Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dán
le Mícheál Ó hAllmhuráin

An Scoláire Siúlach

Rófhada mé ag samhlú féidearachtaí mo bheo,
Ag múscailt go modartha
néalta féiniúlachta im chló,
Ag doimhinthreabhadh seanbhánta
na seansibhialtachtaí gan fód
Fírinneach ná fotharaga an lae fé chéachta
intleachta mo bheo…
Sea, slán go deo libhse, a leabhra an léin,
Ní ceol dom níos mó, ná beatha dom, bhúr scéal.

Ná tarraing anuas díospóireachtaí
na n-acadamh mór,
Is ná labhair liom fé chríocha coimhthíocha
an fholúis,
Rófhada mé ag ceapdh gur bhain naofacht
leis an dealús,
Mo mhairg! Is neameabhair aon mhacnamh
scoite glan ón réaltacht réadúil…
Sea…

Is mó lá agus oíche fite fuaite agam ag filíocht
Leo siúd a d’éisteodh le cad a thiocfadh
as mo shamhlaíocht;
Och, chím anois nach raibh ar bun ag mo bheo
ach cluichí cinn,
Mar d’fhéadfainn gach taobh den trom-argóint
a chosaint nó a chloí…
Sea…

Táim chomh dorcha sin anois go bhféadfainn
olltráchtas a scríobh ar ‘An Duibheagán’,
Mar fé scáth na smaointe a phúsc as mí-iompar
na mian ard,
Is minic nach raibh sa saol dom ach brocamas
nó blár,
A bhláthaigh chun beatha go rialta
chun go mairfeadh an Bás…
Sea…

A gharbhcríocha na gcoincheap, táim bréan
den bhréagstaidéar go léir,
Is is rí-olc liom a bhfuil déanta agam
go dtí seo lem shaol;
Anois táim ullamh chun dul ag triall
fan pasáistí plódaithe an lae…
Is feasta mairfead i mbraistintí le substaint
a ionchollú go saor…
Sea…


Feasta, Aibreán 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo