Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta
le Gréagóir Ó Dúill

An Bhinn Mór

Cuireann sé as go mór dom, m’aineolas,
an díth fáisnéise, teirce na taighde a rinne mé:
ní cleachtach mé ar fholús an ainbhiosáin.

Anseo ar an Bhinn Mhór, ag amharc amach ar Albain,
stánann an dá shúil amach ar an tsruth,
mogall d’eangach iarainn orthu.
An áithe aoil? An áithe cheilpe? Barr tolláin
mhianaigh (bhí gual anseo)? Nó áis ag turasóirí
thús an chéid seo caite cuairt Dante a dhéanamh
ar ionathair an ardchláir, ar Ifreann?

Doiligh a shamhlú fir na nGlinntí, béasa an bhroic orthu,
ag imeacht ón spéir, ón fharraige, ó chuilt na bpáirceanna
ar shleasa na ngleann, im geal an aitinn orthu
is dul faoi thalamh. Ach nach é sin an chinniúint,
go fiú i reilig Leithid
an luí fada is ansa liom in Éirinn? Nárbh ar an Bhinn Mhór
a neadaigh na hiolair agus mé beag óg?

Leanbh Úr

Báidín plaisteach agus blaincéad cadáis,
Téitheoir ag obair os a cionn mar a bheadh ag sicín lae,
Díghalrán ag a cois don láimh a leomhfadh tadhall.

Snámhann an leanbh úr sa tsaol aduain,
Malairt bhaoil anois uirthi, ar a cloigeann mór,
Ar a corp beag fann, í ar feistiú ag rópaí,
Ag cáblaí le cuan leathan seo na beatha is na contúirte:
Insint ar scáileán ar a bhfuil de luascadh fúithi,
De charraigeacha feille sa mhuir mhór sa timpeall.

Ní ceadmhach í a thógáil i mo bhachlainn,
Méar féin a leagan uirthi, craiceann foirfe a leicne a chimilt,
Mo lámh a leagan mín mín ar a brollach beag,
Ainneoin gach dícheall glantacháin.

Deabhadh práinne ar an fhoireann faoi éideadh san aireaglán
Agus scaoth mionbhád i dtrioblóid. Ní acmhainn dom
Ach an guí is gnáth ar cheann tíre, anfa gan coinne ar na báid.

Mise agus Pangur Stríocach

Mise agus Pangur Stríocach
Gach duine ar a cheird –
Mise ag súgradh le rannta,
Eisean ag cuartú bia.

Is é is fearr liom, am ar bith
Bheith crom os páipéar, peann i mo dhóid.
Ní ormsa a aird sin, ach ar sheilg,
Sin is ceird dó, mo chat mór riabhach.

Sa mbaile dúinn, gan sos ná scíth,
A chleachtaímid ár scileanna,
Gan éirí tuirseach, gan bheith bréan de,
Síorthaitneamh do shárú cliste fadhb.

T’réis dianchoimhlint ceapann sé
Luichín saonta ar beag a chiall;
Domsa fosta, tarlaíonn sé, fuascailt
Doiléire, cumadh cuí.

Bunlíne, colún figiúr, luach is brabús, dúch dearg
A láthair catha, ionga a sháthadh is geal leis,
An fheoil a bhaint de chnámh námhad mar chluiche,
Mise ag cur faobhair ar chleite gé chun scríofa.

Mo thiachóg bheag ó chreach na luch tá sábháilte,
Mo phár ó chreim a mbéil; an pangur seo
I gcomhar liom is bráthair meithle,
Ag iompar léinn is ealaíon i dteas an fhionnaidh riabhaigh.

Talamh an Éisc

Cha raibh mé ariamh in áit mar seo:
Taobh thall den chaolas, soilsíonn eireaball na gréine
Ar choillte crochta Gros Morne.
Gearrann faoileán geal trasna na coille glaise
Mar a bheadh claíomh mór.
Ní neamhchosúil le hEilean Iarmain Sgiathanaich.
Monamar ciúin mara, sneachta ar shléibhte samhraidh
Agus an chiall go tiubh láidir díomasach
Go raibh impireacht againn, Gaela, gan fhios dúinn féin,
Leithead Alban, na Garbhchríocha agus Inse Gall,
Éire mhór agus Talamh seo an Éisc.
Fir chlaímh níor choinnigh, ná cailíní na scadán,
Lucht déanta amhrán ná fir cheoil.
Canann na badhbha dúinn, Fiodh na gCaor, Cúil Íodair
Agus an French Shore anseo. Tá gearrtha ar leac thuama
In aice láimhe anseo i reilig an chladaigh faoi fhear óg
“Died of exhaustion after the great storm of 1846”.
B’shin ar tharla, cruinn díreach goirt.

Feasta, Eanáir 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo