Dán
le Gréagóir Ó Dúill
Caisleán Átha Troim
Caithim pingneacha na cuimhne
de dhroichead na traenach
ar an Bhóinn. Siúlaim de bhróga adhmaid
ar chonair staire.
Seolaim cipíní béir ar an abhainn.
I dtobainne a ghobann sé aníos,
magnificat don dorn, don chlaíomh,
ar chamadh beag san abhainn mhór,
buarach ar bhó fhionn ríoga dhiaga
sin na n-oileán agus na réalta.
Ar áth. Nach átha a thug an stair
trasna abhna ariamh, áth na gcliath
ar an dubhlinn, áth beag na Fearsaide,
droichead átha an áir
agus áth sin Fheardia is a chéile comhraic.
Seo Áth Troim, crann a mhallaigh Adhamhnán:
‘an té
a mharaíonn bean nó páiste, ná fágtar ina dhiaidh
ach neantóg, trom is traonach’.
Mallacht eile a thug bainríon ar leannán fir chéile
cipí den trom a cheangal, fasces chun a leaba sheoil
a shnadhmadh, gad ar an bhreith.
I dtobainne a ghobann sé aníos, fothrach anois
ach neart sna ballaí sin cé briste iad,
bearnach mantach ach ar chaoi fós bagrach.
A thoirt, na ballaí bána sin ag síneadh ina airde
chun na spéire, daingean slán,
compal cinnte gan baol a ghafa
Geal bán i dtús an fhómhair, lá gréine,
chomh mór sin
is gur beag taobh leis Teamhair na Rí
agus tuambaí ghleann na Bóinne.
Níor ghnáth leis an mhuintir seo iad féin a cheilt.
Lámh láidir, léine iarainn, stail ard, daingean cloiche
a ngníomhas ar an fhearann.
Na dúchasaigh bhochta ar a mhalairt d’ealaín, ag plé
le stair, ag bunú cúise ar fhilíocht, gan fhios
cad bhí i ndán dóibh.
Cloch ar bharr cloiche, is Gaeil bhochta
ag titim ina sclábhaithe de scafall,
bealach amháin nó bealach eile.
Dún agus daingean mar a bheadh fiacail,
starrfhiacal toirc, sás chun réabtha
geal bán ag sá aníos ar an mhachaire.
Cnaipe mór cnáimhe, cár cíocrach
anuas ar an Mhí, ar an chúige
a baineadh den chuntas.
Ceangal a d’fháisc geata thiar thuaidh na Páile,
dorn dúnta in éadan Ultach,
bunáit sluaghaidh, tionól parlaiminte.
Ruachloch ghainimhe thart ar fhuinneoga
thuas go hard, crotal agus leiceann ag cloí
le ballaí, baill dhaite agus bratóga
ar ghile an phlastair aoil. Rian na gcéadta bliain
de chac ag sileadh anuas
de gharderobes gaothmhara.
Tugann an treoraí thart muid
eochair mhór aige don doras,
geansaí an Dúchais mar chulaith oifige air.
Fear ar mheánairde, meánaosta, blagaideach,
grinn ag a bhfuil ciall don stair, dá athscríobh
agus dá fírinne shearbh gharbh.
Níonn sé a lámha gan uisce
i bpiscina dúbáilte an tséipéil
agus imíonn fíon agus uisce amach ar an bhalla
chun aontú le dúile an aeir, na gcloch,
na fearthainne.
Tránn an fearmad, tagann gearb ar an chneá,
Ní fágtar ann ach ballógaí fothraigh,
scéal don leanbh, don turasóir ar saoire.◊
Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo