Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Deontais Tithíochta agus eile
le Seán Ó Loingsigh


Níl aon athbhreithniú i gceist, ámh, maidir leis na deontais tithíochta a bhí ar fáil sa Ghaeltacht. Tá deireadh curtha leo.

****************

Tar éis a raibh le rá againn le trí mhí anuas faoi phleananna Gaeilge agus Gaeltachta, féach nach bhfuil deireadh ar fad ráite fós againn. Nár lige Dia go bhfuil aon bhaol dúinn a bheith ag titim chun leadráin! Mar sin féin b’fhéidir nár mhiste tagairt a dhéanamh do na scéalta is déanaí atá tagtha chugainn ón nGaeltacht, agus a bhfuil baint acu lena raibh le rá againn roimhe seo.

Tá torthaí na bliana 2007/2008 maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge ar fáil anois, agus mar is gnáth, ní hé an chiall chéanna a bhaineann gach duine astu. I dtuairim an Aire Uí Chuív, a deir Foinse linn, is ‘comhartha dóchais’ atá iontu. Ach deirtear linn leis, san alt céanna, go bhfuil sé ag cur dallamullóg air féin, dar le Donncha Ó hÉallaithe, a choinníonn súil ghéar ar na cúrsaí seo. Dar leis siúd tá titim ar an líon atá ag cur isteach ar an deontas agus ar an gcéatadán a thuilleann é.

Is deacair a rá anois an gcreidtear a thuilleadh go meallann an deontas seo teaghlaigh chun cloí leis an nGaeilge, nó an í an fheidhm is mó a bhaintear as ná mar shlat tomhais ag lucht na hoifigiúlachta chun staid na teanga i gceantair éagsúla Ghaeltachta a mheas. Pé ní, tá sé beagán mí-ámharach go n-úsaidtear an deontas ar mhaithe lena argóint gur chóir teorainneacha na Gaeltachta a chúngú.

Tá tuairimí luaite anseo cheana faoin gceist chasta sin, ach go háirithe go bhfuil sé ró-éasca ar fad brath ar staitisticí loma go huile chun breith báis a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga lag ionta nó fiu an-lag. Ach ina theannta sin, léiríonn sé leis go bhfuil daoine ann a chreideann fós gur féidir an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht, fiú má tá sí ag dul i léig agus á treigean sa chuid eile den tír.

Ní féidir ach a rá arís eile nach bhfuil seans go mairfidh sí i bhfad i nGaeltacht, pé acu lag nó láidir í, mura dtagann sí chun cinn sa chuid eile den tír. An chuige sin a bhí an dream a bhí ag cur comhairle ar an rialtas scaitheamh ó shin maidir leis an staid ina raibh an teanga sa Ghaeltacht, nuair a dúirt siad nach raibh ach saol cúig bliana déag i ndán di?

I saol seo na gciorraithe ní hionadh go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an deontas seo mar chuid den phlean Gaeltachta atá á ullmhú faoi láthair. Níl aon athbhreithniú i gceist, ámh, maidir leis na deontais tithíochta a bhí ar fáil sa Ghaeltacht. Tá deireadh curtha leo. Ní mór dom a rá go raibh suim ar leith agam iontu, mar gur chaitheas cuid mhór de mo shaol oibre ag plé leo.

Is i 1929 a ritheadh chéad Acht na dTithe Gaeltachta, agus is mó acht eile a ritheadh ina dhiaidh nuair a bhíodh athruithe le déanamh ar mhéid nó ar scóip na ndeontas. Go bhfios domsa ní raibh aon chineál eile deontais faoi riar ag Achtanna Dála. Is é Cumann na nGael, ar ndóigh, a bhí i mbun rialtais ag an am, agus sílim gurbh é Fionán Ó Loingsigh ó Uíbh Ráthach, uncail do Dhónal Ó Móráin Ghael-Linn, an tAire a raibh cúram na Gaeltachta air an tráth sin.

Dhein na hAchtanna seo léirscrios ar na tithe ceann tuí úd a dtugadh cuairteoirí agus péintéirí mar Charles Lamb oiread sin taitnimh dóibh. Is baolach nach raibh na daoine a bhíodh ina gcónaí iontu chomh tógtha céanna leo. Ghlac siad go fonnmhar leis an deontas de £80 agus leis an iasacht den mhéid céanna a bhí le fáil acu faoi na hachtanna, chun na tithe gránna coincréide a thógáil atá le feiceáil inniu féin ar fud na Gaeltachta.

Ní raibh aon dlithe pleanála i gceist, agus má ba smál ar an timpeallacht a bhí iontu, dar le lucht turasóireachta agus le péintéirí go háirithe, ní bhfuair na daoine a chuaigh chun cónaithe iontu aon locht orthu. Deirtí go nglanadh an deontas agus an iasacht le chéile an costas tógála.

Tugtaí suirbhéirí i dtús ama ar na daoine a bhíodh i bhfeighil na ndeontas seo agus i bhfeighil chaighdeán na hoibre, ach ar chúis éigin is cigirí a thugtaí orthu le mo linn féin. B’innealltóirí sibhialta nó ailtirí ba ghairm dóibh. Bhíodh an Ghaeilge nó an Ghaelainn ar a dtoil acu. Sea anois, b’fhéidir nach raibh sé sin fíor ar fad ar fad i gconaí. Deirtí go raibh suirbhéir i gCiarraí i dtús ama go raibh cuid mhaith dá shaol caite mar innealltóir i Meiriceá aige, go dtí gur éirigh sé tuirseach den strus agus stró a bhain leis an ngnó ansin, agus gur fhill sé abhaile.

Ní hé go raibh an oiread sin jabanna ag imeacht ag an am, agus mura raibh a chuid Gaelainne thar moladh beirte, ba dhuine treallúsach é agus d’fhoghlaim sé lear maith abairtí i nGaelainn a bheadh oiriúnach don ghnó, agus ní foláir nó gur chuir sé dallamullóg ar dhuine éigin, mar fuair sé a phost agus d’fhan sé ann ar a sháimhín só ar feadh na mblianta.

Ach i gcoitinne bhí togha na Gaeilge acu, agus suim mhór acu inti, agus iad dícheallach go mairfeadh sí beo sa Ghaeltacht. Is cuimhin liom le meas agus le gean daoine mar Sheághan Ó Conaill agus Tomás Ó Raghallaigh sa Ghaillimh, Breandán Ó Conaill anseo i gCiarraí, Antoin Mac Gabhann a bhí i nDún na nGall. Tá siad san ar fad ar shlí na fírinne, ach tá Pádraig Ó Ceallaigh beo fós i nDún na nGall agus Fionntán Mac Aodh Bhuí ina chónaí fós i Ros Comáin.

Bhíodh suim leis i nithe éagsúla acu. Is cuimhin liom teacht trasna ar leabhar taifid a bhí ag suirbhéir darbh ainm Ó Rinn sna tríochaidí, agus bhí sé soiléir go raibh suim ar leith i logainmneacha aige. Inis Tí Meáin an leagan a bhí aige do Inis Díomáin i gCo. an Chláir, agus Baile Mhaighe Íre do Bhaile Mhic Íre i gCorcaigh. Ce déarfadh nach aige a bhí an ceart. Ní miste a rá ná gur i 1956 a leagadh síos teorainneacha na Gaeltachta oifigiúla, go garbh mar atá siad ann inniu. Roimhe sin bhí áiteacha mar iarthar an Chláir i gceist, agus fiú pócaí in iarthar Luimnigh, i gCo. an Chabháin agus i gCo. Ros Comáin.

Is liosta le háireamh na daoine maithe eile a bhí ag plé leis na deontais seo. Bhí maoirseoirí agus maoir i gceist nach bhfuil an spás ann chun a n-ainmneacha a lua, ach gur cuimhin liom an dúthracht a bhain leo, agus an fonn a bhí orthu leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhéanamh, agus atá amhlaidh fós maidir leosan atá beo.

Ritheann sé liom go minic nár deineadh aon fhiosrú ná aon taighde riamh ar cén tionchar a bhí ag na deontais tithíochta seo, ná ag deontais eile, ar chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Ba mhór an laige é sin, agus go deimhin b’fhaillí a bhí ann ó thaobh cur chuige na Roinne a bhí á ndáileadh. Gan amhras bhí measúnú de chineál éigin riachtanach. Chiallaigh siad go cinnte gur cuireadh feabhas mór ar thithíocht na Gaeltachta, go mór mór sna blianta tosaigh. Ach nílim cinnte ar fad gur dhein siad leas na teanga i ndeireadh na dála. B’fhéidir, fiú, gur dhein siad dochar i gcásanna áirithe. Mar a dúirt mé, níor deineadh aon mheastóireacht ar a n-éifeacht.

Ar aon chuma, bhi bainte go mór ón éifeacht sin le blianta anuas. Níor méadaíodh na deontais leis na blianta, bíodh go raibh costaisí tógala méadaithe as cuimse. Is dócha go mbeadh deireadh leo murach gur fhear Gaeltachta an tAire a bhi i gceist. Thuigfí nach mbeadh sé chomh héasca sin deireadh a chur leo i gcás mar sin.

Cá bhfios nach bhfillfimíd ar an bpolaitíocht arís an mhí seo chugainn? Nach mór an faoiseamh é éaló ó ábhar chomh dúbhach leis na laethanta seo. Ar aon chuma beidh an tEagarthóir róghafa le hArd-Fheis an Chonartha, a bheidh ar siúl go luath, chun aird a thabhairt ar a mbíonn ar siúl sa cholún seo. Go n-éirí go geal leis mar Ard-Fheis.

Feasta, Bealtaine 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais