Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - CLG, Amaitéarachas & Airgead? - -

Is minic tagairt déanta san iris seo don tábhacht a bhain le Cumann Lúthchleas Gael i saol na tíre ó bunaíodh é sa bhliain 1884. Go deimhin níor bhréag a rá go bhfuil faillí déanta ag ár staraithe sa tábhacht sin agus gur bheag tuiscint a léirigh siad san ionad lárnach a bhí ag an gcumann i nua-stair na tíre. Ach an cheist atá againn ná an bhfuil athrú bunúsach i ndán don chumann anois, má thosaítear ag íoc airgid le himreoirí, idir pheileadóirí agus iománaithe a imríonn dá gcontaetha. Sin go díreach atá ina ábhar spairne laistigh den eagraíocht faoi láthair agus gan fhios ag aon duine, pé acu an baill iad nó nach ea, cén chríoch a bheidh ar an argóint.

Gan amhras bhí sé soiléir le tamall go dtiocfadh an cheist seo chun cinn luath nó mall, ach go háirithe ó bunaíodh eagraíocht ar leith le haghaidh imreoirí. Ansin nuair a thréig lucht an rugbaí an t-amaitéarachas tháinig faobhar ar leith faoin gceist. Cén fáth nach mbeadh íocaíocht le fáil againne chomh maith le cách eile? Féach an méid dár gcuid ama a bhíonn d’iallach orainn a chaitheamh leis na cluichí. Féach an taisteal agus na gortaithe agus, ar ndóigh, féach a bhfuil d’airgead á dhéanamh ag CLG!

Má bhí fadhbanna le réiteach ag dreamanna eile, cosúil le lucht sacair agus rugbaí, nuair a thosnaigh siad ag íoc a gcuid imreoirí, ní hionann a gcás agus Cumann Lúthchleas Gael. I gcead do go leor tráchtairí, nach bhfeiceann de dhifríocht idir an cumann sin agus na heagraíochtaí a bhíonn ag plé le cluichí eile, ach toirt no cruth na liathróide nó eagsúlachtaí i rialacha imeartha, ní baol gur mar sin atá.

Ní ar mhaithe le caitheamh aimsire amháin a dhéanamh nó le cluichí páirce a chothú a bunaíodh CLG. Bhí an pobal faoi lagbhrí ag an am. Ní raibh an Gorta Mór ach beagán leis an tríocha bliain thart. Bhí go leor ag teitheadh as an tír, ag éaló ón mbochtaineacht agus ón anró. Bhí an teanga dhúchais ag tréigean go mear. Bhí súile an phobail ar Londain. Is leis an lagmhisneach agus an ísle brí a scaipeadh a bunaíodh an cumann. Féach chomh maith agus a d’éirigh leis. Is ar éigean má bhí a leithéid de chumann i dtír ar bith eile. Agus gan aon amhras, ní ar mhaithe le haon leas pearsanta a rinne an oiread sin daoine an oiread sin oibre.

D’athraigh CLG treo cheana nuair a bhí sé sin riachtanach. Ní bheidh sé chomh héasca dul i ngleic leis an bhfadhb nua seo. Ba dheacair a shéanadh nach go maith a luíonn iocaíocht d’imreoirí leis an bhfealsúnacht a spreag bunaitheoirí an chumainn, nó an dream sin a chaith dícheall leis ó shin. Gan amhras is maith a thuigeann an lucht stiúrtha é sin, agus níor mhiste iontaoibh a bheith againn astusan. Go háirithe, tá ár ndea-thoil tuillte acu.

Feasta, Eanáir 2008

Abhaile | barr | clár na míosa seo