Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

A leithéid de bhliain!
le Seán Ó Loingsigh


Tá cuid againn a chreideann fós go raibh cur chuige ann, fiú má bhí sé cuid mhór faoi cheilt, a bhí ár mbrú go leanúnach, conradh sna sála ar chonradh, i dtreo Stát Feidearálach na hEorpa.

———◊———
Ar tháinig a leithéid de bhliain riamh i saol polaitiúil an stáit seo agus ráithe eile le cur dínn go fóill againn. Gan amhras, d’fhéadfadh an ráithe sin a bheith níos cinniúnaí ná na trí ráithe atá thart, mura gcuirtí san áireamh ach an dara reifreann ar Chonradh Liospóin agus an buiséad a bheidh faoi bhráid na Dála roimh an Nollaig.

Ar a laghad tá a fhios againn anois conas mar atá i gcás an reifrinn, agus an comhaireamh ar siúl agus an t-eagrán seo ag dul i gcló. Tá ag éirí leis an iarracht seo, ní cosúil gur de bharr aon ghrá don chonradh é, ach le barr scanradh gur mheasa fós é dár ndrochstaid eacnamaíoch dá ndiúltófaí dó an dara huair.

Tugann sé chun cuimhne comhairle Hilaire Belloc do na leanaí beaga tar éis don leon a gcara Jim a shlogadh: ‘Always keep a-hold of Nurse/ For fear of finding something worse’. Ní bheidh an rialtas róbhuartha faoin fios fátha na vótála.

Bhí sé ina ghearán coitianta le linn an chéad reifrinn go raibh go leor nár thuig an conradh, agus go bhféadfadh sé go raibh bob á bhualadh orthu. Fiú go raibh ár gcoimisinéir san Aontas i measc lucht na míthuisceana, má b’fhíor do féin. Caithfidh sé um an dtaca seo, tar éis a bhfuil de chíoradh agus de scagadh déanta, ní hamháin ar an gconradh ach ar chúrsaí na hEorpa i gcoitinne, gur beag má tá aon dream eile a bhfuil oiread cur amach acu ar chúrsaí an Aontais agus atá againne anseo in Éirinn.

Gan amhras, tá dhá thaobh an scéil ann i gcónaí. Tá cuid againn a chreideann fós go raibh cur chuige ann, fiú má bhí sé cuid mhór faoi cheilt, a bhí ár mbrú go leanúnach, conradh sna sála ar chonradh, i dtreo Stáit Feidearálach na hEorpa. Cuireadh dlús leis an gcur chuige sin leis an mbunreacht ar diúltaíodh dó sa bhFrainc agus san Ollainn, agus gur de bharr an diúltaithe sin a cuireadh an conradh is déanaí seo faionár mbráidne. Go deimhin, is dóigh linn gur iarsma den bhunreacht úd go bhfuil sé beartaithe dúinn a bheith inár saoránaigh de chuid an Aontais.

Ní mór a rá nach le haon olc don Aontas ná le haon doicheall don nasc Eorpach a chuirfí i gcoinne an stáit fheidearálaigh. A mhalairt sin ar fad atá fíor. Níl i gceist ach nach dóigh go mbeadh a leithéid de stát buan, agus go bhfuil sé sin le foghlaim go dearfa ón stair, fiú ó stair ár linne féin. Is cinnte gur díth céille a leithéid a bhrú sa ghearrthréimhse.

Agus an méid sin ráite, pé ionramháil a bhíonn ar bun ag lucht an mhaorlathais sa Bhruiséal, ní dóigh ar aon chor anois go dtiocfaidh ann don stát feidearálach seo, fiú agus Conradh Liospóin glactha ag muintir na tíre seo. Is ar éigean a bheadh a leithéid praiticiúil, ag féachaint don líon mór stát atá páirteach ann anois.

Mar atá, mar sin, agus torthaí an reifrinn á bhfógairt agus é seo ag dul i gcló, ní fiú a bheith ag plé arís na gnéithe éagsúla den chonradh a bhí, más fíor, ag déanamh buartha do mhuintir na hÉireann, agus go ndúradh linn go sollúnta chomh maith gurb iad ba chúis leis an diúltú don chéad reifreann. I ndáiríre níor fhéach sé ó thús go raibh an oiread sin tábhachta le ceisteanna a bhain le cánacha nó le ginmhilleadh nó le neodracht. Níor mhiste leis a bheith go mór in amhras go mbeifí ag cur brú orainn a bheith páirteach in arm Eorpach i gcogadh éigin nár theastaigh uainn baint leis.

Is cinnte go raibh sé le tabhairt faoi deara faoin bhfeachtas a bhí ar siúl go raibh iliomad dreamanna páirteach ann ón gcian-eite dheis go dtí an chian-eite chlé. Bhí siad an-ghlórach, ach níor mhinic soiléir cad chuige a bhí siad i ndáiríre, seachas meascán mearaí a chur ar dhaoine.

Ní miste a admháil, fiú, nár chuir sé as rómhór do chuid againn go mbeadh tréimhsí ann nach mbeadh ár gcoimisinéir féin san Aontas againn. Ní bheadh aon leisce orainn a rá, áfach, gur le dubhdhoicheall a bheimis in aon bhád le dream mar Libertas, agus ba sheacht measa fós linn a bheith i ngiorracht scread asail do lucht ciníochais, cosúil le UKIP na Breataine Móire.

Caithfidh gur ábhar buartha do Shinn Féin, an t-aon pháirtí sa Dáil a bhí in aghaidh Chonradh Liospóin, agus do dhaoine mar Joe Higgins agus Tony Coughlin, go raibh siad ar an taobh céanna den argóint le UKIP.

I gcasánna mar seo ,agus cláir éagsúla ag daoine agus dreamanna éagsúla, ní bhíonn ar do chumas do chomhbhádóirí a roghnú i gcónaí. San am céanna is maith is eol go bhfuil bonn le cuid mhór den imní atá léirithe maidir leis an gconradh seo.

I gcás an rialtais agus an Taoisigh, go háirithe, ba chás báis nó beatha go nglacfaí leis. Fiú agus Conradh Liospóin curtha de, ní hionann sin agus go bhfuil an rialtas seo tagtha slán. Tá aghaidh le tabhairt láithreach bonn ar an mbuiséad, gan trácht ar na Glasaigh a bheith ag cur na gcos uathu. Táthar ag tuar go mbeidh sé níos déine mar bhuiséad ná aon cheann a tháinig riamh faoi bhráid na Dála.

Faoi láthair tá cuma ar an scéal go bhféadfadh gur mó d’ábhar imní baill a pháirtí féin sa Dáil don Taoiseach, agus níos measa fós airí a pháirtí féin, gan trácht ar an gCeann Comhairle, ná teachtaí agus airí an Pháirtí Ghlais. Nuair a bhí an Taoiseach as láthair ón Dáil le déanaí agus an Tánaiste ag déanamh ionadaíochta dó, d’éirigh léi praiseach a dhéanamh de cheist neamhurchóideach ó cheannaire pháirtí an Lucht Oibre faoi dhúnadh beairicí beaga gardaí ar fud na tíre.

Ar a laghad tá an t-ádh leis an Taoiseach go bhfuil aire airgeadais cumasach aige, agus beidh sé go mór ag brath air má tá sé le buiséad, gur beag duine atá ag tnúth leis, a chur tríd an Dáil.

Maidir le tuarascáil chonspóideach Mhic Chárthaigh, a tharraing an Tánaiste sa mhullach uirthi féin gan ghá, is soiléir gur i gcomhthéacs an bhuiséid a thuigfear cad atá i ndán dó. An féidir go bhfuilimid ródhian ar an Tánaiste maidir lena raibh le rá aici faoin tuarascáil? Nach rabhamar féin sciobtha go maith ag diúltú glan dá raibh ann faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht. Bhí sé spéisiúil gur chosain Éamon Ó Cuív Máire Ní Chochlainn maidir lena raibh le rá sa Dáil aici. Nár bhocht an scéal é mura ndéanfadh, agus é molta sa tuarascáil go gcuirfi a roinn féin ar ceal!

Mura bhfuil sé ciallmhar go mbeadh airí rialtais ag déanamh ruathair aonair maidir leis an tuarascáil, níl an díscréid chéanna riachtanach i gcás an chuid eile againn, fad ar ndóigh, go mbíonn ciall lena bhfuil le rá againn nó bonn éigin faoi.

Níor mhiste, b’fhéidir, tagairt arís don mhéid a bhí le rá anseo cheana faoi fhoinse na tuarascála. Dúradh gur doiciméad de chuid na Roinne Airgeadais go bunúsach atá sa tuarascáil, agus go léiríonn sé ar an mórgóir dearcadh na Roinne sin maidir le polasaí an stáit ó bunaíodh é i dtaca leis an nGaeilge. Arís, go bunúsach, déarfainn gurb é dearcadh na Roinne sin gur cur amú ama agus acmhainne atá ann, agus pé ní atá i ndán don teanga mar ábhar acadúil, nach mbeidh rath ar an iarracht go mbeadh sí mar theanga beo labhartha ar fud na tíre.

Ach an bhfuil sé seo ar fad fíor? Má tá, agus fiú mura bhfuil i gceist ach tuairimíocht, mar a thuigfí, bheadh tromchúis ar leith ag baint leis. Bheadh sé beagnach dodhéanta go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga labhartha, dá mb’fhíor é. Is ar éigean, áfach, gur féidir a leithéid de thuairimíocht a chruthú. Níl aon duine ar Bhord ‘Snip’ chun a aigne a nochtadh linn faoin gceist, agus i ndeireadh na dála, ní raibh aon mholadh sa tuarascáil, bealach amháin nó eile, maidir le haon pholasaí a bhaineas le hathbheochan na Gaeilge!

Níl i gceist anseo i ndáiríre, ach nár mhiste dúinn a bheith san airdeall maidir le haon fheachtas a bheadh á bheartú chun cur in aghaidh na moltaí sa tuarascáil a bhaineann leis an nGaeilge, agus go mbeadh tuiscint ann ar aon fhórsaí ar chúl an stáitse a mbeadh tionchar nár bheag acu. Nach bhfuil nath sa Bhéarla a mholann dúinn go gcuirfimis aithne ar ár namhaid!

Níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, tá an bhunfhíric ann gur cinneadh rialtais atá i gceist maidir le glacadh nó diúltú do mholtaí na tuarascála. Nach minic ráite a thábhachtaí atá sé a bheith i dteagmháil ní hamháin leis an rialtas, ach le polaiteoirí i gcoitinne. I gceart dóibh, ní fhéadfaí ach a bheith dóchasach astu. B’fhéidir fiú gur ábhar dóchais dúinn ‘tuaiplis’ úd an tánaiste sa Dáil!

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2009


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais