Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
I mbliana tá céad agus ceathrú céid imithe ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in 1884. Dá mhéid é gaisce an chumainn sa tréimhse sin, ba bheag ceiliúradh a bhí ar bun. Níor ghá é gan amhras. Nár leor mar cheiliúradh gur bhailigh na sluaite go Páirc an Chrócaigh do na cluichí ceannais arís i mbliana, mar a rinne siad i mblianta ní ba bhisiúla!
An méid sin ráite, má tá scamall sa spéir ag CLG, caithfidh go bhfuil siad ann i measc mhaithe an chumainn nár mhiste leo níos mó éagsúlachta i gcás na gcontaetha a thugann an chraobh leo san iomáint agus sa pheil, teacht an Fhómhair gach bliain. Anois dá dtabharfadh Cill Chainnigh leo Corn Mhig Uidhir, agus go mbeadh an lá le Ciarraí i gCorn Mhic Cárthaigh! Nach fada uainn an lá sin!
Nach ionadh leis tar éis gur aistríodh go dtí ‘córas an chúldorais’ gur minic gurb iad contaetha béaldorais a bhíonn in aghaidh a chéile sna craobhchluichí, mar a bhí i mbliana le Tiobraid Arann agus Cill Chainnigh san iomáint, agus Corcaigh in aghaidh Chiarraí sa pheil.
Ach gan amhras, táimid arís ag déanamh mórscéal as an mionscéal. Sna laethanta dubhacha seo, agus an dúluachair eacnamaíoch fós sa mhullach orainn, cé déarfadh nach ábhar misnigh agus spreagtha dúinn scéala agus stair Chumann Lúthchleas Gael. Is minic cheana tagairt déanta againn anseo don réabhlóid a cruthaíodh ó cheann ceann na tíre, nuair a chuaigh an fear groí sin Mícheál Cíosóg i mbun oibre in 1884 chun an cumann a bhunú.
D’fhéadfaí a bheith ag argóint faoin gcineál réabhlóide a cruthaíodh, pé acu an réabhlóid pholaitiúil nó eacnamaíoch nó chultúrtha ba mó a bhí i gceist. Iad sin uile, b’fhéidir. Is cinnte go bhféadfaí a argóint gurb é Cumann Lúthchleas Gael ba mhó ba chúis le scamall agus scáth an Ghorta a dhíbirt as an tír.
Cé déarfadh mar sin nach raibh fadhbanna polaitiúla agus eacnamaíocha le réiteach sa tír seo nuair a bunaíodh CLG, a bhí gach pioc chomh duaisiúil agus atá siad againne faoi láthair. Ní mór tagairt arís don síorchlamhsán, don chur agus don chúiteamh gan srian a bhíonn ar bun againn, agus go háirithe ag mangairí an drochscéil, a bhfuil oiread díobh i measc lucht na meán cumarsáide anseo.
I ndeireadh na dála ní mór dúinn dul i ngleic lenár bhfadhbanna eacnamaíocha, mar a chuaigh CLG i ngleic le fadhbanna a linne féin. Cé déarfadh go bhfuil barraíocht ama againn chun é sin a dhéanamh? Luadh áit éigin le déanaí go bhfuil cúig chéad eacnamaí gairmiúil sa tír, gan trácht ar aon chor ar na hamaitéaraigh a bhíonn chomh glórach sin ar na meáin. Ba dhóigh leat ar uairibh go raibh a thuairim éagsúil féin ag gach duine beo díobh.
Ar ndóigh, níl fhios againne an é NAMA an bealach is fearr chun dul i gcionn ar an drochstaid eacnamaíoch, ach ba dheacair a rá go raibh rogha níos fearr ar an mbord. B’fhéidir go bhfuil sé in am dul i mbun oibre.
|