Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Muintir Ghoilliúnach na hÉireann - -

Níl sé ach cúpla mí ó shin ó bhíomar ag gearán faoin síorolagón a bhíonn ar siúl againn faoin ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair. Is é a bhí i gceist againn gur féidir dul thar fóir leis an gcur agus cúiteamh agus leis an milleánú, agus go mb’fhearr dúinn díriú isteach ar conas is fearr is féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim, seachas a bheith ag cur mórchuid ama amú ag plé cé hiad is cúis leis, nó conas nár thugamar cluas do na daoine úd, nach eol dúinn go díreach cé hiad, a bhí ag rá linn go rabhamar ar bhóthar ar n-aimhleasa.

Tá a fhios againn go maith go bhfuil cuid mhór den mhilleán úd le leagadh ar ár bpolaiteoirí anseo, agus mar a dúradh cheana, is cinnte go mbeidh deis againn ár míshásamh a chur in iúl do na polaiteoirí sin, go háirithe nuair a thagann olltoghchán i gceist. Cé déarfadh nach mbeidh a leithéid againn níos luaithe ná mar a shíltear?

Le fírinne, séard atá ag déanamh buartha dúinn an mhí seo ná an nós atá againn a bheith ag féachaint siar thar ár nguaillí ag éisteacht lena mbíonn le rá ag daoine eile fúinn, go háirithe ag tráchtairí agus tuairisceoirí agus saineolaithe sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Nach aisteach ar fad go mbeadh oiread sin suime acu inár bhfadhbanna, nuair atá an staid ina bhfuil an geilleagar ina dtiortha féin gach pioc chomh holc, no fiú níos measa, ná mar atá sa tír seo.

Gan amhras is saineolaí mór le rá Paul Krugman san eacnamaíocht. Tá duais Nobel tuillte aige mar chruthúnas air sin. Bhí sé ag tuairimíocht le déanaí go bféadfadh an staid ina bhfuil an eacnamaíocht sna Stáit Aontaithe faoi láthair a bheith ar aon dul leis an staid ina bhfuil sí in Éirinn, mura ndeineann an tUachtarán Obama seo siúd nó eile, de réir mar a mholann Krugman é.

Céard tá i gceist aige? Ní dócha go bhfuil an oiread sin eolais aige ar cad atá ar siúl anseo. Bíonn sé ag brath ar cad a bhionn le rá ag tráchtairí, pé acu an mbíonn siad fábharach dúinn nó nach mbíonn, pé acu an mbíonn an ceart acu nó a mhalairt. Is cosúil go gcreideann Krugman gur chóir smacht iomlán a ghlacadh ar na bainc, is é sin iad a náisiúnú go hiomlán, in áit dul leathbhealaigh leis, mar is cosúil atá i gceist againne.

Ní lia saineolaí eacnamaíochta ná barúil eacnamaíochta. Ní féidir dúinn a bheith ag tabhairt aird orthu uile. Go deimhin, is é is dóichí gur mó eolas na n-eacnamaithe anseo, atá ag cur comhairle ar an rialtas maidir lenár bhfadhbanna agus conas dul i ngleic leo, ná aon eacnamaí, dá oirirc é, ón gcoigríoch.

Tá go leor daoine inár measc atá as obair, nó go bhfuil fadhbanna acu a bhaineas le morgáistí. Séard is mó atá riachtanach ná éirí as an gcur agus cúiteamh, agus teacht i gcabhair ar a leitheidí.

Feasta, Bealtaine 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo