Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Muiris Sionóid - Rotha Mór an Ghrá: Soinéid Shakespeare


Crigeán Press 2006, 383 Lch. ISBN 0953765199. Crua. €20
Léirmheas le Gearóid Denvir


Chuile sheans go bhfuil William Shakespeare (1564-1616) ar dhuine de na scríbhneoirí is mó le rá dá raibh riamh ann in aon teanga agus, dá réir sin, is mór an misneach a bhí ag Muiris Sionóid nuair a chuir sé roimhe a chuid soinéad a aistriú go Gaeilge. Is cosúil gur i dtrátha na 1590í a thosaigh Bard na hAvóine ar na soinéid mar is eol dúinn anois iad, chruinnigh sé le chéile iad sna blianta 1603-4, agus foilsíodh ar deireadh thiar iad sa bhliain 1609 faoin teideal SHAKE-SPEARE’s SONNETS, leabhar ina raibh 154 soinéad uilig.

Bíodh is gur dóigh gur mó de dhrámaí Shakespeare a chonaic agus a léigh muid le linn ár laethanta scoile, ina dhiaidh sin féin is beag againn (d’un certain âge ar chuma ar bith!) nár tháinig trasna ar shoinéad nó dhó leis. Cuimhním féin ar ‘Like as the waves make towards the pebbled shore’ nó ‘Mar thonnta mara ar dhuirling rompu ag triall’ mar atá sé aistrithe ag Sionóid, agus ar an gcur síos a rinne an múinteoir Béarla a bhí agam don Ardteist ar mheadracht an iambic pentameter, abab, cdcd srl!

Sraith de dhánta arna n-aontú go scaoilte ina chéile atá sna soinéid, na 126 soinéad tosaigh acu tiomnaithe d’fhear óg álainn, uimhreacha 127-152 tiomnaithe do bhean álainn, agus péire fánach eile ina ndiaidh aniar mar eireabaillín deiridh. Sin mar a bhí an leagan amach ag Shakespeare féin i dtuairim bhunáite na scoláirí agus na n-eagarthóirí.

Mar mhalairt ar an leagan amach traidisiúnta seanbhunaithe sin, chuir Sionóid a eagar téamúil féin ar na soinéid d’fhonn cuidiú, mar a dhearbhaíos sé ina réamhrá, ‘le cúrsaí na gcaidreamh – samhalta nó nithiúil – a leanacht níos fearr gan baint de thaitneamh na ndánta is breátha trína gceangal ródhlúth le forbairt scéil nó le daoine faoi leith’ (Lch., 11). Fear is meabhraí caolchúisí ná an léirmheastóir seo sna cúrsaí seo a dhéanfadh caora idir dhá reithe na seanlitríochta i riocht breithiúntais faoin scéal sin!

Bíodh sin mar atá, agus is cuma cé acu an bunleagan Béarla nó an leagan nua Gaeilge seo atá romhat, nuair a léann tú na soinéid i dteannta a chéile mar aonad iomlán téann siad i gcion mar a bheadh trí bhailiú brobh-bhirt, gach uile shoinéad ar leith ag ríomh a scéil féin agus san am céanna ag saibhriú an iomláin agus á fhíochan ina chéile. Taobh istigh den chnuasach mar aonad comhtháite aeistéiticiúil, pléann na soinéid arís agus arís eile leis na téamaí agus leis na cúraimí is dual don fhilíocht “mhór”:

• Ceisteanna bunúsacha faoin gcoinníoll daonna, faoi chás an duine sa domhan duthain seo
• Ionad pearsanta agus poiblí an daonnaí sa tsochaí
• Ceist na hÁilleachta agus na Fírinne – i gceannlitreacha i gcónaí
• An Grá uilechineálach – grá páirte, grá carad, grá muintire, agus an t-iomlán acu ina ngrá cásmhar mórán i gcónaí
• Bé na cruthaitheachta mar a feictear go mór mór san fhilíocht í; agus ar ndóigh
• Cúrsaí beatha agus báis, agus go mór mór básmhaireacht agus cinniúint phearsanta an duine aonair i bhfianaise thriall éigeantach an Ama ó fhás go haois agus ó aois go bás.

Filíocht lán paisean beo agus mothúcháin dhiana atá sna soinéid, agus an nóta gruama, éadóchasach go mór chun tosaigh go minic, mar dhóigh de is gur léiriú é sin ar shíorchoraíocht an duine leis an gcruinne ina thimpeall. Deirtear i Soinéad LXV, mar shampla ionadaíoch:

An chruach, an chloch, an tír ’s an mhuir gan chríoch
– Gach aon faoi réimeas dubhach an éaga ó tá,
Cén tagra roimh an bhfiúnach seo, cén guí,
A dhéanfaidh an Áille ar laige a brí ná bláth? (Lch. 46)

Ina dhiaidh sin féin, dearbhaíonn an Bard san am céanna i ndánta eile gur dúshlán don bhás agus ceiliúradh ar an mbeatha araon atá i mian agus i mianach síolraithe an duine:-

Aon chosaint níl ar speal an Ama chrua
Ach sliocht, mar dhúshlán ’s é dod’ bhreith chun siúil.
(Soinéad XII, Lch., 30)

Ní hamháin sin, ach tagraíonn na soinéid arís agus arís eile go lán-chomhfhiosach do cheist na hÁilleachta agus do cheist na cruthaitheachta, nó do phróiseas cumtha na filíochta féin, ar bhealach atá an-ghar do choincheap iar-nua-aoiseach an mheitificsin – mar a dhéantaí freisin, creidimse, i bhfilíocht chlasaiceach na Gaeilge le linn aimsir Shakespeare féin agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. I Soinéad XVII, ‘Who will believe my verse in time to come’, deir an file leis an bhfear óg:-

Ach leanbh leat féin san am sin dá mbeadh beo
Mhairfeá – id’ shliocht is i mo dhán – faoi dhó.
(Lch., 101) agus arís i ndán XIX, ‘Devouring Time, blunt thou the lion’s paw’, ‘A Am an ollchraois, mága an leoin déan maol’, dearbhaíonn an file go sáraíonn an ealaín, an fhilíocht, agus dá réir sin a dhán féin duthaine an domhain agus na beatha daonna ainneoin na n-ainneoin:

Do dhícheall donais déan; fós dá ainneoin
Mairfidh go buan im’ dhán mo ghrá síoróg
(Lch., 105).

Ba é an port céanna a bhí ag Giolla Bhrighde Mhac Con Midhe againn féin sa 13ú haois a mhaígh:-

Gé tá marbh, mairidh Guaire
’S Cú Chulainn na Craobhruaidhe ...
Beo ó mhaireas a moladh
Conall agus Conchobhar.

Fuineadh saothar Shakespeare as saol agus cruinneshamhail a linne féin sna hard-mheánaoiseanna, tráth a raibh litríocht na Gaeilge féin faoi bhláth freisin, ar ndóigh. Dúshlán ar leith d’aistritheoir de chuid an lae inniu réim chainte agus dioscúrsa cuí teanga a aimsiú dá shaothar féin. Ní mór dó freastal ar bhunbhrí agus ar bhunteilgean an bhunsaothair agus san am céanna gan feall a dhéanamh ar a sprioctheanga, an Ghaeilge sa chás seo. Is naimhdiúla fós an cheird d’aistritheoir filíochta, arae is minic gurb í an fhilíocht féin a cailltear san aistriúchán.

Creidim, áfach, go bhfuil sé ar cheann de mhórbhuanna an leabhair seo go n-éiríonn le Muiris Sionóid réim fhoirmeálta teanga, caint ardaithe liteartha, nó stíl chuí ionann is clasaiceach a aimsiú a thugas a gceart do na soinéid seo mar chruthúnais Ghaeilge agus mar bhuntéacsanna Béarla de chuid a n-aimsire féin araon. Níl sé éasca a cheart a thabhairt don iambic pentameter i nGaeilge nádúrtha – féach an gaiste inar thit an Riordánach mór féin ó thráth go chéile — ach seolann bunáite na n-aistriúchán seo ag Muiris Sionóid ar mhuir ard na héigse Gaeilge go ceolmhar fileata agus go deimhin, níl lorg soiléir an aistriúcháin ar mhórán dán ar bith sa leabhar.

Thabharfadh na leaganacha seo stíl chlasaiceach fhilíocht shiollabach Ghaeilge na meánaoiseanna chun cuimhne, go mór mór mar atá an stíl sin le sonrú ar leithéidí na nDánta Grá — agus is téama lárnach sna soinéid an grá céanna. Go deimhin, ba dhóbair dom a cheapadh gur dán grá a bhí agam nuair a léigh mé an leagan Gaeilge de Shoinéad CXLI, ‘In faith I do not love thee with mine eyes’:—

’Mo choinsias nach lem’ shúile a ghráimse thú,
Mar dóibhsin ionat míle smál is léir;
Mo chroí ’s é ’ghránn an ní is neamhní leo siúd,
’S, d’ainneoin an radhairc, ’tá réidh fút ’bheith gan chéill
(Lch., 61)

nó Soinéad XXVI, ‘Lord of my love, to whom in vassalage’:—
A Thriath mo ghrá, mo ghéillsine duit tá
’Na mogha buan snaidhmthe teann leat ag do fheabhas;
Seolaim an scríbhinn seo go humhal id’ dháil
Mar léiriú dílseacht’ ’s ní chun maíomh faoim’ mheabhair.
(Lch., 119)

Is eol do lucht éigse na crua-Ghaeilge nach aon dóithín í Máire Mhac an tSaoi i dtaca le ceart is ceartas i gcúrsaí filíochta — ní gá ach a léirmheas cáiliúil ar Eireaball Spideoige Uí Ríordáin i 1952 a lua sa chomhthéacs seo. Bhronn sí séala a hardshirriamachta i gcúrsaí éigse Gaeilge ar “iarracht éachtach” aistriúcháin seo Mhuiris Sionóid ar shoinéid Shakespeare. Ní haon pietas aici é nuair a deir sí i bhfocal réamh-mheasta sa leabhar: ‘Macallaíonn an Ghaeilge idir chóraí agus chóngar an dána dhírigh gan cháim.’ (Lch., 7) Ní beag sin mar mholadh ar shaothar ar bith agus más ceadmhach casadh beag a bhaint as líne de chuid soinéid a luaigh mé ar ball, ‘Like as the waves make towards the pebbled shore’, ní miste a mheabhrú don aistritheoir, ‘Mórfaidh do dhuan do fheabhas’.

Luaigh mé cheana gur foilsíodh SHAKE-SPEARE’s SONNETS sa bhliain 1609. Tá tráchtairí áirithe den tuairim gur fhoilsigh sé an uair sin iad de bharr go raibh cúrsaí airgid gann go maith air san am – bhí drochphlá i Sasana idir na blianta 1606-10 agus bhí na téatair ar fad dúnta, agus dá réir sin an Bard i gcall agus i gcallshaoth. Ina dhiaidh sin féin, is beag aird a thug an pobal ar na soinéid, arae is beag cóip den leabhar a díoladh go ceann 70 bliain ina dhiaidh sin agus an Bard faoin bhfód le fada fiarach an lá! Ná himrítear an oidhe mhall chéanna ar leabhar seo Mhuiris Sionóid, Rotha Mór an Ghrá: Soinéid Shakespeare. Bígí sibhse, a léitheoirí na fimínteachta, ag ceannacht agus ag léamh go bráithriúil.

Feasta, Eanáir 2008

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais