Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ag Gaelú Shakespeare

Gearóid Ó Clérigh

ag breathnú ar
Rotha Mór an Ghrá, Soinéid Shakespeare
le Muiris Sionóid (Crigeán Press, 2006).

(Dara cuid)


Ní as an nua dúinn

Ó thaobh fhriotail de, is macalla an Ghaeilge ag Muiris Sionóid ar an dán díreach, lena cháiréis i leith an aicinn. Cén fáth nárbh amhlaidh san, agus na dánta grá á gcleachtadh sa mheadaracht sin le fada mar chaitheamh aimsire?

Rud eile is ea é a thabhairt le fios go dteastaíonn, sa lá atá inniu ann, léiriú ar mhórchumas na Gaeilge mar sprioctheanga do thiontuithe ón mBéarla. Ba Ghaeilgeoirí oilte sa Luath-Mheánaois a thionscain an cultúr atá ina chúlrá domhain dúchais ag Shakespeare. Gaeil Éireann, go díreach nó go hindíreach, a mhúin scríobh agus filíocht liteartha do na treabhanna Gearmánacha i Sasana, idir Anglaigh agus Shacsanaigh. Tá lámh na nGael i gcruthú cultúr Shasana ar eolas le fada.

Manach as Í Cholm Cille, Aodhán, bhunaigh sé mainistir Lindisfarne ar chósta thoir thuaidh Shasana. É féin agus a chomharbaí a thug idir chreideamh agus léann do shliocht na nAnglach i Nortumbair agus ar aghaidh leo ansin ó dheas. Má bhí dúil ag na manaigh Ghaelacha i léann na Laidne, bhí a léann dúchais féin beo ina measc. Ceangal domhain a d’fhás idir iad agus na daoine ar chraobhscaoil siad an Creideamh chucu agus chothaigh siad meas iontu ar a ndúchas féin freisin. Dar le W. P. Ker ina leabhar The Dark Ages céad bliain ó shin, agus an ‘Angla-Shacsanais’ i mbarr a réime fós mar idéólaíocht:- ‘The English and other Teutonic nations received instruction from the Irish, and that not only at the beginning of their studies: Irish learning… kept its vivifying power through many generations and repeated in the ninth century the good works of the fifth.’

Litríocht & aistriúchán

Sa 9ú haois bhí oide ag Ailfrid, rí na Sacsan i Wessex i Sasana thiar theas. Asser a ainm. Ba mhanach é de chuid Malmesbury i Wiltshire, nó Maeldufsburgh, buirg Mhaoil Dhuibh, a ainmníodh as an nGael Éireannach a thóg í i gcéaduair. Ábhar suntais é i gcomhthéacs aistriúchán Mhuiris Sionóid nach litríocht a cumadh i gcéaduair as Béarla na Sacsan a chuir Asser ar fáil d’Ailfrid, ach aistriúcháin ón Laidin.

Cén chaoi, mar sin, a dtarlaíonn go bhfuil oidhreacht dhúchais de shaothar chruthaitheach ón luath-Mheánaois sa teanga Sacsanach? Éistimis le Ker arís: ‘Anglo-Saxon poetry has the characteristics of an accomplished literary school… The greater part of the extant poetry, it is true, has been transposed from the Anglian dialect of the North to the language of Wessex, but the translation (sic! brí eile an fhocail!) has not changed the literary character of the original’. Is é a carachtar liteartha an tréith dhílis a thug na Gaeil don fhilíocht Anglach, agus uaidh sin don fhilíocht Shacsanach.

Urú cultúir agus daoine

Ionradh Normannach an 11ú haois a mharaigh an litríocht Angla-Shacsanach. Brúdh teanga agus litríocht Shasana faoi chois ag na hUiginnigh Fhrancaithe seo. D’éirigh idir theanga agus litríocht ath-uair agus cruth nua orthu mar Bhéarla i saothair Chaucer agus Langland i dtús an 15ú haois.

Díreach roimhe sin, bhí Siobhán d’Arc tar éis próiséas a thionscnamh chun na Sasanaigh agus na ríthe leath-Fhrancaithe a bhí orthu i gcónaí a ruaigeadh as an bhFrainc. Tugadh an feachtas i gcrích le hathghabháil Calais ag na Francaigh in 1558 i réimeas Mary Tudor, deirfiúr leis an Elizabeth Tudor a raibh Shakespeare ag saothrú lena linn.

Idir 1400 agus teacht teaghlach na dTudor ón mBreatain Bheag i gcoróin i Sasana, thug sean-rí-theaghlaigh na tíre sléacht a chéile i sraith chogaí cathartha. Mar chur in aghaidh an ainriail a lean na cogaí, agus na hadhnáire ba thoradh ar bhuanna na bhFrancach ar an gcoigríoch, is ea cruthaíodh náisiúnachas Sasanach na hArd-Mheánaoise / Renaissance / Barócaí.

Anglaigh, Danair, Lochlannaigh, fuílleach na mBreatnach in Cumberland, i gcuid de Chymru, i gCorn na Breataine, agus i gceantair narbh iad, Normannaigh, agus Sacsain, tugadh le chéile iad go léir, ní hamháin mar aonríocht, ach mar aon chine cultúir agus staire amháin chomh maith.

Shakespeare agus náisiúnachas Shasana

Bhí Shakespeare lena chuid drámaí stairiúla i dtús cadhanaíochta agus an mythos náisiúnach a dhaingniú. Ba náisiúntóir impiriúil idé-eolaíoch Sasanach é. Ina dhráma Richard II, (Acht II, radharc I), seo aige John o’Gaunt ar leaba a bháis, é ag fágaint slán leis an saol, agus le Sasana mar phríomhionad sa tsaol:
This royal throne of kings, this scepter’d isle
This precious stone set in the silver see
This blessed plot, this earth, this realm, this England’
Sasana ina oileán? Gan trácht ar an mBreatain Bheag, a bhfuil an dráma lán le tagairtí di, cár fhág Shakespeare Albain? Ríocht neamhspleách ab ea Albain, ach le linn Shakespeare a bheith ag comóradh ríocht Elizabeth, dhícheannaigh sise Banríon na hAlban, Máire Stíobhart ar ‘oileán’ Shasana, díreach mar a bhí a hathair, Anraí Túdar, tar éis a gcinn a bhaint de Ghearaltaigh Chill Dara ar a oileán eile, mar dhílseoírí neamhdhílse dá chuid.

Genius loci

Agus mé ag trácht ó chianaibh ar thionchar na nGael ó thosach ar litríocht Shasana, ní dócha go gcuirfidh éinne i mo leith, tar éis oráid John o’ Gaunt a thabhairt chun cuimhne ach go háirithe, go gceapaim go mba Ghael Éireannach faoi cheilt é William Shakespeare. Tá daoine ann, áfach, ar dóigh leo narbh éinne den tsloinne Shakespeare ach Uilliam Nuinseann, deartháir Iarla na hIar-Mhí, a chum an saothar a luaitear leis an Sasanach, pé duine a bhí ann — an fhilíocht aige ar aon nós. An fáth, más fáth é, go mba chomhaimsearach leis an aisteoir Londaineach Shakespeare é an Nuinseannach, gur scríobh sé Priméar Gaeilge don Bhanríon Elizabeth agus go raibh sé ina mháistir ar an dán díreach.

Is suimiúil chomh maith go bhfuil baile dúchais an aisteora, Stratford-on-Avon (ar an Abhainn), i bhfoigse Warwick. Seandúthaigh í a bhfuil iarsmaí Ceilteacha inti, mar atá soiléir as ainm na habhann. Tá Warwick ar mhórbhealach na ndráibhéirí bó agus ceathra chun na Breataine Bige. Ní ceantar Sasanach amháin é an ceantar seo i lár na tíre. Leis na céadta blian tar éis ionradh na Normannach ar Shasana bhí na gnáthdhaoine brúite síos, agus gnóthaí móra an tsaoil i lámha shíol an choncais. Ní aithristear imeachtaí na seantreabhanna cúl le faobhar.

Bhíogfadh an cathú duine a chreidiúint gur mhair ina measc go dtí aimsir Shakeapeare, taobh thíos de na gnéithe cultúrtha ba dhéanaí, genius loci ón anallód. Is é sin: rian so-bhraite den tsean-chultúr Gaelach-Anglach a tháinig aduaidh, agus den chultúr Gaelach-Bhreatnach Sacsanach de chuid Ailfrid, Asser agus a gcomharbaí, a leath ó Wessex aneas. Dá mb’amhlaidh san, níorbh ionadh go bhfuil Shakespeare, agus cultúr a ré féin aige ó Londain freisin, ar na húdair is mó thug a bhlas il-chineálach do chultúr an Bhéarla ó shin ar aghaidh. Leithne a aigne an tréith is túisce atá le haithint ar Shakespeare.

B’fhéidir nach le teann ardmheas ar an gCeilteacht ann a tugadh ‘Bard of Avon’ air ina dhiaidh sin, nuair a thagair John Milton in ‘L’Allegro’ (c.1631) do William marbh ag rá: ‘ …Or sweetest Shakespeare, fancy’s child/ Warble his native woodnotes wild’.

Ní raibh Milton ag iarraidh duine saonta a dhéanamh de, saghas ‘noble savage’ roimh an gcoincheap sin a theacht i réim san 18ú haois. Is é a bhí in aigne aige ná céadfaí dúchais an ‘Bhaird’ a mholadh. Thuig sé gurbh iad a shaothair ina n-iomláine, gach gné díobh, a bhuanódh a cháil:
‘What needs my Shakespeare for his honoured bones
The labour of an age in pilèd stones…?
…Thou in our wonder and astonishment
Hast built thyself a livelong monument…‘
(‘livelong’, ní ‘lifelong’).
Sin é an tuiscint a mhair i gcónaí i measc a chomh-thíreach. In aois an Nua-Chlasacais thug an soilseoir Francach, Voltaire (1694 – 1778), faoi Hamlet d’fheabhsú agus é ag tiontú an dráma go dtí a theanga féin. Bhuail sé rialacha dochta an Chlasacais maidir le háit, aimsir agus eile air. Níor bhog an ghalamaisíocht ag Voltaire an Dr. Samuel Johnson as a chiall nó a chéadfaí. Luaigh sé ‘the comprehensive genius of Shakespeare’ i gcontrárthacht le ‘the minute and slender criticism of Voltaire’.

Bhí éirim Shakespeare cuimsitheach chun foirmeacha ón iasacht a ghabháil chuici. Ní foirm dhúchais as an Meánaois i Sasana, ach foirm dhocht onnmhuirithe de chuid an Renaissance, a shásódh aon Chlasaiceoir, a chleacht Shakespeare ina dhánta grá. Nuair a thug Muiris Sionóid faoin gcuid sin dá fhilíocht a chur in nGaeilge, rinne sé an ceart cloí leis an soinéad mar fhoirm.

An fhoirm

Déarfaidh daoine gurbh fhearr foirm chlasaiceach ach í a bheith seanbhunaithe sa Ghaeilge, mar atá an dán díreach, a roghnú. Sin foirm arbh iad na bunsamplaí Laidne i ré na Sean-Ghaeilge a bhí mar fhoinse aici. Comhartha is ea an méid sin ar aclaíocht na Gaeilge chun asamhlaithe ón iasacht. Ní dócha gur laige nó gur lú inniu an cumas sin ná mar a bhíodh. Ach is le haimsir amháin a ghlactar leis an iasacht gan blas den aduaine d’fháil air.

Impiriúlachas

Sa 19ú haois, i ré mór an impiriúlachais ‘Angla-Shacsanaigh’, cuireadh saothar Shakespeare ar aon chéim agus cáil le haistriú an Bhíobla go Béarla (cúrsaí aistriucháin i gcónaí!), aistriúchán a deineadh sa 17ú haois ag coiste le linn réimeas Shéamas I. Mac leis an Máire ar thug Elizabeth a bás ab ea Séamas seo VI na hAlban. Albanach mar sin é ó dhúchas.

Dhá sheod na litríochta domhanda a bhí, dar leis an saol ‘Angla-Shacsanach’, i saothar Shakespeare agus i mBíobla Rí Séamas.

San 19ú haois freisin cuireadh deireadh le cóipeáil na láimhscríbhinní dúchais in Éirinn, agus rian an dáin dhírigh ar mhórán acu i gcónaí, an ‘Soinéad Gaelach’ ina measc. Mar náisiúntóir traidisiúnta ba gheal liom glacadh le tiontú Mhuiris Sionóid ar shoinéid William Shakespeare ina éiric sa mhalartú cultúir a thug an t-impiriúlachas Sasanach ar Éirinn.Tar éis na Dioscúrsaíochta go léir agam, tá sé in am sampla de shoinéid Ghaelacha Mhuiris Sionóid a bhlaiseadh. Conas mar a éiríonn le saothar Mhuiris, mar sin, de réir thrí theist an aistriúcháin fhónta ar fhiliocht: é a bheith féin-sheasamhach, dílis dá fhoinse agus úr nua mar fhilíocht?

Áille na háille!

Mar fhreagra na ceiste, seo bun-soinéad ag Shakespeare:
Shall I compare thee to a summer’s day
Thou art more lovely and more temperate:
Rough winds do shake the darling buds of May,
And summer’s lease hath all too short a date:
Sometimes too hot the eye of heaven shines,
And often is his gold complexion dimm’d;
And every fair from fair sometime declines,
By chance or nature’s changing course untrimm’d;
But thy eternal summer shall not fade
Nor lose possession of that fair thou owest;
Nor shall Death brag thou wander’st in his shade,
When in eternal lines to time thou growest:
So long as men can breathe or eyes can see
So long lives this and this gives life to thee.
aura dánta grá an amour courtois ar an dán seo. An aura céanna atá ar shoinéid ghrá Athbheochana a chomhpháirtí sa Fhrainc, Pierre de Ronsard. Seo tiontú an tSionóidigh:
Duitse cén tsamhail is fearr – lá samhraidh séimh?
Is áille tú ná sin ‘s is séimhe fós:
Suaitheann cuaifeach Bealtaine a bláithín glé
‘S is róghearr léas an tsamraidh ar a ghlóir.
the ar uairibh lasadh shúil na spéir’;
‘S is minic aimhgheal fann a snua groí óir;
‘S gach áille i dtrátha téann ón áille i léig
Sa seans nó i gcúrsa an Nádúir curtha ó chló.
Ach dreo dod’ shamhradh síorsa níl i ndán,
Is seilbh go deo ní chaillfidh sé ar do scéimh;
Trí scátha an Bháis ní bheidh tú choíche ar fán –
Im’ línte síoraí fásfair trí gach ré:
An fhaid a mhaireann fir ‘s a fheiceann súil,
Maireann beo seo, ‘s bheir seo dhuit beatha bhuan.
Ainneoin an inbheartuithe a luann Muiris féin é, tá an dán aige go hálainn. Scoláire d’aistrigh, ach ní gá gur le haghaidh scoláirí amháin é.

Tar éis an eiseamhláir sin de cheardaíocht an aistritheora a bheith curtha taobh leis an mbun-soinéad le mór-fhile Shasana, cuirimis freisin í i gcomparáid le sampla den tseánra as litríocht an dáin dhírigh sa Ghaeilge. Roghnaímís sampla as cnuasach na nDánta Grádha ag Tomás Ó Rathile, ceann gearr trí véarsaí. Ar ábharaí an tsaoil tá réaltachas thar mar atá rómánsúil in:—
Aoibhinn an galar grádh mná,
ní do b’annamh dá rádh riamh;
grádh marbhthach don taobh is-toigh
beatha is aoibhne dár chruth Dia.
Bídh sé mar is aoibhne lais,
ní luigh orchra air ná aois;
cionnas do-ghéabha sé bás,
an tí do-bheir grádh do mhnaoi?
Leor leis féin a mhéad do fhlaith,
beag a shuim i maith ná i maoin;
an tí do-bheir ’s do-gheibh grádh
do fhan sé go bráth fá aoibh.

Rómáns agus réadúileacht

An tsiúráil chainte an chéad rud a thabharfá faoi deara, rud a thaispeánann chomh fada is a bhí an dán díreach lonnaithe sa Ghaeilge nuair a chumadh an t-eiseamlár seo. Thairis sin, tá an blas céanna air is atá ar sceipteachas an ré Bharócaigh, a phollann an románsúlacht bhaoth i nDon Quijote le Cervantes. Mar an gcéanna bhíodh an réadúlacht le braith i Spáinnis na Meánaoise, in El Libro de Buon Amor, mar shampla, in aois féin na litríochta rómánsaí. Tá an dá thréith le sonrú i bhfilíocht na hÉireann ó anallód, faoi mar atá siad i Shakespeare ina iomláine. Níor imigh Muiris thar a chumas seoil i ndomhaine aigéan mhór na filíochta Eorpaí.

Ar nós file anaithnid an dáin dhírigh ‘do-bheir agus do-gheibh ghrá’, agus beatha ón a ‘ghalar’, go bhfaighe mórlíon léitheoirí, a bhfuil grá don fhilíocht acu, beatha agus pléisiúr as Rotha Mór an Ghrá, gan an leabhar d’fhágaint gafa istigh i gcarcair agus i gciorcal cung na bPúcaí agus na nDioscúrsatóirí.

Feasta, Eanáir 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais