Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Seo mar a Bhí!


le Pádraig Ó Snodaigh

‘Foréigean,’ arsa Maidhc, ‘an dtuigeann sibh foréigean,…’
***********
Dá mbeadh mo thoil agam, bhainfinn na magairlí díobh, an paca bastard,’ arsa an búistéir ar dhul isteach dó i seomra an ghiúiré.

Ceathrar a d’éignigh bean a bhí os a gcomhair roimhe sin, soiléir go leor mar chás gránna.

‘Táid ciontach, má sea, id thuairimse,’ arsa Seán, ceann an ghiúiré.

‘Má bhí dabht dá laghad orm — agus is beag a bhí — scaip fianaise na mná é tapaidh go leor, táim ag rá.’

An chuid is mó ar aon intinn leis, cheapfá, ach leisce orthu teacht ar bhreithiúnas aontaithe.

Fadhb éigin le cúrsaí gnéis i gcónaí, a cheap duine amháin acu: ní bheidh seisiún ró-éasca romhainn, cé nár léir aon lúb ar lár i gcás an Stáit, ná aon chosaint sho-chreidte acu san a rinne an ghránnacht — ach thuigeadar uilig, nó chreideadar uilig, sa tseomra gurbh iad an ceathrar a cúisíodh a rinne.

‘Ach ní hiad amháin a bhí ciontach,’ arsa an gréasaí.

‘‘Ní’ arís,’ arsa Seán leis féin, ‘bíonn gobshite amháin i gcónaí ann a chuireann milleán, nó cuid de, ar na mná i gcásanna mar seo.’

‘Anois, a Mhaidhc, ná bí ag dul thar fóir leis, ‘ arsa an bearbóir, ‘tá an cás soiléir — ná bíodh muid ag cur castaí ann ar mhaithe le castacht.’

‘Ní hiad amháin, a deirim, ach muid uilig agus chuile fhimíneach eile sa bhaile seo.’

‘Féach, a Mhaidhc, ní hé seo Hyde Park — tá cás le réiteach againn.’

‘Tá, agus cás, ach cad is cúis leis an gcás, sin í an cheist bhunúsach.’

‘Agus réiteach na ceiste sin agat, a Mhaidhc, thar mar a bhí ag Aquinas nó Eriugnea nó aon duine eile acu. Téanam ort.’

‘Níl ná réiteach, ach níor mhiste rudaí a chur san áireamh, níl aon rud simplí ann. Breathnaigh, mar shampla, ar lucht an Bhardais nár fhéach chuige le cúig de bhlianta anuas go mbeadh dóthain soilse sráide san áit sin chun nach mbeadh ar chumas an ghasra sin bean a fhuadach, mar a rinne, gan fhios. Locht orthu, má sea!’

‘Tá, gan dabht, ach Maidhc, níl sin romhainn mar fhianaise, agus tá’s agat féin nach mbaineann le hábhar.’

‘Ní bhaineann, ach dá dtarlódh nárbh fhéidir leo an oíche sin, ní bheadh muidne anseo anois.’

‘Ní gá sin, ní leor lochtanna na láithreach mar leithscéal, bhí áiteanna eile, bheadh daoine eile, ócáidí eile.’

‘Agus mar sin, níl sin le bheith san áireamh.’

‘Níl,’ arsa Seán, ‘cloífeam lena bhfuil romhainn.’

‘Beag beann,’ arsa Maidhc, ‘ar an gcúlra, ar an timpeallacht, beag beann ar an gcléir a chas is a chum an gnéas ina rud gránna peacúil ann féin, mí-nádúrtha má sea, is an dream eile sin ag múnlú aos óg i ndiaidh aosa óig gan d’eolas ach cúlchaint na mbúr agus….’

‘Á, stop, a Mhaidhc, stop,’ arsa siopadóir amháin, ‘Ní thig linn fadhbanna an domhain a réiteach as an gcás seo anseo inniu. Tá sin agus an bharbarthacht a bhí ann soiléir go leor dom….’

‘Sea, sea, ach tig linn a thuiscint go bhfuil gá le tuiscint, nach saoi mé gan locht — ná tusa dá n-abrainn é.’

‘Ní thuigim an argóint seo,’ arsa an siopadóir eile: ‘Nár úsáideadh foréigean? Nach bhfuil an cás soiléir dúinn?’

‘Foréigean,’ arsa Maidhc, ‘an dtuigeann sibh foréigean, ar úsáid sibh — nó sinn — foréigean, an eol dúinn cad faoi a bhfuil muid ag plé ar chor ar bhith?’

‘Bhuel, tuigim go maith,’ arsa Seán, ‘agus níl an díospóireacht ag cuidiú linn i mo thuairimse. An féidir leat do phointe a dhéanamh, a Mhaidhc, agus bheith réidh leis?’

Cuir mar seo é, ar dhein éinne agaibh dúnmharú riamh?’

Leath monabhar a shéanta-sin thart.

‘Níor dhein, is dócha. Ar bheartaigh sibh riamh air?’

Monabhar a eitigh go mífhoighneach anois.

OK, OK, tá cás againn agus ní léir go bhfuil aon bhaint ag a bhfuil agam leis — ní gá go bhfuilim féin 110% soiléir ina thaobh….’

‘D’fhéadfá a rá,’ os íseal ón gcúinne.

‘Raight, má sea, foréigean, dlí, gnéas, comhluadar, múnlaí is eile… .Tusa a labhair, dá bhfaighfeá amach go raibh fear eile ag luí le do bhean, cén dearcadh a bheadh agat air, cad a mhothófá, cad a dhéanfá — nó ar tharla a leithéid duit?

‘Anois, Maidhc, ní thig linn cur suas leis seo a thuilleadh,’ arsa Seán.

‘Chuireas ceist.’

‘Is freagra ní bhfaighfeása air uaimse,’ arsa an táilliúir, ós é a labhair ón gcúinne: ‘Ní hamháin nach mbaineann sin le hábhar, ní bhaineann sé leat, is dá dtarlódh, ní bhainfeadh ach oiread.’

‘Ná uaimse ní bhfaighfeá freagra,’ arsa an bearbóir.

‘Bhfuil éinne anseo sásta mé a fhreagairt?’

Monabhar arís.

‘Freagródsa tú,’ a deir ailtire nár ghlac páirt sa chaint go dtí seo, ‘cé nach léir dom a thábhacht….’

‘Ná dom….’

‘Níl teoiric i gceist, táid anseo, is dócha, a bheadh “críostaí” ina thaobh, dar leo. Ach nuair a fuaireas amach gurbh amhlaidh mar a bhí i mo chás-sa, d’fhágas an teach, scian caite i mo stoca, d’fhonn a sháite go feirc sa bhastard, is ba chuma liom beo marbh é… dhá uair a chloig a thóg sé orm é a aimsiú Tí Suibhne, is é mar a cheapas mórtasach as féin. D’aithin sé an fuadar a bhí fúm gan dabht — nó ní bheinn anseo — agus idir phulcadh isteach orm is fuililiú ardaithe aige, d’éirigh leis éaló, is mé fágtha gan rith is bainte dem threoir. Ach shiúlas, cinnte, sráideanna na cathrach san dhá uair a’ chloig, is don tréimhse sin ar a laghad, ba ríchuma liom toradh mo theagmhála leis.’

Ciúnas cotúil, ach lean an gréasaí ag cur na ceiste ar dhuine i ndiaidh duine díobh sin nár eitigh cheana é. Thriail Seán é a bhaint dá chúrsa ach bhí fuar aige.

Freagra ní bhfuair — níor theastaigh fadú an chomhrá ó éinne, a bhraithfeá, go dtí gur labhair an t-ailtire arís.

‘Agus tú féin anois, do mheas féin, do léamh féin ar do cheist?’

‘Sea, ós tú bhí cróga go leor, agus ar an aon duine macánta go leor.’

‘Á, anois, Maidhc…’ ón gcúinne.

‘Anois mo thóin, macánta go leor mo cheist a fhreagairt, tuilleann tú freagairt mo cheiste. Nuair a d’fhág sí mé Domhnach, taom buile go smior a bhí orm. Ach gan eolas agam cá rabhadar, is fuadar mire fúm á gcuartú, bhíos cinnte de seo, is i gcead duit, a fhir mhacánta, táim níos ábalta chuige ná mar atá tú…’

— Téagar lánchúil ann. —

‘…go gcraithfinn ón bpíobán álainn bán tanaí í go dtí go gcraithfinn rud éigin aisti — an dé féin, is dócha. Is bí cinnte de gur measa a bhí i ndán dó siúd uaim, dá dtarlóinn orthu beirt.’

‘Is ansin,’ arsa an t-ailtire, ag glacadh leis nach raibh deireadh ráite — ‘nuair a bhaineas an teach amach, shileas deora mo chroí, is ritheann siad liom agus uaim ’chuile Dhomhnach ó shin.’◊

(Scéal é seo a bhí i gcló ar Chlár Éigse Carlow, 1979).


Feasta, Feabhra 2009

abhaile | barr | clár na míosa seo