Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Pleananna Gaeilge & Lagtrá Eacnamaíoch le Seán Ó Loingsigh
Má tá sé fíor, ba thubaist a bheadh ann do na Gaeltachtaí seo. B’fhéidir gur ceist bháis nó beatha atá ann do chuid díobh. Ar a laghad ar fad níor chóir go dtarlódh sé ag an bpointe seo, sula mbíonn an plean ata á ullmhú don Ghaeltacht dréachtaithe.
———◊———
Táimid le cúpla mí anois ag plé le cúrsaí pleanála maidir leis an nGaeilge, agus go háirithe leis an dá phlean sin atá á mbeartú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa tír i gcoitinne. Ar eagla go gceapfaí go bhfuilimid ag dul thar fóir leis mar scéal, b’fhéidir nár mhiste a gheallúint nach bhfuil i gceist paidir chapaill a dhéanamh de agus nach mórán eile atá le cur lena bhfuil ráite go dtí seo.
Is cosúil, leis, go bhfuil daoine ag éirí mífhoighneach leis an moill atá i gceist maidir leis na pleananna. Ar an taobh eile den scéal, ba bheag a chuirfeadh sé isteach orainn dá gcaithfí cúpla mí breise leis an bpleanáil. Ní mórán de sin a deineadh go dtí seo agus b’fhearr go mór go dtógfaí breis ama leis ná gur meascán éigin leathbhruite a chuirfí os ár gcomhair.
Bhíothas ag gearán anseo cúpla mí ó shin maidir leis an gcosúlacht a bhí ann go mbeadh cúngú thar fóir i gceist i gcás na gceantar Gaeltachta. Bhíothas ag caint leis ar na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh le tamall de bhlianta i gcuid de na Gaeltachtaí ba laige chun an teanga a tharrtháil agus a neartú.
Sa chomhthéacs sin a deineadh tagairt do na ceapacháin a deineadh ar ‘áisitheoirí’ chun an obair sin a éascú. Tá súil go bhfuiltear ag baint úsáide an téarma ceart cruinn i gcás na ndaoine maithe seo, de bhrí nach féidir teacht air in aon fhoclóir, fiú i focal.ie.
Ar aon chuma bhí béim á leagadh ar an tábhacht a bhain leis na ceapacháin seo agus don dea-obair a bhí ar bun ag na daoine i gceist. Anois tá sé ráite go bhfuil a bpoist le cailliúint acu nó ag roinnt éigin díobh, agus go háirithe go bhfuil sé seo i gceist in Uíbh Ráthach. Má tá sé fíor, ba thubaist a bheadh ann do na Gaeltachtaí seo. B’fhéidir gur ceist bháis nó beatha atá ann do chuid díobh. Ar a laghad ar fad níor chóir go dtarlódh sé ag an bpointe seo, sula mbíonn an plean ata á ullmhú don Ghaeltacht dréachtaithe.
Níl aon bhaint ag an scéal seo le hatheagrú nó gearradh siar a dhéanamh ar na heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge. Is féidir go bhfuil cás ann chun é sin a dhéanamh, agus tuigtear go maith go bhfuil gearrthacha le tarlú sa saol gannchúiseach atá againn faoi láthair. Ba róchuma cén eagraíocht a bheadh ag fostú na ndaoine seo.
Ní féidir ceist na pleanála a fhágaint gan tagairt a dhéanamh arís eile d’ábhar a bhí ag dó na geirbe go minic cheana ag an gcolún seo. I gcás an Phlean Fiche Bliain, inar cosúil go bhfuil sé mar sprioc go mbeadh an Ghaeilge á labhairt ag ceathrú mhilliún duine ag deireadh na tréimhse sin, an féidir a bheith ag súil go mbeidh an teanga riachtanach dóibh sin a bheadh ag dul isteach sa státseirbhís ag an tráth sin féin? Cathain a thabharfar aghaidh ar an gceist seo? Go deimhin cathain a thabharfar aghaidh ar an gceist go bhfuil sé go mór in amhras an féidir an teanga a shlánú ar aon chor, nuair nach bhfuil an bunriachtanas sin ann i gcás na státseirbhíse?
Tá fhios ag an saol an drochstaid ina bhfuil an teanga sa tseirbhís ag an bpointe seo. Go deimhin tá sí i ndroch-chaoi sa chóras oideachais i gcoitinne, mar a d’admhaigh an Roinn Oideachais féin le déanaí. An bhfuil ceangal idir an dá staid sin? Is cosúil go bhfuiltear ag brath go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ann chun déileáil leis an bhfadhb seo, ach is ar éigean go bhfuil sé sin fíor. Go deimhin, tá daoine a shíleann nach chun leas na teanga i gcónaí cuid den úsáid a bhaintear as an Acht sin.
Ag caint dúinn ar dhrochstaid na Gaeilge sa chóras oideachais, mar atá admhaithe ag an Roinn, beidh sé suimiúil an ndéanfar aon tagairt dó sna pleananna. Bhí tráth ann nuair a bhítí ag brath rómhór ar an Roinn Oideachais chun an teanga a chur chun cinn. Tá an lá sin thart. Ceart nó mícheart tá a lán nach síleann gur suim leo an obair sin a thuilleadh, nó fiú go gcreideann siad ann. Dá mbeadh sin fíor, ba shnámh in aghaidh an easa cuid mhór a bheadh in obair na Gaeilge.
Sí an cheist, mar sin, ná an mbeadh inchreidteacht ag aon phlean nach dtabharfadh aird ar ról an chórais oideachais in obair na teanga. Go deimhin is ceist thábhachtach í ar chóir go mbeadh ról lárnach agus ghníomhach ag an Roinn atá ag plé leis an gcóras sin i ndréachtadh na bpleananna seo. Agus ina shlí aisteach féin, b’fhéidir go ndíríonn sé aird arís ar riachtanas na teanga sa státseirbhís i gcoitinne.
Mar a luadh ag an tús, tá go leor ráite faoi phleananna agus an Ghaeilge. Nach bhfuil dóthain eile fadhbanna againn na laethanta seo sa saol polaitiúil agus eacnamaíoch. Faoin am go mbeidh an píosa seo i gcló is maith a bheidh fhios againn cé chomh dona atá ár gcúrsaí. Níl aon duine nach bhfuil ag súil leis an drochscéala sa bhuiséad forlíontach, a bhfuiltear fós ag feitheamh leis agus seo á scríobh. Ní fiú a bheith ag tuairimíocht faoi.
Cén toradh polaitiúil a bheidh air? An mbeidh an rialtas in ann an fód a sheasamh an iarracht seo? Glactar leis go coitianta go ndéanfar scrios ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla a bheidh á dtionól faoi cheann cúpla mí. B’fhéidir gur beag a b’fhiú é sin ann féin, ach ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh na torthaí a bheith chomh dona i gcás an pháirtí sin go gcaithfí olltoghchán a ghlaoch go luath.
Tá sé le brath ar Fhine Gael, go háirithe dá mbeadh olltoghchán ann go luath, go mbeadh an deis a b’fhearr a bhí acu ó fhichidí an chéid seo caite a bheith mar phríomhpháirtí sa Dáil. Go deimhin, mar a sheasann cúrsaí níl sé sin as an áireamh. Má tá scamall sa spéir acu, baineann sé leis an gceannaireacht. Ba dhóigh leat nár thráth achrainn é, ach is cosúil go raibh roinnt de sin ar bun acu le cúpla seachtain anuas. Nár dhóigh leat go dtiocfadh siad ar a gcéill.
Is maith a thuigeann baill an rialtais an tsáinn ina bhfuil siad, ar ndóigh. Tá fhios acu go bhfuil olc ag a lán daoine chucu. Tá daoine as obair anois nár thug lá díomhaoin riamh, pé acu céardaithe, sclábhaithe, innealltóirí nó ailtirí iad. Fiú iadsan a bhfuil a bpoist slán, tá ciorraithe pá á gcur i bhfeidhm orthu. Ní raibh an míshásamh riamh chomh forleathan.
Níl aon amhras ná go ndéanfar gach iarracht is féidir gan cur leis an míshásamh sin. Is féidir, mar sin, go mbeidh cothromaíocht i gceist idir chaiteachas a laghdú oiread is féidir, agus gan stop a chur go huile le hobair thairbheach a chuireann fostaíocht ar fáil, fiú go gcaithfear airgead a thógáil ar iasacht chun é sin a dhéanamh.
Beifear ag súil go háirithe go leanfar ar aghaidh leis na scéimeanna tairbheacha sin a bhaineann leis an infreastruchtúr — le príomhbhóithre agus iarnróid agus a leithéidí eile a bhfuil oiread sin dul chun cinn déanta leo le roinnt blianta.
Is beag a cloistear faoi láthair faoin dara reifreann faoi Chonradh na Liospóine. Murach na geáitsí a bhíonn ar siúl ag Declan Ganley agus ag Libertas ba bheag a bheadh le clos faoi. Cén fáth gur shíleamar go raibh tábhacht ar bith ag baint leis an dream sin?
Ar ndóigh, má shíleamar go raibh fadhb againn nuair a diúltaíodh don reifreann an chéad uair, thug ár ngéarchéim eacnamaíoch ar ár gcéill sin. Más féidir brath ar na pobalbhreitheanna is déanaí, is cosúil gur fearr de sheans atá ann go nglacfar leis an dara hiarracht.
Agus os ag caint dúinn ar ár ngéarchéim, an mbeadh sé míreasúnta a bheith ag súil le breis bheag cúnaimh ón Aontas d’fhonn sinn a mhealladh? B’fhéidir nach mbeadh sé in ord a bheith ag súil leis sin!
Arís is féidir a bheith cinnte, pé acu an nglactar leis an gConradh an dara huair nó nach nglactar, go mbeidh Fianna Fáil thíos leis. Sí an cheist ná an féidir dóibh a bheith ag brath ar shuíochán ar bith?
Feasta, Aibreán 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|