Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Donnchadh Ó Ceallaigh:
Fear Freastail Lucht Léinn


le Liam Mac Peaircín


Coiscéim. 2008. 240 lch. E10

á mheas ag Úna Nic Éinrí



Is fada uainn an naoú haois déag. Tír i bhfad i gcéin atá ann, nó sin é is dóigh linn. Tar éis an tsaoil, nach bhfuil léim an dá mhíle tugtha againn thar tairseach na mílaoise nua? Braithim féin, áfach, nach rófhada uaim í, mar ba as Cathair Maothail, gar don Chaisleán Nua Thiar do mo mháthair, agus ní thagadh stad uirthi ach ag trácht ar an tiarna talún William Smith O’Brien (1803-64). Chloiseadh sí a seanmháthair ag cur síos ar na cóisirí breátha a chuireadh a bhean ar fáil do leanaí an cheantair. Ní raibh aon chur amach aici ar chumas Gaeilge an Bhrianaigh, agus ba bheag suim a chuir scoláirí sa ghné sin dá shaol, nó gur chuir Liam Mac Peaircín peann ar pár sa North Munster Antiquarian Journal (2002), áit ar léirigh sé spéis an Bhrianaigh sa Ghaeilge, sa Léann Ceilteach, agus i saothrú thraidisiún na lámhscríbhinní.

Thaispeáin Mac Peaircín san alt sin gur léir do William Smith O’Brien tábhacht na teanga i slánú na tíre. Ba uachtarán é ar an gCumann Oisíneach a chuir Seán Ó Dálaigh ar bun sa bhliain 1853, d’fhonn téacsanna Fiannaíochta a chur i gcló, agus cé eile a bheadh ina bhall den Chumann Oisíneach céanna ach Donnchadh Ó Ceallaigh, pearsa láir an leabhair atá á phlé anseo.

Úinéir 10,000 acra i mBéal Átha Gártha, Co. na Gaillimhe ab ea an Ceallach, a raibh cónaí air i dtigh mór galánta agus tailtí fairsinge lena chois. Chosain an droichead a tógadh isteach go dtí an caisleán £1,000. B’fhiú £4,400 crainn an eastáit, a raibh piasúin agus cearca fraoigh ag neadú iontu, fhaid a bhí raidhse éisc sna haibhneacha ann. Níorbh fholáir nó gur shamhlaigh Donnchadh Ó Ceallaigh a chaisleán féin a bheith ar aon dul le ceann a shinsear, a raibh triall ‘lucht gach ceirde’ air, mar a d’áitigh Gofraidh Fionn Ó Dálaigh sa bhliain 1351 ina dhán ‘Filidh Éirionn go haointeach’. Chuir Micheál Mac Suibhne as Conga, Co. Mhaigh Eo, friotal nua-aoiseach ar an dán sa naoú haois déag:
Fáilte agus fiche agus cuirim na céadtha leóbh
Ar nós na tuile insa tsruth atá m’fháilte romhat. (116)
Ba ó chumadóireacht Ghofraidh Fhinn a tháinig an nath ‘fáilte Uí Cheallaigh’ isteach sa chaint, agus gheobhfá a áiteamh, leis, ó fhianaise inmheánach an dáin, gur ag cruinniú chun Dámhscoile a bhí na filí ann.

Gluaiseacht mhór chun an t-athrú creidimh a chur ar aghaidh i measc na cosmhuintire ab ea an Bhíoblóireacht sa naoú haois déag. Bhí sé láidir in Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo, mar shampla. Theastaigh uathu freastal ar riachtanaisí an chreidimh trí mheán na Gaeilge, teanga na muintire.

Luann údar an leabhair seo ‘An Cat Breac’, Teagasc Críostaí trí Ghaeilge a mbaintí leas as in Iarthar Dhuibhneach, agus sa Bhlascaod Mór. Díol suime an tréimhse a chaith Seán Ó Dálaigh leis an mBíoblóireacht, mar a léiríonn Proinsias Ó Drisceoil, ina leabhar Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá (2007). Má d’aisiompaigh an Dálach ar ball, a áitíonn an Drisceolach, is léir go raibh na blianta a chaith sé ina Anglacánach tar éis dul i bhfeidhm air.

Is fíor gur thug roinnt scríobhaithe, a raibh lámhscríbhinní dá gcuid ina sheilbh ag an gCeallach, tamall leis an mBíoblóireacht, Mícheál Ó hAnnracháin ó Cho. an Chláir, agus Mícheál Óg Ó Longáin as Co. Chorcaí ina measc.

Le teacht an drochshaoil sna 1840í thapaigh an Ceallach an deis chun an Protastúnachas a chur ar aghaidh i measc na ndaoine bochta a bhí ag fáil bháis den ocras ar a eastát féin. Dhein sé anraith a dháileadh orthu siúd a d’iompaigh ón gCaitliceachas, agus bhíodh ranganna i léamh an Bhíobla aige ar a eastát gach seachtain. D’fhostaigh sé meitheal Bíoblóirí chun na críche sin.

Go deimhin féin, ba lucht Bíoblóireachta, tráth dá raibh, go leor de scríobhaithe an Cheallaigh. An duine ba shuimiúla, díobh, b’fhéidir, Séamus Ó Maoileanaigh, ba as Co. Ros Comáin dó. Thréig sé an Caitliceachas ar son an Phrotastúnachais. Scríobh sé Teastas Bíoblóra ina dtráchtann sé ar a iompú, agus tá fáil ar an teastas sin anois thall i Leabharlann John Rylands, Manchain, Uimh. 56. Tugtar an teastas seo as an lámhscríbhinn ina iomláine, agus is fiú an leabhar a cheannach is a léamh ar a shon sin amháin. Cuirtear aistriú Uí Cheallaigh ar an téacs in eagar chomh maith.

Fairis sin, tá Agallamh idir Conbheirt is Críostaí i bhfoirm filíochta le léamh ann. Bíodh gur mó duine a d’oibrigh mar Bhíoblóir ba bheag an líon a d’fhág cuntas Gaeilge ina ndiaidh, mar a dhein Ó Maoileanaigh. ‘Cunntas fírinneach’ a ghlaoigh sé air, agus tá leathanach as le léamh ar chlúdach tosaigh an leabhair seo – sin JRUL Irish Ms. 56, lch 61, seachas ‘Srul’ mar atá scríofa taobh istigh den chlúdach. Saothar tionscantach ar an mBíoblóireacht a dhein Pádraig de Brún in Éigse 19, 21, 22, 23, agus ina alt i Folia Gadelica (1983). Cuireann leabhar seo Mhic Pheaircín leis an taighde bhunaidh sin ar na ‘soupers’ is na ‘jumpers’ ó bhreith a mbéil féin.

Fiafraíonn an t-údar sa leabhar seo cé acu ba láidre mian Uí Cheallaigh sa Ghaeilge nó sa Phrotastúnachas? Is cinnte go raibh sé suite daingean i leith a chreidimh féin. Mar shampla, chuir na Protastúnaigh an Cumann Brunswick ar bun chun bac a chur ar Chaitlicigh dul isteach i bParlaimint Shasana. Léitear cuntas ar an dara cruinniú sa Rotunda, ag a raibh 1,200 duine i láthair, agus ar labhair Donnchadh Ó Ceallaigh ann:
Mr. Kelly of Castlekelly next addressed the meeting, in a lengthened and very talented speech. He thus described Popery: - Give it connivance, and it will seek toleration – give it toleration, and it will seek equality – give it equality, and it will seek ascendancy – (loud and continued cheering): - ascendancy once gained, and it will not stop short of subversion (Uproarious cheering) (31)

Gheofá a áiteamh gurbh é a shuim sa Bhíoblóireacht a spreag a dhúthracht sa Ghaeilge, ach deimhníonn an t-údar dúinn gur chasta is gur dhoimhne ná sin cíocras Uí Cheallaigh i leith na hoidhreachta. Fiafraíonn sé an mar thoradh ar fheachtas na mBíoblóirí a d’aithin na sagairt Chaitliceacha san aois chéanna feidhm na Gaeilge chun an creideamh a scaipeadh? Is cinnte gur tháinig borradh faoi sheanmóirí Caitliceacha i nGaeilge sa dara leath den aois sin.

Sa bhliain 1875, dhá bhliain roimh a bhás, cuireadh leabharlann Uí Cheallaigh / D.H. Kelly ar ceant i mBaile Átha Cliath. Oscailt súl is ea an clár, a raibh breis is 1900 ábhar scríofa ann, idir lámhscríbhinní is leabhair i gcló. Faightear téacsanna dlí, staire agus litríochta i mBéarla is i nGaeilge ann. Díoltóir leabhar ab ea Bernard Quaritch a tháinig ó Shasana chun roinnt mhaith de lámhscríbhinní an Cheallaigh a cheannach – ‘67 lots’ ar £203. Lord Lindsay a cheannaigh uaidh iad ar ball, dá ‘Bibliotheca Lindesiana’. Cuireadh ar díol arís iad sa bhliain 1901 agus cheannaigh bean John Rylands iad ar £15,000. Bhí cnuasach Uí Cheallaigh ina measc, agus chuir sí isteach iad i leabharlann John Rylands, a tógadh le hairgead a thuill a fear céile as léinte cadáis a dhéanamh.

D’aithin Pádraig de Brún 134 Lámhscríbhinn Ghaeilge a bheith i leabharlann an Cheallaigh, agus is iontach saibhir an Fómhar atá le baint iontu. Áirítear ‘Eochair Sgiath an Aifrinn’, ‘Foras Feasa ar Éirinn’, ‘Annála Chluain Mhic Nóis’, laoithe Fiannaíochta, ‘An Táin’, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ‘Cúirt an Mheadhón Oíche’ i measc na seod ann.

Is mó sin scríobhaí a mbuailtear leis ann chomh maith:– Donnchadh Mac Mathghamhna, agus a mhac Tomás, Micheál Ó hAnnracháin as Co. an Chláir, Laurence Morrissey as Port Láirge, Micheál Óg Ó Longáin, Séamus Ó Murchú, Droichead Ceann Poill, Co. Loch Garman, Seosamh Ó Longáin, muintir Athairne as Port Lairge, agus Thomas Gehagan as Luimneach. Tarlaíonn, leis, go bhfuil filíocht le Tadhg Gaelach, Uilliam English, Micheál Coimín, Seón Lloyd, Tomás Ó Míocháin, Eadbhard de Nógla, Seán Ó Tuama, an Mangaire Súgach, Liam Dall Ó hIfearnáin, Muiris Ó Gríofa, agus na scórtha nach iad, i dtaisce thall i lár na cathrach, ag Deansgate, Manchain, a bhuíochas do Dhonnchadh Ó Ceallaigh, a bhailigh iad.

Tugtar a cheart sa leabhar seo do gach lámhscríbhinn, gach scríobhaí agus gach file sa chnuasach, i dtreo is gur geall le bolg soláthair litríocht na Gaeilge an t-iomlán. Cuireann an t-údar ar ár súile nár cláraíodh na lámhscríbhinní fós. Idir an dá linn is méar ar eolas é Caibidil 7 dá bhfuil ar fáil iontu, agus ní beag an chabhair an tInnéacs cuimsitheach chun sinn a threorú ar shlí an eolais.

Ní leis an ré a bhí thart amháin a chaith Donnchadh Ó Ceallaigh a dhúthracht, mar chuir sé na múrtha fáilte roimh scoláirí móra Gaeilge a linne féin chomh maith. Tráchtann Seán Ó Donnabháin, mar shampla, ar shaol sóisialta an chaisleáin agus ar an gcóir a cuireadh air ann. I litir ó Bhéal Átha na Sluaighe, Meitheamh 1837, áitíonn sé:
I am deeply indebted to Denis Henry Kelly of Castlekelly, who though a high Tory and a professed Orangeman, is the kindest and noblest soul I ever met (11)
Chabhraigh Eoghan Ó Comhraí leis an gCeallach téacsanna Gaeilge a aistriú. Luann seisean leis, féile Uí Cheallaigh:
I have again to thank you, as I do most sincerely for your kind remembrance of me in another sack of potatoes, together with that terror of all true believers, a right fat and full-grown hare for the most objectionable purpose of soup, and of course souper making. (15)
Siúlann fathaigh Ghaeilge dá leithéid trasna an ardáin agus glacann siad páirt ghníomhach i ndráma an leabhair seo.

Conclúid an údair faoin gCeallach ná gur tiarna talún forásach ab ea é, a ndúrthas faoi go raibh sé cruálach agus é ag tochras ar a cheirtlín féin. Ach chaith sé saothar is airgead ag bailiú, ag ceannach is ag scríobh lámhscríbhinní chomh maith. Ceist a chuirfeá ná — ar mhair tiarnaí talún eile mar é sa naoú haois déag?

Tagann beirt as Co. Luimnigh chun cuimhne láithreach – William Smith O’Brien a luadh cheana, agus Ridirí an Ghleanna ón nGleann, Co. Luimnigh. Maireann Deasún, Iarla an Ghleanna i dtigh na muintire fós, murab ionann is na Ceallaigh is na Brianaigh. D’fhág sé cnuasach luachmhar de Pháipéirí na Ridirí ag Ollscoil Luimnigh le déanaí. Thuill na Ridirí meas na bhfilí san ochtú haois déag. Mhol Uilliam English, Aogán Ó Rathaille, Aindrias Mac Cruitín, Séamas Mac Gearailt, Seosamh Ó Caoimh, agus Éamon de Bhál iad.

Le linn Bhliain an Áir (1739-40) thiomáineadh Máire, máthair Sheáin Mhic Gearailt na táinte bó ó na tiarnaí talún sa chomharsanacht chun teacht ar bhia do dhaoine a bhí ag fáil bháis den ghorta. Bíodh gur iompaigh Seán ina Phrotastúnach d’fhan sé dílis don Ghaeilge agus chum sé filíocht sa teanga sin. Ríomhtar a thuairisc sa Bhéaloideas. Deirtear gur dhein sé an iomad damhsa ag a bhainis féin i gCorcaigh, agus gurbh in é cúis a bháis. Feictear comhthreomhaireacht idir an scéal sin agus scéal Chailleach an Daingin agus Iarla Chiarraí, a mheall Clíona chun siúil. A mhalairt de thuairisc, áfach, a thugtar ar Ridirí an Ghleanna i mBéaloideas an naoú haois déag. Tóg John Fraunceis Fitzgerald, 24th Knight of Glin (+1854), a raibh an Ghaeilge go líofa aige, agus suim dá réir aige san arsaíocht. Íomhá an bhéaloidis de áfach ná:
His vices have made, and still make him so poor
That the bailiff or creditor is ne’er from his door
And deep tho’ in debt, he’s deeper in sin,
That lecherous, treacherous, Knight of Glin…
In gambling and drinking and wenching delights
And in these doth spend both his days and his nights…
But the priests and O’Grady do not care a pin
For the beggarly, profligate, Knight of Glin.
nasc

Ba chuma, ach ba fhear é a dheineadh freastal ar bhochtáin an cheantair, agus a fuair bás den chalar a tholg sé agus é ar cuairt chuig daoine breoite i dTigh na mBocht!

An deighilt seo idir cuntais an bhéaloidis agus na staire, mar a léirítear é i gcás Uí Cheallaigh, cad ba chúis leis? An raibh baint aige leis an iompú ón nGaeilge go Béarla? Cad iad tréithe an naoú haois déag a fhágann ar scaradh gabhail é ón ochtú haois déag? An mó tiarna talún/Protastúnach eile, dála an Cheallaigh, agus William Smith O’Brien a dhein cúram den Ghaeilge agus den chultúr sa naoú haois déag?

Fágann an t-údar sinn le lón machnaimh trí dhíriú ar aon sampla amháin sa leabhar breá soláimhsithe seo atá breaclán le heolas bunaidh. Tá fáil go fuirist ar gach aon bhlúire den eolas sin, a bhuíochas don Innéacs cáiréiseach críochnúil ar chúl an leabhair. Cad eile a mbeifeá ag súil leis ó údar Feasta Innéacs 1948-2000?

Is díol leabhair iontu féin iad na hAguisíní, a bhfuil taighde bhunaidh laistiar de gach aon cheann díobh. Faightear litreacha ó Sheán Ó Donnabháin, agus Eoghan Ó Comhraí iontu nach bhfaca solas an lae nó gur cuireadh i gcló anseo iad. Tá an clóchur agus an clúdach gan cháim, leis, a bhuíochas do Phádraig Ó Snodaigh, is do Choiscéim, a d’fhoilsigh é.

Seoid is ea an leabhar seo, más ea, a chaitheann léas solais ar ghné thábhachtach de ‘Hidden Ireland’ an naoú haois déag.

Feasta, Feabhra 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais