea d’éirigh an capall is chaith uaidh an seanbhróg is d’ardghéim, a mhair na cianta cairbreacha agus tamall, timthriallach, Tamil-each eile anuas ar an dtamall roimis, agus an fhaid san leis féadann tú breis a chur léi agus síneadh fada agus gheobhainn deacair é a mhíniú go huile is go hiomlán, ach gur mhair sé, an capall, agus ar deireadh here haul, d’fhógair an capall go neamhscáfar:
‘Mharaíos an phaidir is an seanbhróg chomh maith. Tá an féar ar fáil, eureka!’, agus chonachthas bó ag triall thar abhainn fairis go gairid ina dhiaidh.
‘Go on so… …’, arsa an sagart.
Ba dheas liom an ruball ‘my son’ a chur leis an gcaint, ach ní aisteoireacht an chaorthainn ná na coille a bhí fúinn. Thugas fém’ chúram.
‘Ó a Dhia! tá doilíos croí orm.’
Níor lig sé faic air fhéin, ach bhí le feiscint ar a cheannaithe go raibh sé dall ar mo bhriathra, nó shamhlaíos gurb amhlaidh a bhí, go raibh an dall faram sa stiudió; neamhthuiscint, neamhshuim, neamhdacht, nada. Ní raibh aon oidhre air ach m’athair Tigh Bhric le m’uncail Tommy is é a’ séideadh fé. M’athair, an sagart, ár nathair a d’alp an meas.
‘A’ bhfuil Gaoluinn agat?’
‘Sea.’
‘A’ magadh fúm atáir nó níl puinn Gaoluinne agat?’
‘Sea.’
‘A’ Protastúnach tú nó conas ná fuil?’
‘Sea.’
‘Piúnt eile?’
‘Sea.’
‘An í san do bhean chéile?’
‘Sea.’
‘Ambaiste, ach bhí sí riamh fial lena cuid.’
‘Sea.’
‘An bhfuil tú ar meisce nó cad tá ort?’
‘Sea.’
‘Go raibh an Tiarna leat?’
‘Sea.’
‘Agus leat féin?’
‘Sea.’
Bhí sé le feiscint ar cheannaithe m’athar romham amach sa doircheacht. Neamhdacht. Shamhlaíos is smaoiníos is ghliúcaíos, ach bhí an fhaoistin chomh dubh le peaca. Bhí báiteacht sa teanga. Bá nár cheadaigh dó riamh í labhairt, ach urraim an Chaitlitigh sa chiúnas, sa mhistéir agus i ndeasghnáth neamhthuigthe na heaglaise. M’athair, an sagart. Sin uile a bheadh fé riamh go smiorrfaí a smuasach. Amen. Laidineacht na tíre agus an call a bhí le dí-Laidiniú tíre, b’shin leacht nár tógadh, leacht nach ndoirtfí, an léacht ná tabharfaí. Níor bhain an scéal le creideamh, iomarca céille ag ár nathair géilleadh don mbaois-bhladarthacht san, fág is go raibh sólás ann chuige nuair a bhí táirní is crúite basctha.
‘Sea’.
…N’fheadar ach go bhféadfainn an diabhal phaidir so a dhiabhlú ar fad is é athrú. B’shin a cheapas, spraoi, sin uile a bhí uaim is leanas den aithrí go dtí go raibh na hathruithe réitithe agam chuige. An Sagart.
‘……gur chuir mé fearg ort. ’
Chaitheas bréagchasacht chuige chun go gcruinneoin pé rann a bhí foghlamtha agam ar scoil agus ansan scaoileas lem’ scód agus idir chasacht agus ath-aithrí athraithe a aththosnú, thógas ceann den gceann (ná raibh liath is dócha ach gur dheas liom go mbeadh sé anois im’ chuimhne) liath, agus mar a bheadh geir ghruaige uirthi siar agus a cheann á chlaonadh aige chugham go tuisceanach. Ceann claonta. Tuiscint na nGael ar a chéilibh. Beannú dá chéile. Claoninsint. Beannacht! Bail ó Dhia! Is Te Deum nó brisfead do phus!
……Ropas amach mo phaidir chuige: ‘Tá Tiarna óg ar chúl do thí, tí álainn Chaitríona do chéile,’…
Casacht leithscéalach uaim chun an Chruthaitheora, ach gur thuigeas go dtuigfeadh sé ná raibh fúm ach díLaidiniú, gníomh creidimh, gníomh Phádraig, Mac an Fhíorais:
‘Lucht ceithreachas ag diúl na sliabh, gan bróga orthu ná léine, gan péarla ócrú ná Gaeilge……’
…Bhíos bailithe dem’ shailm is chinneas gaois na sinsear a chaitheamh chuige, gaois na mainistreach, mise ag cantaireacht im’ ob-ab aige: ‘Ath-níonn cíor óg cí ró-óg Ella, Níl aon Sin Seáin mar do Shinn Féin féin, bod ina sheasamh …,’ chomh tapaidh in Éirinn is a bhí ar mo chumas. Thuigeas, bh’fhéidir, go raibh an ghaois so chomh coitianta le fallaí Vote Fianna Fáil. Ár scoilne bhíodar seanfhocail spréite ar na fallaí gach casadh a thabharfá dod’ shúil. Cheapfá ná raibh sa Ghaeilge ach teanga léannta, foirceadlach, geirliath. Sagart.
Bhíos ag druidim chun deiridh anois lem’ chuid mumblála eiricigh is dheasaíos:
‘Tá chimera Rome, chimera im’ dhiaidh, is ní hé Raifteirí an file le súile gan solas, ach feasta bead gléasta……’ …chuige le dua, dúthracht Íosa sa teampall agus bráca an Íosánaigh ar oilithreacht don bhanc. Bhíos ag breith chugham féinig ábhairín anois. É faighte iarrachtín níosa corrthónaí is casacht uaidh, amhail is go raibh an muc sa mhála éalaithe sa teampall agus b’éigean dom ‘Amen’ a scaoileadh chuige chomh sollúnta agus a b’fhéidir. Ruball spideoige.
Ciúnas ansan. Aga chun macnaimh ar an maithiúnas a bhí faighte. Dob í an chomhairle a chuirtí orainn ar scoil ná smaoineamh. Nach ait? Smaoinigh. Níor chreideas riamh ná rabhas ag smaoineamh, ach ba léir nár thuigeas deasghnátha mistéireacha na heaglaise dálta mo mhúinteora. ‘Smaoiníg’, ar sí agus dheineas an chomhairle a cuireadh orainn is smaoiníos. ‘My son’ a chuala, ach níor labhair sé focal. An smaoineamh so a mheall mé gur shamhlaíos gur labhair sé liom. Ag dréim lena leithéid a bhíos, is dócha, is bhí freagra réitithe agam chuige. Athrú aithrí aistrithe go háititheach, págánach pápaithe i bhfaitíos na súl. Is eagal liom ná féadfainn eagla a ghairm le ceart uirthi, óir ní raibh orm ach sceitimíní súnáis. Sara dtagann faic bíonn dúil. Bhraitheas sara dheineas: Deasc roimis an chairt donc Deisceartach.
Lean ciúnas na muice bradaí go rabhas coillte, caillte, coiscrithe, céasta, cloíte, clúmhillte roimis agus suaimhneas an tsúnáis, bhíos ag druidim chuige, an ciúnas mar chumann eadrainn is braithim dá mbeinn in aois fir an uair úd dhéanfainn fear maith den sagart céanna, óir is aisteach na smaointe a ritheann leat idir bhroinn is bhás sa bheatha i mbláth na hóige is ná feadair tú cad, nó cathain, nó conas a thiocfaidh.
Ó! Óighe! Scaoil chugham an scread, an gad, an greadadh a d’impíos lem’ chat-shúilibh ath-dhúchasacha. D’fhéachas ina threo is tháinig na focail bheannaithe, ar deireadh chugham anall:
‘In the name of the Father, and the Son and the Holy Spirit ………. Ardfhear. ’
Ceangal: ‘Níor Tháinig Ciall Roimis’.
Feasta, Eanáir 2008
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|