Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Conradh Dainséarach na Liospóine!
le Seán Ó Loingsigh


Dá dtarlódh sé sin, nach Stát Feidearálach na hEorpa a bheadh againn go cinnte? Nárbh fhearr cloí le prionsabal na coimhdeachta, ina bhfágfaí oiread agus a b’fhéidir de ghnóthaí na mballstát faoi na parlaimintí náisiúnta?

****************

Mura bhfuil sé ach leathbhliain ó bhí olltoghchán againn, ní hionann sin agus nach mbeidh go leor ag tarlú sa saol polaitíochta anseo sa bhliain atá amach romhainn. Go deimhin nach bhfuil go leor i measc na dtráchtairí polaitiúla atá ag tuar go mbeidh taoiseach nua againn roimh dheireadh na bliana seo. Ní hamhlaidh go bhfuil aon amhras faoi chumas ionramhála an té a bhfuil an post sin aige faoi láthair, ach mar sin féin ba dhána an té a déarfadh nach dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht ag na tráchtairí úd. Neosfaidh an aimsir, gan dabht.

Pé ní faoin éiginnteacht a bhaineann le todhchaí an Taoisigh, níl aon éaló ón reifreann a bheidh ann, i mí na Bealtaine más fíor, ina mbeifear ag iarraidh orainn aontú le conradh eile fós de chonarthaí iomadúla an Aontais Eorpaigh. Conradh na Liospóine, is cosúil, atá mar theideal ar an gceann is déanaí seo. Ba dheacair a rá go bhfuil súil in airde leis mar reifreann. Ní cosúil go bhfuil aon deireadh leo, agus is baolach go bhfuil go leor ag éirí bréan díobh. Féach mar sin féin go mbíonn daoine i dtíortha eile ag gearán nach mbíonn aon deis acu vótáil ar na conarthaí seo. Fágtar an gnó sin faoi na polaiteoirí.

Dá mairfeadh Proinnsias Mac Aonghusa leis an gcolún seo a scríobh, mar a rinne sé go críochnúil ar feadh na mblianta, bí cinnte nár leor leis Conradh na Liospóine mar theideal leis. Déarfadh sé Conradh ‘dainséarach’ na Liospóine, gan amhras, mar ba nós leis maidir le gach uile cheann díobh. B’fhéidir gur galar tógalach é a bhaineas leis an gcolún seo, ach is ag méadú atá m’amhras féin fúthu, ach, ní mór a admháil, faoin gceann seo níos mó ná faoi aon cheann eile díobh. Cuimhnigh gur thosnaigh an conradh nua seo mar bhunreacht, go dtí gur thug pobail vótála na Fraince agus na hOllainne bata agus bóthar don smaoineamh sin. Ach tá go leor den dallamullóg i gceist anois. Fiú go n-admhaíonn an dream a dhréachtaigh an bunreacht agus an conradh gur beag atá eatarthu i ndáiríre. Athruithe cosmaideacha a d’fhéadfaí a lua leo, b’fhéidir. Agus, ar ndóigh, bhí sé riachtanach fáil réidh leis an bhfocal trombhríoch sin ‘bunreacht’. Nach mbaineann a leithéid d’fhocal le stát neamhspleách, Stát Feidearálach na hEorpa gan amhras?

Tá go leor a bhaineann le comharthaí sóirt an stáit sa chonradh seo. Tá sé i gceist go gceapfaí Aire Gnóthaí Eachtracha; beidh vótáil tromlaigh cháilithe, nó ‘qualified majority voting’ i gceist sa pharlaimint. Tá gothaí eile a léiríonn treo na gaoithe. An bhfuil sé ceart go mbeadh an tAontas Eorpach ag glacadh seasamh faoi stádas na Cosaive agus ag cur in iúl don tSeirbia go gcaithfear neamhspleáchas a ghéilleadh don chúige sin. An gnó é sin don Aontas ar aon chor, nó ar chóir é fhágáil faoi na Náisiúin Aontaithe? An aontaíonn ár rialtas i mBaile Átha Cliath le dearcadh an Aontais faoin gceist? Níl gíog ná míog ón Aire Gnóthaí Eactracha anseo faoi, ná ón bhfreasúra sa Dáil ach oiread leis. Sin atá i gceist le treo na gaoithe.

Chreideas i gcónaí sna bunphrionsabail agus san fhealsúnacht a spreag polaiteoirí móra san Eoraip chun teacht le chéile i 1950 chun comhaontas nó fóram a bhunú de stáit neamhspleácha na hEorpa. Cuimhigh go raibh an Eoraip scriosta ag an am tar éis dhá chogadh domhanda. Bhí na milliúin marbh. Bhí ainriail agus fiú léirscrios síbhialtachta ag bagairt. Is beag amhrais ná go raibh an fóram riachtanach, agus an struchtúr polaitíochta chun bonn ceart polaitíúil a chur faoi. An cheist anois ná: an bhfuil na polaiteoirí atá ag plé leis an Aontas, agus gan amhras lucht an mhaorlathais atá ar a gcúl, ag dul thar fóir le cúrsaí inniu, agus b’fhéidir ag cur an struchtúr ar fad i mbaol?

Creidim go bhfuil an baol sin ann. Tá an craos chun aontaithe, an siormhéadú, na conarthaí agus na bunreachtanna ag teacht sa mhullach ar a chéile. Tá sé soiléir go bhfuil an tsíorionramháil pholaitiúil seo ag cruthú míshuaimhnis i measc pobail i dtíortha éagsúla an Aontais. Féach conas mar a tharla sa bhFrainc agus san Ollainn, nó fiú anseo in Éirinn i gcás Chonradh Nice — nó Conradh ‘dainséarach’ Nice mar a thugadh Mac Aonghusa air. Is é an bealach atá ag na polaiteoirí chun an fhadhb seo a shárú ná gan deis a thabhairt do dhaoine vótáil. Tá sé níos sábháilte an cúram a fhágáil faoi na polaiteoirí.

Níl aon amhras ná go bhfuil athmhachnamh iomlán riachtanach um an dtaca seo. Féach conas mar a thit an Iúgslaiv agus an tAontas Sóivéadach as a chéile beagnach thar oíche. Is é is dóichí ar fad ná gurb í an droch-chríoch chéanna a bheadh i ndán do Stát Feidearálach na hEorpa.

Is ceist mhór í, mar sin, conas mar is cóir vótáil sa reifreann seo níos déanaí i mbliana. Is cosúil ag an bpointe seo go bhfuil an pobal patfhuar go maith agus nach bhfuil suas le dhá thrian de na vótóirí sásta a rá an ndéarfaidh siad sea nó ní hea, nó fiú an gcaithfidh siad vóta slí amháin nó eile. Tá na páirtithe polaitíochta uile i bhfábhar an chonartha ach amháin Sinn Féin. Beidh sé suimiúil cén seasamh go díreach a ghlacfaidh an páirtí sin, agus céard iad na hargóintí a bheidh acu. Féach go bhfuil airí ón bPáirtí Glas féin i bhfábhar an chonartha, ach ar ndóigh tá siadsan i rialtas anois.

Maidir le Fianna Fáil, ar ndóigh, tá siad imníoch go gcuirfidh lagsheasamh an Taoisigh faoi láthair i súile an phobail isteach ar thoradh an reifrinn. Gan amhras, ní cúnamh é chun tabhairt ar dhaoine vótail i bhfábhar an chonartha, agus tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil Fine Gael ag leagan béim air sin cheana féin, bíodh go bhfuil siad féin ag iarraidh orainn déanamh amhlaidh freisin. Nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go mbeadh níos mó ceisteanna le cur ag Páirtí an Lucht Oibre faoi ghnéithe áirithe den chonradh seo? Is cosúil go bhfuil siad chomh mór ar a shon agus atá Fianna Fáil agus Fine Gael.

Níorbh hé gur mhaith liom féin a bheith in aon chomhluadar le Jean Marie le Pen, gaiscíoch mór na heite deise sa bhFrainc, atá go tréan in aghaidh an chonartha, ná ní hé ach oiread nach gcreidim fós i mbunfhealsúnacht an Aontais, ach don chéad uair riamh, táim in amhras faoi cén treo is cóir vótáil. Is dócha go mbeidh go leor in aon bhád liom! Is í an fhírinne í go bhfuil a lán daoine atá in amhras faoin stiúir atá faoinár máistrí thall sa Bhruiséil. Má dhiúltaíonn muintir na hÉireann don chonradh seo, ní baol dúinn go dtitfidh an spéir orainn.

Gan amhras ní féidir d’aon duine againn a bheith cinnte cén leagan amach a bheidh ar léarscáil pholaitiúil na hEorpa san am atá romhainn, abair faoi cheann céad bliain. Ní féidir a rá an mbeidh an tAontas ann ar aon chor nó an mbeidh stát feidearálach de chineál éigin againn. Ach go cinnte ba dhóigh leat go mbeadh sé ciallmhar gan mórathruithe polaitiúla a bhrú ar aghaidh róthapaidh, go háirithe mura bhfuil toil iomlán na bpobal éagsúil leo. Is deacair ar fad a shamhlú go mbeadh aon struchtúr polaitiúil buan in éagmais na tola sin.

Mar bhuile scoir ní mór a rá arís eile gur ábhar ionadh é go bhfuil go leor daoine atá in aghaidh an chonartha, agus go deimhin in aghaidh an Aontais Eorpaigh i gcoitinne ag gearán faoin easnamh daonlathais nó an ‘democratic deficit’ a bhaineann leis an mbealach a fheidhmíonn an tAontas. Gan amhras séard a bhíonn i gceist acu ná go gcuirfí gach cinneadh de chuid an Aontais faoi bhráid na Parlaiminte agus go nglacfaí nó go ndiúltófaí dóibh ansin. Dá dtarlódh sin, nach Stát Feidearálach na hEorpa a bheadh againn go cinnte? Nárbh fhearr cloí le prionsabal na coimhdeachta, ina bhfágfaí oiread agus a b’fhéidir de ghnóthaí na mballstát faoi na parlaimintí náisiúnta?

Feasta, Eanáir 2008

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais