Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Crá


- Mo Scéal Féin

le Peig Bácaoir Ó Báille


Solas na bhFlaitheas tabhair di a Thiarna, agus go soilse Do sholas uirthi. Ar dheis Dé go raibh a hanam agus anamacha na marbh go léir.’

Cé a chreidfeadh é go mbeadh sí ina seasamh ar an bport céanna agus a bhí sí an tseachtain seo caite, nuair a cuireadh a máthairín gleoite i gcré na cille....

Ó a Dhia na glóire, bhí an glór chomh gránna an lá sin. Glór na cré ag bualadh i gcoinne na cónra, tud ...tud ... tud. Gan aon rithim faoin spéir leis. Gan cheol ná grá le clos uaidh.

É fuar folamh, chomh fuar le sioc. Cé chreidfeadh go raibh seachtain fhada ann ó bhí na ceisteanna ag rith trína hintinn.

‘Conas gur tógadh uainn tú, a Mham? Cad ina thaobh gur goideadh tú?’ — Aigne Mhéibhe trína chéile an lá céanna.

‘Nach rabhais ag fáil bháis le blianta, a Mham? Cheapas go rabhais ró-ghlic don mbás? Nach rabhais? Conas gur ghéillis anois? Nach ndúraís linn riamh go rabhais ró-láidir dó. Go mbeifeá linn go deo.’

Más ea, ní raibh aon fhreagra le clos aici. Bhí Mam fuar, ciúin, uaigneach léi féin sa bhosca gránna sin. Gan faic le clos, ach an tud,tud tud folamh céanna, agus olagón an chúpla, deirfiúracha Mhéibhe; iad ag gol agus ag sileadh na ndeor, go náireach. N’fheadar sí cé acu glór ba mheasa léi, an lá úd, glór na cré ar an gcónra nó púsaíl an dá óinseach.

Bhraith Méabh an talamh ag sleamhnú fúithi, agus is uirthi a bheadh sí sínte ar leac a droma, murach go raibh greim docht ag Muiris, a céile uirthi. Bhí sí chomh lag le sicín.

Conas a thabharfadh sí aghaidh ar an saol gan a Mam?

‘Bhuel, conas a Mham?’
◊◊◊
Bhí dath an bháis ar Dhaid féin an fear bocht, ach ar a laghad bhí sé ann leo. Cad a dhéanfaidh sé siúd anois, an créatúr agus a Mhúirnín imithe uaidh? Agus ansin, ar eagla nach mbeadh cúrsaí olc a ndóthain, tháinig an bháisteach. Bhí sé in am imeachta. Thug Muiris é féin agus na garsúin abhaile. Bhí go leor geáitsí feicithe acu siúd inniu.

Suite sa bhialann ar an mBóthar Buí i ndiaidh sochraid a máthar, bhí Méabh ag smaoineamh ar an saol fadó, agus ar aiteas an tsaoil. Cé go raibh céile agus clann mhac uirthi, bail ó Dhia orthu, fós ní raibh sí ag súil ró-mhór leis an saol a bhí roimpi gan a Mam. Conas a leanfadh sí uirthi gan í? Cé a bhí ann chun comhairle a chur uirthi anois?

An bhfuil Mam ag éisteacht le mo smaointe? Nach raibh an bás riamh ina timpeall. Nár lean sé í a saol go léir? Bhí taithí aici siúd air, ach níl mórán taithí agamsa ar an ndiabhal céanna. Do bháigh sé a hathair uirthi agus gan í ach ocht mbliana d’aois. Ghoid sé a deartháir uaithi agus í trí bliana déag d’aois. D’fhág sí a cuid oideachais ansin, gan rogha. Chaith sí dul ag obair san ospidéal chun cúpla pingin a thuilleamh dá máthair.

Ó, bhí sár-aithne acu ar a chéile, í féin agus an bás! Fós, bhí Mam ró-óg. Ní raibh sé de cheart aige í a thógaint uainn go fóillín. Ach dúirt sí riamh go mbéarfadh sé orainn go léir nuair a bheimís ullamh dó. Caithfidh go raibh sí ullamh, ach cad fúinne?
◊◊◊
Níorbh fhada gur bhris an t-aighneas a smaointe an tráthnóna úd, más ea!

‘Ó is liomsa a huaireadóir,’ arsa Deirdre, agus í suite ag ceann bhord na bialainne. ‘Thugadh sí dom é i gcónaí agus mé ag dul chun an Daingin, i dtreo agus go mbeadh an t-am agam.’

‘Dheineadh mhuis!’ arsa Róisín, ‘Níor theastaigh uaithi go mbeadh aon leathscéal agat teacht abhaile déanach.’

Gan a máthair ach curthu sa chré ar maidin acu, bhí an t-argóint eatarthu tosnaithe. Bhí a fhios ag Méabh go dtárlódh sé seo, chomh luath agus a bheadh braoinín faoin bhfiacail acu.

‘Agus gan dabht,’ arsa Deirdre, ‘ós rud é nach bhfuilimse pósta, tógfad a fáinne pósta chomh maith.’

‘An briathar féin, nach ndéanfair. Is liomsa an fáinne pósta. Gheall sí an fáinne sin dom lá ár gcéad Chomaoineach!’

‘Faigh ciall dhuit féin, a Róisín, ní raibh sí ach ag iarraidh tú a mhealladh suas chun an Chomaoineach naofa do ghlacadh! Maith is cuimhin liom nach raibh uait an lá sin ach an t-airgead.’

‘Agus cad atá anseo ós mo chomhair? Naomh Deirdre Naofa, an ea? Nár cheapais-se an lá beannaithe céanna go rabhais níos deise ná mé! Is maith an breall a bhí ort nuair a ghlan Mam an béaldath ded’ bheola, agus thug clabhtha boise duit, rud a bhí tuillte agat!’

Leis sin, chuir Deirdre a lámh san aer, a dorn dúnta agus, murach gur rug duine ’comharsain uirthi, bheadh fiacla Róisín curthu siar a scornach aici.
◊◊◊
An náire ag déanamh buartha do Mhéabh anois, agus tagann an gomh uirthi féin.

Mhuise, nár lige Dia go bhfaigheadh ceachtar agaibh aon ní, a óinseacha, arsa Méabh léi féin, agus faobhar ina haigne. Conas go bhféadfadh bhur leithéid a bheith gaolta liomsa?

Níor theastaigh uaithi baint ná páirt a ghlacadh i gclampar na beirte. Bhí sí náirithe acu. Bhí Mam náirithe acu. Bhí an chlann náirithe acu. Agus féach ar Dhaid bocht istigh sa chúinne, gan gíog ná míog as, agus an leathghloine uisce beatha fós os a chomhair, gan bhlaiseadh.

Méabh ina smaointe arís. Tusa, a Mham, an t-aon duine go raibh aon bhlúire smachta agat orthu. Tusa a thuig iad. Agus tá a fhios ag Dia gur tusa an t-aon duine riamh go raibh cion agat orthu. Bheimís níos fearr as dá mbeidís leat!

Fiche noiméad imithe, agus an bheirt fós ag áiteamh agus ag ól. Ceann Mhéibhe trína chéile faoin dtráth seo. Daid go domhain ina dhomhan féin, gan chorraí. Na smaointe gránna mí-fhoithineacha seo ag déanamh a gcuid féin d’intinn Mhéibhe. Bristear gloine, scaoiltear béic, agus leis sin, máirseálann Róisín amach as an mbialann, agus Deirdre ag sodar ina diaidh, ag béicigh uirthi.

Mhuise, fán fada ar an mbeirt agaibh! a deir Méabh leo ina smaointe féin.
◊◊◊
An tionóisc. Istigh i ngort Phaidí Mhuiris a fuaireadh a gcairt, iompaithe béal fúithi. Garda Ó Loinsigh a thug an t-eolas seo do Mhéabh, agus í fós sa bhialann.

Duine acu fuar marbh anois, agus an duine eile ar leac a droma san ospidéal, gan chiall, gan tuiscint go deo. Trua. Brón ... brón? Níl! Ciontacht? Cá bhfios?
◊◊◊
Seasann Méabh sa teampall. Féachann sí ar an áit inar sheas a hathair an tseachtain seo caite. Tá sé chomh folamh lena croí. Is cuma léi. Ní thuigeann sí an saol níos mó. Ní rabhadar ach uaigneach dá máthair. Ní raibh ann ach san... Tud... tud... tud...

Feasta, Aibreán 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais