Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


An Creideamhach Déanach


le Stiofán Ó Cadhla
Coiscéim. 2009. €7.50 88 lch.




á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc

Baisteadh an leanbh áirithe seo in Óstán Ghobnatan i mBaile Bhuirne ar an 12 Meitheamh le linn Thionól na Mumhan i mbliana. Seo an chéad chnuasach filíochta ón gCadhlach agus más mall is mithid. Saothar mór atá ann agus trí scór go leith dán le léamh ann.

De réir dealraimh, tá Ó Cadhla ag gabháil do dhánta le tríocha bliain anuas. Cheana féin tá aithne mhaith air mar údar acadúil, mar léachtóir béaloidis, mar eitneolaí, mar chairtghrafaí agus mar eolaí ar ghnéithe de shaothar an Ríordánaigh.

Amhail an Ríordánach, ní fear é a fheiceann tú ró-mhinic i lár an mhargaidh lena chuid. D’fhéadfadh an-chuid d’fhilí óga an lae inniu a bhfuil claonadh iontu an iomad leabhar lochtach a chur i gcló i dtréimhse ama ró-ghairid ceacht nó dhó a fhoghlaim uaidh agus a gcuid púdair a choinneáil tirim.

Tá trí ní a bhaineann le dán maith a scríobh, dar liom: cumas teanga, samhlaíocht agus ceardaíocht. Ar ndóigh, tá an cumas teanga ar a thoil aige agus canúint na Rinne le sonrú go láidir ann. Ó am go chéile teipeann ar an gcumas samhlaíochta dul i bhfeidhm ar an léitheoir, ach ní laige ró-mhór é sin.

Mar cheardaí bíonn sé i gcónaí oilte, snasta agus críochnúil. Is féidir liom a fhógairt ag an bpointe seo go bhfuil file measúil, éirimiúil, máistriúil tagtha inár láthair, agus níl dabht ar bith i m’aigne ná gur mórfhile a bheas ann má leanann sé cosán dearg na filíochta go dtí a dheireadh.

Ba iad an saibhreas teanga agus an cheardaíocht ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ormsa ach go háirithe. Tógaimis an dán Lady Iveagh ar dtús. Is seoid de dhán é seo, dar liom:
Níl sna focail ach ionaid luite na n-éan
Ar stéibheanna na sreang aibhléise,
Is mise im chat breac á bhfaire.
Ar na dánta gearra is fearr sa chnuasach tá Scréach, Timbo, Ceannbhán, Fios, Éiric, I’ve Shot Men for Less, Dealbh agus an tseoid seo, Bás a thosnaíonn mar seo:
Bhí tóiteán anocht ag na tincéirí,
Dhódar an bas ina steillebheatha.
Dá bhfaighinn clóca na beatha a dhó,
Dhófainn é faoi dhó …
Agus ansan tá an dáinín fíorálainn Orchra, a fhanann leat i bhfad tar éis a léite. Arís, cuirfidh mé síos anseo ina iomláine chun a chruthú don léitheoir cumas an fhile seo:
Maidin sneachta
A bhraithfeá ann,
Mar a bheadh
Maidin lae pósta.
Leomhfá na gealta
A shaoradh
Ón sadhlam
Le heochair sheaca.
Go scaoilfidís slán
Faoi choimíneas bán,
Go dtiocfadh coscairt
Ar an intinn orchrach.
Togha! Téann an dán seo i bhfeidhm orm ar mhórán bealaí. Tá an t-ábhar agus an téama láimhseáilte go fíorealaíonta aige. Téann an loime agus an ghontacht i bhfeidhm ort. Téann na híomhánna i bhfeidhm ort – ‘Mar a bheadh/ Maidin lae pósta’; ‘A shaoradh …. / Le heochair sheaca’ srl.

Ar na ‘dánta fada’ is mó a thaitníonn liom tá Buachaill na Geanmnaíochta agus an ceann is fearr liom féin, an teideal-dán, An Creideamhach Déanach, dán cumhachtach a thugann léargas dúinn ar uafás na cogaíochta agus ar an ionsaí ar an Iaráic ach go háirithe. Seo mar a chríochnaíonn an dán seo:
An mise an creideamhach
Donn déanach,
Ag leathamhrán
Seanrann sinseartha
Sa duibheagán
Faoi chaipín buaircíneach
Mo mhéar faoi na focail,
Inchreachta.
Molaim go mór saothar fileata an Chadhlaigh. Is file fónta é, agus is cnuasach cumasach é an cnuasach seo gur fiú go mór é a léamh. Ba chóir go mbeadh sé thar a bheith bródúil as, agus táim cinnte nach bhfuil deireadh déanta fós aige ná baol air.

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2009


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais