Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Seánaí faoin Staighre

Gearrscéal
le Brian Ó Dochartaí




‘Peadar! Peadar! An bhfuil tú ann, a Pheadair?’

Níl sé ann. Bailithe leis i gcomhair an chluiche gailf. Ní fheadair sí an gcuirfeadh sí glao ar an nguthán póca. Bheartaigh sí gan sin a dhéanamh. Ní ró-shasta a bheadh sé dá mbeadh seans aige ar éinín. Nó poll aon bhuille. Cén dochar.

Níor fháiltigh Máirín roimis an teachtaireacht ar an scáileán. De ghnáth, ghlacfadh sí le curamaí an tsaoil gan aon stró. Ba chuma léi rud ar bith, dáiríre. Bhí cáil uirthi mar dhuine stuama. Pé scéal é, ní bheadh gá le freagra a sheoladh amach go dtí a hAintín Síle go dtí tráthnóna. Ba leor amárach, fiú.

Bhí an ríomhphost uaithi deas béasach tríd síos. Níorbh í an duine ba mheasa ar domhan í a hAintín Síle, don chuid is mó, ar aon chaoi. Ach amháin i dtaobh Seánaí. Comh luath is a shroichfeadh sí an tigh bí cinnte go mbeadh ceisteanna uaithi ina thaobh. Bhí tuairim leathchruinn ina cloigeann ag Máirín go nduirt sí léi cúpla blian ó shin go raibh Seánaí imithe. Bailithe leis. Rud nárbh fhíor. Bhí Seánaí ann fós. Nó anseo fós más mian leat.

Ní raibh aon choinne ag Máirín le casadh lena hAintín Síle go deo arís. Ar an saol seo ar aon nós. Ach anoi,s ó ba rud é gur fhógair an Pápa úr go raibh sé chun turas a thabhairt ar Éirinn, is léir gur bheartaigh sí go dtiocfaidís go hÉirinn arís — í féin, agus Malachaí ina teannta gan amhras.

An uair dheireanach a thángadar beirt b’í an bhliain í nuair a bhí an Pápa eile ar chuaird in Éirinn. Cén bhliain é sin? Ní raibh a fhios ag Máirín. Agus fiú tar éis d’Aintín Síle agus Malachaí a dturas fada ón Nua Shéalainn a chur díobh, níor thug Aintín Síle aghaidh ar Pháirc an Fhionnuisce in aon chor. ‘Táimse ró-aosta le bheith ag dul ag sodar go dtí Páirc an Fhionnuisce,’ a d’fhógair sí.
——◊——
A Mháirín Dhílis,

Bhí sceitimíní ar Malachaí agus ormsa nuair a chualamar go raibh sé ar intinn ag an bPápa úr cuairt a thabhairt ar Éirinn. Nach iontach ar fad é? Dea-scéal amach is amach! ‘A Mhuintir na hÉireann, is mór mo ghrá daoibhse.’ Ó, a Mháirín, an ndéanfar dearmad choíche ar ráiteas an Phápa dheiridh? Ba as an bPólainn dó siúd, gan amhras. Tá muintir na Pólainne agus sinne féin an-chosúil lena chéile, dáiríre. Táid lách agus fáilteach. Ach dáiríre, ní fhéadfaí a rá ar aon bhealach gur ionann an mianach atá sa bhfear ón nGearmáin atá ann faoi láthair. Bhuel, caithfear glacadh le gach a bhronann Dia orainn. Agus bímís buíoch dá réir. Ar aon nós, tá socraithe ag Malachaí agus agamsa turas a thabhairt ar Éirinn arís, nuair a bheidh an Pápa Gearmánach ar cuairt chugaibh. Beidh Malachaí 78 i mbliana. Táimse i bhfad níos óige ná sin, mar is eol duit! (Ag magadh atáim! Nár bhreá liom dá mbeinn!) Caithfidh go bhfuil an bheirt óg agatsa beagnach fásta suas faoin am seo. Is déagóirí iad faoi seo. Ó, nach olc mar a éalaíonn na blianta uainn?

Grá ó d’Aintín Síle.’
——◊——
Ní bheadh deacracht ar bith seomra a chóiriú dóibh. Athrú beag anseo is ansiúd. B’shin uile. Ní hamhlaidh go mbeadh Francesca thar a bheith sásta, ach ní chuirfeadh sé isteach ar Jason maith ná olc cá raghadh sé ina chodladh. Ní raibh deacracht ar bith leis an ngné sin. B’é Seánaí an fhadhb. Cád a dhéanfadh sí le Seánaí?

D’fhill Peadar abhaile díreach in am i gcomhair an tae. Ar a bhealach rug sé Jason leis ón gcumann dornálaíochta. Bhí téacs faighte aige ó Francesca á rá leis go mbeadh síob abhaile aici. Nuair a bhí an béile thart acu agus na gréithre boird curtha sa mhaisín níochán do chas Máirín i dtreo Pheadair.

‘Caithfead roinnt cainte a dhéanamh leat. Tá sé beartaithe ag Aintín Síle agus Malachaí teacht go hÉirinn.’

‘Teacht go hÉirinn? Filleadh chun cónaithe? An é sin atá i gceist acu?’

‘Ní hea, a dhuine. Ní hea. I gcomhair chuaird an Phápa.’

‘Agus cathain a bheidh seisean ag teacht? Ní raibh a fhios agam go raibh am ar bith socraithe.’

‘Níl, go bhfios domsa, ach oiread. Ní dóigh liom go bhfuil am faoi leith socraithe.’

‘Mar sin, cén fhadhb atá ann? Raghadsa in aon seomra le Jason, agus is féidir le Francesca dul isteach leatsa inár seomra.’

‘Ní shin í an fhadhb, a Pheadair. Ní shin í an fhadhb in aon chor. Sé Seánaí an fhadhb.’

‘Ó, Seánaí.’

Díreach mar a bhí coinne aici leis, thuig sí nár theastaigh ó Pheadar aon bhaint a bheith aige le fadhb Sheánaí. Deacair milleán a chur air, dáiríre. Mar sin féin, ba dheas é dá mbeadh beagáinín cabhrach ar fáil uaidh.

Mhachnaigh Máirín go dian ar a cúram. Amárach an Domhnach. Maidin an Luain raghadh sí i mbun oibre.
——◊——
‘Tá d’aigne socraithe agat má sea, a Mháirín?’

‘Tá. Dheineas roinnt mhaith machnaimh thar deireadh seachtaine. B’fhearr liom go ndéanfaí gach rud de réir dlí. Is fearr gan an lámh láidir a úsáid. Mar sin cinnteoimid nach gcuirfear an dlí orainne más amhlaidh go n-éiríonn Seánaí beagáinín trodach, nó rud ar bith eile dá leithéid sin. Tuigeann tú féin. An ndéanfása an Fógra Imeachta chomh luath in Éirinn agus is féidir led’ thoil, a Nollaig? A luaithe is ea a cuirfear an gnó seo i gcrích sea is fearr é.’

‘Sea. Bhuel, ní mór go gcuirfinn tú ar d’eolas, a Mháirín, gurb é an modh oibre atá againn ná go seolfainn litir aturnae chuige mar thosach.’

‘Cur amú ama. Glac uaimse é. Ní thugann sé aird ar bith ar litreacha. Bhí ceann an lá faoi dheireadh ón gComhairle Ealaíon á rá go dtabharfaidís deontas dó le haghaidh saothar fiúntach ficsean.’

‘Conas atá a fhios agat sin? Ar oscail tú a litir?’

‘Dhein. D’osclaíos an litir. Cad eile a dhéanfainn? Ní osclaíonn sé féin aon litir dá chuid, am ar bith.’

‘Ceart go leor. Más mar sin é, seolfadsa amach an Fógra Imeachta, gan aon litir tosaigh a chur chuige. Ach tuigfidh tú go gcaithfidh an Fógra Imeachta dul i gclúdach cláraithe, agus caithfidh duine éigin síniú a thabhairt d’fhear a’ phoist nuair a shroicfidh sé do thighse. Ní leor gur duine éigin ó do thaobhsa den argóint a chuirfidh a shíniú leis. Tuigeann tú sin?’

‘Níl argóint ann, a Nollaig. Díreach gur mhaith linn ár dtigh cónaithe a bheith againn dúinne féin. Ní baol duit an síniú. Cinnteoidh mé go gcuirfidh comharsa liom a shíniú leis an gclúdach cláraithe.’

‘Ar íoc an fear seo cíos leatsa nó led’ fhear chéile, am ar bith?’

‘Níor íoc. Riamh. Níor dhein.’

‘Tán tú thar a bheith cinnte faoi sin?’

‘Níl amhras ar bith ina thaobh.’

‘Ní tionóntaí é in aon chor, má sea. Is foghlaí é. Seolfadsa Fógra Rabhaidh freisin chuige á rá leis go lorgóidh muid cúiteamh airgid muna mbogann sé amach deas ciúin síochánta, agus a shealúchas a thairiscint uaidh go pras múinte. Sin an abairt a úsáidtear.’

‘Caithfear tabhairt faoi ar bhealach éigin.’

‘Agus níl teacht aige ar aon chuid eile den tigh seachas istigh faoin staighre? Cé thug cead isteach dó an chéad lá riamh? Tusa nó Peadar?’

‘Ceachtar againn. Bhí sé ann cheana féin nuair a cheannaigh muidne an tigh.’

‘Cineál tionóntaí suite é, más ea.’

‘Bhuel, is foghlaí suite é. Nach ea?’
——◊——
‘Ní raibh a fhios agam in aon chor tú a bheith i dteach altranais, a Athair Uí Mhaolagáin. Cén fhaid atá tú anseo?’

‘Beagnach sé seachtainí anois, a Mháirín. Deineadh obráid ar ailse a bhí i mo phutóga ach bhí sé ró-dhéanach dom. An iomad dochair déanta. Ach táthar ag tabhairt aire an-mhaith dom anseo. Níl aon chúis ghearáin agam. Buíochas le Dia. Cad is féidir liom a dhéanamh ar do shonsa, a Mháirín?’

‘I dtosach báire, a Athair Uí Mhaolagáin, is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leat as ucht an sár-jab a dheinis ag baisteadh Francesca agus Jason. Is leanaí den scoth iad beirt. Ní fhéadfaimis níos fearr a iarraidh. A bhuíochas ar fad leatsa, a Athair.’

‘Ní dóigh liom gur mise a bhaist Jason in aon chor, a Mháirín. Bhíodh riail daingean agamsa i gcónaí go mbronnfaí ainm naoimh aitheanta ar leanbh ar lá a bhaiste. Os rud é nach raibh aon Naomh Jason ann is féidir liom a rá leat go dearfa nach mise a bhaist é in aon chor. Sagart éigin eile, is dócha.’

‘Is tú féin a bhaist é, a Athair. Agus an ceart ar fad agat. Ní rabhais toilteanach Jason a bhaisteadh air. Ach nuair a chuireamar Pádraig leis ghlac tú leis sin. Jason Pádraig.’

‘Cén fáth gur tháinig tú chugam inniu?’

‘Iarraim do phaidreacha, a Athair Uí Mhaolagáin. Tá fadhb inár dtigh cónaithe againn. Seánaí Faoin Staighre. Níl sé toilteanach an tigh a fhágáil. Sheolamar litir aturnae chuige. Ní thugann sé aird dá laghad ar litir ar bith.’

‘Agus conas an dóigh leat a éireoidh liomsa é a chasadh amach, má theip ar an aturnae agus dlíthe na tíre? Tabhair do fhreagra air sin dom, led’ thoil.’

‘Bhuel, mar is eol dúinne beirt, a Athair Uí Mhaolagáin, ní fiú faic cumhacht an Stáit i gcomparáid leis an gcumhacht spioradálta. Is agatsa atá an chumhacht is treise. Ní fhéadfaí an dá ceann a chur i gcomparaid le chéile ar aon bhealach, mar is eol duit go maith.’

‘Agus muna n-éiríonn le m’iarracht, a Mháirín, cad a dhéanfair ansin?’

‘Tuigim go maith i mo chroí istigh nach dteipfidh ortsa, a Athair Uí Mhaolagáin. Ní fada anois go mbeidh an Pápa Gearmánach inár measc. Bail ó Dhia air. Is iontach iad eachtraí Dé. Tá a fhios agam nach loicfidh an bheirt agaibh orm. Beannachtaí ó na Flaithis ort, a Athair. Tá cuma na tuirse ort. B’fhearrde domsa bogadh liom. Mo mhíle buíochas leat as gach uile rud.’
——◊——
Cé mhéid? Caoga Euro! Agus caoga in aghaidh gach ceann de shé bhabhta cruinnithe comhairleacha eile freisin! Tá sin thar a bheith daor, ná déarfá? Dhein an t-aturnae a chuidse ar an mbonn nach mbeadh táille ann mura mbeadh gamhain ann. Agus, Dia á réiteach, fuair an sagart bocht bás dhá lá tar éis dom a bheith ag caint leis. Bhí sé ar intinn agam síntiús éigin a thabhairt dó comh luath is a bheadh deireadh déanta. Ach ní bheadh an tsuim a bheadh á íoc agam leis in aon gar don mhéid atá á lorg agatsa. Seacht seisiún leatsa ar chaoga euro an ceann…

‘…cruinnithe comhairleacha…’

‘Ócé. Ócé. Cruinnithe comhairleacha. Seacht gcinn acu, pé ainm is mian leat a ghairm orthu. Cosnóidh sé €350 orm. Ní sladmhargadh é sin.’

‘Fágaimse fútsa féin ina iomláine é, a mhaighdean shéimh.’

‘Agus dá mba rud é go mbeadh réiteach ar m’fhadhb sula mbeadh an seacht seisiún thart, an gcaithfinnse fós an fuílleach a íoc leat?’

‘B’fhearr liom go mór nach ndéarfá ‘seisiún’, a mhaighdean shéimh. Os rud é go bhfuilimid ag iarraidh chabhair uatha siúd atá bailithe leo go dtí gleann an cheo, tá dualgas orainn a bheith béasach agus múinte in aon ghnó a bhíonn againn leo. Ach féach! Cheana féin feicim os comhair mo dhá shúil amach, i mo ghloine órga, fear caol ard. É meán aosta. Culaith dheas shlachtmhar air. An oireann an cur síos sin do Sheánaí Faoin Staighre agatsa?’

‘D’fhéadfadh go n-oireann. Cinnte. Cén airde atá ann?’

‘Tá brón orm, a mhaighdean shéimh. Tá sé imithe as amharc mo ghloine órga. B’fhéidir go bhfillfidh sé níos déanaí. Ach, b’fhéidir nach bhfillfidh sé — in aon chor.’

‘Nach bhfillfidh sé — in aon chor?’

‘Níl sé de cheart againne, maith ná olc, brú a chur orthu siúd atá imithe go gleann an cheo. Tuigeann tú, a mhaighdean shéimh, nach bhfuil socrú ar bith déanta agat liom go fóill.’

‘Ní mór dom airgead a íoc leat?’

‘Léireofar dáiríreacht ar do shonsa, má dheinir sin, a mhaighdean shéimh.’

‘Murae mhiste leat, ná bíodh ‘a mhaighdean shéimh’ dá rá agat liom. Is bean phósta mé.’

‘Tá brón orm, ach ní aithníonn an dream a bhfuil cónaí orthu i ngleann an cheo stádas an phósta, a mhaighdean shéimh. Is cuirtéis bhunúsach é go dtabharfaimis aitheantas do ghnása, chleachtais agus nósanna na ndaoine a bhfuil buanchónaí orthu i ngleann an cheo.’

‘Íocfaidh mé do chaoga euro leat. An dóigh leat go gcuirfidh sé sin do liathróidín ghlas sa tsiúl arís?’

‘A mhaighdean shéimh, ímpím ort gan a bheith magúil. Ní liathróidín ghlas atá agamsa. Gloine órga atá agam. Is ag cleasaithe stáitse, gaotairí, agus fir mhéarachán a bhíonn liathróidí glasa. Is foras cumarsáide idirshaoil é mo ghloine órga.’

‘Cathain a fhillfidh mé chugat?’

‘Bheadh Dé Máirt seo chugainn go diabhail ar fad, thar a bheith oiriúnach domsa, dáiríre. Ní mór dom a bheith ar an traen go moch maidin amárach ar mo bhealach go dtí an Trá Mhór le haghaidh na rásanna. Ach, tuigeann tú, gan amhras, a mhaighdean shéimh, gur fear marbh é Seánaí Faoin Staighre agatsa? Ní hamhlaidh go mbeidh sé ag suí isteach chun boird in bhúr dteannta, le haghaidh a bhricfeasta maidin ar bith.’
——◊——
Bhí deireadh na péice sroichte ag Máirín. D’fhreastail sí go dílis ar gach uile sheisiún a fógraíodh di i mbothán Madame McCloud ar Pháirc an Aonaigh. Maidin inné d’íoc sí an 50 euro deireanach. B’shin 350 euro san iomlán. Bhí Seánaí Faoin Staighre fós faoin staighre. Má thagann an crú ar an táirne, ní bheidh dul as aici ach a rá lena hAintín Síle gur fhill Seánaí chucu arís.

Ach ar chúis éigin bhí Máirín tar éis éirí ceanúil ar Madame McCloud. Sé a deireadh Peadar léi gurbh é ba chúis leis sin na go ndeireadh sí ‘a mhaighdean shéimh’ léi gach babhta. Sea. Bhraith Máirín níos óige dá bharr sin, ceart go leor. Ach bhí teorainn leis. Ní dóithín amach is amach í.

Níorbh fhada é go mbeadh Aintín Síle agus Malachaí chucu. Dar ndóigh, níor theastaigh ó Mháirín go mbeadh aon bhréag le hinsint aici i dtaobh Seánaí. Agus chaithfí a admháil go raibh sé ciúin a dhóthain le déanaí. Níor tháinig fiú is litir amháin chuige le roinnt seachtainí.
——◊——
Tráthnóna an tSathairn go déanach fuair Máirín ríomhphost óna hAintín Síle. D’fhógair sí nach mbeadh sí féin agus Malachaí ag teacht go hÉirinn le haghaidh thuras an Phápa Gearmánaigh tar éis an tsaoil. Trí oíche as a céile, le déanaí, is amhlaidh gur deineadh iarracht ar bhriseadh isteach ina dtigh cónaithe. Fiú is nár éirigh le haon iarracht acu, bheartaigh Aintín Síle agus Malachaí gurbh fhearr nach mbeidís as baile faoi láthair.

Bhí an t-ádh dearg leo nár deineadh aon damáiste. Níor briseadh gloine i bhfuinneog amháin fiú. Ach mhair an fothram thar roinnt uaireanta a’ chloig gach oíche.

Ba dhóigh leo freisin, uaireanta, go mbíodh an torann istigh sa tigh, go háirithe thíos istigh faoin staighre.

Feasta, Bealtaine 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais