Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Cearrbhachas agus a Thoradh! - -

Gan amhras ba dheacair léiriú ní b’fhearr a fháil ar a ghéire agus atá an cúlú eacnamaíoch atá againn faoi láthair ná go bhfuil buiséad forlíontach riachtanach chun dul i ngleic leis. Is cosúil go nglactar leis anois go bhfuil a leithéid riachtanach, nó an mbeadh sé níos cruinne a rá go nglacann na saineolaithe eacnamaíocha leis go bhfuil sé riachtanach. Sí an cheist thábhachtach ná an nglacfaidh an pobal leis.

Seans go mbeidh freagra na ceiste sin againn sula mbíonn an t-eagarfhocal seo i gcló. Is féidir a rá nach aon tuar rómhaith ar tharla tar éis an chéad bhuiséid a bhí againn siar i mí na Samhna. Is cinnte má tharlaíonn an cineál míthreoir a bhí follasach an tráth sin, nuair a b’éigean don rialtas droim láimhe a thabhairt le go leor dá raibh beartaithe acu, go mbeidh a rás rite.

Níl na saineolaithe ar aon fhocal, ar ndóigh, faoi conas is fearr dul i ngleic leis an ngéarchéim. Ní bhíonn riamh. Sa Bhreatain is amhlaidh a laghdaíodh roinnt cánacha d’fhonn an geilleagar i gcoitinne a spreagadh. Sé an cur chuige céanna, ar an mórgóir, atá i gceist sna Stait Aontaithe, ach amháin go bhfuil an tUachtarán Obama ansin ag dul níos sia fós leis an spreagadh, agus go ndeir a naimhde polaitiúla gur ag priontáil airgid atá sé.

Ar an taobh eile tá an tAontas Eorpach, agus an Ghearmáin go háirithe, go mór in amhras faoin gcur chuige seo. Thuigfeá go mbeadh an Ghearmáin searbhasach go maith faoina bhfuil i gceist ag Brown agus Obama. Seachas tír ar bith eile, ach amháin b’fhéidir an tSeapáin, ní raibh siadsan páirteach sa mhí-iompar airgeadais ba bunchúis leis an tsáinn eacnamaíoch dhomhanda atá ann faoi láthair.

Ní raibh bolgáin tógála i gceist iontu ach oiread, agus ní raibh a gcuid institiúidí ag cearrbhachas leis an airgead a bhí i dtaisce iontu. Mar sin féin, tá siad thíos leis an ngéarchéim de bhrí go raibh siad go mór ag brath ar easportáil, agus níl dóthain airgid ann a thuilleadh chun a gcuid earraí a cheannach. Tá an ciontach agus an neamhchiontach in aon bhád.

Ach chun filleadh ar ár mbuiséad forlíontach féin, sé is cosúla go mór a tharlóidh anseo ná gur mó a cloífear le dearcadh an Aontais chun dul i ngleic lenár bhfadhbanna. Go cinnte dearfa beidh ardaithe cánach i gceist, agus cuirfear ciorraithe i bhfeidhm ar chaiteachas. Níl in amhras ach cé orthu is déine a luífidh na harduithe agus na ciorruithe.

Is ábhar iontais ar shlí nach bhfuil níos mó de raic á thógáil ag an bhFreasúra. Ar ndóigh, níl Freasúra an-aontaithe ann, faoi mar a bhíodh nuair a bhí Pat Rabbitte i gceannas ar an Lucht Oibre. Ach gan dabht, má deintear scrios ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla a bheidh againn go luath, beidh níos mó le rá ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre.

Feasta, Aibreán 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo