Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Anuas den tseilf
Cailliomachas
Ní minic a thiteann seoid anuas ar an mbord bricfeasta. Tharla sé ar maidin – ópal geal buíomhar ar geall le gath gréine é in aice leis an gcupán tae. Bhí íomhá greanta air, íomhá aircitíopúil an tseanfhir ghaoismhir: féasóg liath, hata dubh deasghnáthach, é ag féachaint trí bharr na spéaclaí tiubha go crua cineálta.
Is ag caint faoi leabhar atá mé, céard eile, nó is leabhair is ábhar don cholún seo, de réir mar a thiteann siad anuas, ón tseilf nó as áit ar bith eile. Ach a chomrádaithe na páirte i saol seo na léitheoireachta Gaeilge agus an smaointeachais, ní colún léirmheastóireachta é seo — bígí ar bhur n-aire.
An leabhar atá i gceist agam eagrán trítheangach de dhánta Gaeilge Pearse Hutchinson, Poèmes, aistrithe go Béarla agus go Fraincis agus curtha in eagar ag Pádraig Ó Gormaile agus Bernard Escarbelt. Tháinig an leabhar álainn seo ar an bpost chugam agus bhí sé de phribhléid agam é ag oscailt ag am bricfeasta nuair a bhí Páidí Ó Lionaird réidh leis na páipéir nuachta agus tar éis dom an seinnteoir a chasadh air agus Breachnuithe Goldberg á ngabháil ag Glenn Gould a chur ar siúl. (Tá siad díreach ag teacht chun deiridh anois agus mé á scríobh seo.)
Tá cuma an rabbi ar Phearse ar chlúdach an leabhair seo a bhfuil an dath taitneamhach odharbhuí air, nó an é cuma an uasalathar é san Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach? Tiocfaidh mé ar ais chuige sin.
Cruth cearnach atá ar an leabhar féin agus beireann a leagan amach leis mé gan stró go dtí siopa leabhar geal nua-aimseartha a bhfuil radharc isteach ann trí na fuinneoga leathana, ar na seilfeanna bána lán leabhar Fraincise istigh; tá sé áit éigin i bPárás, ní rófhada ó St. Gearmain de Prés, agus ní cuimhin liom a ainm. Tá dlúthdhiosca ag dul leis an leabhar agus cuid de na dánta air ‘lus par le poète lui-même’ – Pearse féin á léamh.
Táim an-tógtha lena bhfeicim nuair a sciorraim tríd an leabhar idir bhunábhar agus aistriúcháin. Ach ní hé an cuspóir atá leis an gcolún seo, mar a dúirt mé, léirmheas a dhéanamh — ní scríobhfadh Cailliomachas colún go deo dá mbeadh a leithéid sin d’obair chúramach cháiréiseach le déanamh aige. Mar sin ní luafaidh mé ach dán amháin a chuaigh i gcion orm, ‘Alan’, mar gur shíl mé gur éirigh thar cionn le simplíocht an aistriúcháin Fraincise. An rud is annamh is iontach, thosaigh an trí leagan, iad scartha amach thar an dá leathanach oscailte, ag cuidiú is ag cur lena chéile mar a bheadh triúr ag canadh in éineacht agus comhcheol agus codarsnachtaí armónacha á gcruthú acu; díreach mar atá triúr sa dán beag íogair seo — an téisteoir ionúin, an cumadóir ceoil, agus an fhuiseog — iad tagtha le chéile i gcomhcheol don nóiméad deireanach alluaiceach seo. Ní féidir labhairt faoin mbás, ach tá an dán seo ar cheann de na hiarrachtaí is gaire a thagann don rud doráite dá bhfuil ar eolas agam. Ar a bhealach féin níos éadroime agus níos éalaithí ná an íomhá eile úd atá againn den mheandar dofháil dofhaisnéise, eireaball spideoige.
Is ionadh liom an chaoi ar féidir leis an rabbi seo againne, Pearse Hutchinson an bheret dhuibh agus na féasóige, agus é ag saothrú leis féin i scríob(h)lann dhorcha na filíochta a bheith ina chúis le leabhar beag chomh mór seo a theacht ar an saol — an saol mór lasmuigh — seoid shnoite mar a deirim. Nó an ailceimiceoir is ceart dúinn a shamhlú le Pearse, ag saothrú leis áit éigin sa gheiteo go déanach istoíche, carn potaí agus soitheach gloine ar an mbinse os a chomhair, ceaptha idir foighne agus amhras, go dílis i gcónaí ar thóir an óir ghil.
Bíonn leisce orm aon rud deifnídeach a rá sna cúrsaí seo. Ach ní maith liom gan tada a rá. Is éard a bhraithim go bhfuil anseo cuid den tsibhialtacht seo againne, a bhfuil ar bun sa saol againn, driogtha, snasta, aistrithe — is é sin le rá, is éard tá anseo cuid dá bhfuil i gceist againn le ‘cultúr’.
Ná habraimis ‘go bhfóire Dia orainn’. Céard eile é ach a bhfuil i gceist leis an saol braonach seo, an saol seo a bhfuilimid ann díreach le go mbeimis ann, agus, b’fhéidir, freisin, fad atáimid ann agus ag dul tríd, a fhios sin a bheith againn, go bhfuilimid ag dul tríd — an naofacht a fháisceadh as an mé mór trí mheán na filíochta, mar atá i gceist, seans, sa chéad dán anseo, ‘Aithrí Bhréige’; rud nach féidir, agus nach féidir leis an bhfile gan a dhéanamh.
Tá Pearse ag plé leis an luaidh sin leis na blianta agus, dar liom, ag baint corrdhrithle óir as. Tugann an fhilíocht le fios fúithi féin scaití gur ór bréige é — gur amhrán bréige an chuid is fearr den fhilíocht. Ab éard tá ar bun úsáid na bréige chun beagán den fhírinne a nochtadh? Ní thig liomsa a rá.
Tá scáth na hoibre le feiceáil sa phictiúr ar an gclúdach. Ní rabbi ná patrarc atá ann. Bréag a rá gurb ea. Ach fear a bhfuil beret dubh air agus seanchasóg. Ach nach in í an draíocht, go n-iompaíonn an gnáthrud laethúil ina íomhá fhírinneach faoi lámha an bhréagadóra mhacánta cheirdiúil.
Braithim agus mé ag breathnú ar an leabhar seo atá tar éis solas na Gaeilge agus na hEorpa agus drithlí buí fírinne agus bréige a chaitheamh ar an mbord chugam, go bhfuil pé rud atá ar bun anseo an-luachmhar. Dá mbáití an dán sin, a dhaoine, bheadh cuid nach beag dá dtuigimse le daonnacht agus le healaín — agus an míniú is fearr a fuair mé fós ar a bhfuil i gceist le filíocht nua-aimseartha — báite freisin.
——◊——
An ann don ‘chultúr’ sin i nGaeilge? Is léir gurb ann. Ach braithim an-leochaileach é. Dála cuid de na dánta sa leabhar seo. Dála staid na Gaeilge féin, déarfá.
Bhuail sin go láidir mé agus mé ag léamh léirmheasa sa London Review of Books ar leabhar faoin bhfealsamh teanga, Ludwig Wittgenstein, Wittgenstein in Cambridge. Seo é an smaoineamh a bhí agam. Smaoineamh beag inbhreathnaitheach é, beagáinín paróistiúil, ach b’fhéidir, ina dhiaidh sin, go bhfuil tábhacht leis.
Rinne an léirmheastóir, Simon Blackburn, tagairt don imprisean láidir a dhéanadh Wittgenstein ar a lucht aitheantais agus ar a lucht éisteachta, amhail is go raibh bua diaga éigin ag baint leis. Luaigh sé abairt cháiliúil J.M. Keynes i litir a scríobh sé seo chuig a bhean tar éis don fhealsamh mór teacht go Cambridge in 1929:– ‘Well God has arrived. I met him on the 5.15 train.’
A bhfuil de shaol cultúrtha agus intleachtach i gceist leis an abairt sin agus leis an triúr a luaitear léi, idir fhealsúnacht, bhailé, agus Bhloomsbury. Saol cultúrtha an Bhéarla mar a thagann sin anuas chugainn.
Bhí glúin shunstasach Éireannach ann an uair sin freisin. Ag léamh Desmond’s Rising: Memoirs 1913 to Easter 1916 le Desmond Fitzgerald, tuigim cé chomh tréan is a bhí a gcuid smaointeachais, agus i gcás Fitzgerald ar aon chuma, cé chomh liteartha, agus nascanna aige le haos ealaíne agus filíochta Londan agus na Fraince. Ach i mBéarla a chothaigh siad, nó cuid mhaith acu, an saol intleachtach cultúrtha sin. Ainneoin an maíomh ag go leor acu gur ag cur an tsean-náisiúin ar a bhonna arís a bhíodar, ní i dteanga an tsean-náisiúin a rinne siad é ach i dteanga na himpireachta ba ghráin leo, más fíor. Níor shaothraigh siad malairt Bhloomsbury ach fo-aguisín leis. Níor chuir siad malairt chultúir ar fáil dúinn ach leagan mós tuathúil den chultúr céanna. Fiú i gceartlár na Gaeltachta.
Nár bhreá linn an scéilín seo ar leathanach 23 a bheith i nGaeilge againn, agus nár uaisle ‘cultúrtha’ go mór é — nach mbeadh peirspictíocht eile ar fad ann. Tá Rí an Bhlascaoid ag léiriú do Fitzgerald go bhfuil aiféala air go bhfuil sé ag imeacht agus gur shíl sé gurb í an bhean a thóg a sheomra faoi ndear dó an t-oileán a thréigean — ‘a lady from Dublin .... a vegetarian who brought her own special nut food with her .... also ... her stretcher bed and she wore sandals .... she was a theosophist .... spoke Irish with a high English voice.’ (Féach aiste Choilm Tóibín faoi Edward Carpenter san eagrán céanna seo den LRB maidir le cuaráin agus feoilséanadh). Seo an rud a dúirt an Rí le Desmond Fitzgerald an lá sular imigh sé:
I had Mr Synge here, a very nice gentleman. And I had Carl Marstrander here, a very nice gentleman. And I had Professor MacAlister here, a very nice gentleman. And you Mr Fitzgerald, you are a very nice gentleman.... De men is all right, but de wimmen is de divil.
Cuir é sin i gcomparáid le abairtí Keynes agus braithim go bhfuil léargas beag éigin againn ar an gcaoi ar theip ar bhunaitheoirí an stáit saol intleachtach Gaeilge a shaothrú dúinn. Is maith an rud nach rabhamar ag brath orthu.
_____________
Leabhair agus irisí a luaitear anseo
• Pearse Hutchinson Poèmes eag. Pádraig Ó Gormaile agus Bernard Escarbelt (Villeneuve d’Ascq: Presses Universitaires du Septentrion, 2008) 136 lch & dlúthdhiosca, €21
• London Review of Books 29 Eanáir 2009 £3.20
• Brian McGuinness Wittgenstein in Cambridge: Letters and Documents 1911-1951 (Blackwell, 2008) 498 lch, €93.80
• Desmond Fitzgerald Desmond’s Rising: Memoirs 1913 to Easter 1916 (Baile Átha Cliath: Liberties, 2006) 240 lch, €13.99
Feasta, Feabhra 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|