Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Aisling Cois Cuain

le
hÉadhmonn Mac Suibhne


Ach níorbh aon aisling í an fhuil a bhí ag teacht go fras ó mo chosa a gearradh ar na carraigeacha géara…

Is dóigh liom go bhfuil aisling agam. N’fheadar an ionann san is a rá gur file mé? Níor thuigeas riamh cé acu is túisce a thárlaíonn — go mbíonn féith na filíochta i nduine toisc go bhfuil aisling aige, nó go mbíonn an aisling aige toisc gur file é?

Ar aon nós, tá mé go daingean ar an tuairim nach file go haisling, agus gur fíor a mhalairt chomh maith céanna. Is cuma, cibé scéal é, mar is dóigh liom go bhfuil aisling agam anois.

Seo anseo mé i gcuas foscúil fothainiúil idir dhá charraig dhubha ghéara mhantacha ar imeall na farraige ag bun na haille ag Teampall Bhríde, tuairim is míle slí ó bhaile beag Bhun a’ Tábhairne, ag béal leathan lánlong díomasach Chuan Chorcaí.

Soir uaim, ar an taobh thall den gCuan, tá an teach solais ar Rinn an Róistigh, agus é de shíor idir an dá intinn cé acu is dualgas dó ó cheart: foláireamh a thabhairt dóibhsean a bhíonn ag súil le teacht i dtír na béasa a tharraingt chucu féin agus a bheith modhúil múinte más luachmhar leo a mbeo.

Sin é atá á dhéanamh aige anois, ar aon nós, mar nach é sin atá á rá aige leis an árthach íseal salach atá ag treabhadh go dícheallach leis in aghaidh na dtonnta.

Agus tugaim faoi deara go bhfuil an dara dualgas á chur i gcríoch aige ag an am gcéanna; nach gcloisim an chaint atá ar siúl aige leis an línéar ard uasal sin atá ag tarraingt go maorga le béal an chuain agus é beag beann ar ghaoth is ar fharraige: ‘bí cúramach, a dhuine uasail, glac go réidh é agus ní baol duit!’

Agus tagaimse go hiomlán lena bhfuil á léiriú ag an túr cruinn bán lonrach — an t-airdeall agus an t-aireachas daingean agus, ar an lámh eile, cúirtéis dúchasach na nGael. Comáin leat, a ghiolla ghroí an tsolais! Ná cluintear cloíoch ort!

Nílim gar do bheith chomh tógtha céanna leatsa a fhothraigh dhúir dúin atá i bhfolach ach ar éigean ar bharr na haille ar dheis uaim ar an taobh abhus den bhfarraige, agus pus an oilc ort, cé gur beag an rian den mbeatha ná den tábhacht atá fágtha ionat anois.

Níl tada agat gur fiú a cheilt ormsa, mar is maith a aithním thú agus iadsan dar díobh tú. Cad é sin atá á rá agat liom? Ná bí ad phointeáil is ad phiocadh féin os mo chomhairse, a mhic mo chroí; is beag orm tú agus is beag orm chomh maith iadsan ba chúis le do leithéidse a bheith ar an láthair seo in aon chor.

De shliocht na n-allúrach tú agus gan de chiall led thógáil ach go gcoimeádfá na Francaigh agus fórsaí eile na Mór-Roinne óna gcuid bheaignití a shá sa tóin orthusan nár leasc leo íde den gcineál céanna a thabhairt dár sinsear féin, nach raibh uathusan ach an tír bheag seo a chosaint agus a choimeád slán ar chraos an ionróra gan taise gan trócaire.

Agus nárbh uafásach í an dánaíocht a bhí ag lucht do ghiniúna nuair a bheartaíodar ar thú a shuíomh ar an talamh beannaithe seo a bhí á toirbhirt dár Naomh Bríd féin leis na céadta blian sarar bhfiú cac muice an ríocht san acu thall.

Ó, aithním go maith tú agus ní hionadh san; nár chuireas cuid dem thréimhse shaighdiúireachta isteach faoi do dhíon (agus níor dhíon an-fháilteach é ach an oiread) an uair úd gur chuireamar ár n-ordóg le bhur sróin chugaibh is gur léiríomar daoibh gur mhaith a bhíomar in ann aire a thabhairt dár ngnó féin gan chabhair dá laghad uaibhse.

Agus a ndeirim leatsa, a mhic, deirim freisin é le do bhráithre atá á gcoinneáil féin faoi cheilt orm taobh thiar den gceann tíre san ar chlé uaim. Ba chóir go mbeadh náire saolta ortsa, foirgneamh cogúil bruíonach mar thú, agus tú ag satlú ar an ionad ina raibh obair Dé á cur i gcríoch tráth, agus súil ghéar á coimeád ar an obair sin ag an mbean naofa chráifeach nach raibh uaithi ar an saol seo ach toil an Tiarna a dhéanamh agus A shíocháin a chothú i gcroíthe an phobail, cuma cén áit ar dhroim na cruinne inar shíolraigh siad.

Á, bhuel, bhí do sheal féin agat; tá sé imithe anois agus is imeacht gan teacht é. Ní fhéadfá a bheith ag súil go mbeadh trua dá laghad agamsa duit.

Cad as a bhfuil an monabhar sin ag teacht, n’fheadar, an monabhar fuar marbh san? Ó, tá sé agam anois, sé atá ann ná bhur nguthanna san atá imithe ar shlí na fírinne agus a bhfuil fágtha ar an saol seo díbh adhlactha sa reilig bheag thart timpeall ar an seanséipéal úd ar bharr an chnoic, cúpla céad slat níos airde ná imeall na haille taobh thiar díom.

Is dócha gur cuimhin libh gur thugas cuairt ghearr ar bhur dtearmann tamall beag ó shin is gur chuireas an phaidir éigeantach libh? Admhaím nárbh ar an bpaidreoireacht go hiomlán a bhí mo chuid smaointe, ach ar na clocha cuimhneacháin atá os bhur gcionn agus ag bhur gcoimeád go docht teann faoin gcré.

Ba é an chéad rud a rith liom ná go gcaithfeadh go raibh sibh go maith as nuair a bhí sibh ar an taobh abhus — mura mbeadh ní bheadh sé ar chumas bhur ngaolta na clocha costasacha cuimhneacháin san a thógáil. Annamh go leor a breactar tuairisc ar an mbochtán, nuair a thagann an glao chun na síoraíochta air. Bíodh san mar atá, sé is lú is gann dom ná a iarraidh ar an Tiarna caitheamh go caoin libh cibé áit ina bhfuil sibh anois agus déanaim san le croí maith mór.

Tá focal beag i modh comhairle agam daoibh, áfach, agus seo é. Tugaim faoi deara as a bhfuil scríofa ar na leachtanna nach ghá gurbh Éireannaigh bhunúsacha sibh uile, idir fhir is mhná, atá ag fanacht go foighneach le Lá an Luain is glór an stoic sa cheapach bheag tréigthe seo.

Ar bhur n-anam ná tugaigí aon aird air sin a thuilleadh; bíodh an tsíocháin eadraibh; is fearr a thuigeann sibhse, atá ar an taobh thall cheana féin, ná mar a thuigimidne, atá abhus go fóill, cé chomh hamadánta is atá sé; é sin go léir ráite, áfach, má bhíonn an troid le déanamh fág fúinne í agus — bhur ndála féin, is dócha — bainfear an éiric chaoi asainn in am agus i dtráth.

Tugaim faoi deara go bhfuil sibh uile éirithe an-chiúin go tobann; go deimhin ní airím focal uaibh a thuilleadh agus tá súil agam nach ndúras aon ní a chuir olc oraibh. Tá iarracht den olc ormsa mar sin féin, ar shlí, ach ní bhaineann sé libhse, a dhaoine uaisle, go díreach ar chor ar bith.

An séipéal a bhí ar an láthair san agaibh tráth, ba in onóir do Bhríd Naofa a bhí sé tiomanta agus leagadh é nuair a tógadh an séipéal nua, ach an ceann atá agaibh anois, agus é sin tréigthe chomh maith, sé Naomh Maitiú atá á cheiliúradh ann.

Ba mhór an t-ábhar spéise dom a fháil amach cé mhéid díbh atá ar bhuíon Bhríde, más ceadmhach dom é a chur mar sin, agus cé mhéid eile díbh gur le Maitiú sibh. Ar ndóigh, níl tada agam in aghaidh an fhir naofa sin, ach dá mbeadh mo rogha féin agamsa, ba í Bríd na nGael a bheadh á comóradh ar an láthair seo go fóill.

B’fhéidir go mbeidh an t-am agam amach anseo cuairt eile a thabhairt ar an uachais feithimh sin agaibh agus go mbeidh sibh sásta éirí agus seasamh i bhur ndá líne, complacht Bhríde ar thaobh na láimhe deise, mar shampla, agus pobal Mhaitiú mar an gcéanna ar an taobh chlé, ionas go bhféadfainn na huimhreacha a áireamh agus nach mbeadh orm a bheith ag caitheamh tuairime faoin gceist a thuilleadh?

Gura maith agaibh agus codladh sámh.

N’fheadar an bhfuil cónaí ar bhean sí sa cheantar seo? Má tá, is mífhoighneach mar bhean sí í, mar sin í i mbun oibre go dícheallach agus gan an iarnóin féin i ngar dúinn go fóill. Ní bheadh aon ionadh orm dá dtógfadh an ceardchumann an cheist léi gan aon ró-mhoill mar, gan amhras, bheadh focal nó dhó le rá ag roinnt de na baill eile faoin ragobair.

Agus seans go bhfuil riail eile de chuid an Chumainn á sárú aici freisin, mar ní leis an gcaoineadh traidisiúnta atá sí ag cloí ar chor ar bith, ach leis an nglaoch fada fánach éilitheach — Á — DÁ — NÁ – Á! — agus fiú ansin níl de dhealramh ar an nglór ach gur fada é an turas atá le taisteal aige sara shroicheann sé mo chluas.

Och, aithním anois tú, a dhuine uasail, agus maith dom é nár thuigeas cé bhí agam roimhe seo. An tUasal Dánt, nach ea? Sea, d’airigh mé fútsa go minic; bhí tú id fhear mór sa taobh seo tíre tráth, nach raibh, agus bhí do naimhde ag beartú fill id aghaidh? Agus tháinig siad aniar aduaidh ort, oíche amháin, gur ghabhadar tú faoi bhrat an dorchadais is gur chuir i ngéibheann tú ar an gcarraig beagnach dofheicthe sin atá ag bun na spéire uaim is gan bhealach éalaithe agat ná teacht ag do chairde ná ag do lucht leanúna ort?

Ar ndóigh, gach seans nach bhfuil iomlán an scéil agam, ach fiú is go mbeadh, ní mór a bheadh ar mo chumas a dhéanamh duit. Cuirfidh mé fios ar na gardaí, más dóigh leat go mba chabhair sin duit, ach sin an méid is féidir liom a dhéanamh, agus cé gur leasc liom é a rá, ní haon mhaith duit é a bheith ag glaoch orm a thuilleadh. Tá trua agam duit, mar sin féin, agus cúpla céad bliain caite agat ar an gcarraig uaigneach san, más fíor scéal. Slán agat, is nára fada é go dtiocfaidh do chairde le tú a shaoradh.

Ritheann rud eile go tobann chugam maidir leis na haislingí: is cuid dár dtraidisiún é nach aisling go bean, go hainnir álainn shéimh thoilteanach: ‘… darbh ainm Éire ag teacht im ghaor ag marcaíocht’, mar a chuir duine amháin dár bhfilí é. Ach sí mo thuairim féin ná nach mbíodh ach an cur i gcéill acu maidir leis an gcuid deiridh sin den scéal, agus nach mbíodh san aisling i ndáiríre ach an chollaíocht lomnocht, an uair go mbíodh pionta nó breis ar bord ag an mbard agus an tsamhlaíocht ag coipiú ann dá thoradh.

Bíodh san fíor bréagach, ní fhéadfadh go mbeadh dul amú ar aon duine faoin mbé atá san aisling seo agamsa anois. Ceart, ní ar dhroim chapaill bháin atá sí ag teacht. Ba dheacair di a bheith ag marcaíocht thar na carraigeacha garbha seo, ar aon nós, agus níl coróin óir ar a ceann aici ná cláirseach bhinnghutha ina láimh.

Ach is bean í a chuirfeadh an fhuil ag cúrsáil trí na féitheacha san bhfear is modhúla inár measc, an croí ag cnagadh ina scornach agus gach leath-orlach dá cholainn fhireann ag damhsa i dtiún le ceol na dúile. Níl dealramh na mná ríoga uirthi: ní chaitheann a leithéid sin de bhean bikini, chomh fada agus is eol domsa cibé scéal é, ach má tá bean le bheith in aisling agamsa seo í an cineál mná a roghnóinn chuige sin.

Tabhair faoi deara an siúl atá fúithi, dearc ar na cosa fada dea-dhéanta san, ar na cíocha lána cruinne, ar an mbealach ina bhfuil na corróga á luascadh go mealltach aici! Féach ar an radharc iontach sin go léir agus fiafraigh díot féin an dócha go mbeadh ógfhear le fáil in Éirinn, ná in áit ar bith eile ar domhan, gurbh fhearr leis banphrionsa fuar fuaránta doicheallach mar rogha ar phearsantacht seo na fíoráilleachta atá os comhair mo shúl agam anois.

An bhfeiceann tú mar a ghabhann sí tharam, amhail is nach eol di go bhfuil mé ann in aon chor, ach níl dallamullóg ar bith á chur aici ormsa, mar tuigim go maith an nós imeachta. Fanfaidh mé go ceann cúpla nóiméad agus ansin rachaidh mé ar nós cuma liom ina diaidh go dtiocfaidh mé uirthi trí thionóisc, mar dhea, agus beidh ionadh an domhain uirthi, mar dhea chomh maith, agus ansan feicfimid cén aird as an bhfuil an ghaoth ag séideadh.

Agus sin é go díreach a dheineas freisin. Ach níor tháinig mé uirthi; ní raibh rian di le fáil. Ná ní fhéadfainn an teach solais a dhéanamh amach, ná an sean-dún ar bharr na haille, ná uisce an chuain féin. Bhí ceo liath trom tais ina luí ar an domhan im thimpeall agus radharc mo shúl á dhalladh aige sa chaoi is nach bhféadfainn tada seachas na carraigeacha ba chóngaraí dom a dhéanamh amach.

Bhíos am mhúchadh agus am phlúchadh chomh mór san gur chasas le teann scaoill agus líonreatha is gur dhein ar mo lándícheall i dtreo an bhóithrín a thabharfadh slán chuig an mbóthar mór mé.

Ba ansin amháin a d’aithin mé nach raibh sna heachtraí úd uile ach aisling; taibhreamh, b’fhéidir, ó cheart, ach níorbh aon aisling í an fhuil a bhí ag teacht go fras ó mo chosa a gearradh ar na carraigeacha géara agus ar na buidéil bhriste agus ar na sean-cheaintíní meirgeacha stáin a bhí caite thart san áit go míbhéasach neamhairdiúil.

Sea, níorbh aon aisling iadsan, ach b’aisling gan aon bhréag í an bhé sa bikini a scinn tharam chomh tapa san nach raibh caoi agam an pléisiúr ba chóir a bhaint aisti mar aisling.
Feasta, Eanáir 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais