Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Bliain fhaitíosach romhainn! - -

Ní mór é rá láithreach bonn, agus sinn i dtús na hathbhliana, nach le hardmheanma, gan trácht ar ghliondar, a bheadh duine ar bith ag caitheamh súil chun cinn ar an mbliain atá romhainn. Go deimhin, ní cuimhin linn riamh tús bliana a raibh daoine ar oiread sin faitís agus atá faoi láthair.

Tá an eacnamaíocht ina phraiseach, ní hamháin anseo ach ar fud na cruinne. Is amhlaidh don chóras airgeadais agus baincéireachta. Is maith is eol dúinn anois cad is brí leis an ‘sráidbhaile domhanda’ a mbíodh oiread cainte faoi le roinnt blianta. Níl sé in amhras a thuilleadh ná go mbeidh daoine nár thug lá díomhaoin ina saol gan obair sa bhliain 2009. Sé cruachás na ngnáthdhaoine seo an t-ábhar buartha is mó, agus is conas is féidir teacht i gcabhair orthu an fhadhb is mó atá le réiteach.

Is deacair a thuiscint conas go mbeadh na bainc agus comhlachtaí morgáiste, atá go mór ciontach maidir leis an tsáinn ina bhfuil na daoine seo, i dteideal seilbh a ghlacadh ar a dtithe nuair nach acmhainn dóibh morgáistí a aisíoc. Sin, ar ndóigh, an áit a dtagann na polaiteoirí isteach, nó chun a bheith cruinn, na polaiteoirí sin atá i mbun rialtais. Má tá siadsan chomh mór faoi scamall agus atá na baincéirí agus na saineolaithe eacnamaíocha, agus fiú má tá go leor den aithis tuillte acu, fós is orthu atá brath an phobail.

Go dtí seo tá creatlach de phlean foilsithe a bhfuil d’aidhm aige bonn a chur faoi atógáil na heacnamaíochta. Sé an beartas is mó atá déanta ag an rialtas, áfach, ná go bhfuil athchaipitliú déanta ar na trí bainc is mó. Séard a chiallaíonn sé sin ná go bhfuil cáiníocóirí tagtha i gcabhair orthu, bíodh gur eol dúinn gur beag atá sé sin tuillte acu. An féidir glacadh leis mar sin go mbeifear ag teacht i gcabhair ar na daoine sin a luadh níos luaithe a bhfuil sé ag breith dian orthu a gcuid morgáistí a aisíoc?

Gan amhras is ábhar mór imní é go gcuirfear stop anois leis an obair mhór forbartha a bhí ar siúl sa tír seo le roinnt blianta. Tá obair mhór déanta, mar shampla, ar phríomhbhóithre agus ar bhóithre iarainn. Cé go bhfuil sé intuigthe go mbeidh gearradh siar ar an obair sin, ba thrua dá gcuirfí críoch go huile leis, fiú go bhfuil sé soiléir go mbheadh airgead ar iasacht riachtanach chun go leanfaí ar aghaidh. Ní hionann ar aon chor an cineál seo oibre agus an tógáil gan srian a bhí ar siúl san earnáil tithíochta le tamall de bhlianta. Arís, beifear ag brath go mór ar bhreithiúnas ár bpolaiteoirí maidir leis an gceist seo.

I gcoitinne, an deacracht is mó a bhaineann leis an ngéarchéim seo nach bhfuil duine beo in ann a rá cén fhaid a leanfaidh sé. Ní féidir ach a bheith i ndóchas nach mbeidh bail chomh gruama ar ár gcúrsaí bliain ón am seo.

Feasta, Eanáir 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo