Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
LÁR AN DOMHAIN
Gearrscéalta le Beairtle Ó Conaire.
Duaisleabhar gearrscéalta ó údar an úrscéil Fonn na Fola agus na gcnuasach gearrscéalta Fete agus Scéalta Eile agus Marlyn Monroe i mBaile an Ghoirt. As Ros Muc i gConamara don úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2004.
Leabhar Breac, 2008. €12
Léirmheas le Tomás Mac Síomóin
Ceann de na húrscéalta is cumasaí dár scríobhadh riamh i nGaeilge (sa gciall is leithne den fhocal) ná An tAonarán le Iain Mhic a’ Ghobhainn, scríbhneoir agus file Leodhasach. Bunús a scéil ná teacht strainséara chun cónaithe i sráidbhaile iargúlta i nGaeltacht na hAlban. Ní fios cérbh as dó ná cé na gnaithe atá aige san áit. Ach, ainneoin go seachnaíonn seisean an pobal, bíonn caint air agus i leaba a chéile athchumtar saol an phobail ó thalamh aníos. Amhail is dá mbeadh an pobal, dá mhíle buíochas, á chur féin i bhfeil don neach deoranta seo. D’fhéadfaí a rá gurb éard a bhí sa strainséara seo sprid nó siombal an athraithe, bíodh an t-athrú céanna chun maitheas nó chun donacht.
Bhraitheas siombalachas den chineál céanna ar An Harastatal, an chéad scéal as Lár an Domhain, cnuasach gearrscéalta seo ó pheann Bheairtle Uí Chonaire, a ghnóthaigh Duais an Oireachtais do chnuasach gearrscéalta i 2006. I gcéadscéal a chnuasaighseo, An Harastatal, caitear earra aisteach a raibh ‘déanamh bosca’ air suas ar thrá Chluain na Cora Áille. Buaileann bunadh na háite lipéad ‘Gréagach’—An Harastatal—ar an rud corr seo. Agus bíodh is nach dtuigeann éinne céard atá ann, cuireann an Harastatal céanna saol an phobail mháguaird trína chéile.
Tiontaigh sé in ‘lár an domhain’ do phobal Chluain na Cora Áille. Caitear sean-nósmhaireachtaí talaimh is trá i dtráipisí agus faoi am go sclogann an talamh an Harastatal seo, pobal eile ar fad atá ar an bhfód. (Cuirtear leacht suas san áit ar a bhfuil focal rúndiamhrach greanta ‘le go dtarraingeoidh sé caint’. ‘Creasúhargaiv’ an focal; bí ag spraí le hord na litreacha féachaint a dtig leat ciall a bhaint as an ‘rúndiamhar’ seo!)
Cá bhfuil ‘lár an domhain’, pointe socair tagartha nach n-athraíonn ariamh, ar fáil? Ní hann dó ar chor ar bith, a deir Ó Conaire, trí bhéala na gcaractar a chuireann sé faoin ár mbráid i scéalta Lár an Domhain.
Is dár condition humaine, é a bheith á shíor-lorg siúd, dar leis, is an diomá a leanann teip na tóra seo a fhulaingt. Sa scéal Lár an Domhain, (130) fiafraíonn múinteoir —léarscáil crochta ar an mballa aige —‘An bhfuil a fhios ag aon duine anseo cá bhfuil Baile an Roisín?... Mo lámh thuas ar an gcéad duine……’ a deir an scéalaí, ‘bhéic mé ‘sa lár’. Tharla líne Greenwich a bheith a dhul tríd, is é Londain a chéad ‘lár’ eile. Faigheann an scéalaí seo amach níos faide anonn nach bhfuil an íomhá idéalaithe a shamhlaíonn sé leis an ‘lár’ úd ag teacht le réalachas an Londain mar atá.
Deoraithe uilig muid, tugann Lár an Domhain le fios, fánaithe atá scoite amach ó lár ceoch eicínt nach ann di ach sa tsamhlaíocht.
Is díol suntais é go mbaineann, den dosaen scéal atá sa gcnuasach rí-thábhachtach seo, ocht gcinn le deoraíocht per se. Mar a bheadh meafar seo na deoraíochta á thairiscint dúinn mar áis le meabhair eicínt a bhaint as ár dturas i nGleann seo na nDeor. Bíonn diomá i ndán don deoraí a fhilleann ó Pittsburgh; neach cuideáin é ar oileán a dhúchais. (An Saol Eile, 32).
Nuair a lorgaíonn feidhmeannach stáit faoiseamh ó churaimí a shaoil bhruachbhailtigh trí chuairt a chur ar a cheantar dúchais, ní aithnítear seanchomharsa é agus feictear dó go bhfuil baile a óige ‘imithe ó aithne’. (Bris, 88).
Ní féidir leis an duine breith ar an ‘lár’ seo. Agus, mar a mheabhraíonn An Lá ar Cailleadh Queenie dúinn, níor ghá go mbeadh trasnú tíre ná farraige amháin i gceist leis an imirce seo. Is féidir leis an duine a bheith ar dheoraíocht uaidh féin. Ba as Llangollen do Edith Jones, ach bhí pearsantacht eile aici i mbeáranna Londain, Queenie, agus í ‘ina príosúnach ag Queenie’ céanna. Réitíonn sí an scitsifréine seo trí deireadh a chur le Queenie ar bhealach a bhainfidh geit asat. (An Lá ar Cailleadh Queenie, 19).
Is cúléisteacht ar chomhráití ag an mbeár ar an mbád farantóireachta idir Cí Cibé agus Dún Laoire atá i gcuid mhór den scéal An tAistear ar Ais (47) Deoraithe atá cur cuairt ar an mbaile atá sna cainteoirí is iad imníoch faoina bhfuil rompu. Iad imithe i dtaithí, go pointe, ar shaol nach mbaineann leo, agus níos compóirtí leis an saol thall ná le baile atá i ndáil le bheith comhthíoch dóibh. Éin chuideáin san dá thír anois iad, níos cóngaraí do Sealink ná do Ghaillimh ná do Londain.
Ar an mbealach amach as an gcaladh i nDún Laoire, feiceann an scéalaí duine dá chomhluadar óil ar an mbád, ‘an fear fada ina sheasamh i líne ag oifig na dticéad agus a mhála ina leathláimh. Casta ar ais, a deirim liom féin.’ Fear a bhí níos tugtha don taisteal ná don cheann scríbe, ba léir, is a thuig go dóite go raibh a ‘lár’ seisean imithe ina ghail soip……
Cuimsíonn clúdach an leabhair seo mórthéama Lár an Domhain Bheairtle Uí Chonaire go néata. Os cionn an teidil, tá na tonnta á dtreabhadh ag long de chuid Sealink, é ina spota bán i bhfarraige a shíneann go híor na spéire. Leagan amach slachtmhar ar an iomlán, mar is dual do Leabhar Breac.
Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, maraon leis an ngearrscéalí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain, mórshásamh intinne agus anama in éindí don léitheoir.
Léitheoireacht riachtanach is ea an scothleabhar seo don té a mbeadh cruthú eile uaidh go bhfuil litríocht na Gaeilge inchomórtas leis an gcuid is fearr dá bhfuil á chumadh go hidirnáisiúnta. Agus bréagnaíonn éacht seo Uí Chonaire, Lár an Domhain, glamaíl na n-ainbhfiosán acadúla údan a thugann le fios nár cumadh aon cheo ar fónamh i nGaeilge le glún anuas. Ach sin scéal eile.
Feasta, Bealtaine 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|