Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Litir — maidir le
‘Murchadh Mac an Aighnis’
Séamas de Barra
A Eagarthóir, a Chara,
Chuir mise an-spéis san alt le Murchadh Mac an Aighnis, ‘Líon Suas Arís Iad’ a foilsíodh ar lch 14 d’eagrán an Mhárta de Feasta. Mura bhfuil dul amú orm, is an-annamh a fhoilsíonn irisí saolta na Gaeilge alt a mbíonn an tagairt is lú do chúrsaí creidimh ann. Faoi An Timire, agus ag Foilseacháin Ábhar Spioradálta, a fhágtar an saghas sin foilsitheoireachta. Tá ualach fuatha don Ghaeilge á iompar ag cuid mhaith den ghlúin óg, agus le glúin anuas nó mar sin, fágadh cuid mhaith den óige Chaitliceach gan an t-eolas is bunúsaí ar an gCreideamh Caitliceach, agus rinneadh neamhshuim in Éirinn den chaiticeasma nua, Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí a foilsíodh i 1992.
Fuath do Ghiúdaigh agus do gach ar bhain leo, b’in é a thiomáin na Naitsithe chun iarracht a dhéanamh Giúdaigh na hEorpa ar fad a dhíothú aimsir an Réitigh Dheireanaigh. Ní ar bhonn creidimh, ach ar bhonn cine, a rinne na Naitsithe amach cé a bhí le díothú. Tugadh faoi na hÉireannaigh, agus faoi na Gaeil go háirithe, a dhíothú roinnt uaireanta. Níor chuir na Sasanaigh aon scrúdú creidimh ar na Gaeil a bhí le díothú. Is amhlaidh a ghlac na Sasanaigh leis gur naimhde dóibh ba ea aon dream nach raibh ag teacht leo i gcúrsaí creidimh ná cultúir.
Ba é an seanléamh ar stair an Athraithe Creidimh in Éirinn nár éirigh leis an Athrú Creidimh. Ach ní fíor é sin amach is amach. Bhí ag éirí leis ar feadh dhá ghlúin nó mar sin, go dtí gur tosaíodh ar chur ina choinne go láidir. Ach murar éirigh leis na Sasanaigh na hÉireannaigh a thabhairt ar aon chreideamh amháin leo féin ar fad ar fad, d’éirigh leo tabhairt ar na haicmí is uachtaraí in Éirinn an Ghaeilge a chaitheamh uathu de réir a chéile.
Sa bhliain 1536 nuair a theastaigh ó Shasana go n-aithneodh Parlaimint Bhaile Átha Cliath Anraí VIII ina Cheann ar an Eaglais, b’éigean do na Sasanaigh cúlra an Achta Ceannais a chur á mhíniú as Gaeilge d’fhormhór lucht na Parlaiminte. Faoi cheann céad bliain ina dhiaidh sin, nó mar sin, bhí éirithe leis an nGalldú ar na haicmí is uachtaraí. Is é rud is dóichí gurb iad an Béarla agus an Laidin teangacha oibre Chomhdháil Chill Chainnigh i mblianta 1640. Agus é ag scríobh sa bhliain 1639 deir fear an Teagaisc Chríostaí, Teaboid Gállduf, mairtíreach, an méid seo:
ní fhoilid sáor morán dár nduinibh vaisle do bheir à tteanga dhuchais nadurtha (noch àta fortill fuirithe, onorach, fólamtha, gearchuiseach inti féin) à ttarcaisne, & à neamhchionn, & chaitheas an aimsir à saorthudh, & à foghlaim teangtha coimhtheach ele. [as Par. 31, ‘Oraid don Leaghthoir’, Catechismus (An Bhruiséil 1639)]
Foilsíodh leabhar anuraidh leis an Dr Oirmhinneach Thomas O’Connor ó Roinn na Staire ar Ollscoil na hÉireann i Maigh Nuad, Irish Jansenists 1600-1700. Le cúrsaí dhiagacht na ngrást a bhain an Jansenachas le ceart, ach formhór na Jansenach, ba Ghallachánaithe leis iad, is é sin le rá, gur gheall le hAnglacánaigh iad sa mhéid gur chreid siad gur cheart don Stát cumhacht a bheith ar an Eaglais aige i gcúrsaí an chreidimh féin.
Formhór na gCaitliceach uasaicmeach in Éirinn i dtosach an 17ú céad ba Jansensaigh i gcúrsaí dhiagacht na ngrást iad, agus ba Ghallachánaithe iad i gcúrsaí smacht a bheith ag an Stát ar an Eaglais i gcúrsaí an chreidimh féin. Duine a d’iompaigh ina Chaitliceach ba ea an Canónach Ronald Knox. ‘Cailvíneachas fara Sacraimintí’ a bhaist an Canónach Knox ar an Jansenachas sa leabhar sin leis, Enthusiasm.
Eisceacht in Éirinn ba ea na hÍosánaigh. Bhíodar seo ina nGallachánaithe ceart go leor, ach bhí siad go dubh i gcoinne na Jansenach i gcúrsaí dhiagacht na ngrást. Is gearr go bhfoilseofar leabhar leis an staraí, Benjamin J. Hazard, ar Fhlaithrí Ó Maoil Chonaire, Proinsiasach (1560-1629), fear a bhí ina Ard-Easpag ar Thuaim ó 1609-1629. Bunaithe ar thráchtas dochtúireachta a bheidh leabhar Hazard, agus tá an-chuid eolais faighte aige ar Fhlaithrí. Blianta fada ó shin rinne an Dr Tomás Ó Fiaich amach — ar dheis Dé go raibh a anam — gur scarúnaí i gcúrsaí polaitíochta ba ea Flaithrí, agus gur cineál Poblachtachais Chaitlicigh a bhí á chur chun tosaigh aige, agus é sin breis is céad bliain sular chuir Tone chun tosaigh an cineál Poblachtais idirchreidmhigh is mó a bhfuil eolas ag muintir na hÉireann ó shin air.
Bhí ardaithne ag Flaithrí Ó Maoil Chonaire agus ag Jansen ar a chéile, agus tá cosúlachtaí móra ag diagacht na beirte lena chéile. Mar sin féin chuir Flaithrí go láidir i gcoinne smacht a bheith ag an Stát ar an Eaglais, mar is léir ar shliocht leis féin sa leabhar Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Lováin 1616). Aistriúchán atá sa chuid is mó de Desiderius Fhlaithrí. Sa Chatalóinis a scríobhadh an leagan bunaidh den saothar — Spill de la vida religiosa (Barcelona 1515). Aistríodh an saothar Catalónise go Caistílis, agus foilsíodh leaganacha de i dteangacha eile de chuid na Mór-Roinne, agus foilsíodh leagan Béarla chomh maith.
Ba mhór ar fad an mí-ádh ar Éirinn é nár pósadh leagan amach na nÍosánach ar dhiagacht na ngrást le Frith-Ghallachánachas Fhlaithrí. Ach tromlach Íosánaigh na hÉireann bhí siad i bhfabhar teacht ar chomhréiteach le Rítheaghlach Protastúnach Shasana, agus bhí siad ó thosach an 17ú céad i gcoinne na Gaeilge agus na saíochta a bhaineann léi. Bhí eisceachtaí áirithe ann gan amhras, cuir i gcás Conchúr Ó Mathúna, Íosánach, údar an Disputatio Apologetica (Liospóin 1645), ar saothar thar a bheith réabhlóideach frith-Shasanach atá ann. Ar ndóigh b’iomaí Íosánach ó dheireadh an 19ú céad i leith a rinne a chion féin ar son na Gaeilge: Éamann Ó hÓgáin, Pádraig Ua Duinnín, Láimhbheartach Mac Cionnaith, Piaras de Hindeberg, Diarmuid Ó Laoghaire, gan ach an chuid is aithnidiúla acu a lua, Solas na bhFlaitheas dá n-anamacha.
Nuair a thugann náisiún a chúl lena theanga féin, agus lena chreideamh féin ina dhiaidh sin, is an-deacair an taoide a chasadh. Chonaiceamar féin lenár linn an obair mhór a rinne an Pápa Eoin Pól II chun an Creideamh Caitliceach a mhúineadh don domhan mór arís. Dar ndóigh bhí páirt lárnach ag an gCairdinéal Ratzinger san obair sin, agus tá seisean ag leanúint di agus é ina Phápa é féin le ceithre bliana. Críost féin a dúirt linn nach mbuafadh Geataí Ifrinn ar an Eaglais. Ach tuigimid go léir nach féidir síoraíocht a chur in áirithe do theanga ar bith. Níl le déanamh ag gach uile ghlúin ach an méid a fuair siad féin a shíneadh chun na chéad ghlúine eile, más féidir in aon chor dóibh é.
Do chara, Séamas de Barra,
Ráth Fearnáin, BÁC 14
Feasta, Aibreán 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|