Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Blaincéad


Gearrscéal le Peig Bácaoir


‘Ó a Mhuire Mháthair, ach ná dúrt riamh é! Tá an diabhal dearg ceangailte i bpoll tóna na beirte sin. Soir siar an bóthar ar nós na gaoithe, an duine is sinne ina chairt agus an fear bán ar ghluaisrothar. Agus féach anois ar an gcailín gleoite seo atá fágtha leath-mharbh ar thaobh an bhóthair ag an bhfear bán, agus an bithiúnach féin teite ar a ghluaisrothar!’

Tá an gomh dearg ar Nóirín. Cuireann sí an blaincéad atá faoina hascaill aici os cionn an chailín agus cuimlíonn sí a gualainn. Labhraíonn sí léi go bog, ciúin, cneasta.

‘Ná bíodh aon eagla ort, a mhuirnín, ghlaos ar an otharcharr, agus beidh sé chugainn go luath. Beidh gach aon ní ina cheart ansin. Níor chóir duitse dul i ngiorracht scread asail don mbligeard fiain sin arís. Níl ansúd ach trioblóid, a deirimse leatsa. Is cuma sa diabhal leis mar gheall ar an saol. Níl uaidh féin agus a dheartháir ach spórt agus c’leachtadh agus is cuma cé dhíolfaidh as. Féach ortsa anseo gan corraí, agus é siúd bailithe leis sa diabhal. Ambaist ach go mbeidh thiar air an babhta seo, má sea.’

Beidh sí féin ag labhairt lena mháthair bocht. Níl aon rogha aici. Cuireann an smaoineamh sin isteach go mór uirthi, má sea, ós rud é go bhfuil máthair Pheadair, fear an ghluaisrothair, an-bhreoite; bean bhreá is ea Eibhlín, agus ba ea riamh. Nach bhfuil gaol aici féin léi! Nuair a smaoiníonn sí ar an bpian agus ar an bhfulaingt atá curthu di aici ag Eibhlín, éiríonn uirthi arís:

‘Cá bhfuair sí an bheirt straipeanna d’amadáin go nglaonn sí a beirt mhac orthu?’ a deireann sí os ard, ‘I mála plúir i dtóin na farraige is dócha! Isteach i bpríosún a chuirfinnse iad, mhuis,’ an freagra a thugann sí ar a ceist féin. Ar a laghad ní chaitheann sí cur suas leis an bhfear is sinne níos mó, toisc go bhfuil sé imithe thar sáile ag obair.’

Leis sin, corraíonn an cailín faoin mblaincéad, agus scaoileann osna péine.

‘Ná corraigh, a chroí deoirín. Ná corraigh a stór, ar eagla na heagla go bhfuil aon chnámha briste agat. Beidh cabhair chugainn láithreach.’ Socraíonn sí an blaincéad mórthimpeall uirthi arís.

‘Táid mall a ndóthain ag teacht, mhuise,’ a deireann Nóirín léi féin, mar ní theastaíonn uaithi faitíos ná eagla a chur ar an gcailín deas seo, leis an ngruaig bándearg faoin mblaincéad. Os ard má sea, agus í ag féachaint siar i dtreo an tséipéil, san áit ina bhfuil an lá breá sínte, lena chairde mórthimpeall air agus blaincéad os a chionn siúd chomh maith, deireann sí: ‘Bí cinnte go gcuirfidh lucht na gCúrsaí Samhraidh cabhair ár dtreo go tapaidh,’ agus í ag iarraidh misneach a thabhairt don gcailín faoin mblaincéad.
——◊——
Má sea, tá aigne an chailín seo ar fán. Tuigeann sí go raibh tionóisc ann. Tuigeann sí cúis na tionóisce chomh maith: an diabhal lá breá úd, leaid an chúrsa Samhraidh. Amadán diabhail a bhí ag pleidhcíocht os comhair a chairde agus a phreab amach i lár an bhóthair os a gcomhair. Ní raibh aon rogha ag Peadar bocht ach iarracht a dhéanamh gan an liúdramán a leagadh, agus an gluaisrothar a chasadh i dtreo an chlaí.

Ach bhí sé ródhéanach … Ní cuimhin léi faic eile faoin tionóisc ach a bheith sínte anseo anois, agus an bhean seo ag caitheamh anuas ar a Peadar álainn. Peadar, lena ghruaig órga cantalach, a bhíonn i gcónaí ag faire amach di agus ag tabhairt aire di, díreach mar a thugann sí féin aire dó i gcónaí. Caithfidh sí an scéal a chur ina cheart don mbean seo, sul a mbeidh drochmhallacht curthu aici ar Pheadar bocht. Deineann sí iarracht a béal a oscailt chun labhairt, ach ní thagann aon fhocal amach….
——◊——
‘Tá sí marbh a Mham!’ a gholann Peadar. ‘Tá sí fuar marbh, thuas ar an mbóthar, a deirim leat. Glaoigh ar dhuine éigin chun cabhrú léi, a Mham. Glaoigh ar an ndochtúir, nó an sagart! Ó a Dhia tá sí marbh ag an diabhal stróinséar sin.’

Cuireann Peadar a lámha thar a aghaidh agus tosnaíonn sé ag gol arís. Ba é an baile a bhí bainte amach ag Peadar, agus é lán d’anbhá ag lorg cabhrach dá Shiobháinín. Ní thógann sé aon cheann dá bhfuil ag sileadh ó bharr a chinn. Leanann sé ag olagón os ard, agus tá sé deacair a aghaidh d’fheiscint ón meascán fola agus deora. Cuireann an méid seo an-eagla ar Eibhlín, a mháthair. Má tá Peadar chomh holc seo, caithfidh go bhfuil Siobhán i bhfad Éirinn níos measa, ós rud é go bhfuil sí fós thuas ar an mbóthar. Casann sí ar a sála agus amach an doras léi suas an bóthar ar sodar.

‘Tá sé ina phraiseach ar fad anois agat, a Pheadair,’ a screadann Peats, a athair. ‘Ní bhainfidh do Mham barra an bhóthair amach lena sláinte, gan titim as a seasamh. Cén sórt amadáin de mhac a thug Dia dhom, in aon chor? Teaspach gan dúchas, is deacair é d’iompar. Is cuma é, is cuma é.’

Leis sin, beireann sé ar eochair na cairte agus amach leis féin ar thóir a Eibhlín. Suíonn Peadar ar an úrlár sa chúinne, cuireann sé a cheann idir a ghlúine, agus tosnaíonn ag guí do Shiobhán.
——◊——
Anois chíonn Nóirín an blaincéad ag crith. ‘A Dhia, cá bhfuil an t-otharcharr? Cá bhfuil an dochtúir?’ a deir sí os íseal. Cuimlíonn sí lámha agus gualainní an chailín faoin mblaincéad arís.

‘Tá tú suaite, a chroí, sin é an geit a baineadh asat. Agus ná dein dearúd gurb é Peadar is cúis leis. Ná bíodh aon eagla ort, a chailín, ach bainfeadsa díoltas amach duitse. An rógaire diabhail. Conas nach gcuirfeadh a leithéid seo isteach air? As go brách leis an stumpa, agus fágann sé tusa anseo, fuar leath-mharbh leat féin.’ a deireann sí le cailín an bhlaincéid.

‘Ambaiste ach nach bhfuil aon dul as seo aige’ a deireann Nóirín léi féin. Ansin a chíonn sí an bhean ag déanamh uirthi aniar an bóthar, Peig Chití.

‘Gan dabt! Oíche Shathairn, agus an tAifreann léite ar an gCarraig. Anois beidh slua chugainn ar a slí abhaile ón Aifreann. Cad é an scéal a thabharfad do Pheig? Tá sí siúd an-mhór le clann Pheadair. Nach dóigh léi go dtagann an ghrian féin as tóin Pheadair. Cad é an chúis nach ndéanfadh? Nach í a mháthair baistí í,’ — aigne Nóirín ag obair.

Tagann Peig ar Nóirín agus ar an gcailín faoin mblaincéad.

‘Ó a Mhuire mháthair! A Mhuire, agus a Mhac Dé thuas, cad a tharla anseo? Cad a tharla di, a Nóirín?’ Tosnaíonn Peig ag olagón. ‘An bhfuil sí beo? An bhfuil sí te a dóthain faoin mblaincéad?’ Téann an tseanbhean seo ar a glúine ar an mbóthar in aice an chailín faoin mblaincéad, agus cuimlíonn sí a gualainn.

‘Beidh tú i gceart a stóirín, geallaim duit go mbeir. Tá Dia Láidir, agus Máthair mhaith Aige, a mhúirnín.’

Leis sin tógann Peig a paidrín as a póca agus tosnaíonn sí ar an gCoróin Mhuire a rá, os ard.

Anois ní haon bhean mhór paidreacha í Nóirín, agus ní rócheanúil atá sí ar an tseanbhean seo ach chomh beag. Ambaiste, ach go ndéarfadh sí an scéal go léir léi.

‘Cuirfidh an méid sin stad lena cuid guí. Chífimid an mbeidh a Peadar chomh maith sin in aigne Pheig ansin?’ a deireann sí léi féin.

‘Peadar Eibhlín Sheáin, do mhac baistí, a Pheig,’ a deireann sí go nimhniúil, agus béim á chur aici ar an “mac baistí”, a d’fhág an cailín gleoite seo ar leac a droma ar an mbóthar: ‘An bhfuil fhios agatsa go mbíonn cailín difriúil aige gach uile sheachtain? Tá sé fiain as a mheabhair, agus imithe dhó féin ó ceannaíodh an gluaisrothar sin dó. Loitithe lofa, agus díreach chomh olc agus a bhí a dheartháir.’

Tagann gearr-anála ar Nóirín, ó dhéistin agus ó dheabhadh na bhfocal, agus ón ngomh atá anois mar a bheadh práta greamaithe ina scórnach á tachtadh. Stadann Peig dá cuid paidreacha, agus féachann sí go géar ach go truamhéileach ar Nóirín.

‘Ná dóigh leat go bhfuil a dóthain le déanamh ag an ngearrchaile bhocht seo, gan a bheith ag éisteacht leatsa ag maslú a deartháir?’ arsa Peig léi go ciúin. ‘Cén leathmheabhair atá ort a bhean, nach n-aithníonn tú Siobhán bocht anseo? Pictiúir dá máthair Eibhlín, agus duine díreach chomh deas gleoite, agus chomh maith léi. Is maith is eol duit an méid sin!’

Casann Peig thar nais agus labhrann sí le Siobhán, atá fós ag crith faoin mblaincéad: ‘Ná tóg aon cheann d’aighneas Nóirín a chroí. Tá fhios ag an saol mór gur símpleoir í ó am go ham. Má tá aon aithne agamsa ar Pheadar, is ag lorg cabhrach duitse atá sé. Ná corraigh anois go fóillín, a ghrá gheal. Cloisim ceol an otharchairr. Tá cabhair chugainn anois, buíochas le Dia na Glóire thuas,’ arsa Peig le Siobhán agus an blaincéad á shocrú aici ina timpeall arís.

Cloiseann Nóirín torann an otharchairr chomh maith. Ó deineann! Torann ard glórach atá ag magadh fúithi le macalla an bhonnáin á bhualadh i ngach cluais le: ‘ Siobhááán... bocht! Siobhááán.... bocht! Siobhááán... bocht!’ Deineann sí iarracht a dhéanamh amach conas nár aithin sí Siobhán.

‘Conas nár aithníos í? Gan dabht, ní fhaca le geall le bliain anois í ar a laghad, ó chuaigh sí chuig an gcoláiste cónaithe sin, suas faoin dtír. Tá a gruaig bearrtha agus daite leis aici. Fós, tá an ceart ag Peig,’ agus Nóirín ag féachaint ar aghaidh Shiobháin, ‘Tá an-dealramh aici lena Máthair ceart go leor, agus cailín deas óg dea-mhúinte cabhrach ab ea riamh í. Fós ... Ó bhí an ceart ar fad ag Peig; símpleoir diabhail is ea mé go minic, rómhinic, agus tá mo chac fágtha go maith ar an bport agam an babtha seo!’

Leis sin tosnaíonn an clampar ina cheart!

‘Cá bhfuil sí? Cá’il mo chailín beag álainn? An maireann sí?’ Eibhlín ar sodar an bóthar siar, i dtreo an chailín faoin mblaincéad. Chíonn Nóirín go bhfuil dath an bháis ar Shiobhán, agus tuigeann sí nár chóir don mbean seo a bheith suaite. Maróidh sé í. Ansin, díreach ina diaidh, tá Peats, agus níl cuma róshláintiúil air féin. Casann Nóirín chuig Peig go himníoch mar a dhéanfadh leanbh ar strae, agus cuireann Peig a lámh ar ghualainn Nóirín.

‘Druid siar a Nóirín, agus tabhair spás dá máthair,’ a ordaíonn Peig go bog.

Bhí greim an duine bháite ag Nóirín ar an mblaincéad faoin tráth seo, i ngan fhios di féin, agus scréachaigh an otharchairr fós ag magadh fúithi agus ag cnagadh a cloiginn. Scaoileann sí leis go mall, agus go míchompordach, druideann sí siar, suas ar thaobh an chlaí.

Tá Eibhlín ar a glúine anois, agus cé go bhfuil gearranála uirthi, tá sí ag labhairt go grámhar ceanúil lena hiníon, a patacháinín, a Siobháinín.

‘Fan linn, mo stóirín. Ná corraigh, a mhaoineach. Tá Mam anseo, tabharfadsa aire dhuitse, a Shiobháinín. Tóg go deas réidh é, beidh gach aon ní ina cheart, geallaim duit,’ agus pógann sí aghaidh a hiníne. Cuimlíonn sí a gualainn faoin mblaincéad.

‘Féach, tá Daid anseo linn chomh maith, agus ní scaoilfidh sé sin d’aon rud olc a bhaint leatsa, a thaisce, a ghealadh.’

‘Tá an ceart ag Mam, a stór,’ a deireann Peats agus é ag dul ar a leathghlúin ar chúinne an bhlaincéid le hais Shiobháin. ‘Beidh gach aon ní ina cheart. Tá an t-otharcharr anseo anois.’ Agus an méid sin ráite aige, féachann sé go haireach ar a bhean Eibhlín.

‘Ní fhéachann sí rómhaith dom, agus níor thugas aon chógas liom di leis an deabhadh a bhí orm’ a deireann sé leis féinig. ‘Cad a dhéanfad anois?’

Gan leigheas aige air féin, tosnaíonn Peats ag caitheamh anuas ar Pheadar toisc Siobhán a scaoileadh ar an ngluaisrothar.

‘Cén sórt de stail asail a scaoileadh cailín óg, sé bliana déag d’aois, ar ghluaisrothar gan clogad ar a laghad a chur uirthi?’ a cheistíonn sé. ‘Rud amháin dul ar ghluaisrothar é féin gan clogad, ach scéal eile ar fad é do dheirfiúr óg a scaoileadh in airde gan ceann acu a bheith á chaitheamh aici.’ Tá an fear bocht as a mheabhair le himní don mbeirt acu. A bheirt chailíní féin… Féachann Eibhlín air agus freagraíonn sí é i gcogar:

‘Mhuise, a Pheats a chroí, mac óg an tseanasail chéanna a dhiúltaigh Siobhán a thabhairt chun a háit oibre sa chairt, toisc nach bhfágadh sé mise liom féin leis an mac céanna, ar eagla nach mbeadh sé in ann aire cheart a thabhairt dom, dá mbeadh taom eile tinnis orm. Táim an-mhór leat riamh, a Pheats, a ghrá gheal, ach ná tosnaigh anois anseo!’

Is í Eibhlín an t-aon duine go bhfuil an misneach aici labhairt le Peats sa tslí sin. Tuigeann sí a bhuairt, ach tá cúramaí níos tábhachtaí ag lorg a haire anois. Tá Peats ina thost! Bhuel, béal dúnta, béal múinte a deirtear, ach ní fhanann sé dúnta ar feadh i bhfad.

‘Tá an ceart ar fad ag Eibhlín,’ a deireann sé go híseal, ‘Ormsa atá an locht! Dá mbeadh aon mhuinín in aon chor agamsa go bhféadfadh Peadar aire a thabhairt d’Eibhlín ar feadh deich nóiméad, bheadh Siobháinín bocht tugtha ag obair agam, agus ní anseo a bheadh sí sínte, brúite briste. Ó a Dhia, is cuma é! Ach, conas d’fhéadfainn m’Eibhlín, mo ghrá gheal a scaoileadh amach as mo radharc, fiú ar feadh cúig nóiméad? Nil sé ionam san a dhéanamh. Táim rómhór léi, fiú tar éis cúig bliana fichead. Táim lag. Lag? Ní bhead ag magadh fúm féin! Ní lag ach santach. Níl ionam ach leathscéal d’fhear. Cad a dhéanfad má, má … nuair a thógfar uaim í? Eagla atá orm! Conas a mhairfead? Is cuma é a bhuachaill! Is cuma é!’

Cloiseann an tseanbhean é má sea, agus beireann sí greim ar a lámh: ‘Tá tú ródhian ort féin, a Pheats, agus ródhian ar Pheadar bocht chomh maith’ a deireann Peig go híseal leis ina chluais.

Tá leaid an chúrsa samhraidh curtha san otharcharr fén tráth seo, agus duine den lucht cabhrach ag rith aniar i dtreo an chailín gortaithe atá faoin mblaincéad.

‘Tabharfaimidne aire don chailín seo anois’ a deireann sé le pé duine a éistíonn leis: ‘Tá otharcharr eile ag teacht don tiománaí.’ Féachann sé mór thimpeall agus ceistíonn sé: ‘Cá bhfuil sé?’

Peats is túisce a fhreagraíonn go searúsach: ‘Tá sé sa bhaile mhuise, ag pusaíl,’ a deireann sé. Cé go dteastaíonn ó Pheats a thuilleadh a rá, toisc nach bhfuil aon leigheas aige ar a mhianach, éistíonn sé a chlab mar go mbraitheann sé súile Eibhlín ag gearradh poill i lár a chúil. Labhrann Eibhlín ansin:

‘Tabharfaidh Peats aníos ón tigh é sa chairt, nach ndéanfair, a Pheats, mo ghrá?’

‘Déanfad san, a stór,’ a deireann sé, mar nach bhfuil aon slí as aige, agus gan rogha aige a mhalairt a dhéanamh ós rud é gur fhiafraigh a chroí deoirín amhlaidh de a dhéanamh. Más é sin toil Eibhlín, bí cinnte go raibh an gaisce le déanamh, agus le cur i gcrích go luath.

Tugann sé póigín do Shiobhán ar a héadan, brúnn sé lámh Eibhlín go ceanúil agus ar ais leis chuig a chairt chun Peadar d’fháil. Sul a mbaineann sé a chairt amach, má sea, labrann an fear cabhrach leis:

‘A dhuine uasail, b’fhearr go mór é go raghadh an dara otharcharr leat, chun tiománaí an ghluaisrothair d’fháil. Ar eagla na heagla go mbeadh aon ghortú air, tá fhios agat?’

‘Tá go maith,’ freagraíonn Peats. ‘Casfad an chairt timpeall agus leanaíodh sé mé ansin.’

‘Gortú, mo thóin thiar,’ a deireann sé agus gan aon duine ag éisteacht leis.

‘Thabharfainnse gortú don amadán dá bhfaighinn mo sheans. Cic shleasa i bpoll a thóna mhuise, a chuirfeadh as seo go barr Chnoc Bhréanainn é! Beidh thiar air as an dtrioblóid seo a thabhairt chuig mo dhoras-sa.’

Chaitheadh sé an-iarracht a dhéanamh glas a chur ar a bhéal, ar son a Eibhlín, cé go bhfuil sé deacair. Casann sé a chairt timpeall agus tugann sé aghaidh ar an mbaile. Tá soilse daite an dara otharcharr le feiscint aige á leanúint sa scáthán.
——◊——
Tá Siobhán san otharcharr anois taobhach leis an stróinséir agus coiléar muiníl ag tabhairt tacaíochta dá muineál agus dá ceann. Níl gíog ná míog fós aisti. Féachann an stróinséar uirthi, agus tosnaíonn sé siúd ag sileadh na ndeor. Caithfidh go bhfuil a chos briste mar tá pian an diabhail air, ach ní hé sin fáth a bhuartha, ach tá fhios aige ina chroí istigh gurb é féin is cúis leis an dtionóisc seo. Pé bastairtíocht a tháinig air léimeadh amach os comhair ghluaisrothair leaid na háite. Ag c’leachtadh agus ag pleidhcíocht os comhair a chairde agus na cailíní a bhí sé. Tá Eibhlín agus Peig ina seasamh ag cúl an otharchairr agus chíonn Eibhlín deora an bhuachalla óig seo. Tuigeann sí a phian — gan athair ná máthair chun grá ná cion a thaispeáint dó, cuireann sí cogar i gcluais Pheig, agus téann sí isteach chuige.

‘Ná bí ag gol a stór. Beidh tú ceart go leor. Tabharfar aire anois duit. Agus beidh do mhuintir chugat amárach. Ná bíodh aon eagla anois ort. An bhfuil an phian an-olc, a chroí?’ a fhiafraíonn sí de. Cé go bhfuil fhios aici gur phreab an leaid seo amach i lár an bhóthair os comhair beirt dá clann, fós tá tuiscint ina croí dó. Níl sa leaid seo ach leanbh gan athair ná máthair in aice leis in am a bhuartha chun tacaíocht a thabhairt dó. Labhrann sí leis arís, díreach chun a aigne a bhaint den mbrionglóid seo: ‘Cad is ainm duit?’

‘Stiofán Ó Broinn is ainm dom,’ a deir sé léi. ‘Agus tá brón mór orm.’

Tosnaíonn sé ag gol arís. ‘I’m so sorry I caused this accident. Níl mórán Gaeilge agam ... ach I was showing off in front of na cailíní, agus I’m really sorry, tá brón an mór orm.’

Tuigeann Eibhlín a chás, — nach raibh sí siúd óg uair chomh maith, agus ní thagann ciall roimh aois.

‘An mbeidh sí ceart go leor?’ a fhiafraíonn sé d’Eibhlín go neirbhíseach, agus é ag féachaint trasna ar an gcailín atá sínte in aice leis, ina codladh, gan corraí.

‘Bhuel, a Stiofáin, a chroí, ní thuigimse na cúramaí seo rómhaith, ach dar leis an lucht cabhrach gur maith an rud an codladh sa chás seo. Deirid gur slí é sin ag an gcorp glacadh leis an mbascadh a fuair sé. Thugadar instealladh di a chabhróidh léi, leis an bpian. Ach ná bíse buartha fúithi anois, beidh gach aon ní ina cheart le cúnamh Dé. Caithfear sibh beirt a thabhairt chuig an t-ospidéal go luath chun cóir leighis a chur oraibh. Lig do scíth anois, agus ná bíodh aon eagla ort, mar go dtabharfar aire mhaith daoibh beirt.’

‘Ach, … ach cad faoin leaid? Will he be ok?’ Is ar éigean a chloiseann Eibhlín a cheist, toisc go bhfuil sé féin ag titim dá codladh ón gcógas a tugadh dó féin, agus gan ina cheist ach cogar. Freagraíonn sí é, cé nach bhfuil sí cinnte go gcloiseann sé í anois, ós rud é go bhfuil a shúile dúnta:

‘Níl aon bhaol ar mo Pheadarsa a bhuachaill, nár bhain sé an baile amach slán?’

Fágann Eibhlín an t-otharcharr tar éis póigín a chur ar éadan Shiobháin, agus tugann Peig a lámh di chun cabhrú léi anuas na céimeanna. Dúntar na dóirse agus fágann sé go glórach. Leanfaidh Eibhlín iad ’on Daingean sa chairt nuair a thiocfaidh Peats thar nais le lucht an otharchairr eile, le Peadar.
——◊——
Tá Nóirín fós ar an gclaí. Tá blaincéad Shiobháin timpeall ar a gualainní, san áit inar chuir Peig é, nuair a cuireadh Siobhán san otharcharr. Tá sí suite ar an gclaí, ag gol agus ag crónán go híseal léi féin. Pé tuiscint a bhí aici ar an saol níos luaithe inniu, ní thuigeann sí mórán de anois.

‘Cén sórt stumpa de bhean mé in aon chor? An amhlaidh go bhfuilim chomh mór sin as mo mheabhair le héad agus chomh lán sin d’olcas go rabhas chomh caoch agus a bhíos? Is clann deas iad Muintir Uí Bheoláin dá n-admhóinn an méid sin dom féin. Ní dheineadar aon ní mícheart riamh liom. Táid saibhir, agus nílim. Ach is daoine cneasta macánta iad riamh, bail ó Dhia orthu. Sea, ba é an t-éad a chuir neamh-mheabhair ar an ngamal seo, nach ea?’

Cloiseann sí torann an otharchairr ag fágaint. Deireann sí paidir bheag dóibh siúd i ngátar, bhuel, iarann sí ar Dhia aire a thabhairt dóibh toisc nach aon bhean mhór paidreacha í. Cuimlíonn sí a cliabh, mar go bhfuil pian uirthi.

‘Ní raibh aon cheart agam an maicréal sin d’ithe ag am lóin. Táim ag díol anois as,’ a deireann Nóirín agus Rennie á lorg aici ina póca. Ach ní éiríonn léi é d’fháil mar go dtiteann sí i bhfanntais sul a bhfaigheann a méara greim ar an bpaicéad. Ach tá glór gránna an dara hotharcharr ag teacht á ciapadh, sul a fhágann a ciall í.

Peig a chonaic í ar an gclaí i gcruachás. Stadann an tseanbhean seo an t-otharcharr i lár an bhóthair agus cuirtear Nóirín isteach le cois Pheadair. An blaincéad fós timpeall uirthi. An blaincéad a chuir sí féin timpeall ar Shiobhán ...

Ní chuireann glór gránna an otharchairr as a meabhair Nóirín níos mó. N’fheadar sí fiú go bhfuil sí sínte in aice le Peadar ar a slí chuig ospidéal an Daingin.

Fanann Peig le hEibhlín go dtagann Peats. Tá an paidrín amuigh ag Peig arís agus í ag guí go ciúin. Tá a liopaí ag corraí, ach níl focal le clos. Tagann Peats sa chairt agus suíonn Eibhlín isteach lena chois. Fágann siad slán le Peig agus as go brách leo ansin i ndiaidh an dá otharcharr, siar i dtreo an tsáipéil.

‘Conas a bhí Peadar, nuair a bhainis an tigh amach, a Pheats?’ a iarrann sí air.

‘An bhfuil an gomh dearg air fós?’

‘An gomh? ... B’fhearr liom ná rud maith go mbeadh a stór,’ an freagra a thugann sé uirthi, agus leis sin tarraingíonn sé an chairt isteach ar thaobh an bhóthair lasmuigh den sáipéal, agus múchann sé an t-ineall.

‘Cad atá i gceist agat, a Pheats?’ Cad atá á rá agat liom? Cén aiteas é seo ort, a fhear? Nár chóir dúinn a bheith ag leanúint na n-otharcharr?’ Ní maith léi a ghlór. Tá rud éigin aisteach, mínádúrtha ag baint leis. Braitheann sí an fuarallas ag sileadh síos cnámh a droma agus tagann an-eagla uirthi..

‘Abair liom, a Pheats, abair liom,’ a screadann sí. ‘An bhfuil Peadar ar fónamh?’

‘Níl mhuise… Tá sé olc… Ní raibh gíog ná míog as nuair a bhaineas an tigh amach. Bhí sé sínte ansúd romham ar úrlár na cistine, agus an fhuil ag sileadh as a cheann.

‘Dheineas iarracht é a dhúiseacht, mar go gceapas nach raibh sé ach ina choladh. Is fíor don té a dúirt gur dóigh le fear na buille gurb é féin fear na céile … nach gránna an duine mé? Ó a Dhia, a Eibhlín, bhíos chun tabhairt amach dó arís toisc go raibh praiseach á dhéanamh aige do d’úrlár. Ach stad lucht an otharchairr mé, buíochas le Dia,’ a deireann Peats go ciúin, róchiúin ar fad. Rud annamh do Pheats é seo agus rud a chuireann an cac ag crith in Eibhlín.

‘A Pheats, a Pheats, an maireann sé? An maireann mo Pheadar gleoite?’ Tá Eibhlín ag gol agus ag béicigh ar Pheats anois. A doirne dúnta, réidh chun troda ar son a mic, dá gcabhródh an méid sin leis.

‘Peats, abair liom an fhírinne! An maireann sé?’ agus leis sin tosnaíonn sí ag gol agus ag olagón.

Tuigeann Peats di agus labhrann sé léi, go bog, ciúin, cneasta: ‘Bhí agus é ag dul isteach san otharcharr, agus tá súil le Dia agam, a Eibhlín, go mbeidh nuair a bhainfidh siad ceann scríbe amach.’

Casann Peats ineall na cairte ar siúl arís agus deireann: ‘In ainm Dé, an obair seo romhainn.’

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2009


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais