Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta le
Brian Mac a’ Bhaird

Fir Pinn

Ba dhuine é m’athair
a bhíodh de shíor ag scríobh
dhá pheann ar a laghad
ina phóca réidh.
Achan cheist nó fadhb
a thagadh chuige
thugtaí fúithi díreach
le ceachtar acu.
Is corpáin iad anois
m’athair is a phinn
ach le blianta fad’ anuas
bím ar a shála
Péire acu ar aire
agam, iad ar bís
le deacrachtaí a réiteach
le focail a chur síos.
Is mac léinn é mo mhac
agus an laige chéanna ann
do phinn; briseann an dúchas
tré shúile an chait,
A deirtear, agus tuigim brí
an tseanfhocail sin
ar fheiceáil domh mo dhuine
sáite i gcoiscéimeanna a mhuintire.

Díchreidmheacht

A Oisín chróga, a mhic Mhic Chumhaill
a chaith trí chéad bliain thar sáil’
le Niamh Chinn Óir na gruaige craobhaí
a mheall de dheoin thú Éire ’ fhágáil.
Sibh beirt araon ar mhuin an eich
ba ghile choíche ’riamh a mhair
trasna tonnta ag bun na spéire
’s ar aghaidh go Tír na nÓg thar lear.

Do mhuintir dhílis fágtha anseo
iad cumhach uaigneach i do dhiaidh
gan tuigbheáil acu ná agat fhéin
ar an tubaisteacht a bhí le tíocht.
Laochra Éireann, neart na ngéag,
Goll is Cónán, Fionn is Caoilte
le cianta anois go ciúin sa chré
’s an gad go deo na ndeor tá scaoilte.

Crainnte uilig na tíre bánaithe
gan áit ar bith le bheith ag seilg –
mhaslófaí Bran is Sceolan maorga
fiú is iad ar Oileán Sceilg’.
Níl trácht anois ar thoirc ná boic
ná bradáin ríoga ag léim sa Bhóinn
na haibhneacha ’nois in easpa éisc
is gan sna portaigh ach fíorbheag món’.

Dá dtiocfadh leat a’ theacht ar ais
chuig tailte fíorghlas’ Éireann
san aonú aois is fiche anois
in éineacht le do ghrá, an spéirbhean,
ní chreidfeá é is ní thuigfeá é
an radharc úd gréagach romhat
an timpeallacht á slad’ ’s á creach’
is a háilleacht mhaighdeanúil goidte uait.

Níor ghá duit cromadh síos anois
a laoich chaíliúil na láidreachta
le cloch ollmhór a iompar daof’
is a athlonnú ar thaobh na háite.
Tá innealra ann anois, a fhia –
ollscartairí marfach’ móra –
a sháraíonn achan bhac le héacht
is iad á stiúradh ag déagóirí.

Feasta, Bealtaine 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo