Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Tubaistí, Mí-iompar & Liospóin le Seán Ó Loingsigh
Bhí sé sin fíor go háirithe i gcás an Bhainc AnglaÉireannaigh. An raibh sé ceart ag an rialtas an banc sin a tharrtháil nó ligean dó dul go tóin poill, mar a bhí tuillte aige dar le go leor?
****************
Nach iontach an cúnamh dúinn na dreamanna éagsúla agus iomadúla sin a théann i mbun suirbhéanna de gach uile chineál. Ní minic gur aon dea-scéala a bhíonn acu dúinn ach oiread, rud nár mhiste b’fhéidir laethanta seo na drochnuachta. I suirbhé idirnáisiúnta a deineadh le déanaí maidir le praghasanna earraí éagsúla i siopaí, fuarthas amach gurb í an tír seo an ceathrú tír is costasaí sa domhan le haghaidh siopadóireachta. Ní raibh chun cinn orainn ach an Ioruaidh, an Danmhairg agus an Fhrainc.
Ach ní hé sin is measa ar aon chor. Fuarthas amach leis gurb í seo an tír ba chostasaí den 23 tír ar deineadh suirbhé iontu maidir le praghas coiscíní. Da mb’amhlaidh nach raibh go leor drochnuachta againn cheana féin! Ach mar a bhíomar ag rá anseo mí ó shin, ní ina n-aonar a tharlaíonn na tubaistí.
Tá na tubaistí ag tarlú go tiubh te gach lá anois. B’éigean na trí bainc ba mhó a athchaipitliú sa deireadh, in ainneoin an phoirt a bhí acu ná beadh sé sin riachtanach. Cé chreidfeadh go dtarlódh a leithéid fiú bliain ó shin. Mura n-oibríonn sé sin céard atá le déanamh?
Gan amhras bhí go leor a bhí míshásta leis an tarrtháil seo a rinne an rialtas ar dhream a bhí cuid mhór ciontach ina míthreoir féin. Tar éis an tsaoil is iad na cáiníocóirí a bheidh thíos leis, agus níor fhéach sé go raibh margadh cóir ná cothrom á fháil acusan. Bhí sé sin fíor go háirithe i gcás an Bhainc Angla-Éireannaigh. An raibh sé ceart ag an rialtas an banc sin a tharrtháil nó ligean dó dul go tóin poill, mar a bhí tuillte aige dar le go leor?
Go deimhin ba léiriú an mí-iompar a bhí ar siúl ag iarcheannaire an bhainc sin, maidir leis an iasacht de 87 milliún euro a bhí aige ón mbanc ar a raibh sé i gceannas, ar mhí-iompar lucht baincéireachta i gcoitinne. Ba é sin go díreach an cineál mí-iompair ba chúis leis an ngéarchéim ina bhfuil an córas airgeadais faoi láthair.
Bhí sé de dhánacht ag an iarcheannaire a rá nach raibh aon choir déanta aige. Ní raibh ann, mar a chuir sé é, ach ná raibh a iompar ‘iomchuí’. Má mhéadaigh sé sin ar an olc a bhí ar dhaoine, fós bhí an ceart aige. Ní raibh coir i gceist, agus is soiléir go bhfuil fadhb ansin a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi mura bhfuil a leithéid céanna le tarlú arís.
Is ceist shuimiúil í, fiú más ceist í atá pas acadúil faoi láthair, cén tionchar a bheidh ag an gcíréib seo ar fad ar an gcóras airgeadais domhanda sa bhfadtéarma, nó chun dul níos faide fós leis, ar an gcóras polaitíochta domhanda i gcoitinne. Tá go leor ceisteanna á gcur anois faoi fhorlámhas fealsúnach an tsaormhargaidh agus an chórais chaipitleachais i gcoitinne.
Má tá ar rialtais bainc a ghlacadh ar láimh, nó chun é chur ar bhealach eile, iad a náisiúnú, nach ionann sin agus filleadh ar an sóisialachas, a bhí tréigthe go forleathan agus faoi dhrochmheas go hidirnáisiúnta mar leagan amach polaitíochta, le tamall de bhlianta.
Is féidir go bhfuil sé sin ag dul rófhada. Níl a fhios againn, i ndáiríre, ach is suimiúil go bhfuil críoch tagtha le réimeas an Uachtaráin Bush sna Stáit Aontaithe. Ba é Bush agus a lucht tacaíochta eiseamláirí mhóra an nuachoimeádachais a bhí go mór in uachtar le tamall fada anois. Tá fear nua ‘ar an mbloc’, mar a deirtear sa Bhéarla. Níl fhios agamsa, ná is dócha ag aon duine eile, an bhfuilimid ag súil rómhór le míorúiltí ó Barack Obama, an Meisias nua. Neosfaidh an t-am.
Caithfimid a bheith dóchasach, fiú anseo in Éirinn, agus dá dhona atá ár gcúrsaí eacnamaíocha, ba dhóigh leat go minic go mbíonn an iomad ar fad den chásamh ar siúl againn. Is ansin a thagann ár rialtas isteach sa scéal. Gan aon amhras tá siad faoi stró, agus fiú ag streachailt. Níl sé cinnte ar aon chor go gcríochnóidh siad an cúrsa, nó fiú go mbeidh siad ann um an dtaca seo an bhliain seo chugainn. Tá an Taoiseach go háirithe, a raibh an oiread sin dóchais againn as, faoi bhrú.
Ar an taobh eile, tá an freasúra go buaiceach. Beidh fir an Iarthair, Éanna Ó Cionnaith agus Éamon Gilmore ar ais sa Dáil faoi cheann cúpla seachtain agus faobhar fúthu. Tá sé le tabhairt faoi deara nach bhfuil an bheirt sin chomh gar dá chéile agus a bhí Ó Cionnaith agus Pat Rabbitte.
Níl fhios agam an bhfuil aon bhaint aige sin lena raibh le rá níos luaithe faoi athshlánú an tsóisialachais, ach ní dócha go mbeidh déaga an chéid seo sóisialach ach oiread is a bhí seachtóidí an chéid seo caite. Pé ní is cinnte go bhfuil bliain chorraithe romhainn sa pholaitíocht.
Agus, ar ndóigh, beidh an dara babhta againn de Chonradh na Liospóine, an t-eilifint úd i gcúinne an tseomra, mar a thugamar air cheana. An éireoidh leis an iarracht seo? Is dána an té a bheadh ag tuar ar an gceist sin. Bhíos féin ag tabhairt amach go minic faoin gConradh céanna an uair dheireanach, faoi lúbarnaíl lucht na Bruiséile, Stát Feidearálach na hEorpa, agus go leor eile, ach cad a dheineas i ndeireadh na dála ach vótáil ar a shon.
Cad a phrioc mé sa deireadh? Níl fhios agam. Maolchluasach go maith agus le tromchroí a dheineas é. B’fhéidir go raibh baint éigin aige sa deireadh le Declan Ganley agus an dream sin Libertas. Nár chóir go dtuigfinn an tráth seo dem’ shaol gur beag tábhacht a bhí leosan i ndáiríre agus go mbaineann siad le ré atá thart, ré an nuachoimeádachais, ar a rabhamar ag caint níos luaithe.
Is féidir a rá go raibh go leor cur i gcéill i gceist leis an gcéad fheachtas, agus is cosúil go leanfar leis an gcur i gcéill céanna sa dara babhta. Cheana féin táthar ag caint ar ghinmhilleadh, ar neodracht, ceapadh choimisinéirí, cúrsaí cánach agus go leor eile gur beag is fiú iad i ndáiríre.
Dúradh anseo tar éis an chéad reifrinn gur vótáil lucht oibre sna bruachbhailte ar fud na tíre go láidir in aghaidh an Chonartha. Creidim fós gur tharla sé sin, agus creidim go dtarlóidh an rud céanna arís.
Ní theastaíonn óna lán daoine aghaidh a thabhairt ar an gceist sin, agus is cinnte go háirithe nach dteastaíonn ó pholaiteoirí aghaidh a thabhairt uirthi. Cén fáth? Féach nár luadh focal faoi in pé fiosrú a bhí ar siúl ag an rialtas maidir leis na cúiseanna gur diúltaíodh don Chonradh an chéad uair.
Tá fhios ag an saol gur ceist leochaileach í seo de bhrí go bhféadfaí ciníochas a chur i leith daoine. Ní theastaíonn ó aon duine a bheith luaite leis an tréith ghránna sin, agus ní féidir ach oiread é chur i leith na ndaoine maithe atá ina gcónaí pé áit a bhfuil siad, i mbruachbhailte nó eile. Bíonn daoine buartha faoina gcuid jabanna, nó spás a bheith i scoileanna dá bpáistí nó leaba a bheith ar fáil in ospidéil dóibh. Ar chúiseanna atá follasach, tá níos mó tábhachta leis an gceist sin faoi láthair ná mar a bhí nuair a bhí an chéad reifreann ann.
Mar a dúradh, is gránna an tréith an ciníochas pé acu an mbaineann sé le treibh nó le reiligiún nó le dath cnis, nó le pé ní eile. Tá daoine faoi bhrú agus iad ag teitheadh ón anró. Tá daoine san Afraic ag dul i mbaol a mbáis agus iad ag éaló ón ngábh ina bhfuil siad. Tuigeann Éireannaigh a gcás níos fearr ná go leor eile. Nach dtuigeann?
Tá dualgas orainn ar fad, ár bpolaiteoirí san áireamh, dul i ngleic lenár bhfadhbanna. Ach tá an dualgas sin ar an rialtas go háirithe. Ní dheineann sé ciall a bheith ag ligint orainn nach bhfuil aon fhadhb ann. Is deacair dom a chreidiúint go bhfuil a lán daoine róbhuartha faoi arm na hEorpa.
Sa deireadh, b’fhéidir gur fiú a rá go raibh ceacht eile le foghlaim as diúltú mhuintir na hÉireann don Chonradh. Ceacht é nár chóir go raghadh sé amú ar mhaithe móra an Aontais. Níor chóir neamhaird a dhéanamh de thuairimí daoine agus pobail, ach oiread agus atá sé ciallmhar a bheith de shíor ag brú athruithe orthu gan spleáchas dá dtuairimí, agus a bheith á dhéanamh sin ar bhealach nach bhfuil oscailte ná soiléir. Ach an bhfuil na maithe ag éisteacht?
Bhí roinnt le rá againn an mhí seo faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, faoi phleananna agus teorainneacha agus comhdhlúthú ar eagraíochtaí agus go leor eile. Nílimid ag aontú le mórán dá bhfuil beartaithe, go háirithe maidir le pleananna agus teorainneacha, ach cá hionadh sin? Is baolach gur éalaigh an t-am orainn. Beidh lá eile againn, má thagaimid slán.
Feasta, Eanáir 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|